Tuesday, December 21, 2010

nath don nollaig XXI...


L’hypocrisie est un hommage que le vice rend à la vertu.


Die Heuchelei ist eine Huldigung, die das Laster der Tugend darbringt.

La Rochfoucauld (Maximes, 218)


Is omós an fhimíneacht a thugann an duáilce don tsuáilce.


Is é atá san fhimíneacht ná an t-omós a thugann an duáilce don tsuáilce.



Cé acu ceann is fearr: an duáilce a thugann droim láimhe “go hionraic” don tsuáilce, nó an duáilce a chuireann stró air féin dealramh na suáilce a chaomhnú?

An bréagdhreach nó an scannal, rogha an dá dhíogha?

Is cosúil go bhfuil an dara ceann, agus an fhimíneacht leis, de dhlúth agus d’inneach i ngach sibhialtacht.

An é nach bhféadfaí déanamh dá huireasa?


Monday, December 20, 2010

nath don nollaig XX...



Táim díreach tar éis an leabhar faoin bhforthéamh domhanda le Matt Hussey a léamh agus mholfainn é d'éinne a bhfuil léargas gearr cuimsithe ar an ábhar ag teastáil uaidh. Tuilleadh uaim ar an ábhar seo ar ball, ceapaim.

Agus cá bhfios, b'fhéidir go bhfuil an aeráid gríosaithe chomh mór sin againn faoi seo go bhfuil sí, i láthair na huaire, i mbun cor suntasach a chur di dá bharr. Agus go mbeidh gach geimhreadh atá amach romhainn fuar agus sneachtúil amhail an ceann seo.

Ach má tá an salann agus an grean imithe i léig ar fud na hEorpa ní gá dó a bheith amhlaidh i gcás soláthar nathanna a bhfuil tagairt don sneachta iontu.

Bhíos ag ceapadh go mbeadh go leor ar fáil i gCríoch Lochlann i bhfianaise an mhéid sneachta a bhíonn ann gach geimhreadh.

Agus cinnte go leor, ba i measc na nIoruach a fuair mé an soláthar ba mhó.

Chuir sin ag smaoineamh mé go mbeadh na Gaeil - go dtí go mbeidh a gcinn féin cumtha acu - in ann úsáid a bhaint as na nathanna siúd. Ar bhonn eatramhach mar a déarfá.

 Mar faoi mar b'eol do Ghaelaibh riamh anall, má bhíonn tú ag dul i ngleic le hábhar éigin, is fearrde an ionramháil an seanfhocal bainteach.

(Ceapaim féin, áfach, gur féidir nach mbeidh an chiall le cuid de na nathanna thíos go hiomlán nochtaithe, mar a déarfá, go dtí go mbeifear imithe i bhfad níos faide i dtaithí ar an sneachta.)



Sønnavind og sol jagar vekk snøen.

Cuireann an ghaoth aneas agus an ghrian an ruaig ar an sneachta.



Det gode skal en hugge i fjell, det onde skal en skrive i snø.

Ba chóir don mhaith a bheith greanta ar charraig, an t-olc scríofa sa sneachta.



Slaps er snø som har hatt en dårlig dag...

Is sneachta greallach a raibh droch-lá aige...



Man kan sette poteter i snøen, men har lite igjen for det.

Is féidir prátaí a chur sa sneachta, ach is beag an tairbhe a bhainfeá as.



La hver mann måke snøen for sin egen dør og ikke bry seg om rimet på grannens tak.

Lig do gach éinne an sneachta os comhair a dhorais féin a chartadh agus gan bac leis an sioc ar dhíon na comharsan.



Du kan ikke skjule dine fotspor når du går på snø.

Ní féidir leat loirg do chos a cheilt sa sneachta.



Før du elsker, lær å løpe gjennom snøen uten å sette spor.

Sara dtéann tú i mbun an ghrá, cuir ar do chumas conas a ritear trí sneachta gan rian a fhágaint.



Å vaske huset mens barna enda sover, er som å måke innkjørselen før det har sluttet å snø.

An teach a ghlanadh le linn do na páistí a bheith ina gcodladh, is cosúil é sin leis an cabhsa a shluaisteáil saor sara bhfuil deireadh leis an sneachta.

Sunday, December 19, 2010

nath don nollaig XIX...


Det som göms i snö kommer upp i tö.


An rud a bhíonn i bhfolach sa sneachta tagann sé chun solais sa choscairt.


Is ceann ón tSualainn an nath thuas.


I bhfianaise a bhfuil ag teacht chun solais le tamall fada anuas is léir gur gheimhreadh fada sneachtúil a bhí i go leor áiteanna agus eagraíochtaí.


