Monday, December 31, 2012

fionnachtana na bliana 2012...


Agus an bhliain seo ag tarraingt ar an deireadh, rith sé liom go bhféadfainn liosta a dhéanamh de na nithe dearfacha ar tháinig mé orthu i rith na bliana. Idir nithe anaithnide, ar tháinig mé orthu don chéad uair, agus nithe aithnide, ar fhionnaigh mé an fiúntas iontu cibé acu don chéad uair nó as an nua.

Seo libh é:

Paul Auster: bhí ainm an tseanchaí Nua-Eabhracaigh seo ar eolas agam cheana féin ach b'í an iníon is sine dom a thug an leid chinniúnach i rith na bliana dom. Thar aon rud eile, is maith liom stíl a reacaireachta.

Balsamaiceo: bhí an leacht dubh géar seo blasta agam go minic ach anois tá a áit oifigúil ag buidéal de sa chistin. Ach ba chóir rabhadh a chur ar an mbuidéal. Cén rabhadh? "Seachain do léine!"

Spotify: leid eile ó m'iníon. Tá réimse leathan ceoil ar fáil ar an suíomh seo. Agus saor in aisce mura gcuireann na fógraí isteach rómhór ort.

Pēteris Vasks: tháinig mé ar an gcumadóir nua-aoiseach Laitviach dhá mhí ó shin. Ní cumadóir nua-aoiseach róradacach é, áfach, agus tá go leor dá cheol inéiste, mar a déarfá - mar cheol cúlra, mar shampla. D'fhéadfaí tosú leis an Siansa Téide - Balsis (Glórtha) - ar Spotify, mar shampla.

Rory Gallagher: nuair a chonaic mé léirmheas sa nuachtán ar an mbeathaisnéis a foilsíodh faoi i mbliana rith sé liom nár chuala mé ár seanchara as Corcaigh le fada agus chuaigh mé go díreach i mbun an scéal a réiteach. Is deacair a chur i gcion ar an dream óg a thábhachtaí dúinn agus a bhíodh Ruaraí - agus an fear as Béal Feirste ina theannta - siar sna seachtóidí nuair nach mbíodh i measc an réaltra idirnáisiúnta againn ach an bheirt acu. Téann an sárchumas a bhí ann mar ionstraimí fós i gcion ar an éisteoir. Agus níor dhíol sé riamh a anam leis an diabhal tráchtála!

Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh!

Wednesday, November 28, 2012

an fhirínne, an fhírinne ghlan gan tada ach an fhírinne...

...ach amháin an fhírinne mhíchaoithiúil

Gach ceithre bliana foilsíonn rialtas na Gearmáine tuarascáil ar bhochtanas. Sara bhfoilseofar an ceann is déanaí go hoifigiúil ar an 19ú lá de Mhí na Nollag cuireadh an chéad dréacht di faoi bhráid na ranna rialtais roimh ré. Tá le léamh anois sna meáin go bhfuil ráitis chriticiúla scriosta as an tuarascáil mar thoradh air sin.

I measc na raitéas a scriosadh tá an ceann seo: "tá an mhaoin phríobháideach sa Ghearmáin dáilte go han-mhíchothrom."

Bhí le léamh sa chéad dréacht go raibh ardú leanúnach ar na tuarastail is airde agus go raibh na tuarastail is ísle i gcónaí ag dul i laghad, agus go raibh a leithéid ag goilleadh ar an bpobal ó thaobh na tuisceana don cheartas sóisialta de. Go raibh dlúthpháirtíocht agus comhtháthú na sochaí i mbaol dá dheasca.

In ionad an fhíorais go bhfuil breis agus ceithre mhilliún fostaí ag tuilleamh níos lú na seacht euro in aghaidh na huaire (mar a bhí le léamh sa chéad dréacht) tugann an dréacht is déanaí le fios go bhfuiltear tar éis mórán post lánaimseartha a chruthú do dhaoine ar phá íseal.

Is ar éigean nár aithnigh Angela Merkel (a d'fhás aníos i bPoblacht Dhaonlathach na Gearmáine) an tsuáilce taobh thiar de na hathruithe i gceist: is fearr gan buairt a chur ar an bpobal.

Agus gur aithnigh sí freisin cé daoibh is fearrde é.

Nach aoibhinn ateacht na sean-aimsire!

Wednesday, November 21, 2012

drochfhicsean...

"Ní cinnteacht go daille!"


Scéal faoi fhear meánaosta, pósta. A bhean chéile ina fostaí bainc. Táid le céile le fada agus, ar ndóigh, ní réitíonn siad go ró-mhaith lena chéíle feasta. 

Cuireann an fear i leith a mhná go bhfuil airgead mídhleathach á láimhseáil sa bhanc aici. Bailíonn sé fianaise agus scríobhann sé litreacha chuig na húdaráis. Ní tharlaíonn faic. 

Maíonn sise ansin gur imir an fear foréigean uirthi bliain amháin roimhe sin. 

Agus cuirtear an dlí air.

Creideann an breitheamh agus na giúróirí a ndeireann an bhean. De réir thuairimí na saineolaithe síciatracha tá córas paranóideach smaointeoireachta ag an bhfear, tá coimpléasc airgid mhídhleathaigh ag gabháil dá mheabhair, is baol don tsabháilteacht phoiblí é.

In éadan a thola cuirtear faoi ghlas i ngealtlann choiriúil é. Breis agus sé bliana a chaitheann sé ann. I dteannta le dúnmharfóirí, le héigneoirí, le corpánbháigh.

Ansin déantar seiceáil sa bhanc agus tagann sé chun solais go bhfuil an mhórchuid dar mhaígh an fear fíor. Bristear an bhean as a post. 

