Wednesday, November 12, 2014

is aistear gach aistriúchán...


Ar eagla go mbeadh míthuiscint ann i dtaobh an teidil, 
is ag tagairt do fheabhas na scéalta féin agus do theideal 
an leabhair - Die besten deutschen Erzählungen
 - as a roghnaíodh iad atá "Ausgewählt / Den Scoth".


Is spéisiúl an gnó an t-aistriúchán. Ach, a thiarcais, nach saothrach é!

Ar an leibhéal is simplí tá na focail aonaracha, na focail loma. Más crann atá sa bhunleagan - i ngnáthchomhthéacs an fhocail sin, is é is dóichí gur leor Baum don léitheoir i mBeirlín an lae inniu, nó go mba leor arbor don léitheoir sa tSean-Róimh féin, chun an bhrí cheart a thabhairt leo.

Os a choinne sin, bíonn cinneadh le déanamh i gcónaí i gcás téarma stairiúil nach n-úsáidtear sa ghnáthchaint a thuilleadh. Sa scéal Przemysl le Christoph Ransmayr bhí an focal Fuhrknecht le haistriú agam. Is seantéarma é nach bhfuil in úsáid sa Ghearmáínis leis na cianta. D'fhéadfadh Gearmánach óg buille faoi thuairim a thabhairt ar bhrí an fhocail i bhfianaise na gcomhpháirteanna Fuhr, atá baint aige le tiomáint nó le ualach, agus Knecht, a chiallaíonn giolla. Giolla cairteoraoibrí feirme ba ea Fuhrknecht fadó agus thug mé scológ air.

Thug mé tábhairne biotáille ar Branntweiner sa scéal céanna, ar thábhairne é a mbíodh amháin biotáille ar fáil ann ach nach ann dá leithéid (agus don téarma ach chomh beag) thall nó abhus le fada an lá. Ní fheilfeadh, mar shampla, síbín (go bhfóire Dia!) mar aistriúchán ar Branntweiner, Branntweinschenke.

Sa scéal Ióna, mar shampla ní raibh drogall ar bith orm - más maith olc sin! - cruth Gaelach a chur ar ainm (Aimití) agus logainm (Gat-Hefer), nár tháinig mé ar an leagan Gaelach díobh áit ar bith, ar an ábhar gur cleachtas iondúil é na hainmneacha sa Bhíobla a ghaelú ar an dóigh seo.

Níor aistrigh mé leithéidí RingplatzFrankfurter Allee tríd síos mar níor mheas mé go raibh feidhm eile acu (feidhm mheafarach, mar shampla) seachas ainm sráide nó cearnóige éigin a chur in iúl.

Is é an focal is mó a bhain éiric an aistrúcháin asam ná Verzicht. Ar an drochuair dom is é an teideal ar an ngearrscéal is faide sa bhailiúchán, mar atá Der Verzicht / An Staonadh. Is minic nach amhail pointe scoite an focal i dteanga amháín ar mian leat a leagan comhfhreagach a aimsiú mar phointe scoite sa spioctheanga (murab ionann agus i gcás crann/Baum) ach gur fearann céille an focal nach bhfuil focal ar fáil sa sprioctheanga a chlúdaíonn an fearann céille céanna. Ba d'aon turas a roghnaigh mé scéalta nach raibh aistrithe go Béarla cheana féin, ach, i ndeireadh na dála, i gcás scéil nó dhó - ina dteannta Der Verzicht - tháínig mé ar aistriúchán i mBéarla díobh. Tugtar The Renunciation ar Der Verzicht sa leagan Béarla a chonaic me i gclár an leabhair ar an idirlíon ach ceapaim féin, agus an focal céanna níos mó in aghaidh an lae de dhlúth agus d'inneach ionam le breis agus triocha bliain anuas, gurb é An Staonadh an t-aistriúchán is beaichte, cé nach beacht é sa dóigh atá Baum beacht nuair a aistrítear crann. Ach mura mian leat dul i muinín abairt timchaintí (i saothar liteartha!) gach uair a nochtann focal dá leithéid chugat, ní mór glacadh leis go bhfuil teorainneacha ann agus go bhfuil tú go díreach tar éis ceann díobh a shroicheadh. Agus is breá an focal Verzicht mar sholaoid den chruachás do-fhuascailte sin nuair nach mbíonn aistriúchán cruinn ar fáil sa sprioctheanga: man muß eben verzichten!

"Tuigim na focail...  ach m'anam don diabhal má thuigim na smaointe!"

Má tá éirithe leat dul de dhroim bacainní na bhfocal aonarach, is é atá romhat ansin ná criocha na smaointe anaithnide, críocha na smaointe do-thuigthe fiú.

Ní hionann cineál na smaointe anaithnide a deirim anseo agus cineál na smaointe siúd nach dtuigfeá agus Einstein ag trácht ar Theoiric Ghinearálta na Coibhneasachta ina chanúint Ghearmánach dhúchais (canúint na Suáibe), nó i mBéarla.

Loighic shimplí chasta an ghnáthshaoil atá i gceist agam anseo agus an éagsúlacht agus an coimhthíos gan choinne a nochtann chugat an túisce a théann tú i dtaithí ar thíortha eile agus a litríocht. Is é an t-údar is túisce a rithim liom i dtaca leis seo - cé gur i mBéarla a scríobhann sé  - ná Chinua Achebe, ar bronnadh  Friedenspreis des Deutschen Buchhandels na bliana 2002 air. 

Scríobhadh na gearrscéalta sa leabhar Ausgewählt / Den Scoth sa ré a tháinig go díreach tar éis an chogaidh. Cé go raibh droim laimhe tugtha ag na scríbhneoirí i gceist do ghnéithe áirithe den Ghearmánachas, na drochghneithe siúd a bhí tagtha chun cinn sa Tríú Ríocht ach go háirithe, ba Ghearmánaigh go smior iad mar sin féin. Agus bhí loighic shainiúil agus córas smaointe an ghnáthsaoail, an tsaoil laethiúil Ghearmanaigh, de dhlúth agus d'inneach iontu riamh.

I bhfianaise a raibh den chultúr "Meiriceánach" ag brú isteach ar gach taobh, óna seascaidí ar aghaidh ach go háirithe, d'fhéadfá a rá gurbh iad na scríbhneoirí seo an ghlúin dheireannach a tharraing as tobar íonghlan an Ghearmánachais gona focail, friotail, modh cainte agus modh smaointe. Agus dá mhéad an t-athrú atá tagtha ar an saol is é a raibh ann roimh theacht ann don domhandú fós an bhunsraith ar a seasann glúin an lae inniu.

I gcás tíre iasachta ar bith is é an bealach is fearr tuiscint a fháil ar chóras smaointe mhuintir na tíre sin ná scoth na litriochta ón tír a léamh, go haireach agus go minic.

No comments:

Post a Comment