An bhfuil rud
níos cuí nó níos tráthúla a bheith idir lámha ag an duine ar Oíche Chinn Bliana
ná tairngreacht – ar na saolta seo, ach go hairithe?
Is amhlaidh go
bhfuil an leabhar úd – d'fhéadfaí an aidiacht "iomráiteach" a chur
leis sin idir an dá linn – le Proinsias Mac a' Bhaird á léamh agam faoi láthair
agus an-sult á bhaint agam as. Bhain mé an-taitneamh cheana féin as an gcéad
leabhar, Rún an Bhonnáin, a d'fhoilsigh Prionsias
tamall de bhlianta ó shin.
Chun na fírinne a
rá, táim ag iarraidh gan an t-úrscéal is déanaí seo a alpadh siar go ró-chíocrach
– cé gur fiordheacair é diúltiú don chathú sin – ach fomhar shaothar an údair a
bhaint go breá réidh. I bhfocal eile: tá sé de rún agam tine mhalldóite a dhéanamh
de agus an tine mhalldóite sin a fhadú.
Tine mhalldóite a
fhadú? Níor luaithe na focail sin scríofa agam ná gur rith sé liom go bhfuil débhríocht
éigin a chiglíonn an intinn ag baint leis an bhfocal "fadú" sa chomhthéacs
sin. Ní chuirfeadh sé ionadh orm dá mbeadh an tsanasaíocht chéanna i gceist (i gcás fadú agus fadú) – cé
gur saothar in aisce é dul i muinín an Uasail Mhic a' Ghille Bhàin sa chás seo.
Fós féin, is breá
liom an débhríocht seo a shamhlaím le "fadú", mar nach tine mhalldóite
an saol féin – ach go háraithe má tá aois áirithe slánaithe ag an duine – a ndéantar
iarracht gan stad é a fhadú?
Agus cad faoin
saol mór féin? Nach é an tine mhalldóite is mó atá le fadú againn? I bhfianaise a bhfuil ag tarlú i gcúrsaí aeráide le blianta beaga anuas
áfach, is deacair é a shéanadh go bhfuil tús curtha leis an Rince Mór ar an mBolcán.
Mar is eol dúinn, is é an leigheas is fearr ar an scéal dar
leis an lucht pobalach ná na súile a dhúnadh go dlúth, col a ghlacadh leosan a
thugann an fhadhb faoi deara agus leanúint ar aghaidh leis an rince chéanna faoi
mar a bheifí ar mire.
Chun
filleadh ar ais ar na téamaí "tairngreacht" agus "Oíche Chinn
Bliana": an bhfuil rún
na hAthbhliana agam i mbliana? Bhuel, níl mar táim
éirithe as an nós sin ach déanfaidh mé, ina ionad sin, tairngreacht (nó dhó):
1. Léifidh mé níos mó leabhar (faoi mar a dhéanainn tráth den saol)
2. Freastalóidh mé ar níos mó ceolchoirmeacha
(táim éirithe an-leisciúil le fada ina thaobh sin)
Agus an
dtiocfaidh tuar faoina tairngreachtaí
sin? Dá mbeinn chun
geall a chur, roghnóinn an tairngreacht féin. Is é sin le rá, chomh fada is atá
aon rud cinnte, agus dá fheabhas a fhadfaidh mé an tine mhalldóite siúd a thuasluaigh
mé ar dtús, ní fada go mbeidh Tairngreacht léite agam.
Ar thaobh
amháin, beidh tine mhalldóite
amháin agam nach mbeidh infhadaithe a thuilleadh, ach ar an taobh eile, nach tús maith, leath na bliana?
Athbhliain
faoi shéan agus faoi mhaise dhaoibh!