Monday, June 30, 2014

Lugano...(VI)

Lago di Lugano

Is í Lugano an chathair is mó (60,000) sa Ticino agus tá sí suite ar loch a bhfuil an t-ainm céanna air.


Lugano

Tá ceantar coisithe sách mór ann le siopa ilrannach nó dhó.


Lugano

Tá go leor sráideanna cúnga ann le scáil a thabhairt don choisí bocht ar laethanta brothallacha.


Lugano

Agus tá bainc do na coisithe anseo freisin. Chun na fírinne a rá, ní foláir don choisí atá ina chónaí i Lugano go buan cuntas breá a bheith aige i bhfoirgneamh dá leithéid seo más mian leis gan a bheith ina choisí bocht san áit seo!










Tuesday, June 24, 2014

milano...(V)

Cruinneachán gloine, Galleria Vittorio Emanuele II

Ní féidir taisteal go Milano gan dul isteach sa Galleria Vittorio Emanuele II.


Galleria Vittorio Emanuele II, Milano

Samhlaítear dom gur siopadóireacht fuinneoige is mó a dhéanann an gnáthdhuine anseo. Mura bhfuil an Pota Óir sa Chrannchur Náisiúnta buaite aige.


Galleria Vittorio Emanuele II, Milano 

Chonacthas dom gur féidir go raibh na sráideanna leis na foirgnimh ann cheana féin agus gur cuireadh díon gloine orthu agus áirse ursanach mar bhealach galánta isteach ach ní mar sin a bhí sé. Is ea gur dhear agus gur thóg an t-ailtire Giuseppe Mengoni ab ovo í sa dara leath den 19ú haois.

Monday, June 23, 2014

milano... (IV)

Duomo di Milano (Ardeaglais Milano)

Ní raibh ach 115 km le cur dínn ón áit ina rabhamar ag baint fúinn gur shroicheamar Milano ar an gCéadaoin.

Leid don taistealaí: ag taisteal duit aduaidh i gcarr is fearr duit an carrchlós i Lampugnano a úsáid agus dul uaidh sin isteach go lár na cathrach sa mheitreo. Ní chosnaíonn an turas isteach ach € 1,50 an duine (ticéad lae, € 4,50). Agus nuair a d'fhilleamar arís sa tráthnóna ní raibh ach € 1,50 le híoc as an gcarr a bheith breis agus seacht n-uaire a chloig sa charrchlós.


Piazza del Duomo (Iarracht ar lánléargas!)

Tá an chearnóg i Milano agus na sráideanna thart timpeall uirthi ar ceann de na sean-láir cathrach is galánta agus is dílse ó thaobh an chaomhantais de dá bhfaca mé go dtí seo.


 Milano

Milano

La Scala

Sa chaifé i nGallerie d'Italia ar Piazza Scala d'ólamar an t-espresso (ar €1,50 an cupáinín) is fearr dár ól mé le fada. Ní rabhamar sa dánlann féin, áfach.


Triptic de Camerino (1482, Carlo Crivelli)

Ina ionad sin thugamar cuairt ar an bPinacoteca di Brera. Sa triptic thuas tá na heochracha sa phictiúr ar chlé ar crochadh den pictiúr.

Sean-phictiúir don chuid is mó atá sa Pinacoteca di Brera ach tá bailiúchán suntasach den Nua-Ealaín ann freisin, ina measc saothair le Giorgio Morandi a raibh an t-ábhar neamhbheo, nó natura morta, mar shain-ábhar aige. Má tá "Falling Man" le Don DeLillo léite agat, b'fhéidir gur cuimhin leat go raibh dhá phictiúr le Morandi ar crochadh san arasán ag ceann de na príomhcharachtair.

Sunday, June 22, 2014

madonna del sasso / maighdean na carraige...(III)

Santuario della Madonna del Sasso

Ní Cnoc Mhuire ach Madonna del Sasso a thugtar ar an láthair seo atá suite os cionn Locarno. Ní i Locarno féin atá sí lonnaithe ach sa bhaile beag Orselina.


Stáisiún an iarnróid cháblaigh

Is leis an iarnród cáblach Funicolare Locarno-Madonna del Sasso a chuamar aníos. (Mar is chuí do thurasóirí!)


Hic apparuit 1480

De réir an traidisúin bhí taispeánadh den Mhaighdean Mhuire anseo sa bhliain 1480. Tógadh an chéad séipéal anseo sa bhlain 1485. Is láthair oilithreachta an eaglais ó shin i leith.


Madonna del Sasso

D'fhaisean na hAthbheochana Nua atá aghaidh na heaglaise sa lá inniu.


 Madonna del Sasso

D'fhaisean na hAthbheochana atá an taobh istigh, cé go bhfuil ornáideachas barócach le feiceáil anseo is ansiúd.


Madonna del Sasso

Téann bealach rite aníos (le Turas na Croise) más mian leat an eaglais a shroicheadh de chois.

Saturday, June 21, 2014

turas beag ar an loch mór...(II)

Radharc ar na sléibhte faoi chaipín sneachta

Cuirtear seirbhísí báid ar fáil ar an loch a chlúdaíonn beagnach gach áit ó Locarno ó thuaidh go hArona san Iodáil ó dheas.


Ascona

Dheineamar turas beag ar an triú lá ó Magadino anonn go dtí Ascona. Bhí scríofa i dtreoirleabhar taistil amháin go raibh an phromanáid is áille in Ascona.


An phromanáid in Ascona

Ba fhíor an méid sin agus tá an baile trí chéile go han-deas chomh maith.


 Ascona


 Ascona


Ascona

B'fhéidir go rabhamar den tuairim faoi dheireadh, áfach, go raibh Ascona beagáinín "ró-dheas", le snas an tsaibhris i ngach áit ach gan rian den ghnáthshaol le feiceáil.

Thursday, June 19, 2014

ar saoire sa Ticino...(I)

Locarno, Lago Maggiore

Chaith an teaghlach an tseachtain seo caite ar saoire san Eilvéis. Bhí arasán ar cíos againn ar bhruach Lago Maggiore, ar ceann de na lochanna é atá suite idir deisceart na nAlp agus tuaisceart na hIodáile.


Radharc ar Ascona

Tá an chuid is mó den loch san Iodáil, an chuid ó thuaidh de ag gobadh isteach san Eilvéis. Is é Locarno an baile is mó ar an taobh Eilvéiseach.


Locarno

Is féidir a rá gur áille gach áit ná gach áit eile. Tá promanáid bhreá fhada feadh bhruach an locha i Locarno agus, idir bhialanna agus chaiféanna, tá go leor deiseanna ann chun do scíth a ligean, rud éigin a ithe agus a ól agus taitneamh a bhaint as an radharc breá os do chomhair.