Saturday, January 30, 2010

úlla agus piorraí


Deirtear go bhfuil dhá rud do-chomhthomhaiste nuair nach bhfuil aonad tomhais i bpáirt acu.

Mar shampla, chreid na Píotágarásaigh tráth go raibh dlúthbhaint idir an domhan ábharach agus na huimhreacha - is é sin a rá, na cineálacha uimhreacha a bhí ar fáil dóibh sa tréimhse úd i bhforbairt na matamaitice (slánuimhreacha amhail 4, 23, 786 agus uimhreacha cóimheasta amhail 3/7, 87/59 9807/34738).

Ach ansin tharla an méid seo...


...agus is amhlaidh gur baineadh stangadh as na Píotágarásaigh agus nár tháinig siad chucu féin riamh as.

Mar ní raibh aon uimhir den chineál 4, 23, 786 nó den chineál 3/7, 87/59, 9807/34738 ann a mbeadh ar a cumas aici fad na líne ? (an taobhagán) a shloinneadh, nó a chur in iúl.

An do-chomhthomhaisteacht ba chúis leis, tá's agaibh.

Deirtear nach bhfuair na matamaiticeoirí faoiseamh sásúil ón ngéarchéim chreidimh chéanna go dtí an naoú haois déag. Faoiseamh de réir an mhana (tríd is tríd): ach an míshuaimhneas faoi rud a bhaint dínn le sainmhíniú sásúil agus beimid sásta glacadh leis gurb ann dó. (I ndáiríre, d'fhéadfaí a mhaíomh - dá mbeadh sé de dhásacht ag an duine - gur mar sin a réitítear gach géarchéim chreidimh eile freisin.)

Mar is eol, cuirtear coinceap na do-chomhthomhaisteachta in iúl sa ghnáthsaol le cuidiú torthaí a samhlaítear go héasca leo gan a bheith ró-éagsúil le chéile.

Déanann úlla agus piorraí an gnó sa Ghearmáin agus sna tíortha mórthimpeall uirthi - tá prátaí ina measc siúd sa phictiúr thuas chun a mheabhrú nach bhfuil an saol chomh simplí céanna.

In ionad piorraí roghnaítear oráistí i saol an Bhéarla, ...cé go bhfuilim, caithim a admháil, ag brath ar fhoinsí taobh amuigh de mo chuimhne féin sa chás seo... splanc thintrí! ...cogar, nárbh iad an chailc agus an cháis nach raibh aonad tomhais dá laghad i bpáirt acu de réir na barúla s'againne?

Sea, is dócha.

Pé scéal é, déarfainn gur ábhar sásaimh é, gan amhras, do sheanmáithreacha oirthear na hEorpa nach n-airítear bonn cosúlachta ar bith idir iad agus buafa (na Seirbigh) nó idir iad agus inneallghunnaí (na Rómánaigh).

D'fhéadfaí na Seirbigh agus na Rómánaigh a mholadh de bharr iad a bheith sásta dul thar fóir leis an gcodarsnacht ar mhaithe le soiléire. Suntasach go leor, áfach, gurbh iad na seanmáithreacha seachas na máithreacha céile ar cuireadh an crann orthu.

Wednesday, January 27, 2010

tairngreacht an mhórchnagaire bhric...

Fáilte ar ais!




Fuaim mar rois urchar, fuaim thur, fuaim tholl. Ní chloistear an fhuaim siúd go ró-mhinic an tráth seo den bhliain. Ach chuala mé í ar maidin agus mé ar mo shlí tríd an aer sioctha.

An cnagaire!


Is cuimhin liom gur fhan mé i mo sheasamh uair amháin (cúpla bhliain ó shin) agus gur éirigh liom foinse na fuaime a aimsiú, rud nach éasca a dhéanamh i gcónaí de bharr é a bheith ag cnagaireacht agus ag mac-cnagaireacht "sna ceithre hairde fichead" nuair a bhíonn an cnagaire ag cnag-cnag-cnagadh.

"Rugadh san éacht orm!" B'shin an dreach a bhí ar a... a aghaidh, abraimis.

"Agus is cuma liom den domhan!" B'shin an chuma ar an súil shoibealta a bhí ag tabhairt súil fhiata anuas orm.

Pé scéal é, chuir an rois chnagaireachta i gcuimhne dom gur chuala mé Éamon de Buitléar ag rá ar Adhmaidin le déanaí go raibh an mórchnagaire breac dúchasach arís in Éirinn le cúpla bhliain anuas.

D'imigh an cnagaire as san ochtú haois déag nuair a leagadh na coillte. Níorbh fhada ina dhiaidh sin go raibh an Ghaelainn ag meath go trom.

