Monday, June 23, 2014

milano... (IV)

Duomo di Milano (Ardeaglais Milano)

Ní raibh ach 115 km le cur dínn ón áit ina rabhamar ag baint fúinn gur shroicheamar Milano ar an gCéadaoin.

Leid don taistealaí: ag taisteal duit aduaidh i gcarr is fearr duit an carrchlós i Lampugnano a úsáid agus dul uaidh sin isteach go lár na cathrach sa mheitreo. Ní chosnaíonn an turas isteach ach € 1,50 an duine (ticéad lae, € 4,50). Agus nuair a d'fhilleamar arís sa tráthnóna ní raibh ach € 1,50 le híoc as an gcarr a bheith breis agus seacht n-uaire a chloig sa charrchlós.


Piazza del Duomo (Iarracht ar lánléargas!)

Tá an chearnóg i Milano agus na sráideanna thart timpeall uirthi ar ceann de na sean-láir cathrach is galánta agus is dílse ó thaobh an chaomhantais de dá bhfaca mé go dtí seo.


 Milano

Milano

La Scala

Sa chaifé i nGallerie d'Italia ar Piazza Scala d'ólamar an t-espresso (ar €1,50 an cupáinín) is fearr dár ól mé le fada. Ní rabhamar sa dánlann féin, áfach.


Triptic de Camerino (1482, Carlo Crivelli)

Ina ionad sin thugamar cuairt ar an bPinacoteca di Brera. Sa triptic thuas tá na heochracha sa phictiúr ar chlé ar crochadh den pictiúr.

Sean-phictiúir don chuid is mó atá sa Pinacoteca di Brera ach tá bailiúchán suntasach den Nua-Ealaín ann freisin, ina measc saothair le Giorgio Morandi a raibh an t-ábhar neamhbheo, nó natura morta, mar shain-ábhar aige. Má tá "Falling Man" le Don DeLillo léite agat, b'fhéidir gur cuimhin leat go raibh dhá phictiúr le Morandi ar crochadh san arasán ag ceann de na príomhcharachtair.

No comments:

Post a Comment