Lena chois sin tagann sé chun solais go raibh an t-ionchúsitheoir poiblí curtha ar an eolas bliain amháin roimhe sin ag finné úr ar chuimhin leis go raibh ráite ag an mbean leis sular cúisíodh an fear an chéad lá go raibh aithne aici ar dhaoine cumhachtacha a chabhródh léí fáil réidh lena fear céile mar go raibh sé á clipeadh mar gheall ar an ngnó leis an airgead mídhleathach. 

Ach ní dhéantar faic. Agus caithfidh an fear fanúint mar a bhfuil sé.

Dá mba úrscéal é ba é an tuairim a bheadh agam faoi ag an bpointe seo ná go raibh samhlaíocht abaí ag an údar, ceart go leor, ach go mba chóir dó an chéad uair eile féachaint chuige go gcumann sé plota a bhfuil craiceann na fírinne air. Agus, leis sin, bheadh an leabhar seolta agam ar ruthag ard dar ceann scríbe an bosca bruscar.

Ach, creidtear nó ná creidtear, is scéal fíor é, ón mBaváir.

Tuesday, November 20, 2012

béarlabanaigh san astráil...

An bhfaca sibh an scéal seo faoin bhFrancach mná san Astráíl?

Tá físeán den eachtra neadaithe san alt.

An mbeadh a leithéid insamhlaithe in Éirinn?

Saturday, November 17, 2012

*lóchrann na fírinne i gceo na caoithiúlachta...



Nuair a léígh mé i rith na seachtaine seo thart go raibh dócmhainneacht ag bagairt ar an nuachtán cáiliúil úd an Franfurter Rundschau chuir sé an ré réamh-idirlín i gcuimhne dom nuair a bhíothas ag brath ar nuachtáin agus ar líon beag bealaí teilifíse agus orthu siúd amháin, nach mór, le bheith coinnithe ar an eolas faoi imeachtaí ar fud na cruinne.

Nílim ag rá gur foinse íonghlan na fírinne í an t-idirlíon sa lá inniu ach is bonneagar forleathan scaipthe faisnéise é nach féídir an oiread céanna cinsireachta a chur i bhfeidhm air ná an oiread sin tionchair a imirt air. Go nuige seo, ar aon chaoi.

Nuair a bhíos sa Ghearmáin ar dtús ba mhó an cur amach a bhí agam ná ag na nuachtáin faoi chúrsaí sa bhaile, dar liom, agus bhí an t-eolas sin mar shlat tomhais dom lena raibh á scríobh ag na nuachtáin a mheas.

Ar na nuachtáin a dhéanadh tuairisceoireacht chothromaithe ar imeachtaí i dtuaisceart Éireann bhí an Süddeutsche Zeitung as München, an TAZ as Beirlín agus ina dteannta siúd an Franfurter Rundschau. Is nuachtáin iad atá go hiomlán ar an eite chlé (TAZ) nó a bhfuil luí éigin leis an eite chlé acu (an dá cheann eile), más gá é sin a lua.

Ní dhéanadh na nuachtáin eile ach cineál athrá ar an líne oifigiúl i Londain. Mar gheall ar an gcomhghuaillíocht mhíleata srl. níor theastaigh uathu olc a chur ar an mBreatain, mar a mhínigh mo chomhghleacaí dom san oifig. Agus thairis sin, ba bheag an spéis a bhí ag an bpobal sa cheist sin, dar leis.

I gcultúr nuachtán na Gearmáine is iad na nuachtáín áitiúla is mó a léitear ó thaobh na mórbhileog de, mar shampla an Süddeutsche Zeitung, an Frankfurter Allgemeine Zeitung, an Hamburger Abendblatt, an Hannoversche Allgemeine Zeitung, an Berliner Morgenpost, an Stuttgarter Zeitung, an Schwarzwãlder Zeitung srl.

Is fíor gurb ann don nuachtán leis na litreacha móra, an Bild, agus tá an lucht léitheoireachta is mó ar fad aige ach is Boulevardzeitung nó tablóideach an ceann sin.

Mar a deirtí fadó: ba chóir a bheith amhrasach faoinar scríobhtar sna nuachtáin
(* agus faoina ceannlínte áibhéalta freisin.)

Monday, October 29, 2012

an mhurldsoíríos [ainmfhocal baininscneach; 5½ú díochlaonadh], nó an fiú an daorchluiche a ghaelú...

An bhfuil a fhios agaibh gur bhuaigh Fathaigh Naomh Prionsias ar Thíogair an Chaolais i Sraith an Domhain inné? Scuab ghlan a bhí i gceist, 4 in aghaidh 0, déanta na fírinne.



Cé go raibh an caiteoir is fearr dá bhfuil amuigh ag na Tíogair, agus gach duine ag súil leis dá bharr go raibh an chéad chluiche den tsraith buaite acu cheana féin, d'éirigh leis na Fathaigh an ruaig a chur ar an bhfear bocht agus gan ach ceithre dreas istigh curtha istigh aige ar an mullóg. Is amhlaidh go raibh cúig rith géillte faoin am sin aige agus, dá fheabhas a cháil, ba leor sin dá chóitseálaí. Droch-thús, leath an turnaimh.

Caithfidh mé a rá go raibh mé féin sásta go leor leis an toradh ar an ábhar go raibh dáimh éigin agam riamh leis na Fathaigh ón uair siúd a fuair Bobby Thomson an rith abhaile sin i '51 (nó, chun na fírinne a rá, ón uair a léigh mé faoi sa sár-úrscéal le Don DeLillo).

Agus i dtaca leis an gcluiche sin n 1951, tá sé ráite ag Larry King, ar leantóir de chuid na Seachantóirí é, nár éirigh leis riamh an díomá a chur de.