Thug mé sracfhéachaint ar chúpla nuachtán Domhnaigh inniu - is fuath liom iad de ghnáth - agus tá siad lán de scannal, mar is gnáth.

Cé go bhfuil sneachta na spéire i gceannas ar Chríocha Fáil faoi láthair is amhlaidh go bhfuil sneachta na sróine i gceannas cheana féin le fada an lá ar chuid mhaith de na daoine atá i gceannas ar shaol na tíre.

An aon ionadh é go bhfuil an tír ina raic?

Is léir anois go bhfuil, i measc na dtráchtairí go léir, daoine ann i láthair na huaire a bhfuil deacrachtaí acu an scéal a... - abraimís - "ionramháil" nuair a phléitear é os comhair an phobail.

Agus is suimiúil arís a fhusacht a ghintear toilteanas na n-údarás chun riail an dlí a chur as feidhm nuair a bhíonn daoine áirithe le pribhléidí á shárú.


Más fíor é go gcuirtear srianta ar na Gardaí dul isteach in áiteanna siamsaíochta oíche éagsúla toisc nár chóir dóibh a fháil amach a mbíonn ar siúl iontu, tagann sin le ráfla a chuala mé i mBeirlín roinnt blianta ó shin.

An é go bhfuil forlámhas an tsneachta niós forleithne ná a cheaptar?

Agus an dtabharfaidh an choscairt chun solais é?




Saturday, December 18, 2010

nath don nollaig XVIII...


As Tré 91:
gen snechta oc legad...
(miongháire sneachta ag leá...)

Ach cad a dhéanann sneachta agus é fós ag reo? Grainc?


I fiocchi di neve sono tra le cose più fragili eppure guarda che possono fare insieme.
(Ón Iodáil.)

Tá calóga sneachta ar na nithe is leochailí ach féach cad is féidir leo a chur i gcrích le chéile.

Nó an leagan gonta cáiliúil de:

Ní neart go cur le chéile.



Thug an nath thuas tré i mo cheann dom:

Trí chineál sneachta na haimsire láithreach
sneachta forghabhálach na spéire
sneachta ceiliúránach na sróine
calóga daonna nach sneachta fós iad


Friday, December 17, 2010

nath don nollaig XVII...


El lobo, harto de carne, se mete a fraile.


Tiontaíonn an faolchú a bhfuil a sháith d'fheoil ite aige ina mhanach.


Is nath Spáinneach an ceann seo.

An é nach mbíonn sa tsuáilce go minic ach comhartha na sáithe?!?!

Más amhlaidh atá sé, nár chóir, mar shampla, do na húdaráis san eaglais a fhógairt nach peaca aon ghníomh más gníomh é nach ndéanfá dá mbeadh an tsáith chomhfhreagrach iomchuí agat cheana féin?

Thursday, December 16, 2010

nath don nollaig XVI...



Tar De livsløgnen fra et gjennomsnittsmenneske, så tar De lykken fra ham med det samme.

Henrik Ibsen, (1828 - 1906), drámadóir Ioruach
(An Lacha Fhiáin)

Tóg an bhréag shaoil ón ngáthduine, agus tógann tú an sonas uaidh leis.


Má thógtar an bhréag shaoil ón ngáthduine, is amhlaidh a thógtar an sonas uaidh leis.



Ar na focail Ghearmácha a shlog an Béarla gan iad a dhíleá tá Angst agus Zeitgeist, mar shampla, ach níl an focal Lebenslüge ina measc. “Bréag shaoil” an Ghaelainn a chuirfinn air, is dócha, le séimhiú de réir mo thuisceana de ós rud é gur gnách le bréag agus saol atá ina leathbhádóirí in aon bhád amháin a bheith chomh mór sin de dhlúth agus d’inneach ina chéile mar a bhíonn siad i gcás na Lebenslüge clasaicí.

Cé nach bhfuil ainmfhocal dó, go bhfios dom, sa Bhéarla ní hionann sin is a rá nach bhfuil an coincheap ann. Deirtear, mar shampla, go bhfuil duine “ag maireachtáil bréige".

Seans gurb é an “ü” ba chúis leis nár tharraing an Béarla an focal Lebenslüge chuige riamh. Amhail an diabhal eile “ö”, is dúshlán faoi leith an “ü” don duine nár mbronnadh an cliabhán na fuaimeanna air.

Pé scéal é, seo an sainmhíniú a fuair mé ar an idirlíon: cuirtear Lebenslüge, nó bréag shaoil, ar bhréag a maítear go comhfhiosach agus d’aon ghnó gur fírinne í agus a bpléitear léí amhlaidh i gcaitheamh saoil d’ainneoin gurb eol, nó gur choir gurbh eol, gur a mhalairt atá sé. Is ar bhréag a bhíonn an saol bunaithe ansin ó thaobh na treorach agus na brí.

