Sunday, March 31, 2013

ar bhruacha rio de la plata (6): agus i mbun an dá thrá a fhreastal



Cén dá thrá a bhí i gceist? Tugaimis an trá mhín agus an trá gharbh orthu.


Ar dtús, an trá mhín: d'éirigh liom ticéad a fháil don chéad cheolchoirm (De Rusia con Amor) a cuireadh i láthair i Teatro Colón sa séasúr 2013. Chuir sin lúcháir nár bheag orm mar bhí teipthe orm ticéad a cheannach ar líne sa Ghearmáin an tseachtain roimhe sin.


Deirtear gurb é an Teatro Colón an ceoláras is mór-le-rá i Meiriceá Theas agus go bhfuil sé ar cheann de na ceolárais is fearr ar domhan ó thaobh na fuaimíochta de. Ar aon nós, bhain mé an-taitneamh as an gceolchoirm.



Anois, an trá gharbh: cúpla lá ina dhiaidh sin d'éirigh liom ticéad a fháil don chluiche sacair den Primera División idir River Plate agus foireann eile darb ainm Colón (as Santa Fé). Ba í River Plate an fhoireann bhaile agus bhí an cluiche le bheith ar siúl sa staidiam ina raibh an cluiche ceannais i gCorn an Domhain sa sacar sa bhliain 1978.

Thug an duine a dhíol an ticéad liom rabhadh dom. "Beidh tú istigh le leantóirí River Plate agus beidh an rogha seo a leanas agat: is leantóir River Plate tú nó bainfear an cloigeann díot!" a duirt sé. "Ach i ndeireadh na dála," mar a mheabhraigh sé dom, "is amhlaidh é go bhfuil rogha agat" .


Bhí, is dócha, agus bhí an t-atmaiféar go hiontach ar fad.


Bhí na leantórí ag canadh beagnach an t-am go léir.


Buille faoi thuairim ó éinne cad a tharla go díreach ina dhiaidh sin?


Sea, cúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúl a bhí ann.

Bhuaigh River Plate an cluiche 2 -1 agus d'fhág gach duine an staidiam lena chloigeann san áit cheart.

Agus tá geansaí bán le stríoc dhearg thrasnánach agam anois sa vardrús.

Saturday, March 30, 2013

ar bhruacha rio de la plata (5): dulce de leche y alfajores!


Má tá dúil i rudaí milse agat, i gcaramal go háirithe, is é san Airgintín (nó i Meiriceá Theas i gcoitinne) a gheobhaidh tú do sháith díobh.

Sa bhabhla sa ghrianghraf thíos bhí maróg charamail le feiceáil agus é báite i ndulce de leche. Is é rud nár thóg mé mo cheamara amach in am chun grianghraf a thógáil de mar go raibh mé sáite i rud éigin. (Leid: sa mharóg.)


Is aoibheann leis na daoine dulce de leche, de réir cosúlachta, mar tá sé le feiceáil i ngach áit agus faightear é i mbeagnach gach milseog.

Is é is brí le dulce de lechemilseacht an bhainne agus is milseogra é a dhéantar le bainne agus siúcra. Téitear an bainne milsithe go mall, á mheascadh de réir a chéile le siúcrá caramalaithe.

Bíonn sé le fáil mar mhilseog, mar uachtar reoite, mar leathán ar arán, mar líonadh i gcistí milse srl.

Bíonn sé le fáil freisin i milseogra a dtugtar alfajor air - cosúil leis an ceann thíos. Bhí an ceamara amuigh in am agam an uair seo (don dara ceann).




Tuesday, March 26, 2013

ar bhruacha rio de la plata...(4)



Is é Recoleto an ceantar cathrach is galánta dá bhfuil i lár na cathrach. Is anseo a fheictear an chuid is mó de na foirgnimh a tógadh i bhfaisean na Fraince.






Is cosúil, áfach, nach raibh an bord pleanála ró-dhian sa chás seo a leanas:


Tarlaíonn go bhfuil na seanóirí bochta timpeallathe ag na boic arda nua-aoiseacha in áiteanna.


Tá cáil ar Recoleta freisin mar gheall ar an reilig atá lonnaithe anseo inar fágadh roinnt daoine clúiteacha sa bhaile.


Is geall le cathair bheag í le sráideanna agus "tithe" beaga.




Is anseo atá másailéam Eva Perón (1919 - 1952), nó Evita mar is fearr aithne uirthi. Is é an másailéam is minice a mbíonn na turasóirí ag tabhairt cuairte air agus is anseo a fheictear na sluaite is mó.



