Wednesday, December 23, 2009

Eiswein - Fíon Oighir

Fíonchaora seargtha agus lofa atá le feiscint sa ghrianghraf leamh thuas. Tógadh an grianghraf féin i solas liath meathbhán an gheimhridh. Agus an fómhar órga imithe i ndíchuimhne le fada, ní raibh ach cuma thruamhéileach ar an iarmhar bocht a fágadh ina dhiaidh ar na fíniúnacha.

Cúpla oíche ó shin - sa mhullach ar sin, mar a cheapfá - agus an teocht faoi -7°C, bhí na fíonchaora chomh cruaigh le mírlíní.

Agus an port seinnte acu ar deireadh thiar? Maitear don té a mheas go raibh!

Bhuel, is amhlaidh go bhfuil sluaghairm ag seanfhíonchaora seargtha: siocfaidh ár lá!

Mar is mar seo atá sé: cuireann an sioc casadh bíoblach ar an scéal. Aiséiríonn na seanfhíonchaora lofa brúite - de bharr iad a bheith sioctha - i gcruth fíona den chéad scoth.

Baineadh iad le linn na hoíche agus deineadh, nó - chun é a rá níos bailí - déanfar, fíon speisialta - fíon oighir - as an sú.

Cé nár aimsigh mé aon téarma oifigiúil dó, ceapaim gur fíon oighir an leagan is beaichte - ar an ábhar go bhfuil an múnla céanna ag an téarma comhthreomhar i dteangacha eile: Eiswein, vin de glace, vino de hielo, isvin, ice wine. Ní ábhar siocthareoite atá i gceist ar aon nós - amhail uachtar reoite - ach táirge a dhéantar arb é a bheith ina réamhriachtanas dá bhunábhar, na fíonchaora, a bheith reoite i dtosach an phróisis táirgeachta.

Leis an teideal fíon oighir a thuilleamh tá sé de riachtanas:
1. go mbaintear na fíonchaora faoi -7°C de theocht (uasteocht),
2. agus go bpreasáiltear iad sa chantaoir fíona faoi -7°C de theocht freisin
3. go bhfuil 125° ar a laghad ag an sú ar an scála Oechsle.

Sainíonn an scála Oechsle anseo sa Ghearmáin tiúchan na n-ábhar tuaslagtha, tiúchan an tsiúcra go príomha, agus dá airde an chéim Oechsle is ea is fearr an sú agus, mar thoradh ar sin, an fíon.

Toisc an t-uisce a bheith reoite le linn na preasála fanann cuid mhaith de sa chantaoir fíona agus is dlúithe an sú a scagtar amach as - agus is í sin sainghné an fhíona oighir.

Baineadh céim Oechsle de thart ar 200° amach i mbliana agus tá na saothraithe fíniúna ag súil leis go mbeidh ábhar fíona den scoth ar na bacáin, nó ag coipeadh leis sna barriques, ar ball.

An rud is annamh is daor: cosnaíonn buidéal 0,35l fíona oighir le caighdeán inghlactha thart ar 20€.

Saturday, December 19, 2009

Väterchen Frost - Athairín Sioc (brrrrrrrrrrr!!!???)


Tá an geimhreadh ann in am don Nollaig. Níl a lán sneachta tite fós. Ach tá sé an-fhuar; ba bheag nár shroich uasteocht an lae
-13°C.

Is amhlaidh go bhfuil Väterchen Frost tagtha anoir ón Rúis agus é ar cuairt ar fud tuaisceart na hEorpa. Ach cé acu an t-ainm ba chirte dó ó thaobh na gramadaí de: Athairín SiocAthairín an tSeaca?

Ar chóir "sioc" a bheith faoi réir an ghinidigh nó an bhfuil an péire i gcomhaisnéis?




Tuesday, December 15, 2009

dúshlán?



Ar aon nós, is dóchúil go mbeidh sceach i mo scornach agam féin ar an Aoine seo chugainn agus cóisir na (réamh-)Nollag ar an oíche roimhe sin.

Sunday, December 13, 2009

Caipín na Nollag: comhla fuascailte na fírinne (?)

Féachaigí ar sin anois!



Is amhlaidh go bhfuil fearais tógála le feiscint sa ghrianghraf thuas: craein teileascópach agus cliabhán ardaithe (bainteoir silíní).


