Monday, May 31, 2010

díbhordáil an Uachtaráin...



... ach má fhágann tú anois, a Horst, ní bheidh tú ar bord nuair a thabharfaimid cuairt ar na cnoic oighir!

Monday, May 24, 2010

an ghráinneog ghreamaithe...


Bhí an mhír thuas sa nuachtán an lá cheana.

"... Thart ar a dó a chlog (ar maidin) d'fhionn foireann i gcarr patróil neach aisteach i solas na gceannsoilse, a bhí ag dul thart timpeall ar an tsráid gan sprioc ná treoshuíomh. Bhí an leath deiridh i gcruth gráinneoige agus an chuid tosaigh cosúil le cupán iógairt.

De réir dealraimh, bhí iarracht déanta ag an ndiúlach colgach an fuíoll deireanach de tháirge bainne a lí anuas ó bhun cupáin iógairt a bhí curtha de láimh ag duine éigin. ...d'fhan sé greamaithe sa chupán. Thóg na póilíní an clogad míbhuntáisteach uaithi, agus d'imigh sí ó radharc i ndorchadas na h-oíche - a soc smeartha le iógart, cinnte, ach le radharc soiléir."

Is nath cainte sa Ghearmáinis an ceannteideal: "Zu tief in den Becher geschaut".

"Breathnaithe go ró-dhomhain sa chupán" an bhrí liteartha leis ach a chiallaíonn sa ghnáthchaint: "(bhí sí) ag ól go trom".

Mar sin, an ghráinneog mhí-ámharach le míchlú an phótaire!

Ach, is dócha, agus an scéal amhlaidh, go raibh an cathú dochloíte.

Cathú an iriseora, tá's agaibh.

Friday, May 14, 2010

haiku na seilide...


Ba bheag nár bhrúigh mé seilide faoi bhonn mo choise - de thaisme! - agus mé ag déanamh mo chuarda rialta sna coillte an Domhnach seo caite. Bhí an talamh fliuch tar éis na báistí agus bhí slugaí rua ag gluaiseacht ó thaobh go taobh ar an gcosán. Ní deacair iad a sheachaint de bharr iad a bheith sofheicthe. Níl mé ró-eolach ar chúrsaí seilidí ach caithfidh gur cineál trádmhalartaithe é na slugaí seo, atá gan bhlaosc, a bheith ar dhath sofheicthe: cé go bhfeictear a naimhde iad, ní bhascfaí iad ag coisithe - ag iadsan, dar ndóigh, nach mian leo iad a bhascadh.

Ach bhí seilide eile ar an gcosán ar bheag nach bhfaca mé í. Ar chruth seilide fíonghoirt a bhí sí ach le dathscéim liath cosúil le dathscéim an chosáin. Nár oibrigh an éabhlóid gan mhoill i gcás na seilide seo, smaoinigh mé, agus an cosán céanna de dhéantús an duine gan a bheith ann ró-fhada, déarfainn? Ach más ea, fágadh coisithe gearr-radharcacha as an áireamh sa phróiseas. Dearmad a d'fhéadfadh a bheith marfach ar iomaí bealach agus a d'fhágfadh go mbeadh cineál paradacsa ag baint leis an scéal: níorbh fholáir radharc grinn an fhiagaí a bheith ag lucht an Jaineachais féin le saol na seilide dofheicthe a chosaint ar a gcosa siúd.

Chuir sin ag smaoineamh mé: an bhfuil fírinne dhomhain i bhfolach sa mhéid sin nach bhfuil aitheanta ag an gcine daonna go dtí seo?

Ar ball, nocht ceann de lucht 5-7-5 chugam.


faoi chois síochánaí

murach súil ghéar an fhiagaí

bhascfaí seilide



An é bua speisialta an haiku rúndiamhara an tsaoil a nochtadh dúinn?

Ach, fainic, ní haiku ceart gach 5-7-5.


I gComhar na míosa seo tugann Gabriel Rosenstock an chomhairle, nó an rabhadh, gan dul i mbun haiku a chumadh ar nós chuma liom. Ba chóir eolas domhain a bheith ann ar dtús ar an neamhdhéachas. Spreag an cnuasach dánta 5-7-5 é, a raibh sé ag déanamh léirmheasa air, an rabhadh a fhógairt, de réir dealraimh!