Ach anois tá sé fillte abhaile! Seans gur ní dea-thuair sin, nach ea?

Saturday, January 23, 2010

dordveidhil agus Kodály

Dordveidhil an uirlis thuas. Bheadh grianghraf de dhordveidhil eile ann in ionad an chinn seo ach níor shamhlaigh mé - nó níor mhaith liom é a shamhlú - go mbeadh deis agam grianghraf a dhéanamh den dordveidhil eile de bharr beainín óg a bheith ag síorchleachtadh go díograiseach ar an gceann sin.


Is iondúil an gnás abhus agus duine óg ag gabháil don cheol i Scoil Cheoil nach leor feasta tar éis tréimhse de dhá bhliain nó mar sin an uirlis cheoil a chuireann an Scoil Cheoil ar fáil. Níl aon dul as ansin ach infheistíocht a dhéanamh agus an uirlis cheoil is gá a cheannach. Seans go gcuirfeadh an praghas dord le feadh tamaillín i gcloigeann an duine a bheidh ag íoc as!

Ar aon nós, seo píosa a thaitníonn go mór liom. Tráthnóna ciúin, grianmhar, taibriúil san earrach nó san fhómhar a chuireann an píosa céanna i gcuimhne dom.

Sonáidín do dhordveidhil agus pianó le Zoltán Kodály:
http://www.youtube.com/watch?v=7Ndc-70ewEs

Maidir le fuaimniú an ainm Kodály: déanann dordveidhil agus Kodály rím le chéile, nó geall leis.

Thursday, January 21, 2010

Cén rabhadh?

"Ná tarraing a theanga ort!"





Is maith an chomhairle í seo fiú i gcásanna nach mbíonn caimileon, laghairt eile nó reiptíl de chineál ar bith i gceist.



Mura ngéilleann tú don rabhadh...


Rabhadh? Cén rabhadh...?!

Saturday, January 16, 2010

Gabh mo leithscéal, ach... welche Sprache lesen Sie da?

Bhí an leabhar thuas á léamh agam inné agus mé ag comaitéireacht liom mar is gnáth - is serb cach gnáth - san s-bahn.

Cheannaigh mé an leabhar céanna anuraidh i 6, Sráid Fhearchair, áit a ndéanaim sciuird isteach ann go rialta ó bhliain mo Ghael-Athbhreithe i leith agus mé ag taisteal ón aerphort tríd an ardchathair ar mo shlí ó dheas. Bhí an siopa eile i 56-58, Sráid Dhásain riamh anall ar mo chúrsa taistil. Is fíor go bhfuil Amazon & Cuid. ann - agus bainim úsáid fhonnmhar as a leithéid - ach mar an gcéanna is breá a bheith i siopa leabhar, na leabhair a bheith idir lámha agam agus iad a thabhairt liom láithreach bonn más mian liom.

Réimse leabhar a bhí uaim idir leabhair fhaisnéise sa "lárchanúint" agus leabhair sa teanga dhúchais. Is amhlaidh go bhfuil dhá thrá i gcríoch na Gaelainne agus is fearr an dá thrá sin a fhreastal.

Sraith léachtaí faoi éirí amach na bliana 1798 atá sa leabhar a foilsíodh sa bhliain 1998. Léirítear gné faoi leith i ngach ceann de na léachtaí. Stair ghruama nach mbainfinn mórán taitnimh as í a léamh, cheap mé ar dtús. Ach a mhalairt ar fad atá fíor: nochtar toisí suimiúla den scéal nach raibh aon chur amach agam orthu go dtí seo.

D'fhulaing stair imeachtaí na bliana 1798 le fada faoi scáth bholscaireacht na mbuaiteoirí agus a gcúntóirí. De réir na bolscaireachta b'aislingigh neamhréadúla - agus, de bharr sin, baolacha - iad Na hÉireannaigh Aontaithe agus iad den tuairim bhréagach go dtiocfadh leo poblacht neamhspleách ar dhéanamh na bpoblachtaí nua san Fhrainc agus sna Stáit Aontaithe a bhunú in Éirinn a bheadh saor ón seicteachas agus nuair a deineadh iarracht an aisling neamhréadúil a chur i gcrích níor éirigh leo ach an chosmhuintir a ghríosadh chun sléachtanna seicteacha...

Cé go raibh cúrsaí sa tír ó thaobh an tseicteachais de leochaileach go leor ag an am ba iad na húdaráis i mBaile Átha Cliath a chuir an lasóg sa bharrach i gcúrsaí seicteachais leis an bpoblacht a scoilt ar bhonn religiúin. D'fheidhmigh an Eaglais Chaitliceach mar chúntóir an rialtais de bharr margadh a bheith déanta eatarthu faoi bhunú an choláiste i Maigh Nuad sa bhliain 1795.