Saturday, October 27, 2012

sneachta !




Ó órgacht Dheireadh Fómhair go binnsceird an gheimhridh taobh istigh de chúpla lá...

Cúpla lá ó shin bhí an ghrian ag taitneamh agus an Altweibersommer i mbarr a réime. Ach ar maidin nuair a d'fhéachamar amach as an bhfuinneog bhí brat bán ar an talamh agus an sneachta ag titim go tiubh.

Sneachta i nDeireadh Fómhair? Ní tharlaíonn a leithéid sna bolaí seo ach gach triocha bliain.

Ach mar a deirtí fadó: dá fhaid an geimhreadh, tagann an t-earrach.

Sunday, October 21, 2012

tabhartas gan chumha...


Bhí blaiseadh den ghemhreadh ann ag tús na seachtaine seo thart fiú agus slán curtha leis an samhradh i bhfad roimhe sin. Ach ar an deireadh seachtaine seo d'fhill an ghrian agus an teocht (>20C) in athuair amhail mar a bheadh ré órga Dheireadh Fómhair fós le comóradh.

Agus an crá a thugann cúlú an tsolais i mí Mheán Fómhair imithe i ndíchuimhne, ba thabhartas an ré ghairid órga seo.Tabhartas gan choinne.

Tabhartas gan chumha.

Tuesday, September 18, 2012

clocha ómra an phaidrín...


Is seoid fine an paidrín thuas a fágadh le huacht agam an bhliain seo caite. Is as ómra na clocha, cé is moite de na trí chinn gar don chros ar toradh de dheisiúchán mí-ámharach iad.

Phós mo shinsinseanmháthair a céad fhear san India i lar an naoú haois déag agus fuair sí an paidrín mar bhronntanas ón sagart don ocáid ar an ábhar gur ....

Níorbh fhada go raibh sí ina baintreach, ach cúpla bliain ina dhiaidh sin phós sí mo shinsinseanathair. Is amhlaidh nach raibh teaghlach mo shisinseanathar ró-shásta leis an gcleamhnas ar an ábhar gur ....

Tá dhá cheist agam oraibh, cad a cheapann sibh:

1. cén fáth a bhfuair sí an paidrín ón sagart?
2. cén fáth nach raibh teaghlach mo shinsinseanathair sásta leis an gcleamhnas?

Monday, September 17, 2012

ceol cinniúnach an fhéileacáin...

Más duine mór scannánaíochta duine de do lucht aitheantais agus más mian leat dul i gcion air/uirthi uair éigin, d'fhéadfá an sonra beag seo a leanas a fhí isteach sa chomhrá - go réchúiseach, neamhdhíreach ar nós dála-an-scéil, tá a fhios agat.

Is amhlaidh gur féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil an scannán úd Psycho feicthe ag cách agus go ndeachaigh an radharc faoin gcithfholcadh leis an gceol scanrúil i bhfeidhm ar gach éinne.

Bhuel, maidir leis an gceol sin, ba é an cumadóir Meiriceánach Bernard Herrmann a chum an scór don scannán, a tháinig amach sa bhliain 1960.

Tharla go raibh mé, an lá cheana, ag éisteacht le píosa ceoil bhailé a chum an cumadóir Albert Roussel sa bhliain 1912. Le Festin de l'Araignée (Féasta an Damháin Alla) an t-ainm don phíosa agus nuair a chuala mé an mhír seo (comhad-mp3 ar fáil faoin nasc seo: https://www.box.com/s/iboaexwcz6asi75heel7) leis an teideal "Gabhtar an Féileacán sa Líontán" chonacthas dom gur aithin mé an tús ó áit éigin.

(Níl ach cúpla soicind de taifeadta agam agus é sin faoi dhó, go díreach i ndiaidh a chéile, le go gcloisfí i gceart é.)

An aithníonn sibh é? Más mian libh, is féidir é a chur i gcomparáíd le scór an scannáin féin. Tá an blúirín gearr i gceist le cloisint thíos ó 2:24 ar aghaidh.



Sa chur síos ar scór an scannáin i Vicipéid ní luaitear aon nasc leis an bpíosa ceoil a chum Roussel tráth den saol.

Scríobh beathaisnéisí Herrmann (fear darb ain Steven C. Smith) an méid seo faoi cheol an radhairc cithfhoctha: "gur dócha gurb é an leid éisteachta is mó cáil (agus an ceann is minice a ndéantar aithris urthi!!!)". Dála an scéil, is uaimse na comharthaí uaillbhreasa.

Is suimiúil iad na focail "leid" agus "aithris" sa chomhthéacs seo!

Ar an taobh eile de, is deacair a bheith cinnte de nár chum sé an ceol taibhsiúil céanna gan a bheith faoi anáil an chumadóra eile. Agus ní mór a lua gur cleachtas ag go leor ealaíontóirí ar na saolta seo é tagairt a dhéanamh do shaothar ealaíontóra eile trí píosa beag de a chur isteach ina saothair féin mar "omós" nó "athfhriotal"?

Ní raibh Albert Roussel ina bheatha ní ba mhó (bhásaigh sé sa bhliain 1937) nuair a tháinig Psycho amach. Ach b'fhéidir gurbh fhearr dó gan a bheith sa phictiúrlann agus an radharc sa chithfholcadh ag nochtadh chuige, mar má bhain sé geit as an ngnáthphobal, b'amhlaidh go mbainfeadh sé geit de bhreis as Roussel.

Friday, September 14, 2012

cá bhfuil do thriall?: scéal canúnach...