Is ar chonair chúng aontreo a ngluaiseann smaointe inchinne a bhfuil srianta oiliúint na sibhialtachta uirthi. Síleann an inchinn srianta seo go bhfuil sé cineál scartha amach ón gcruinne. Cumann sí scéalta beaga deasa mar mhíniúchán - di féin agus do na h-inchinní srianta eile - ar a bhfuil le feiscint amuigh sa chruinne, ar an taobh thall de réir a tuisceana. Agus mar bharr ar an donas: creideann sí na scéalta freisin!

Bíonn léamh na gnáth-inchinne ar an saol teoranta go leor dá bharr. Ach, de réir fhealsúnacht an neamhdhéachais, gheofar soilsiú agus léargas ach an aonacht atá idir gach neach agus ní sa chruinne a thuiscint.

Meon an haiku mar bhac ar léamh ró-shimplí a bheith ar na teachtaireachtaí a sheolann an nádúr chugainn? Ach cogair, ní gá fiú teachtaireacht a sheoladh chugainn: nach bhfuilimid ann cheana féin, ina lár?




duaithníocht an chosáin

ar dhathscéim na seilide

- ná siúlaigí air!



(Ach do shiúileas.)

Sunday, May 9, 2010

an ipad agus aiséirí an tsraithscéil...

Thug Alex Hijmans forbhreathnú ar staid reatha na e-litríochta, idir litríocht i gcoitinne agus litríocht na Gaelainne, i gComhar na míosa seo caite.

D’fhoilsíodh an chéad leabhar gaelach i bhfoirm e-leabhair an bhliain seo agus tá tuilleadh díobh ar na bacáin.

Cuireann deacrachtaí i dtaca le cóipcheart, íoslódáil mhídhleathach srl. drogall ar go leor údar cead a thabhairt d’fhoilsitheoirí leagain e-leabhar dá leabhar a fhoilsiú.

Easpa gléis agus formáide caighdeánaithe is ea constaic eile.

Sa mhullach ar sin, tá na gléasanna atá ar an margadh faoi láthair ró-dhaor. Dá sciobfaí leabhar uait, cuir i gcás, i mbialann nó ar an traein, chaillfeá €12 ar an meán, ach dá sciobfaí do ipad ar luach €600,-, b’shin tubaiste d’ord méadaíochta eile!

Agus caithfear smaoineamh ar na daoine – mise ina measc – ar foinse shuilt dóibh a bheith ag bailiú leabhar. Ní dóigh liom go mbainfinn an oiread céanna taitnimh as a bheith ag breathnú ar mo bhailiúchán e-leabhar sa taiscéalaí agus a bhainim as an mbailiúchán seanaimseartha sa leabhragán.

Ach, mar sin féin, tá gnéithe buntáisteacha ann do litríocht na Gaelainne, ach iad a chur i bhfeidhm i gceart.

Ní imíonn e-leabhar as cló agus is féidir foilsiúchán, fiú amháin as réimse na mionteangacha, a dháileadh gan a bheith thíos leis an gcostas díréireach a bhaineann leis an ngníomhaíocht sin faoi láthair.

Feicim dhá chineál litríochta nó foilsiúcháin go h-áirithe arbh fhéidir borradh a theacht fúthu i ré na e-litríochta:

- tréimhseacháin nach bhfuil teacht orthu ar an idirlíon (ach amháin tar éis moille suntasaí)

- an sraithscéal.

An sraithscéal? Sea, an sraithscéal. Aiséirí an tsraithscéil: samhlaigí conas mar a bheadh sé:


údar den scoth,

scéal den scoth,

ní nochtar an scéal ina iomláine,

ach giotaí gairide de,

na léitheoirí ar bís,

ag tnúth leis an gcéad eipeasóid eile,

den sraithscéal,

den e-sraithscéal!

i nGaelainn!!

seolfar an chéad eipeasóid eile...

cinnte, cinnte,

ach cathain?

ar maidin?

ar an lá dár gcionn?

cá bhfios?

agus na léitheoirí,

ar bís,

sa DART,

sa Mhetro,

sa Subway,

san S-Bahn,

sa Sinceansan thall sa tSeapáin,

i dtranglam tráchta idir an Spidéal agus Carna,

is cuma,

na h-iPads uilig réidh,

ar luach € 600 gach ceann!

