Thursday, February 27, 2014

carnabhal i gKöln: Weiberfastnacht...



Maireann Fasching (nó Fastnacht Fasnet...) ón 11ú lá den 11ú mí go dtí Máirt Inide (nó Faschingsdienstag = Mardi Gras) agus is ea san am idir Weiberfastnacht (nó Schmotziger Donnerstag = Déardaoin Blonagach) go Máirt Inide a shroicheann Fasching an buaicphointe, nó na buaicphointí, leis na paráidí móra sna cathracha agus sna bailte ar fud na Gearmáine.

Tá dhá bhunchineál Fasching ann: an carnabhal  Réíneach sna ceantair ar bhruacha na Réine agus an Fastnacht Suáibeach-Alemeanach in iardheisceart na tíre.

Is iad Köln, Düsseldorf agus Mainz príomhchathracha an charnabhail Réinigh.




Thóg mé cúpla grianghraf dá raibh ar siúl thart ar an ardeaglais i gKöln inniu.




Bhí beagnach gach duine a bhí i láthair gléasta suas agus ag glacadh páirte, agus bhí an t-atmaisféar go hiontach beoga dá réir.



Dála an scéil, is geall le saothar in aisce é glao gutháin a chur ar aon duine i gKöln mar gheall ar chúrsa gnó nó oibre éigin idir an Déardaoin Blonagach seo agus Máirt Inide.

Is fearr fanacht go dtí Céadaoin an Luaithrigh.

Ar choinníoll go bhfuil an té, nó an t-ae, tagtha slán...

Sunday, February 23, 2014

olli agus an pinsean...


Cháin an coimisinéir Eorpach Olli Rehn an Ghearmáin mar gheall ar an athrú san aois pinsin a bheartaigh páirtithe an Chomhrialtais Mhóir agus iad i mbun idirbheartaíochta lena chéile deireadh na bliana seo thart. Tá an reachtaíocht ina thaobh le cur faoi bhráid na parlaiminte go gairid.

De réir an athraithe i gceist beidh duine i dteideal dul ar scor le 63 gan asbhaint má tá 45 bliain oibre le hárachas soisialta curtha isteach aici nó aige. Ardófar an aois de réir a chéile, áfach, ó 2016 ar aghaidh.

Chun údar an chinnidh seo a thuiscint ní mór é a bheith ar eolas ag duine go raibh sé beartaithe ag na Sóisialaigh Dhaonlathacha (SPD) roimh na hidirbheartaíochta go mbeadh cibé comhaontú comhrialtais a dtiocfaí air le daingniú ag cosmhuintir an pháirtí agus ós rud é go raibh an baol ann nach mbeadh an chosmuintir - atá imithe in aois de réir mar atá an páirtí féin imithe i léig - sásta le mórchuid an chomhaontaithe tugadh bronntanas beag, nó breab, más maith leat, dóibh.

Bhíodh fís mhór don tsochaí trí chéile acu tráth den saol ach is cosúil go dtuigeann na Sóisialaigh Dhaonlathacha (SPD) nach bhfuil fágtha mar sprioc insroichte sa lá inniu ach cúpla aireacht rialtais a bhaint amach do cheannaireacht an pháirtí. Agus is cosúil gur thuig an tseanchosmhuintir nuair a cuireadh comhaontú an chomhrialtais faoina bráid nach raibh fágtha den fhís mhór dóibhsean ach buntáiste beag, b'fhéidir, i dtaca leis an bpinsean.

Ach - cé go bhfuil na haireachtaí slán sabháílte cheana féin - má bhíonn an lá ag Olli Rehn, ní bheidh faic na fríde fágtha den bhronntanas.

Dála an scéil... cathain a théann Olli agus a chairde ar scor? Ar a mheán?


Sunday, February 16, 2014

scannal sa chomhrialtas: aire rialtais tar éis éirí as a phost...


Tá duine mór le rá as páirtí na heite clé (SPD) faoi imscrúdú mar gheall ar phornagrafaíocht leanaí agus tá an t-Aire Talmhaíochta as páirtí na heite deise (CSU) éirithe as a phost mar thoradh.

Cuma chasta ar an scéal sin, nach ea?

Cad a dhéantar chun scéal atá bun os cionn a shimpliú? É a insint droim ar ais?



Ar aon nós, ar mhaithe le simpliú tá an chuid seo (1. - 6.) a leanas cineál droim ar ais:

1. Tá an t-Aire Talmhaíochta Hans-Peter Friedrich (CSU) tar éis éirí as a phost.

2. Cuireadh ina leith gur sceith sé rún go mídhleathach anuraidh nuair a bhí sé fós ina Aire Gnóthaí Baile.

3. Chuir sé ceannaire na nDaonlathach Sóisialta (SPD) Sigmar Gabriel ar an eolas go raibh Sebastian Edathy ón SPD faoi imscrúdú mar gheall ar phornagrafaíocht leanaí.

4. Bhí idirbheartaíocht ar siúl idir an CDU/CSU agus an SPD ag an am chun teacht ar chomhréiteach maidir le Comhrialtas Mór a bhunú.

5. Deirtear gurbh ar eagla go gceapfadh Sigmar Gabriel an duine faoi imscrúdú ina aire rialtais a chuir an duine atá éirithe as a phost anois an taobh eile ar an eolas.