Ba mhian leis an mbean eitilt go dtí Porto a chur in áirithe di féin sa ghníomhaireacht taistil ach ós rud é gurb as an tSacsain di chuir an bhean eile, ar fostaí na gníomhaireachta taistil í, in ionad eitilte go Porto eitilt go Bordeaux in áirithe don bhean. Agus toisc gur dhein fostaí na gníomhaireachta taistil athrá faoi dhó i nGearmáinis ardchaighdeánach ar cheann scríbe na heitilte de réir mar a thuig sise é, chinn an breitheamh sa chúirt i Stuttgart go raibh conradh bailí tagtha i bhfeidhm ag an bpointe sin agus gur cóir don Sacsanach mná praghas na heitilte a íoc dá bharr - cé nár theastaigh uaithi dul go Bordeaux. 294 € a bhí i gceist.

Dár ndóigh, ní mór é a bheith ar an eolas ag duine go bhfuil canúint sách leithleach ag na Sacsanaigh. Ach, ag an am céanna, ní féidir a shéanadh go bhfuil canúint sách leithleach ag na Suáibigh freisin (is cuid de Shuáibe Stuttgart). Ní fios dom, mar sin, cén tslat tomhais í ar bhain an breitheamh úsáid aisti chun a bheith cinnte gur Hochdeutsch a bhí á labhairt ag fostaí na gníomhaireachta.

Cad é bhur dtuairim:

1. Gur cheap an Sacsanach mná gur chomhghleacai Sacsanach an bhean eile?
2. Nár aithin an Sacsanach mná an difríocht idir a canúint féin agus an caighdeán oifigiúil?
3. Gur Shuáibeach a bhí á labhairt ag an mbean eile agus nár thuig sí í a bheag ná a mhór?

Tuesday, September 4, 2012

an cháin, an dlúthdhiosca agus an dlí...


An bhfuil a fhios agaibh cad is "offenes Geheimnis" ann?

Is rún é nach rún é i ndáiríre. An dtuigeann sibh?

Ní rún é go gcuireann líon mór de na daoine sa Ghearmáin a bhfuil farasbarr airgid acu cuid mhór den airgead i bhfolach san Eilvéis nó i Lichtinstéin chun íocaíochtaí cánach a sheachaint.

Tá imghabháil cánach neamhdhleathach. Agus ní rún é sin ach chomh beag.

Agus ní rún é go dtacaíonn formhór na ndaoine seo leis na (Nua-)Liobrálaigh agus leis na Daonlathaithe Críostaí.

Agus ní rún é ach chomh beag gurb é an réiteach ar fhadhb na himghabhála cánach a bhíonn ag na stáit fheidearálacha abhus a bhfuil na Daonlathaithe Críostaí agus na (Nua-)Liobrálaigh i réim iontu ná líon na gcigirí cánach a choinneáil chomh beag agus is féidir.

Sna blianta beaga, áfach, tháinig fostaithe na mbanc san Eilvéis agus i Lichtinstéin de réir a chéile ar an eolas go bhféadfaídís líon mór sonraí faoina himghabhálaithe cánach siúd a scríobh ar dhlúthdhiosca agus an dlúthdhiosca a dhíol ar lear mór airgid leis an tír ina raibh na himghabhálaithe cánach ag sárú an dlí. Agus do dhein siad amhlaidh. Agus do fuair státchiste na Gearmáine a lán airgid óna himghabhálaithe cánach siúd.

Ach le déanaí nochtadh d'Aire Dlí agus Cirt na Gearmáne  - ar ball de na (Nua-)Liobrálaigh í - gur measa fós ná an imghabháil cánach féin é sonraí bainc na n-imghabhálaithe cánach a scríobh ar dhlúthdhiosca agus é a dhíol le duine eile, nó le stát eile. Gadaíocht a bheadh i gceist. Agus is drochghníomh amach is amach é má cheannaíonn an stát i gceist an dlúthdhiosca.

Polaiteoirí le prionsabail, cad a dhéanaimis dá n-uireasa?...

Tuesday, August 21, 2012

Aisling Billy Bunter...

"An bhfuil mé as mo mheabhair?"


Mura polaiteoir thú, a Billy, is dócha go bhfuil...

Monday, August 20, 2012

scannáin sárlaoich (i): "königstr 28, stuttgart"...


(Níl míniú ar bith agam ar an bhfáth go gcuirim spéis i ndaorchluiche le beagnach bliain anuas agus - mar bharr ar an donas - i scánnáin sárlaoich anois le roinnt míosa.)

Pé scéal é, an bhfuil an scannán "Marvel's The Avengers" feicthe agaibh?

Bhuel, má tá sé feicthe agaibh b'fhéidir go gcuimhin libh an áit ar dhein Captain America a chéad éacht. Nó b'fhéídir nach cuimhin libh. Ar aon nós, b'í an áit a bhí i gceist ná uimhir a 28, Sráid an Rí, Garraí na Graí.

(An aithníonn éinne an earráid ar an ngrianghraf seo? = grianghraf 5 as 16)

Chonaic míse an scannán... níl de leithscéal agam ach go raibh mé ag insint do mo hiníonacha faoi iarracht a dhein mé aithris a dhéanamh ar Chaptain America uair amháín fadó in Éirinn nuair a bhí mé i mo gharsún. B'amhlaidh go raibh mé thuas ar bharr balla aird nuair a tháinig flosc tobann chun éachta orm. Rug mé greim ar ghéag chaol lúbach fhada de chrann mór a bhí in aice leis an mballa agus é ar intinn agam luascadh amach ón mballa, ar nós Tarzan. I ndáiríre, b'é Captain America a raibh mé in ainm a bheith ag déanamh aithrise air agus b'é a ainm siúd a scairt mé amach dá bharr agus mé faoi lán seoil san aer. "Captain America!!!" B'aoibhinn an mothú é. Ar dtús.

