Friday, December 16, 2011

barrach an euro agus an lasóg gan choinne - uachtarán na gearmáine faoi bhrú...

Schloss Bellevue, áras Uachtarán na Gearmáine in mBeirlín

Fuair Uachtarán na Gearmáine Christian Wulff leath-mhilliún euro ar iasacht ó fhear gnó sa bhliain 2008 agus é fós ina Phríomh-Aire ar an Stát Sacsain Íochtair. Cheannaigh sé teach cónaithe leis an airgead. Bhí sé nuaphósta ag an am tar éis a cholscartha óna chéad bhean an bhliain roimhe sin.

Bhí ráta úis na hiasachta ní ba ísle ná gnáthráta an mhargaidh ag an am. Ní raibh Wulff ach ag íoc an úis sarar thug sé an t-airgead ar ais.

Shéan sé sa pharlaimint i Sacsain Íochtair agus é fós ina Phríomh-Aire go raibh aon chaidreamh gnó leis an ngnóthadóir ar thug - de réir leagan an Uachtaráin anois - a bhean chéile an iasacht dó. Ba é an Comhaontas Glas a chláraigh an cheist. D'aisíoc Wulff an t-airgead cúpla lá dar gcionn agus thóg sé iasacht ó bhanc chuige sin.

D'eisigh an t-Uachtarán sna laethanta beaga ráiteas ina maítear nach raibh aon rud mícheart déanta aige mar gheall air gurbh ó bhean chéile an fhír ghnó a fuair sé an iasacht.

Deir Der Spiegel inniu, áfach, gur léir gurbh é an t-airgead de chuid an fhir ghnó féin – darb ainm Geerkens – a bhí i gceist agus gurbh é an fear gnó go pearsanta a shocraigh an iasacht agus nár baineadh úsáid as ainm na mná céile ach chun an caidreamh gnó idir Wulff agus Geerkens a choimeád faoi cheilt.

Tháinig Wulff i gcomharbacht ar Horst Köhler a d'éirigh as oifig go tobann i 2010, rud a bhí ina chúis ghéarchéime ag an am. Ba Wulff ansin an t-iarrthóir a chuir an Seansailéir Angela Merkel chun tosaigh. Chomh maith le haon rud eile, ba ag ciceáil chomh-iomaitheora suas staighre a bhí an Seansailéir dar le go leor tráchtairí.

Má éiríonn Wulff as oifig de bharr an scannail reatha beidh géarchéim as an nua ann, géarchéim nach mbeidh Merkel in inmhe a shárú go ró-éasca agus í ag teacht go tiubh ar shála na géarchéime faoi thodhchaí an euro atá ar coipeadh i bpáirtí na Liobrálach Daonláthach (FDP), comhpháirtí de chuid Merkel agus an CDU sa chomhrialtas.

Agus is ionann géarchéim an rialtais i mBeirlín agus géarú ar ghéarchéim an euro.

5 comments:

  1. Agus is ionann géarchéim an rialtais i mBeirlín agus géarú ar ghéarchéim an euro.

    Ó thús, laige Rialtas Bheirlín ceann de na foinsí a thug an deis don gcreachlathas dul chun cinn a dhéanamh.

    ReplyDelete
  2. Gan amhras.

    An bhfuil an clúdach de Der Spiegel na seachtaine seo chugainn feicthe agat. http://www.spiegel.de/spiegel/0,1518,ausg-5468,00.html

    Ní dóigh liom go dtiocfaidh Wulff slán as an scannal seo.

    Sea, airgead na mná céile agus ar léí é, i ndáiríre, nó nach léí: tá an cheist sin á plé in Éirinn faoi láthair freisin.

    ReplyDelete
  3. Tá mé an tUasal Igein Macántacht Izevbehai, ionadaí de Aiicco árachais Ltd, a thabhairt dúinn amach ar iasacht chun difríochtaí aonair le muinín agus onóir. Tugaimid iasacht ag ráta úis 3%. má tá suim agat kindly déan teagmháil linn ar an ríomhphost seo cuideachta: igein_h_yizevbekhai@admin.in.th anois chun dul ar aghaidh le do cháipéis aistrithe iasachta ceart go leor. más gá tú iasacht a bhunú le cuideachta nó scoil go bhfuil tú an-fáilte roimh Aiicco árachas cpt.

    Thabhairt againn go léir cineálacha éagsúla iasachta.
    Iasacht gnó Pearsanta
    Iasacht Tógála.
    Iasacht Tionscadail.
    Iasacht Oideachas do pháistí agus do dhaoine fásta.
    iasacht Carr

    Táimid ag fanacht do iarratas ar iasacht.

    IGEIN IZEVBEKHAI macántacht

    ReplyDelete
  4. Tá mé an tUasal Igein Mark, ionadaí de Aiicco árachais Ltd, a thabhairt dúinn amach ar iasacht ar dhifríochtaí aonair le muinín agus onóir. Tugaimid iasacht ag 3%ráta úis. má tá suim agat kindly déan teagmháil linn ar an ríomhphost seo cuideachta: igein_h_yizevbekhai@admin.in.th anois dul ar aghaidh le do iasacht doiciméad aistriú ceart go leor. más gá tú iasacht a bhunú le cuideachta nó scoil go bhfuil tú an-fáilte roimh Aiicco árachas cpt. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    Iasacht gnó Pearsanta
    Iasacht Tógála.
    Iasacht Tionscadail.
    Iasacht Oideachas do leanaí agus do dhaoine fásta.

    Táimid ag fanacht do iarratas ar iasacht.

    I am Mr Igein Mark, A representative of Aiicco insurance Ltd, we give out loan to individual differences with trust and honor. We give loan at 3% interest rate. if you are interested kindly contact us on this company email : igein_h_yizevbekhai@admin.in.th now to proceed with your loan transfer document ok. if you need loan to establish a company or school you are highly welcome to Aiicco insurance plc. You can also contact us on this email: amaah.credit.offer@gmail.com.

    Personal business loan
    Construction loan.
    Project loan.
    Education loan for children and adult.

    We await your loan application .

    ReplyDelete
  5. Ba mhaith liom a ligean don domhan ar an eolas faoi Dr, Goko an caster seal Mór
    go
    a thabhairt ar ais ar mo fhear céile dom nuair a shíl mé go raibh gach dóchas caillte.
    Dr,
    Goko úsáid as a seal cumhachtach a chur miongháire ar mo aghaidh ag a thabhairt
    ais ar mo fear lena seal, ar dtús shíl mé go raibh mé ag brionglóideach nuair
    mo
    Tháinig fear céile ar ais dom ar a ghlúine begging dom a logh dó
    agus
    glacadh leis ar ais agus ó shin i leith shin loves sé liom níos mó ná mé riamh
    ag súil mar sin rinne mé vow le mo féin go mbeidh mé in iúl an Domhain a fhios
    faoi Dr, Goko toisc go bhfuil sé ina Dé ar domhan. An bhfuil ... agat
    fhadhbanna i
    do chaidreamh, mar shampla:
    Dul Do Lover NÓ Fear céile Ar ais
    Dul Do Boy Friend / Girl Friend NÓ Bean Chéile Ar ais
    Spell Leanaí
    Spell Thoirchis
    Spell grá
    Spell pósadh
    Spell ailse
    E.T.C
    An riachtanas is gá aon cheann de seo, Ríomhphost air anois via
    dr.gokosspiritualcaster@gmail.com
    nó cuir glaoch agus Whats app ar an uimhir +2348056398964

    ReplyDelete