tag:blogger.com,1999:blog-1857626144456708341.post1407077911764243106..comments2023-09-04T22:16:47.864+02:00Comments on Rann na nGág: léamh eile ar chúrsaí sa libia...ormondohttp://www.blogger.com/profile/08824973477738424375noreply@blogger.comBlogger10125tag:blogger.com,1999:blog-1857626144456708341.post-56815672732009787732011-02-24T20:20:29.115+01:002011-02-24T20:20:29.115+01:00"...agus an fhíric go bhfuil acmhainní na tír..."...agus an fhíric go bhfuil acmhainní na tíre príobháidithe ag comhlachtaí móra ilnáisiúnta ó na Stáit agus ón Eoraip?"

Is amhlaidh go gcoinníonn an stát sa Libia sciar de 51% nuair a infheistíonn eachtrannaigh i gcuideachta mhór.

Is cás faoi leith é an Libia. Ní fios dom chun an fhírinne a rá, ach b'fhéidir gurb é go bhfuil sé (go raibh sé) d'acmhainn ag an deachtóireacht an t-airgead a roinnt ar an bpobal de bharr ach dream beag a bheith i gceannas ar an stát. Murab ionann agus i ndaonlathas caipitlceach ina mbíonn dream níos mó ar bharr an bpirimid ag diúl isteach an t-airgead dóibh féin, rud a chiallaíonn nach mbíonn ach beagán fágtha don phobal.

Dá mba Libiach thú agus dá mbeadh cúrsaí san Iarthar ar eolas agat, céard ab fhearr leat: easpa saoirse i dteannta le - abraimis mar seo é - cothrom na féinne i gcúrsaí airgid, nó saoirse pholaitiúil - cibé rud a chiallaíonn an téarma sin sa lá inniu - i dteannta le daoirse eacnamúil?ormondohttps://www.blogger.com/profile/08824973477738424375noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-1857626144456708341.post-54843637355725766812011-02-24T14:42:56.421+01:002011-02-24T14:42:56.421+01:00Maidir le Libia, caithfidh mé a rá gur beag eolais...Maidir le Libia, caithfidh mé a rá gur beag eolais atá agam faoin tír. Ach gan amhras tá tionchar ag an ráta dífhostaíochta atá ag rith ag tuairim is 30% ar an éirí amach? I bpáirt leis an spiorad réabhlóide atá faoi lánseol sa réigiún, agus an fhíric go bhfuil acmhainní na tíre príobháidithe ag comhlachtaí móra ilnáisiúnta ó na Stáit agus ón Eoraip?Dubhaltachhttps://www.blogger.com/profile/14936368194542405646noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-1857626144456708341.post-21603504510714547352011-02-24T14:39:27.373+01:002011-02-24T14:39:27.373+01:00Cinnte: bíonn tionchar ag imeachtaí stairiúla i gc...Cinnte: bíonn tionchar ag imeachtaí stairiúla i gcónaí. Ach níl aon cheann d'aidhmeanna lucht '68 curtha i gcrích: go deimhin, dhaingnigh siad an córas agus táid ag baint leas as. Murab ionann agus '89, a rinne claochlú ar an Eoraip.aonghushttps://www.blogger.com/profile/17809657304269246594noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-1857626144456708341.post-84418809337562866342011-02-24T14:36:43.813+01:002011-02-24T14:36:43.813+01:00recte: "nár mhair"recte: "nár mhair"Dubhaltachhttps://www.blogger.com/profile/14936368194542405646noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-1857626144456708341.post-74579569112584960182011-02-24T14:35:24.869+01:002011-02-24T14:35:24.869+01:00"Nach bhfuil sé fíor?"
Níl is dóigh; d&#..."Nach bhfuil sé fíor?"
Níl is dóigh; d'fhás modh nua caipitleachais as, ó na 70daí ar aghaidh. Thréig caipitlithe an modh céimlathach (Fordism) de tháirgeadh agus d'fhorbair siad modh bainistíochta nua a aithníonn neamhspleáchas agus tionscnamh an oibrí san ionadh oibre.
Sa chaoi seo ghoid an caipitlí éadaí an t-sóisialaí; rinne forghabháil ar reitric na heite clé faoi féinbhainistíocht an lucht oibre.
Ag teacht as ba é "sóisialachas" na linne a bhí céimlathach, maorlathach agus coimeádach.
Chuir an caipitleachas nua seo é féin i láthair mar an réabhlóid liobraíoch a bhí ón lucht oibre ariamh.

Maireann muid le tionchar '68 inniu. Sin an fáth gur bhain an maíomh nach mhair aon rud a chruthaigh 1968 gáire asam.Dubhaltachhttps://www.blogger.com/profile/14936368194542405646noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-1857626144456708341.post-51179933878389041152011-02-24T10:57:28.242+01:002011-02-24T10:57:28.242+01:00Nach bhfuil sé fíor? Fir na linne sin i gcultacha ...Nach bhfuil sé fíor? Fir na linne sin i gcultacha liath buirgéiseacha anois!aonghushttps://www.blogger.com/profile/17809657304269246594noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-1857626144456708341.post-77880864029046233632011-02-24T10:56:30.966+01:002011-02-24T10:56:30.966+01:00"1968 produced little that was lasting"
..."1968 produced little that was lasting"
Bhain sé sin gáire asam.Dubhaltachhttps://www.blogger.com/profile/14936368194542405646noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-1857626144456708341.post-8827814489948538102011-02-24T09:53:33.667+01:002011-02-24T09:53:33.667+01:00Alt suntasach eileAlt suntasach eileaonghushttps://www.blogger.com/profile/17809657304269246594noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-1857626144456708341.post-51374574827263357402011-02-24T09:52:22.169+01:002011-02-24T09:52:22.169+01:00Ní raibh daonlathas riamh acu. Agus is cosúil go b...Ní raibh daonlathas riamh acu. Agus is cosúil go bhfuil córas na dtreabh fós láidir.

Níl leithéidí Adenauer ag ceann ar bith de na tíortha seo. Is le fuil agus dua a saothraíodh an daonlathas san Iarthar, agus tá amhras orm gur féidir é thrasphlandáil gan dua na ndaoine áitiúla. Ní heol dom deachtóireacht ar bith a d'iompaigh ina dhaonlathas gan íobairtí, agus streachailt.

Agus ní cabhair atá san ladar ó thar lear d'fhonn an daonlathas a neartú. Go háirithe agus an ladar sin smálaithe leis an bhfuil a sileadh faoin deachtóir.aonghushttps://www.blogger.com/profile/17809657304269246594noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-1857626144456708341.post-65064679412186951152011-02-24T00:51:47.451+01:002011-02-24T00:51:47.451+01:00An-suimiúil. Go raibh maith agat as an mblúire si...An-suimiúil. Go raibh maith agat as an mblúire sin. Is cosúil go bhfuil an Libia níos cosúla leis an tSomáil ná leis an Eigipt.Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.com