Is amhlaidh go raibh an talamh ag dul síos go géar le fána thíos fúm. Agus ba ghearr go raibh mé féin ar mo shlí anuas freisin. An ghéag lofa in éineacht liom. Ar chúl mo chinn a thuirling mé...

...agus tamall beag de bhlianta ina dhiaidh sin tharla go ndeachaigh mé go dtí an phictiúrlann chun an scannán a fheiceáil. Hmmm...

dá theocht an aimsir...


Don chuid ba mhó bhí an samhradh abhus sách Éireannach go dtí seo. Chomh hÉireannach sin gur thugas faoi ndeara go minic go raibh cuma mhuirí ar an spéir ó thaobh chruth agus ghluaiseacht na scamall de agus ó thaobh ghile na goirme de freisin. (An t-athrú aeráide ag imirt a thionchair?) De ghnáth, bíonn spéir mhuirí (mar a thugaim uirthi) le feiceáil amháín i dtuaisceart na Gearmáine ó Hannover aneas, sa taobh seo tíre i lár na mór-roinne is ó spéir dhianghorm de ghnáth a bhíonn an ghrian ag scalladh anuas go neamhthrócaireach i rith an tsamhraidh.

Ar aon nós, is cosúil go bhfuil racht ceart teochta i ndán dúinn i mbliana tar éis an tsaoil mar sna laethanta beaga thosaigh an aimsir ag dul go mór i dteocht. Sa nuachtán ar maidin bhí fiú 38 céim Celsius i réamhaisnéis na haimsire don lá inniu.

Conas atá an aimsir agaibhse?

PS: I ndeireadh thiar ní raibh ach 37 céim Celsius san uasteocht.


Sunday, August 19, 2012

cuairt ar Chill Airne na Gearmáine...

Deirtear faoi Sheoirse a Trí (a bhí ina rí ar Shasana tráth den saol) go maíodh sé chomh minic sin le linn a shaoil go raibh sé i láthair i Waterloo gur chreid sé féin é sa deireadh thiar.

Bhuel, tá áit iomráiteach sa Ghearmáin a ndéantar talamh slán de go raibh gach duine sa tír ann. Uair amháin ar a laghad. (An bhfuil duine in Éirinn nach raibh riamh i gCill Airne? Nó atá sásta glacadh leis nach raibh?)

Ar aon nós, thug an teaghlach cuairt ar "Chill Airne" na Gearmáine an tseachtain seo thart mar tháinig sé chun solais le déanaí nach raibh mo bhean chéile ann riamh (murab ionann agus mé féin).


Is deas an áit í, gan dabht. Tá foirgnimh stairiúla ann...





 ...agus gairdín beorach (más féidir é a aithint...).

An bhfuil a fhios agaibh cén áit atá i gceist?

Tuesday, August 14, 2012

tábla comhroghnach na mbonn...


Mura bhfuil na cluichí Oilimpeacha imithe i ndíchuimhne ort cheana féin agus má tá tú míshásta le líon na mbonn a bhuaigh na laochra dúchasacha de réir an tábla oifigiúil, d'fhéadfá súil a chaitheamh ar an tábla comhroghnach seo * ar shuíomh an ZDF, an dara stáisiún teilfíse sa Ghearmáin. Tá na tíortha rangaithe de réir chóimheas an daonra le líon na mbonn.

Honi soit qui mal y pense...


*Ní mór brú ar an íomhá seo a leanas (ar thaobh na láimhe deise den scáileán):

Wednesday, July 18, 2012

cá bhfuil siad?...



Tar éis dom an t-alt seo san IT a léamh inniu chuaigh mé i mbun anailís bheag a dhéanamh ar na figiúrí a luaitear san alt agus roinnt eile lena chois. Chuir mé isteach i scarbhileog iad agus seo chugaibh thuas torthaí m'anailíse bige.

Mheas mé an daonra a bheadh in Éirinn faoi láthair gan tionchair dhochracha na staire. Bhain mé úsáid as ráta fáis daonra Shasana idir 1841 agus 2011 chun teacht ar an toradh mar gheall ar na dálaí tíreolaíochta a bheith mar a chéile sa dá tír.

Dá mb'ionann an t-athrú daonra i (1) Sasana, sa (2) Ghearmáín nó san (3) Iorua agus an t-athrú daonra in Éireann sa tréimhse in gceist (1841 go 2011) ní bheadh de dhaonra sna tíortha sin sa lá inniu ach (1) 12,000,000, (2) 22,000,000 agus (3) 850,000(!) faoi seach.

Agus samhlaigí gan ach 12,300,000 a bheith lonnaithe sna Stát Aontaithe!

Tuesday, June 26, 2012

an tost fada...

Ní raibh mé ró-ghníomhach i dtaobh mo bhlaig i gcaitheamh na bliana atá thart ach - ná bíodh imní ar éinne - ní comhartha sin go bhfuil mo racht Ghaelainne ídithe nó rud dá leithéid. A mhalairt ar fad atá fíor.

Mar chleachtadh teanga agus d'fhonn teacht i dtaithí beagán ar phróiseas an aistriúcháin thosaigh mé ag aistriú téacsanna liteartha go Gaelainn. Ar dtús chuaigh mé i mbun téacsanna le scríbhneoirí Gearmánacha, nó le scríbhneoirí a raibh an Ghearmáinis mar theanga dhúchasach acu, a aistriú. Sleachta as An Claochlú le Franz Kafka nó An Pótaire le Josef Roth, mar shampla. (Uaillmhianach, nach ea?!!!)