Fionnachtaí na Lebenslüge, nó livsløgn an leagan Ioruach de, ba ea Henrik Ibsen, deirtear.

D’aimsigh sé í, dar leis, i measc na meánaicme. Fimíneacht agus béalchráifeacht a bhí i gceist aige inter alia, gan dabht, ach is feiniméin iadsan a oibríonn sa chéad áit ar an ndromchla agus atá dírithe ar dhaoine eile, an saol lasmuigh.

An bhréag istigh, an Lebenslüge a éalaíonn fiú ar an sealbhóir féin, agus a chuireann an dallamullóg air, ab ea an bhréag shaoil ba mhó ar chuir an lucht liteartha suim inti, an seachmall nó an cur i gcéill a gcloítear leis go tútach fiú amháin i ndiaidh dá bhréige a bheith nochtaithe.

Ceann de na bréaga saoil is mó cáil sa litríocht ab ea an Lebenslüge a bhronn Arthur Miller ar Willy Loman bocht sa dráma Bás Díoltóra Taistil.

Ach cá mbéimis gan na bréaga beaga saoil uilig a chuidíonn linn agus muid ag streachailt linn tríd an saol?

Ní drochstráitéis mhaireachtála bréag shaoil uaireanta, déarfainn, má chumtar go maith nó má roghnaítear go cliste í. Ach ní mór di a bheith dea-chumtha chun go mairfeadh sí chomh fada agus a bhfuil gá léí.

Seans go raibh an bhréag shaoil a raibh Willy Loman ar foluain uirthi lochtach ón tús agus, mar thoradh ar sin, ní raibh sé in ann an radharc a sheasamh a luaithe a bhreathnaigh sé anuas.


ar eití bréige
ar foluain os cionn talaimh
talamh nach ann dó

Wednesday, December 15, 2010

nath don nollaig XV...


Eifersucht ist eine Leidenschaft,
die mit Eifer sucht, was Leiden schafft.

Franz Grillparzer (1791-1872)



Is ainmhian an t-éad, a bhíonn go cíocrach ar thóir a gcruthaíonn fulaingt.


Níl san éad ach ainmhian,
ar thóir le cíocras a ndéanann pian.



An é - chun an fhírinne a rá - gur in éad a bhfuilimid le baincbhristéirí na mbónas mór agus nach bhfuilimid ach ag ligean orainn gurb é an rud eile atá ag cur isteach orainn?

Más ann don rud eile, cá bhfuil an teorainn idir é sin agus an formad?

Agus cad é an rud eile?

Tuesday, December 14, 2010

nath don nollaig XIV...


Einmal geschrieben ist so gut wie zehnmal gelesen.


Is ionann scríofa uair amháin agus léite faoi dheich.



Is nath eile ón nDanmhairg an ceann seo.

Comhairle mhaith don dalta agus don mhac léinn, gan aon agó.


Má scríobhtar blagmhír, an ionann sin agus í a bheith léite agat faoi dheich?



Monday, December 13, 2010

nath don nollaig XIII...


Ein treibendes Moment in der Geschichte des Zivilisationsprozesses war schon immer dasjenige der Aneignung des Physischen mittels des Metaphysischen.


Ba fhórsa tiomána i stair phróiseas na sibhialtachta riamh é sealbhú an ní fhisiciúil trí bhíthin an ní mhetafhisiciúil.


Nó an bhféadfaí na haidiachtaí a úsáid mar ainmfhocail chun an leagan Gaelach a chomhdhlúthú?


Ba fhórsa tiomána i stair phróiseas na sibhialtachta riamh é sealbhú an fhisiciúil trí bhíthin an mhetafhisiciúil.



Hmmmm...  ach cá bhfaca mé an ceann seo?

Os cionn doirse institiúide éigin eolaíochta?

Ar nóta bainc?

Nó an raibh sé greanta ar fhoirgneamh na Banca Vaticana féin?

Sunday, December 12, 2010

nath don nollaig XII...


Le mieux est l'ennemi du bien.

Voltaire (1694 - 1778), fealsamh


Namhaid na maithe an fhoirfeacht.




Ná ligtear don fhoirfeacht riamh a bheith ina namhaid don mhaith.

Éamonn Ó Cinnéide (1932 - 2009), Seanadóir (In-aice-an-chnocáin-mhóir)



Cé acu ceann is fearr: leagan an fhealsaimh nó leagan an pholaiteora?

An mbeadh an baol ann go mbainfeadh polaiteoirí mí-úsáid as an dara ceann mar leithscéal a lagmheasarthachta?

