Friday, December 16, 2011

barrach an euro agus an lasóg gan choinne - uachtarán na gearmáine faoi bhrú...

Schloss Bellevue, áras Uachtarán na Gearmáine in mBeirlín

Fuair Uachtarán na Gearmáine Christian Wulff leath-mhilliún euro ar iasacht ó fhear gnó sa bhliain 2008 agus é fós ina Phríomh-Aire ar an Stát Sacsain Íochtair. Cheannaigh sé teach cónaithe leis an airgead. Bhí sé nuaphósta ag an am tar éis a cholscartha óna chéad bhean an bhliain roimhe sin.

Bhí ráta úis na hiasachta ní ba ísle ná gnáthráta an mhargaidh ag an am. Ní raibh Wulff ach ag íoc an úis sarar thug sé an t-airgead ar ais.

Shéan sé sa pharlaimint i Sacsain Íochtair agus é fós ina Phríomh-Aire go raibh aon chaidreamh gnó leis an ngnóthadóir ar thug - de réir leagan an Uachtaráin anois - a bhean chéile an iasacht dó. Ba é an Comhaontas Glas a chláraigh an cheist. D'aisíoc Wulff an t-airgead cúpla lá dar gcionn agus thóg sé iasacht ó bhanc chuige sin.

D'eisigh an t-Uachtarán sna laethanta beaga ráiteas ina maítear nach raibh aon rud mícheart déanta aige mar gheall air gurbh ó bhean chéile an fhír ghnó a fuair sé an iasacht.

Deir Der Spiegel inniu, áfach, gur léir gurbh é an t-airgead de chuid an fhir ghnó féin – darb ainm Geerkens – a bhí i gceist agus gurbh é an fear gnó go pearsanta a shocraigh an iasacht agus nár baineadh úsáid as ainm na mná céile ach chun an caidreamh gnó idir Wulff agus Geerkens a choimeád faoi cheilt.

Tháinig Wulff i gcomharbacht ar Horst Köhler a d'éirigh as oifig go tobann i 2010, rud a bhí ina chúis ghéarchéime ag an am. Ba Wulff ansin an t-iarrthóir a chuir an Seansailéir Angela Merkel chun tosaigh. Chomh maith le haon rud eile, ba ag ciceáil chomh-iomaitheora suas staighre a bhí an Seansailéir dar le go leor tráchtairí.

Má éiríonn Wulff as oifig de bharr an scannail reatha beidh géarchéim as an nua ann, géarchéim nach mbeidh Merkel in inmhe a shárú go ró-éasca agus í ag teacht go tiubh ar shála na géarchéime faoi thodhchaí an euro atá ar coipeadh i bpáirtí na Liobrálach Daonláthach (FDP), comhpháirtí de chuid Merkel agus an CDU sa chomhrialtas.

Agus is ionann géarchéim an rialtais i mBeirlín agus géarú ar ghéarchéim an euro.

2 comments:

  1. Agus is ionann géarchéim an rialtais i mBeirlín agus géarú ar ghéarchéim an euro.

    Ó thús, laige Rialtas Bheirlín ceann de na foinsí a thug an deis don gcreachlathas dul chun cinn a dhéanamh.

    ReplyDelete
  2. Gan amhras.

    An bhfuil an clúdach de Der Spiegel na seachtaine seo chugainn feicthe agat. http://www.spiegel.de/spiegel/0,1518,ausg-5468,00.html

    Ní dóigh liom go dtiocfaidh Wulff slán as an scannal seo.

    Sea, airgead na mná céile agus ar léí é, i ndáiríre, nó nach léí: tá an cheist sin á plé in Éirinn faoi láthair freisin.

    ReplyDelete