Saturday, November 28, 2009

agus haiku eile

alte Fassade

blickt durch das Gerüst hindurch

lasst mich in Ruhe!


aghaidh an tseanfhoirgnimh

ag gliúcaíocht tríd an scafall

tugtar suaimhneas dom!

(an ancient façade

peering through the scaffolding

please leave me in peace!)

Thursday, November 26, 2009

5 - 7 - 5

ceiliúir earraigh éin

faoi ghrian allúrach shamhna

coimhthígh sinn uile

(Cúlra: gach seans gurb í an tSamhain reatha an tSamhain is teo anseo sa Ghearmáin ó bhí taifid aimsire ann ar dtús sa bhliain 1701. Ar aon nós, beidh sí ar cheann de na deich gcinn ba theo a bhí ann riamh nuair a bheidh an mhí imithe chun deiridh an tseachtain seo chugainn. Agus chuir an teas neamhghnách an dúlra ar seachrán uair nó dhó i rith na míosa - faoi mar a bhí le cloisint ón spéir anuas, mar a déarfá.)

Wednesday, November 25, 2009

An haiku an méid seo?


intitim toinne

ar thrá scoite

tráth scoite

Sunday, November 15, 2009

Idir cleith agus ursain...


Tarlaíonn anseo mar a tharlaíonn go minic: imíonn Reathaí an Bhóthair idir cleith agus ursain ar An gCadhóit.

Cleith (baininscneach) = cuaille; slat; bata trom.

Dar ndóigh, is focal ilchuspóireach é "cleith".



Mar shampla, is cleitheanna iad na cuaillí spéirghorma thuas; agus is ursaineacha iad na baill chorcra.



Feidhm eile na cleithe: ball den díon.


Agus an oiread sin cleitheanna sna ballaí agus sa díon ní nach ionadh a deirtear "laistigh de chleitheanna an tí".

Agus más mian leat do theach a choimeád agus a chosaint ar dhíshealbhú, ní mór duit "an chleith an sheasamh".




Bhuel, níor fágadh cleith ná sop ar an teach seo ar aon nós.




Is cosúil nach raibh an fear seo ann le sop a chur an an teach athuair - mar a dhéanann sé anseo.



Tá cleith de shórt eile fós ag an laoch seo!

Ná bí i gcleith leis - nó spleách air - ar chúinse ar bith!



Ursain (baininscneach) = ceann de chuaillí fhráma an dorais.

Tá brí eile do "ursain": "taca". Is fáthchiall í.


Cruach leabhar: ursain an léinn?

Sunday, November 8, 2009

Rosc Scoir An Dúlra 2009




Lasracha buí agus flannbhuí ar chúlra spéire grianghoirme. Rosc scoir an dúlra 2009.



Dochreidte, nach mór, ach do dheineas na grianghraif thuas thart ar seachtain ó shin agus na cinn thíos inné.



An crann ina chreatlach fliuch lom. Slán go Cáisc!






Saturday, November 7, 2009

Thursday, November 5, 2009

Historie des Happy End

Is Laidineachas "Historie" agus is bréag-Bhéarlachas "Happy End". Ní deacair a thomhas gur "Stair an Deiridh Shonasta" atá i gceist. "Geschichte des glücklichen Schlusses" d'fhéadfá a rá, más mian leat iasachtaí a sheachaint. Ba ghreannmhar liom "Happy End" nuair a bhíos sa Ghearmáin ar dtús.

Ach d'ainneoin sin chuir sé ionadh orm le déanaí nuair a léigh mé áit éigin gur bréag-Bhéarlachas a bheadh ann. Is amhlaidh gur dheineas dearmad lá den saol idir an dá linn gur "Happy Ending" an leagan fíor-Bhéarlach de. Ní raibh ach "Happy End" in úsáid agam le feadh tréimhse fada agus mé cinnte de as pointe éigin amach, de réir dealraimh, gurbh é an t-aon leagan amháin den fhriotal!

Miondealbh de phróiseas forbartha teanga?

Cé go n-úsáidtí an deireadh sonasta ("Deireadh sonasta"? Níor aimsigh mé téarma eile - téarma oifigiúil, mar shampla - dó) i roinnt mhaith de na seanscéalta fadó agus na húrscéalta freisin, deirtear gurbh é tionscal na scannán a chuir an tseift chéanna ar bhonn córasach - agus tráchtála freisin, ar ndóigh.


Ba chóir go bhfágfadh an lucht féachana an phictiúrlann de mheon dearfach - ionas go bhfillfidís arís.


Do scríobh an file Gearmánach Kurt Tucholsky (1890 - 1935) dán mar gheall air nuair a bhí ré na scannánaíochta ina hóige.



http://meister.igl.uni-freiburg.de/gedichte/tuc_k08.html

(Is é is brí do "éag" sa chomhthéacs seo thíos ná "céimnigh amach fuaim is fís". Mar sin, tá athbhrí dheas ag baint leis i gcomhthéacs an dáin, dar liom. http://www.focal.ie/Search.aspx?term=fade)




Dar gCionn


Tar éis deiridh shonasta
i scannán éagtar de ghnáth
Ní fheictear ach na beola
agus croiméal an laoich ag tumadh
tá sé aici anois, an fear uasal
Agus ansin - ?

Téann an bheirt go humhal a luí
Más ea...is deas go leor é sin
Ach uaireanta ní mór a fhionnadh
A bhfuil ar bun, in ionad pógtha
Ní féidir bheith de shíor i suan
Agus ansin - ?

Le crónán na gaoithe sa simléar
Tagann leanbh na lánúine ar an saol
Bruitheann sí bainne. Téann sé thar maoil
Tógann sé racán. Goileann sí faoi.
Is maith leo scaradh óna chéile
Agus ansin - ?

Ach níl an leanbh ina neart
Mar sin seasann siad an fód
Chun streachailt leo le feadh na blianta
É féin, is mian leis fós cúileann
Í dúr is óg i gceann a chéile
Agus ansin - ?

Anois imithe leo in aois
An mac, bailíonn sé leis
É féin ar ball ag dul i laige
Dearmadta, ré chroiméil is phóige
A thiarcais, chomh fada siar i gcéin!
Chomh mór an dúil aige sa chéile,
ar éigin atá sé fíor a thuilleadh!
Is é féin ag dul siar ar an saol
cad tá fágtha aige as seo dá shéan?
An pósadh, ba é don chuid is mó
leadrán is bainne scallta bó
Le linn deiridh shonasta dá bharr
i scannán éagtar de ghnáth.

Tuesday, November 3, 2009

An córas cáglathais...


Ach ar ámharaí an tsaoil, tá córas daonlathais againne!