Ach ós rud é go bhfuil na saothair siúd ar fáil i mBéarla, rith sé liom go bhféadfainn ní ba mhó sásaimh a bhaint as téacs a aistriú nach bhfuil ar fáil i mBéarla mar sa chás sin is amhlaidh go mba mhó an spéis a bheadh ag an léitheoir in ábhar féin an leabhair ná i saibhreas na teanga a úsáidtear ann.

I ndiaidh dom taighde a dhéanamh ar an idirlíon tháinig mé ar alt in irisleabhar liteartha mór-le-rá a raibh liosta de leabhair ann ar chóir dóibh - de réir bharúil an iriseora - a bheith ar fáil i mBéarla - ach nach bhfuil. Ar cheann de na leabhair a bhí liostaithe ann bhí leabhar amháin le húdar Gearmánach.

D'ordaigh mé an leabhar céanna sa siopa leabhar áitiúil an lá arna mhárach agus ó shin i leith is é an príomhchaitheamh aimsire agam ná a bheith do mo chéasadh leis an saothar mallaithe seo gach lá le ceithre chéad lá anuas, geall leis.

Tá an leagan garbhtheilgthe críochnaithe agam le tamall anuas agus faoi láthair táim i mbun an t-athchóiriú a dhéanamh - rud a bhfuil gá nach beag leis!

Tuilleadh ar ball...

Thursday, June 21, 2012

ulysses ar bbc 4...



Cuireadh ar mo shúile dom an tseachtain seo caite gur chraol an BBC 4 sleachta drámaithe de Ulysses mar cheiliúradh ar Lá Bloom agus go raibh siad curtha ar fáil mar íoslódálacha ar an suíomh idirlín acu.

D'éist mé aréir le cuid díobh agus caithfidh mé a rá gur féidir iad a mholadh do dhaoine a bhfuil spéís acu sa leabhar céanna ach nár éirigh leo riamh dul thar leathanach uimhir a 47.

B'ábhar grinn dom riamh, is dócha, líon na ndaoine atá meáite air an Seoigheach agus a mhórshaothar a shealbhú dóibh féin agus an léamh is oiriúnaí dóibh féin á chur acu ar an leabhar.

Mar shampla, tá go leor sleachta sa leabhar nach féidir iad a thuiscint i gceart murab Éireannach thú agus go leor eile nach bhfuil intuigthe d'éinne feasta.



Saturday, June 16, 2012

píosa ceoil do lá Bloom...




Tomhas: cén leabhar anaithnid a dtugann fir agus mná na hÉireann omós dó?

Ar aon nós, cibé acu faoi gheasa ag an Seoigheachas nó dubh dóite de atá sibh, seo libh nochtraí dar teideal "Páirc an Fionnuisce" a chum an cumadóir anaithnid Rúiseach Arthur Lourié.

Deirtear gurbh é leabhar le Séamus Seoighe a bhí léite ag Lourié a spreag é chun an píosa a chumadh.

Gan dabht, ní foláir nó go gcuirfeadh cuid dá bhfuil ar siúl ag lucht Seoigheach inniu fonn mór gáire ar Shéamus féin.

Thursday, May 31, 2012

ní foireann go geansaí (dea-dheartha)...

 An geansaí is leimhe?

Sa Stuttgarter Nachrichten inniu thug dearthóir faisin a bhreithiúnas ar gheansaithe de chuid na bhfoirne a bheidh ag glacadh páirte  i gCraobhcomórtas Sacair na hEorpa a gcuirfear tús leis an tseachtain seo chugainn.

Ba san áit dheireannach a bhí geansaí fhoireann na hÉireann, "an geansaí is leimhe" agus "sean-fhaiseanta" lena chois de réir bharúil an tsaineolaí faisin. Agus ní go "ró-shamhlaíoch" a deineadh geansaí na nAzzurri ach an oiread.

Ar an taobh eile de, áfach, fuair geansaí na Cróite ardmholadh uaidh agus thaitin an ceann atá ag na Spáinnigh leis chomh maith.


Is é an geansaí is mó a thaitníonn liomsa, áfach,  ná an geansaí Sualannach - cé go mb'fhearr é, dar liom, mar T-léine ná mar gheansaí sacair.

Thursday, April 26, 2012

bagáiste cultúrtha...?


Bhí an léirmheas seo ar leabhar nua leis an úscéalaí Albanach Douglas Galbraith le léamh san IT ar na mallaibh. Bhí Galbraith pósta le bean ón tSeapáin ar chuir sé aithne uirthi nuair a bhí an bheirt acu ag freastal ar an ollscoil i gCambridge. D'fhág sí gan choinne é i 2003 i dteannta leis an mbeirt mhac óga a bhí acu idir an dá linn agus d'fhill sí ar ais ar an tSeapáin. Scartha atá siad anois agus riamh ón am ar fhág a bhean chéile é ba bheag an teangmháil a bhí ag Galbraith lena mhic. Baineann an leabhar nua leis an scéal brónach seo, ar cineál ruda é, áfach, a tharlaíonn minic go leor ar na saolta seo, faraor.

B'é an rud, áfach, a chuir ag smaoineamh mé sa chás seo ná an úsáid a bhaineann Galbraith as an téarma  "cultural baggage". Deir Galbraith san alt go raibh a iarbhean chéile tráth an ama ar chuir sé aithne uirthi i gCambridge ina bean dá leithéid seo: “a cosmopolitan, impressive, intellectual woman who seemed to have freed herself from any cultural baggage”

"Cultural baggage?" An dtuigim i gceart a bhfuil á rá aige? arsa mise liom féin.

(Dála an scéil, fad a bhíos ar mo mharana, chuardaigh mé na gnáthfhoinsí ach ní fuair mé aon ghaelú ar "cultural baggage".)