ba mhór an chailliúint dá sciobfaí é,

ach ba chuma sin,

mar táid ar bís,

ar bís go deo,

ag feitheamh,

leis an gcéad eipeasóid eile,

go dtaga sí!

láithreach bonn,

gan mhoill,

gan íoslódáil mhídhleathach…

ach cathain a fhoilseofar í?

ní fios fiú don údar,

ní fios fiú don fhoilsitheoir,

tá gineadóir randamach,

thiar ag lucht CIC,

buaic ar an teannas!

agus an eipeasóid nua,

ar foluain sa chibearspás,

go dtí...

go dtí...

ansin nochtann sí,

de phreab randamach,

as an gcibearspás,

isteach sna h-iPads,

(tá íoctha go dleathach trí Phaypal)

an chéad abairt léite,

an dara abairt léite,

agus ansin...

ansin...

cloistear iad,

sa DART,

sa Mhetro,

sa Subway,

san S-Bahn,

sa Sinceansan,

sa tranglam tráchta idir an Spidéal agus Carna,

sea, cloistear iad,

na h-osnaí,

osnaí faoisimh,

osnaí áthais,

osnaí lúcháire,

áááááááááá!!!

faoi dheireáááááááááádh!!!

tá sí ann...

ann...

...


ach...


níl deireadh fós leis an scéal!

Saturday, May 1, 2010

Agus Bayern München ina "Mháistir" arís... méanfach...

An seanscéal arís agus arís eile...


Is beag an meas atá ag cara dom ón Albain ar shraithchomórtas sacair na tíre siúd. Ró-leadránach, dar leis, le Celtic agus Rangers ag déanamh uainíochta ar a chéile ar bharr na sraithe ó aimsir na díleann nach mór. Bhain Aberdeen an chraobh amach sa séasúr 1984/85, an fhoireann deireannach a dhein an t-éacht lasmuigh den dís as Glaschú.



Níl sé chomh monatonach céanna sa Ghearmáin cé go mbíonn an leimhe ag gabháil don sacar abhus minic go leor. Ní dhá fhoireann a bhíonn ag déanamh na síor-uainíochta, ach foireann mhór na Baváire, Bayern München, ar thaobh amháin agus dornán foirne ar an taobh eile. Le blianta fada anuas anois, tá sé de ghnás ag na "Bayern" corradh le 50% na gcraobh a bhaint amach - cúig chinn déag ó 1981 ar aghaidh.



Agus ag deireadh an tséasúir seo, is cinnte go mbeidh Bayern München - m é a n f a c h - ar bharr na sraithe arís agus ina Dheutscher Meister na bliana seo.



Ní nach ionadh nach bhfuil an pobal i gcoitinne, taobh amuigh dá lucht leanúna féin, ró-cheanúil orthu. Is geall le polasaí ag Bayern München sárimreoirí na bhfoirne eile a cheannach ag deireadh an tséasúir agus is cathú nach féidir cur ina choinne do fhormhór na n-imreoirí a fhaigheann tairiscint óna "Bayern" - ní amháin ó thaobh an airgid de ach ar an ábhar freisin gur féidir leis an imreoir bheith geall le cinnte de go méadófar ar líon a mbonn buaiteora le linn dó a bheith sa chumann sin. "Sárimreoirí Sacair na Bliana" á gceannach ag cumann amháin ar bhonn bliantúil beagnach, agus ní thiocfaidh aon athrú ar an scéal amach anseo mar is é an t-airgead deachtóir an spóirt sa lá inniu.



Laistigh den chóras mar atá sé, tá rath na mBayern lán-tuillte acu agus, dar ndóigh, beidh na Gearmánaigh uilig taobh thiar díobh i Madrid níos déanaí sa mhí seo. Ag an am céanna tá intuarthacht an tsacair go millteanach faoi láthair: an bhfuil aon leigheas ar an leadrán?



córas roghnaithe, nó earcaithe, faoi leith i bhfeidhm sa pheil Mheiriceánach chun an toise iomaíoch den chomórtas a choimeád úr agus beo agus chun méadú ar líon agus éagsúlacht na bhfoirne a mbeadh ar a gcumas acu a bheith san iomaíocht ag deireadh an lae.



An mbeadh a leithéid de chóras insamhailte ar an taobh seo den Atlantach?