Is beag duine nach gcuireann an dáta 1982 mearbhall orthu mar a bhí le cloisteáil thart timpeall orm.

Tá muintir Uí Fhlaithearta ann freisin...



agus an tAthair Ó Fathaigh, baigh Daid!


Agus an fear is tábhachtaí ar fad...


... as Maigh Eo dó! (Ócé Enda, bí id' shuí arís, a mhic. Ní túsa a bhí i gceist agam.)

Liam de Brún ab ainm don fhear seo as contae Maigh Eo. Agus ba é an t-Aimeréal Guglielmo Brown, mar is fearr aithne air anseo, an fear a bhunaigh cabhlach na hAirgintíne sa naoú haois déag.


"Ingles de origen" atá greanta ar an ngloine, áfach...


...ach sara bhfliucheann lucht revisionistas a mbrístíní le teann lúcháire, caithfidh mé a lua gur chuala mé treorú turasóirí - Sasanach ea ba é - ag míniú an scéal go han-leithscéalach ar fad do lánúin a bhí ina seasamh os comhair an mhásailéim. Is ea a dúirt an Sasanach deas múinte seo ná  gur amháín mar gheall ar na dálaí polaitiúla ag an am gur cuireadh an sonra mícheart seo ar an séadchomhartha.

Maigh Eo, Dia dár sábháil!


Monday, March 25, 2013

ar bhruacha rio de la plata...(3)


Tá port mór i mBuenos Aires agus mar thoradh air sin tugtar porteño(s) ar mhuintir na cathrach. Nuair a bhí mé sa stáisiún traenach ag iarraidh grianghraif a thógáil den chat fiosrach thíos, chuir seanóir forrán orm agus d'fhiafraigh sé díom an raibh stainnín nuachtán ar nós an chinn ar a raibh an cat fiosrach ina shuí le feiceáil i mo thír cónaithe.

An cat fiosrach - El gato curioso

D'inis an fear cairdiúil céanna dom gur porteño óna chroí amach é agus go raibh sé an-bhródúil as.

Estación Retiro (1)

Estación Retiro (2)

Dhein an t-Uachtarán Menem an córas iarnróid a phríobháidiú sna nóchaidí. Chrap an gréasán iarnróid agus líon na bhfostaithe mar thoradh. Is cosúil, áfach, nár chrap rudaí áirithe eile ina dteannta.

  Estación Retiro (3)

 Estación Retiro (4)

Retiro is ainm don stáisiún agus don cheantar cathrach ina bhfuil sé lonnaithe.

Saturday, March 23, 2013

ar bhruacha rio de la plata...(2)


Deirtear gurb é an t-am is fearr ó thaobh na haimsire de le cuairt a thabhairt ar Bhuenos Aires ná mí na Samhna, mí na Nollag nó mí an Mhárta. Mí na Samhna is ea an tráth den bhliain a mbíonn an t-earrach faoi lán seoil ar an taobh eile den mheánchiorcal agus a mbíonn na crainn úd a dtugtar jacaranda orthu faoi bhláth ar fud na cathrach. Tagann corrbhraisle de na bláthanna anseo agus ansiúd slán isteach san fhomhar féin mar a fheictear thíos.

jacaranda faoi bhláth i mí an Mhárta

Faoi mheán lae bhí mé socraithe istigh san óstán a bhí sách gar don Avenida 9 de Julio. Tar éis dom scíth bheag a ligean thug mé aghaidh ar an avenida sárleathan chéanna.


Idir sheanfhoirgnimh agus fhoirgnimh nua-aoiseacha tá stair fhoirgníocht na cathrach le breis agus dhá chéad bliain anuas le feiceáil ar gach taobh.


Nuair a bhain an Airgintín a saoirse amach ag tús na 19ú haoise, thosaigh na hAirgintíngh tithe agus foirgnimh eile a thógáil i bhfaisean na Fraince chun iad féin a dhealú amach ón Spáinn, an tír a raibh an Airgintínina ina cóilíneacht aici go dtí an pointe sin.

Hmmm... a cheap mé, bhí scéal den chineál sin cloiste agam in áit éigin eile cheana féin...

An oibilisc ar Avenida de 9 Julio

Is í an oibilisc an séadchomhartha is suntasaí ar an Avenida de 9 Julio, nó, go deimhin, sa chathair ar fad. Cibé am a mbíonn rud mór ar nós Chorn an Domhain le ceiliúradh, cruinníonn an pobal thart ar an oibilisc.

Bheadh an  pobal ag cruinniú anseo arís roimh i bhfad...