6. Ar phreasagallamh i lár na Samhna 2013 fógraíodh go raibh na húdaráis i gCeanada agus sa Ghearmáin ag obair le chéile mar gheall ar ábhair phornagrafaíocht leanaí a bhí á seoladh ó Thoronto anall. (Dhá sheachtain ina dhiaidh sin d'fhiafraigh dlíodóir de chuid Edathy den ionchúisitheoir poiblí an raibh Edathy faoi imscrúdú ach deirtear nár tugadh aon eolas ina thaobh dó.)


D'éirigh Sebastian Edathy as mar theachta parlaiminte na nDaonlathach Sóisialta (SPD) sa Bhundestag ar an 7ú lá de mhí na Feabhra 2014 - ar chúiseanna sláinte. Trí lá ina dhiaidh sin chuardaigh na póilíní agus an t-ionchúisitheoir poiblí arasán agus oifig de chuid Edathy ach ní bhfuair siad ach ábhair a bhí "laistíos de thairseach na coiriúlachta".

Is cosúil go gceapann an t-ionchúisitheoir poiblí gur chuir duine éigin fainic ar Edathy roimh ré agus go mbeidh siad go hoifigiúil sa tóir ar an duine sin gan mhoill.

Tá sonraí eile fós ag baint leis an scéal a chuireann leis an dochar.

Is féidir a rá go bhfuil an phraiseach ar fud na miasa cois Spree.

Saturday, February 15, 2014

isiú...






Mar is eol daoibh táim i mo chónaí lasmuigh den Angla-sféar leis na cianta agus in ainneoin an idirlín ní bhím i gcónaí suas chun dáta leis na cora cainte is déanaí.

Is cuimhin liom an uair a dúirt col ceathrar liom go raibh health issues ag duine dá lucht aithne. Bhí an t-irisleabhar feicthe agam in Easons san aerphort gan dabht ach ní raibh sé ró-shoiléir dom cén fáth arbh fhiú é a lua eagráin de a bheith ina sheilbh ag duine.

Ar aon nós, níl fadhb ar bith agam le hissue feasta agus bioraim mo chluasa amhail gach duine eile nuair a fhógraítear go bhfuil issues ag baint le rud éigin.

Agus, dár ndóigh, ní fada a mhaireann na hissues céanna sa lá inniu mar is cosúil go mbíonn gach duine ag going forward.


Sunday, February 9, 2014

"breaking bad" níos fearr ná shakespeare...


Chaith mo chomhghleacaí óg na míonna ag moladh na sraithe teilifíse Breaking Bad dom ach ós rud é go raibh mé ciaptha ag na Mná Tí Éadóchasacha agus ag teitheadh (as an seomra suí) óna Dochtúirí Éadóchasacha le blianta anuas thug mé an chluas bhodhar di.

Tar éis na poiblíochta ar fad a bhain leis an eipeasóid dheireannach de Love/Hate bhreathnaigh mé ar na giotaí den tsraith chéanna atá ar fáil ar YouTube agus d'éirigh leo spéis a spreagadh ionam. Mar sin, d'ordaigh mé an chéad séasúr ar líne agus bhreathnaigh mé air le linn na Nollag. Bhain mé sult nach beag as. Ní baoise gan staonadh gach sraith teilifíse an lae inniu tar éis an tsaoil.

Tar éis shaoire na Nollag bhí mé ag labhairt le mo chomhghleacaí faoi. "Tá an chuma ar an scéal mar sin go bhfuil tú réidh do Breaking Bad," a dúirt sí agus thug sí na céad trí shéasúr ar DVD ar iasacht dom.

Tá 62 eipeasóid sa tsraith agus d'fhéach mé ar eipeasóid uimhir a 62 an deireadh seachtaine seo. (Seo arís mé!)

Is ar éagan is gá bunphlota na sraithe a chur in iúl dóibh siúd a chónaíonn san angla-sféar ach táim den tuairim go bhfuil an scéal úd a bhaineann le Walter White, an múinteoir sárchliste scoile sa cheimic a fhaigheann amach go bhfuil ailse scamhóg air agus - i "gcluiche deiridh" a shaoil dó - a théann i mbun airgead a ghnóthú dá theaghlach ar bhealach mídhleathach, ar cheann de na drámaí is fearr dá bhfaca mé riamh.

Ní comparáid mhí-aimseartha is cás liom ach - uafás! alltacht! anbhá! - ó thaobh fhorbairt an charachtair agus staid an duine de níl a shárú le fáil ag Shakespeare.

Bhí Iúil Caesar agus an Rí Lear agam ar scoil agus go leor eile feicthe agus léite agam ó shin (Othello an ceann is fearr). Thaitin Iúil Caesar go mór liom, an chaoi ina raibh Brútas i gcruachás morálta agus é idir dhá thine Bhealtaine, agus an "lean and hungry look" a bhí ar Chassius (agus a bhí ar an iomarca daoine eile ó shin i leith). Os a choinne sin, cé go moltar an Rí Lear go haer mar cheann de na tragóidí is fearr, níl le rá ag an dráma sin ach an rud simplí céanna arís is arís eile: ní amadán go sean-amadán.

(Agus anois... coinnealbhá?)