An é seo an fhírinne nochtaithe nó an é nach bhfuil ann ach comhtharlú (agus an caipín dearg fótóseapáilte isteach sa ghrianghraf dá ainneoin)?


Mar is dual don chóras daonlathach, is cosúil go mbeidh coimisiún fiosrúcháin ag cíoradh na ceiste ar ball agus go leanfaidh siad ar aghaidh leis go dtí go gcinnfidh an rialtas ar an leagan is áisiúla dó. Beidh, dar ndóigh, dosaen de shaineolaithe i láthair a mhaífidh ar bhonn a seantaithí, gan amhras, gur cleas fótóseaip é agus dosaen de shaineolaithe a dhearbhóidh ar bhonn a seaneolas seanbhunaithe gurbh é an t-innealra a chuir an caipín ar bharr an halla. Agus an rud is tábhachtaí ó thaobh an dlí de: is ar éigean is túisce a bheidh an coimisiún fiosrúcháin ceapaithe ná go mbeidh na gluaisteáin ordaithe ó Porsche, BMW agus Mercedes ag na dlíodóirí.


Agus cá bhfios? B'fhéidir go mbeidh ráflaí á scaipeadh ag "foinsí eolacha gar don rialtas", mar a déarfá, gur neach lúbach rúndiamhair ó chríoch i gcéin atá taobh thiar den eachtra - agus fiú físeán den bhodach céanna déanta - gabhaigí mo leithscéal, aimsithe - acu i bpluais rúnda rúndiamhair in imigéin.





Ach cogar! Is é siúd an té a bheidh faoi amhras agamsa i bhfad cheana féin.

http://www.youtube.com/watch?v=jHmCxJC7icw&feature=related

Saturday, December 12, 2009

Caipín na Nollag ar an Rathaus (?)

Cad é bhur dtuairim faoin ngrianghraf thuas?

An é seo an míniú ar a bhfuil le feiscint ann: "taca an ama seo den bhliain cuirtear caipín dearg le maisiú fionnaidh bháin ar bharr halla na buirge"? An leagan oifigiúil, an ea, agus gan i ngach leagan eile ach teoiric chomhcheilge, mar a déarfadh an t-iriseoir neadaithe?

An mbeidh éad ar Dhaidí na Nollag agus é ag dáileadh na mbronntanas Oíche Nollag?

An imeoidh sé fiú ón áit seo gan na bronntanais a bheith dáilte amach aige - cé is moite de leagan nó dhó de Fhótóseap, b'fhéidir?

An é seo an fhírinne lom, nó an é - i gcead don Chairdinéal - an fhírinne le caipín dearg?

Saturday, December 5, 2009

Oratóir Nollag - Oratorio de Noël - Weihnachtsoratorium


Cheannaigh mé an dlúthdiosca thuas roinnt blianta ó shin (más féidir "roinnt" a rá agus 19/11/91 an dáta ar an lipéad praghais!) agus éistím go rialta leis gach bhliain ó shin i leith san am thart ar an Nollaig.

Is saothar ceoil é an t-oratóir le ceolfhoireann, cór agus aonréadaithe. Tagann an t-oratóir agus an ceoldráma as an múnla céanna cé gur fanann na ceoltóirí agus na hamhránaithe le linn an oratóra san áit chéanna de ghnáth ar an stáitse nó ar an altóir. Eascraíonn an focal "oratóir" ón bhfocal Laidineach oratorium a chiallaíonn aireagal nó teach urnaí (orare = guigh) agus de ghnáth is é scéal éigin ón mBíobla ábhar an oratóra.

Ní nach ionadh mar sin gurb é scéal na Nollag a bpléitear leis sa saothar seo de chuid Camille Saint-Säens - ar cheann de chumadóirí móra na Fraince agus an domhain féin an fear céanna - a saolaíodh i bPáras é sa bhliain 1835. Chum sé an t-oratóir Oratorio de Noël sa bhliain 1858 - fós le linn a óige. I gcomórtas leis na horatóirí cáiliúla eile tá binneas agus éadroime éigin den dea-chineál ag baint leis an saothar seo.

I gcás saothair as réimse an cheoil chlasaicigh caitear go minic dul i dtaithí air ar dtús ar shlí neamhdhíreach, gan d'aird iomlán a dhíriú air ach é a sheinm sa chúlra cúpla uair.

Is ceol binn séiseach é an ceol a chum Saint-Säens agus thairis sin oireann Oratorio de Noël do ghné athmhachnamhach na Nollag.