Is é a tharla i gcás Galbraith mar a thuigimse an scéal - agus gan ach an t-alt thuasluaite a bheith léite agam - ná go raibh nósanna agus modh maireachtála shaol lár srutha an iarthair Bhéarla á gcleachtadh ag an mbean chéile go dtí gur saolaíodh an chéad mhac. Is amhlaidh ansin gur athmhúscail an ball úr den chéad ghlúin eile - ní hamháin den teaghlach ach dá sliocht Seapánach féin! - féiniúlacht a dúchais ag an mbean agus de réir a chéile thosaigh sí ag tiontú ar a cultúr féin agus, i ndeireadh na dála, d'fhill sí ar a tír dhúchais ar fad.

An é go raibh sí i ngéibheann ag a "cultural baggage" arís?




Ní d'aon ghnó i ngach cás, b'fhéidir, ach an é go léiríonn úsáid an téarma "cultural baggage" drochmheas cúngaigeanta éigin ar chultúir eile?


Thursday, March 8, 2012

cé hiad?...





Beidh Lá Fhéile Pádraig ann faoi cheann deich lá nó mar sin agus tá an fhoireann seo leis na seamróga agus na stríoca uaine ar bharr an tsraithchomórtais ina bhfuil siad ag imirt. (Sacar an spórt.)

Cé hiad?

(Go róshimplí ar fad mar thomhas, nach ea?)

Friday, February 17, 2012

tuar faoin tairngreacht...






Tá uachtarán na Gearmáine éirithe as a phost inniu.

Ach bhí lucht na Gaelainne ar an eolas faoi le dhá mhí anuas go raibh a leithéid ar na bacáin. Nach ea?

Saturday, February 11, 2012

rugbaí: an toradh is fearr i bPáras le dhá bhliain déag anuas!!!!

Níor chaill foireann na hÉireann an cluiche...




...cuireadh ar athló é.

Saturday, February 4, 2012

mallacht rugbaí na fraince le sárú...

Cliceáil le méadú, led thoil!

Don dara bliain déag ó tháinig an Iodáil isteach sa chomórtas tá Craobh na Sé Náisiún sa rugbaí buailte linn agus í ag tosnú an deireadh seachtaine seo. Is í foireann na hÉireann an dara foireann is fearr ón mbliain 2000 i leith ó thaobh na bpointí atá buaite aici thar na blianta ach is scéal eile ar fad de má bhreathnaítear ar líon na gcraobhacha atá bainte amach acu le linn na tréimhse céanna.



Cliceáil le méadú, led thoil!

Cé go bhfuil an chomhéifeacht Pointí/Imeartha – tugaimís PI uirthi – thar barr, tá na comhéafachtaí Craobhacha/PI agus Caithréimeanna Móra/PI in n-údair díomá.

Ma bhronntar dhá phointe ar chraobh agus trí chinn má bhí caithréim mhór ina teannta faightear an chomhéifeacht Rath/Iarracht agus is léir uaithi nach bhfuil an luach saothair i gcomhréir le líon na gcluichí atá buaite ag an bhfoireann.

“Ádh na nÉireannach”, a deirtear go minic, ach níl sé ró-shoiléir i gcónaí cén fáth.

Is í “mallacht na Fraince” is mó is cúis leis, dar liom. Bíonn foireann iontach i gcónaí ag na Francaigh, gan amhras, ach ní thugann sin míniú sásúil ar an scéal truamhéalach.

Mar shampla, ón mbliain 2004 i leith bhain foireann Shasana an ceann is fearr ar an bhFrainc gach re uair (ráta ratha de 50%), ach ní raibh ach ráta ratha de 25% acu i gcoinne fhoireann na hÉireann. Sa tréimhse chéanna, áfach, chaill foireann na hÉireann gach cluiche in aghaidh na Fraince cé is moite de cheann amháin.

Is é mo léamh féin ar an rud ná go raibh, suas go dtí ré na gairmiúlachta, meon cineál paróisteach ag foireann na hÉireann agus le linn don Choróin Thriarach a bheith i mbarr a réime ba bheag suim a bhíodh ann sa chluiche “andúchasach” i gcoinne na Fraince. Ansin nuair a tháinig athrú meoin ar na hÉireannaigh bhí an bhearna shíceolaíochta a bhí le sárú acu de bharr na gcluichí uile a bhí caillte roimhe sin acu chomh mór sin nach bhfuil éirithe leo fós í a shárú. Is amhlaidh go mbionn foireann na Fraince i dtólamh ar a suaimhneas agus iad ag imirt i gcoinne na nÉireannach.

I bhfocal Jeremy Guscott, “tá sé thar am do na hÉireannaigh an moncaí Francach a bhaint dá ndroim”.

Wednesday, February 1, 2012

gearóid mac ádhaimh mar thaoiseach?...


Tá uair na práinne buailte le Poblacht na Éireann agus i bhfianaise ar thit amach sna laethanta beaga is léir go bhfuil duine ag teastáil mar cheannaire ar rialtas na tíre a bhfuil cnámh droma inbhraite ann. I láthair na huaire is é sin an mianach is tábhachtaí.

Ní chuirfeadh sé iontas ná olc orm má cheaptar go bhfuilim imithe as mo mheabhair ach tar éis dom taighde a dhéanamh ar na hábhair cheannaire i bhfianaise a bhfuil de dhíth ar an tír faoi láthair, ní raibh fágtha ar an liosta sa deireadh ach ainm amháin: Gearóid Mac Ádhaimh.

