Thursday, December 22, 2011

má tá bronntanais fós le ceannach agat: céard faoi la grappa dei nostalgici?...

Mar is eol don saol is biotáille í grappa a dhéantar as na fíonchaora meilte a fhanann sa chantaoir fíona  le linn phróiseas táirgeachta an fhíona. Céatadán de réir toirte idir 37.5 agus 60 atá ann de ghnáth.


comhlacht san Iodáil a dhíolfadh foireann de cheithre bhuidéal grappa leat ar € 12.10. Buidéil bheaga atá i gceist san fhoireann seo atá pacáilte "go deas" i mbosca beag le fuinneog ach ní hé sin an tréith is suntasaí a bhaineann leo, is iad na lipéid ar na buidéil.




Díolann an comhlacht idir ghrappa agus phrosecco, bheoir agus fhíon, agus rogha mhaith de lipéid stairiúla leis an Duce orthu. (Le béim ar an bhfocal "stairiúl", an dtuigeann sibh?)


Agus...ó, sea... sara ndéanaim dearmad de, tá an mac-an-té-úd-eile ar fáil freisin, tá's agaibh an té leis an gcroiméal beag dubh. Má tá tart ort, nó rud eile in easnamh ort, in áit phoiblí sa Ghearmáin, ní bheadh sé inmholta do thart a chosc, nó an faobhar a bhaint ded' chumha, le cinn áirithe de na beoracha ón dream seo - ar an ábhar go bhfuil sé i gcoinne an dlí siombailí ón Tríú Ríocht - ar a áirítear portráid Hitler agus macasamhlacha di - a thaispeáint go poiblí.

Tá pearsna stairiúla eile ar fáil, dar ndóigh: Lenin, Stalin, Tito agus, fiú amháin, Che agus David Ben-Gurion(!) ach, ar chaoi éigin, ní dóigh liom go bhfuil ráchairt ró-mhór ar na daoine seo, ná súil ag an gcomhlacht go mbeadh. An dtuigeann sibh?

6 comments:

  1. Cé go díreach a cheannaíonn an grappa seo?

    ReplyDelete
  2. Is í an chliantacht is mó, dar liom, ná an mionlach beag nua-Naitsithe sa Ghearmáin agus san Ostair.

    Tá daoine eile ann freisin a bhraitheann go bhfuil meallacacht éigin ag gabháil leis an Naitsíochas.

    ReplyDelete
  3. Tá Pol Pot agus Idi Amin ag teastáil uathu, le bheith idirnáisiúnta ilchultúrtha!

    ReplyDelete
  4. Má bhíonn lipéid le Hitler orthu ag teasráil ó dhream áirithe, ní hionann sin is a rá go mbíonn Idi Amin uathu.

    Na figiúirí stairiúla eile atá ar fáil seachas Hitler (agus Mussolini, b'fhéidir), níl iontu ach cineál duaithníochta, más fíor mo amhras.

    ReplyDelete
  5. Ceapaim go bhfuil sé go maith go bhfuil an Il Duce á díol acu agus go bhfuil cead acu mar léiríonn sé nach bhfuil eagla orthu roimh smaointí Il Duce beith ró láidir arís

    ReplyDelete
  6. ar ais ón Spáinn ó bhí inné ann, Andalucía. Ní chuireann sé seo lá iontais orm. Go leor daoine sa Spáinn ag tnúth le laethe El Caudillo, Franco chomh maith.

    ReplyDelete