Friday, March 22, 2013

ar bhruacha rio de la plata (1)...


Is í Frankfurt-Buenos Aires an eitilt gan idirstad is faide ar fad a chuireann Lufthansa ar fáil, ach mar a deireadh na Gaeil fadó: dá fhaid an eitilt, tagann ceann scríbe (má thagann sé).

Agus dá bhrí sin, tar éis 14 uair a chloig agus 11,500 km thuirling an t-eitleán ar maidin an 5ú Márta san aerfort idirnáisiúnta i mBuenos Aires. Ezeiza an t-ainm a úsáidtear go hiondúil don aerfort bíodh go bhfeictear Ministro Pistarini sa sceideal eitilte. Bá é Juan Pistarini a thionscain foirgníocht an aerfoirt sna 1930í ach tá sé lonnaithe in aice leis an mbruachbhaile Ezeiza.

Isteach liom ansin i dtacsaí go lár na cathrach mar a raibh an t-ostán ina raibh mé ag baint fúm. Ar an mbealach isteach ar an mótarbhealach thar na bruachbhailte tharraing na pailmeacha agus réidhe na tuaithe mo aird chomh maith leis an spéir ghorm a bhí ag síneadh anuas go fíor na spéire ar gach taobh agus í ar dhath bhratach na tíre nach mór.

Radio Taxi ar Avenida 9 de Julio

Bhí sé sách te sa chathair féin ach gan a bheith meirbh.  Aimsir bhreá fholláin a bhí i réim le linn an chéad leath den Mhárta seo, ar aon chaoi. B'fhéidir gurb é sin an fáth a dtugtar "Buenos Aires" ar an gcathair seo.

Is iondúil do dhaoine na cathrach, agus is fearr do thurasóirí ar aon chaoi, taisteal sna tacsaithe buí agus dubh thuas, na Radio Taxis mar a thugtar orthu.



Cé go raibh an geimhreadh faoi lán seoil sa Ghearmáin agus cúpla babhta eile sneachta ar an tslí bhí go leor de na crainn fós faoi bhláth i bPáras an Deiscirt, mar a thugtar ar Bhuenos Aires.


Avenida 9 de Julio

Is í an Avenida 9 de Julio príomhshráid Bhuenos Aires agus deirtear gurb í an tsráid is leithne dá bhfuil ar fud na cruinne. Tá 11 lána ann in áiteanna.

D'fhéadfaí a rá go bhfuil praghsanna na n-óstán i mBuenos Aires a bheag nó a mhór ar an leibhéal céanna le Beirlín (ca. €  90 - 100 in aghaidh na hoíche sa raon meánphraghsanna) cé nach mbíonn gach rud nua-aimseartha, an seomra folctha mar shampla, ach bhí mé thar a bheith sásta leis an óstán ina raibh mé.

Agus, go deimhin, níorbh é eispéireas an óstáin cúis m'aistir go "críoch na cruinne"...

No comments:

Post a Comment