Tá a fhios agam go bhfuil drochmheas ag go leor daoine air ach deirimse gur chóir an fichiú haois a ligean i ndíchuimhne agus aghaidh a thabhairt ar an todhchaí. Ní mór a admháil gur fear righin, cróga é a bhfuil seasamh a choda ann agus is í sin an tréith a bhfuil an géarghá is mó léí i ndufair chrua an lae inniu mar ní fiú aon mhianach eile má tá an mianach sin in easnamh. Agus is é sin seirfean truamhéileach na fírinne.

Agus, mura bhfuil dul amú mór orm, ní dóigh liom go bhfuil sé ar thóir an airgid ná an tsaoil bhoig. Agus ní dóigh liom go mbeadh sé de dhásacht ag éinne meas coileáinín a thabhairt air. Agus ba thús maith an méid sin féin!

Mar sin, d'fhéadfainn rialtas éigeandála náisiúnta a shamhlú leis an Uasal Mac Ádhaimh ina cheannaire air.

Nó an bhfuil aon duine eile ann a d'fhéadfaí a mholadh?

Tuesday, January 31, 2012

sarkozy agus an taoiseach: meas madra nó meas amadáin...

Caithfidh mé a admháil gur baineadh siar asam nuair a chonaic mé an grianghraf seo ar shuíomh nuachta inniu. Cad a mheasann sibhse? An é nach bhfuil fágtha de mheas ar cheannaire an rialtais ach meas madra nó meas amadáin?

Mar is eol don saol, bhí an iomarca d'abhlóireacht an lútálaí sa mhéid leath-fhíor a dúirt Ó Cionnaoith i nDavos an deireadh seachtaine seo caite.

Ar aon nós, tá a luach saothair faighte aige ó fhear atá cleachta go maith ar dhlí na dufaire agus a bhfuil a fhios aige anois cén tuiscint atá ag Ó Cionaoith féin ar a áit sa rangú.

Ba dheacair a shamhlú go mbeadh de dhásacht ag Sarkozy a leithéid a dhéanamh leis an Óbamach nó leis gCamshrónach, nó le haon cheannaire rialtais eile ...

Saturday, January 14, 2012

"siúdar", nó nod foghraíochta don réiteoir....


Bhí eadarlúid bheag dheas le linn an chluiche rugbaí idir Cúige Uladh agus Leicester aréir.

Bhí an chlibirt ar tí teacht le chéíle agus an dá líne tosaigh ar tinneall chun bualadh isteach ar a chéile, ach sara ndúirt an réiteoir na trí fhocal siúd atá de ghlanmheabhair, gan dabht, ag gach leantóir rugbaí faoi seo (mar atá: "tadhailligí! stadaigí! téigí i gcleamhnas!*") theastaigh uaidh ar dtús rabhadh a thabhairt mar gheall ar rud éigin.

Bhuel, cibé rud a bhí i gceist ag an Uasal Poite - mo fhocal ar seo daoibh go bhfuil scoth an Bhéarla aige - bhí mar eochairfhocal ann an focal “siúdar”.

Amach leis an abairt phráinneach, mar sin, as béal an réiteora, go húdarásach mar is gnách le réiteoir.

Ach... níor thuig na himreoirí go díreach cad a bhí i gceist aige - ní nach ionadh. Mar sin, dúirt sé in athuair í, an abairt le "siúdar".

Cuma cheisteach i gcónaí ar aghaidh na n-imreoirí, an dá líne tosaigh ag féachaint ar a chéile, a nguaillí á gcur le chéile, mar a déarfá, chun an tomhas a fhuascailt. An raibh a fhios ag éinne cad a bhí i gceist ag an Uasal Poite?

Ansin rith sé le himreoir amháin. Agus mhínigh sé de ghuth múinte foghraíocht cheart an fhocail don réiteoir: "seóldar!"




*Is féídir "nascaigí" a rá freisin.

Saturday, January 7, 2012

an comharba ar an uachtarán agus an dlí neamhscríofa...


Le roinnt seachtaine anuas tá Uachtarán na Gearmáine ag tuisliú ar sheanscéalta a bhaineann leis an tréimhse le linn dó a bheith ina phríomh-aire ar an Stát Sacsain Íochtair. Agus anois tá an chosúlacht ar an scéal nach mbeidh an dara rogha aige ach éirí as oifig más mian leis gradam oifig na huachtaránachta a chaomhnú.


Is aisteach an scéal é ar bhealach mar ní raibh suim ag duine ar bith (nó an raibh?!) go dtarlódh a lethéid, go háirithe tar éis dá réamhtheachtaí Horst Köhler éirí go tobann as oifig bliain go leith ó shin, rud nár tharla riamh roimhe sin agus a bhain creatha as an gcóras ag an am.

Ar aon nós, nuair a théann Angela Merkel agus a comhghleacaithe i mbun iarrthóirí nua a roghnú ní bheidh orthu reiligiún na n-ábhar uachtaránachta a chur san áireamh.

Is amhlaidh go bhfuil dlí neamhscríofa ann a bhaineann leis na trí phost is airde sa státchóras agus a gcloítear leis ó bunaíodh an stát sa bhliain 1949. De réir an dlí neamhscríofa seo ní féidir le triúr ón reiligiún céanna na trí phost a bheith acu ag an am céanna.

Mar sin, ós rud é go bhfuil Ceann Comhairle an Bhundestag ina Chaitliceach agus Seansailéir Merkel ina Protastúnach ní bheidh ceist an chreidimh le cur san áireamh nuair a roghnófar comharba ar Wulff (atá ina Chaitliceach).

Sunday, January 1, 2012

2012: athbhliain faoi mhaise dhaoibh...


Bliain úr faoi shéan is faoi mhaise dhaoibh, a chairde, pé áit a bhfuil sibh agus go n-éirí go seoigh libh sa bhliain atá amach romhainn.