Samhail d'Evita - Edificio del Ministerio de Salud

Ar aghaidh fhoirgneamh na Roinne Sláinte tá samhail mhór de Eva Perón, nó Evita mar is fearr aithne uirthi. Is séadchomhartha an dóchais í an bhean óg féin anuas go dtí lá an lae inniu.

Stéig Airgintíneach... agus an ceamara ag déanamh ragoibre

Ní iteoir mór feola mé ach, i bhfianaise na tíre ina raibh mé, nuair a tháinig ocras orm faoi dheireadh chuaigh mé isteach i mbialann agus d'ordaigh mé stéig agus sceallóga. Más buan mo chuimhne, fuair mé an ceann seo ar 90 pesos (15 €) agus geallaim daoibh gur dhíol mór coganta a bhí sna 400 g seo, 400g feola a thug mo dhúshlán. 

Ach níorbh í an stéig dheireannach a chaith mé le linn na cuairte seo.





Friday, March 22, 2013

ar bhruacha rio de la plata (1)...


Is í Frankfurt-Buenos Aires an eitilt gan idirstad is faide ar fad a chuireann Lufthansa ar fáil, ach mar a deireadh na Gaeil fadó: dá fhaid an eitilt, tagann ceann scríbe (má thagann sé).

Agus dá bhrí sin, tar éis 14 uair a chloig agus 11,500 km thuirling an t-eitleán ar maidin an 5ú Márta san aerfort idirnáisiúnta i mBuenos Aires. Ezeiza an t-ainm a úsáidtear go hiondúil don aerfort bíodh go bhfeictear Ministro Pistarini sa sceideal eitilte. Bá é Juan Pistarini a thionscain foirgníocht an aerfoirt sna 1930í ach tá sé lonnaithe in aice leis an mbruachbhaile Ezeiza.

Isteach liom ansin i dtacsaí go lár na cathrach mar a raibh an t-ostán ina raibh mé ag baint fúm. Ar an mbealach isteach ar an mótarbhealach thar na bruachbhailte tharraing na pailmeacha agus réidhe na tuaithe mo aird chomh maith leis an spéir ghorm a bhí ag síneadh anuas go fíor na spéire ar gach taobh agus í ar dhath bhratach na tíre nach mór.

Radio Taxi ar Avenida 9 de Julio

Bhí sé sách te sa chathair féin ach gan a bheith meirbh.  Aimsir bhreá fholláin a bhí i réim le linn an chéad leath den Mhárta seo, ar aon chaoi. B'fhéidir gurb é sin an fáth a dtugtar "Buenos Aires" ar an gcathair seo.

Is iondúil do dhaoine na cathrach, agus is fearr do thurasóirí ar aon chaoi, taisteal sna tacsaithe buí agus dubh thuas, na Radio Taxis mar a thugtar orthu.



Cé go raibh an geimhreadh faoi lán seoil sa Ghearmáin agus cúpla babhta eile sneachta ar an tslí bhí go leor de na crainn fós faoi bhláth i bPáras an Deiscirt, mar a thugtar ar Bhuenos Aires.


Avenida 9 de Julio

Is í an Avenida 9 de Julio príomhshráid Bhuenos Aires agus deirtear gurb í an tsráid is leithne dá bhfuil ar fud na cruinne. Tá 11 lána ann in áiteanna.

D'fhéadfaí a rá go bhfuil praghsanna na n-óstán i mBuenos Aires a bheag nó a mhór ar an leibhéal céanna le Beirlín (ca. €  90 - 100 in aghaidh na hoíche sa raon meánphraghsanna) cé nach mbíonn gach rud nua-aimseartha, an seomra folctha mar shampla, ach bhí mé thar a bheith sásta leis an óstán ina raibh mé.

Agus, go deimhin, níorbh é eispéireas an óstáin cúis m'aistir go "críoch na cruinne"...

Friday, March 15, 2013

in áit an phápa in athuair...

Táim san Airgintín faoi láthair (ag déanamh mo dhíchill an bhlagmhír seo a scríobh ar mo nexus 7 d'aineoinn mo nexus 7) agus,  mar is eol daoibh, toghadh Airgintíneach mar Phápa nua inné. Ni deacair a shamhlú cad a bhí air siúl anseo i mBuenos Aires inné!

Dála an scéil, ba é an dara uair i ndiaidh a chéile dom a bheith i dtír dúchais an Phápa nua nuair a toghadh é.

Ni fheadar an rachaidh mé go hÈirinn an chéad uair eile...