Thursday, May 26, 2011

scéal grinn - athlódáilte...


 Bhí fear agus a bhean chéile ag taisteal sa charr lá sa samhradh agus bhí a ngadhar sa chúl i dteannta leo. Go tobann nochtadh ainmhí ar an mbóthar rompu agus b'éigean don fhear, a bhí ag tiomáint, an coscán a theannadh ar an toirt. Stad an carr de phreab. Amach leis an bhfear as an gcarr agus bhrostaigh chun tosaigh d'fhonn féachaint an raibh an t-ainmhí fós ina bheatha. Ar an mbóthar os comhair an chairr amach chonaic sé frog ina shuí agus é ag breathnú suas air.

“Go raibh míle maith agat gur lig tú mo bheo liom,” arsa an frog. Baineadh siar as an bhfear. 

“Dia dár sábháil,” arsa seisean, “frog le hurlabhra aige, níor shamhlaigh mé a leithéid riamh.” 

“Sea,” arsa an frog, “is frog draíochtúil mé agus mar luach saothair duit, má iarrann tú achainí orm comhlíonfaidh mé í.” 

Nuair a bhí an fear tagtha chuige féin arís chuaigh sé i mbun a mhachnaimh ar feadh meandair.

"Tá seó gadhar ar siúl ar an mbaile ar an deireadh seachtaine seo agus ba mhaith liom go mbainfidh mo ghadharsa an chéad duais amach,” arsa an fear ar ball.

"Ceart go leor,” arsa an frog, ”taispeán dom an gadhar agus déanfaidh mé an gnó duit.” 

Chuaigh an fear i dtreo dhoras cúil an chairr, an frog ag léimneach ina dhiaidh, agus d'oscail é. Nuair a bhreathnaigh an frog isteach ar an ngadhar baineadh stangadh as. A leithéid de ghnúis ghránna mhíchumtha ní fhaca sé riamh agus é ag sileadh anuas as gach oscailt di. 

“Tá mé buartha, a fhir uasail,” arsa an frog go leithscéalach, “ach ní dóigh liom gur leor neart mo dhraíochta don chás seo.” 

Bhí díomá ar an bhfear ach chuaigh sé i mbun a mhachnaimh arís go dtí gur rith achainí eile leis. 

“Tá comórtas áilleachta ban ar siúl ar an deireadh seachtaine dár gcionn agus is mian liom go mbéarfaidh mo bheansa an chraobh léí.” 

“Ceart go leor,” arsa an frog, “déanfaidh mé sin duit, gan dabht.” 

Timpeall chun an taoibh eile den charr leo ansin agus d'oscail an fear doras tosaigh an chairr. D'fhéach an frog isteach. Bhí sé ag breathnú ar an mbean ar feadh cúpla nóiméad nuair a d'iompaigh sé ar an bhfear go cúthail agus dúirt i gcogar: “Ar mhiste leat dá bhfeicfinn an gadhar in athuair?”

Sunday, May 15, 2011

lucht lútála gan chuireadh?...

Caithfidh mé a admháil gur bhain sé gáire asam nuair a léigh mé an t-alt seo sa Sindo inniu. Is amhlaidh nach bhfuil suim dá laghad ag an mBainríon Éilís an dream siúd a fheiscint i gcóngar di atá - cuid acu, ar aon nós - in ainm a bheith, dar leo féín agus le mórán eile nach iad, ina lucht tacaíochta is dílse sa Phoblacht. Nach mbeidh go leor le déanamh ag na fórsaí slándála Bean Windsor a chosaint ar na gealta eile gan lútálaithe le siabhráin mhórgachta a chur san áireamh, a mbíonn an iomarca díobh á ciapadh cheana féin agus í ar an ríchathaoir le blianta fada anuas?!

Dar liom, tá rud rómhór á dhéanamh as an gcuairt. Táimse féin go réchúiseach faoi. Tá fíricí crua na staire mar atá siad agus ní cóir iad a shéanadh ach ní dhéanfaidh sé aon dochar an caidreamh leis an mBreatain - atá thar a bheith casta - a normálú.

Wednesday, May 11, 2011

cad a dhéantar nuair a phléascann bonn feithicle...



Bhí mé in Éirinn le déanaí ar feadh cúpla lá le freastal ar chuimhneamh míosa mo mháthar agus chun nithe eile a dhéanamh a raibh gá leo, cuid acu nach raibh ró-inmhianaithe. Bhí teach mo mháthar le folmhú, mar shampla. Chuidigh col ceathrair liom an tasc sin a chur i gcrích. Is iontach an bhean í an col ceathrair céanna agus d'éirigh linn an obair a chur dínn gan mórán crá.

Ar aon nós, bhí gluaisteán ar cíos agam agus nuair a bhíos ag filleadh ar an Domhnach - Domhnach na Cásca a bhí ann - agus ag taisteal suas an mótarbhealach i dtreo an aerphoirt cad é a tharla ach gur phléasc an bonn tosaigh ar thaobh na láimhe deise.