Gan amhras, bhí an scéal ní ba chasta ná sin.

Ar aon nós agus mé sáite istigh i seanstair shuaite na hÉireann chuala mé guth ó mo thaobh clé anall ag fiafraí i gcanúint na Baváire: an miste leat a rá liom cén teanga í ina bhfuil an leabhar sin scríofa?

"Gälisch", a d'fhreagair mé.

Ceapann formhór na ndaoine abhus gurb é an Béarla Éireannach a bhíonn i gceist nuair a chloistear "Irisch" nó "Gälisch". Is mór an ábhar iontais é dóibh nuair a mhínítear dóibh gur teanga de shliocht eile ar fad atá i gceist.

Saturday, January 9, 2010

sluaistí sneachta mar earraí iompórtála?


Fiú amháin sna tíortha a bhfuil seantaithí acu ar an sneachta tá an grean agus an salann ag dul i léig de réir mar atá an aimsir reoite ag sleamhnú i bhfaide.

Pé scéal é, más buan mo chuimhne tá an uirlis thuas go hiomlán de dhíth ar thír mo bhreithe.

Ní lorg an charbóin san aer ach loirg na gcos sa sneachta is cás linn anois in am an fhuaraithe dhomhanda. Leis an uirlis thuas is féidir - ar a laghad ar bith - an sneachta a bhrú anuas ón gcosán. Agus - gan a bheith ag brath ar an bhfear thall - dá ndéanfadh gach éinne a stráice féin a choimeád saor ó shneachta thiocfadh le cách an cosán a úsáid.

An mbeadh tóir ar an uirlis chéanna in Éirinn?

Sunday, January 3, 2010

Dhá scannán ar mire

Ar na scannáin a bhí le feiscint ar an teilifís abhus i rith na saoire Nollag bhí "Frenzy" le Hitchcock agus "Frantic" le Polanski.

Is dócha go bhfuil lé agam ar uairibh le scannáin a bhfuil paiteann de roinnt blianta orthu.

Deineadh "Frenzy" i Londain ag tús na seachtóidí. Scannánaíodh "Frantic" i bPáras sa bhliain 1987 agus d'eisíodh é sa bhliain dár gcionn. Tá cuid mhaith de na seatanna amuigh sna cathracha faoi seach ina raibh na scannáin lonnaithe agus is féidir cuisle na h-aoise a bhrath dá bharr.

Cé gur scannánaíodh iad thart ar sé bliana déag as a chéile séard a rith liom ná gur den ré chéanna iad araon. De réir mo theoirice, nó mo mhothúcháin b'fhéidir, mhair an ré úd ó 1971 go 1989.

Faoin mbliain 1971 bhí na hiarsmaí deireannacha den seansaol imithe as agus bhí ré eile, ré na teilifíse daite abraimis, faoi lán seoil.

Ach gan na teileafóin cheallacha uileláithreacha ní bhíodh na daoine fós insroichte ar bhonn buan amhail an lá inniu. De bharr sin bhíodh cora sa phlota ar fáil do scannánóirí nach mbíonn ann feasta dóibh. Agus ní raibh an t-idirlíon mar fhoinse láithreach uilefheasach ann ach an oiread.

Bhíodh bearnaí sa saol laethiúil a raibh slí ionramhála don scéinséir iontu. B'éigean don laoch dul i muinín teileafón poiblí (a gcuirtear boinn airgid isteach iontu!) agus ní raibh an dara rogha aige ach a bheith ag brath ar eolairí teileafóin ramhara i dteanga iasachta. Gan loingseoirecht satailíte, gan googlemaps, gan faic.

Ach ní hé nach raibh ach míbhuntáistí ag baint leis an ré úd. Mar shampla, bheadh cead ag an laoch toitín a chaitheamh sa tábhairne, dá mba chaiteoir toitíní é. Bhí an Cuirtín Iarainn ann agus an comórtas idir an dá chóras ar siúl fós; bhí múineadh ar an gcóras caipitleach mar thoradh ar sin. Agus ba leor an Cogadh Fuar leis an t-úafás airgid a infheistiú i dtionscal na n-arm ar shlí a bhí - abraimis - réasúnta síochánta!

Ó phrenîtis/phrenētikós (rámhaille/rámhailleach) na Gréigise a thagann na focail frenzy/frantic ach measaim gur mire/ar mire an t-aistriúchán is coitinne dóibh.

Dála an scéil, bhínn go minic i bPáras le linn na n-ochtóidí; ba bheag nach rabhas féin ar mire nuair a rith sé liom cé chomh fada siar agus atá sé anois.