D'éirigh liom an gluaisteán a choinneáil faoi smacht agus, faoi dheireadh, a stopadh. Bhí an bonn féín scriosta go hiomlán agus bhí deatach ag éirí aníos uaidh. Agus mé ag breathnú síos air d'airigh mé mar a bheadh lámh na cinniúna i láthair. Scanrúil go leor.

D'aistrigh mé an bonn agus bhain mé an t-aerphort amach ar an mbonn spártha (uasluas 80 km/u) in am don eitleán.

Caithfidh mé a admháil gur mhó an crith a bhain sé asam ar an lá dar gcionn ná ag an am ar tharla sé. B'fhearr an t-idirlíon a sheachaint ar uairibh, is dócha. Ar aon chaoi, chuaigh mé i mbun tuilleadh eolais ar an ábhar a fháil amach. Drochscéal ar fad a bhíonn ann go minic nuair a tharlaíonn a leithéid.

Tugann an físeán thuas píosaí comhairle ar fiú eolas a bheith orthu - roimh ré.

Is é an rud is tábhachtaí ná gan úsáid láithreach a bhaint as an gcoscán ar an ábhar go bhfuil sé de riachtanas an móiminteam chun tosaigh a chaomhnú ós rud é go dtarraingítear an gluaisteán ar leataobh ag an mbonn scriosta.

Tuesday, May 10, 2011

beannacht nua don té anonn in aois...


Cén aois an duilleog thuas? Aois an chrainn a "dhein" í nó aois an earraigh inar deineadh í? Ceist mheafarach, ceist fhealsúnach, b'fhéidir. Cad a déarfadh an luibheolaí?

Ar aon nós, is ón seanbhuachaill an duilleog, ó ghéag dá chuid le bheith cruinn. Agus nach cruthanta an duilleog í? Déanta go maith, nach bhfuil sí? An seanchleachtadh, ní féidir é a sharú! Bliain i ndiaidh bliana, gan teip.

Tá dhá mhallacht, ar a laghad, sa Ghaelainn atá níos uafásaí ná an focal ciorraithe i mBéarla, mar atá "Go dtachta an Diabhal thú" agus, níos measa fós, "Marbhfháisc ort!" Téann an dhá cheann siúd go mór i bhfeidhm orm i gcónaí; is Diabhal an éifeacht atá ag baint leo. (D'fhéadfá a rá fiú nach bhfuil baint ar bith ag an bhfocal corraithe le deireadh an tsaoil ach lena thús!)

Agus ná habair a leithéid le haon duine atá anonn go maith in aois agus a chasann ort i rith an gheimhridh.

B'fhearr duit a rá leis: Duilliúr úr an earraigh ort!

Tuesday, May 3, 2011

tuigim! b'in an fáth...


...a raibh gach duine eile thart ar fhiche bliain, ar a laghad, ní ba óige ná mise!

Dhiúltaigh mo bhean chéile agus mo iníon dul air. Ní raibh fúm ar dtús dul ar aon mharcaíocht dá leithéid, ach an oiread. An Domhnach seo caite a bhí i gceist.

Na blianta ó shin, ba ar éigean ba leor na marcaíochta ba fhiáine domsa chun an leadrán agus an leamhas a ruaigeadh!

Seans gurbh ar siúd a bhíos ag smaoineamh nuair - le flosc eachtra - a bheartaigh mé triail a bhaint as an Break Dance...  Ní raibh mo chompánaigh ró-shásta le mo chinneadh.

Bhuel, geallaim daoibh gurbh í an uair dheireannach; thóg sé leathuair a chloig go dtí go raibh mé tagtha chugam féin aris.

B'in an fáth nach raibh ach daoine faoi thriocha bliain d'aois ag marcaíocht ar an diabhal rud!

Ar ór na cruinne, ní dhéanfaidh mé a leithéid arís! 

Sunday, May 1, 2011

bhuel, an gcuireann sé ocras oraibh?...


Lá breithe m'iníne is óige inniu agus thugamar cuairt ar an bhFrühlingsfest.

Chonaic mé an fógra seo ar crochadh ann agus dhein mé grianghraf de.

Cé go bhfuil an focal Béarla "hit" gearmánaithe ar feadh tréimhse maithe anois, ní dóigh liom gur ámharach an cleamhnas atá déanta aige leis an tuiseal ginideach den fhocal "Tag" (= lá/ tuiseal ginideach = Tages).

Is minic a bhíonn cuairteoirí idirnáisiúnta i láthair a mbíonn an Béarla mar phríomhtheanga taistil acu. (An gceapfadh leantóir de Rangers (Glaschú), mar shampla, go bhfuil baint ag an bhfógra leis an ndream eile?)

Nó an gceapfaí, b'fhéidir, gur leasainm tíriúil don Wurst atá i gceist?