Saturday, December 11, 2010

nath don nollaig XI...







Einem nackten Mann kann man nicht in die Tasche greifen.


Ní féidir airgead a bhaint den té gan phingin. 

Ní thig do lámh a chuir i bpóca an nochtáin.
(Aonghus)

Is ón nGearmáin an ceann seo.

Faoi mar is eol dúinn, níl sé fíor i ngach cás.

Ach conradh glic a bheith i do sheilbh agat, déanfaidh asarlaithe an dlí airgead neamhthuillte as faic duit.

Friday, December 10, 2010

nath don nollaig X...


Der, der sich im Spiel einmischt, muss das Spiel auch vertragen.


Den som ger sig i leken, får leken tåla.


Má ghlactar páirt i gcluiche, ní mór é a sheasamh.


Faoi mar a fheictear dom, tagann an nath thuas ón tSualainn go cruinn le dearcadh na ndaoine sna tíortha eile faoi chruachás na hÉireann i láthair na huaire.

Más teachtaireacht ghéar an méid sin do Ghaelaibh, is stuama an teachtaireacht í freisin.

Beidh le foghlaim aisti.

Thursday, December 9, 2010

nath don nollaig IX...


Eine Hand wäscht die andere, und alle beide waschen das Gesicht.


Una mano lava l'altra, e tutte e due lavano il viso.


Níonn lámh lámh eile agus níonn an dá le chéile an aghaidh.


Treorú sláinteachais? Nó céard atá ann?

Is ar éigean atá an chaimiléireacht inseachanta gach uile uair a thagann soláthar mór airgid le chéile le maoirseacht ar a dháileadh. Agus más ea gur inseachanta í, nár chóir í a bheith, ar a laghad, sofaisticiúil?

Amhail mar a dhéantar í i go leor tíortha an Iarthair, mar shampla.

Mar atá: Scair mhaith den uachtar ar bharr an chíste a sciobadh ach gan an císte a scrios sa phróiseas.

Is léir gur scriosadh an císte i gcás tíre ar eol dúinn.

nath don nollaig VIII...



Das Glück ist der Vormund der Dummen.


Is é an sonas coimirceoir na ndalldramán.


Ceann ón Danmhairg atá againn inniu. (Nó ba chóir gur i gcomhair inné a bheadh sé ach dhein mé botún leis na roghanna poist.)

Níl mé ró-chinnte faoi: an smior na fírinne atá i gceist nó soiniciúlacht?


(Idirshos)

Is amhlaidh gurb é an t-ádh atá i gceist anseo.

Agus sholáthair Aonghus an leagan Gaelainne de nath an áidh agus na mbaoth.

'Sé an t-ádh caomhnóir na mbaoth.


Ar chaoi éigin tá faoiseamh orm nach ann do nath chomh soiniciúil le "is é an sonas coimirceoir na mbaoth", ach ar chaoi eile tá beagáinín díomá orm mar cheapas go raibh nath faoi leith aimsithe agam ó thaobh an tseirfin de agus ba mhian liom a fháil amach cén sórt céille ceannaithe i saol na Danmhairge a bhí taobh thiar de.

Tuesday, December 7, 2010

nath don nollaig VII...



Gelegenheit macht Diebe.

L'occasione fa l'uomo ladro.

Cruthaíonn faill gadaí.



Fírinne ghéar, a bhfuil cur amach ag na Gaeil uirthi faoi láthair...



Ach,  go ginereálta, an é gurb iad na dálaí a dhéanann an duine nó a mhalairt...?

Mar shampla, déarfadh na buachaillí móra dána fadó, "bhí sí do mo mhealladh! / bhí sí do mo threorú!"

Cad a bhíodh i gceist ansin, de ghnáth, i seansaol naofa na tíre?

Agus tá an leagan údarásach de soláthairthe ag Aonghus!

Faill a níos feall.




Monday, December 6, 2010

nath don nollaig VI...


Es gibt nichts Gutes, außer man tut es.
Erich Kästner (1899-1974), scríbhneoir Gearmánach


Ní ann don mhaith mura gcuirtear i gcrích é.

Nó leagan eile a mhol Aonghus i nDaltaí tráth.

Ní ann don mhaith nach ndéantar.


Nó más gontacht an fhriotail is mó is cás leat, b'fhéidir go mbainfeá  triail as an gceann seo:

Ní maith go gníomh.

Níorbh é gur theachtaireacht nua a bhí ag Kästner anseo ach chuir cur i láthair na seanteachtaireachta mar leathrann a raibh faobhar rithimiúil na fírinne leis brí nua inti. 

Ar feadh tamaill, ar aon nós. Chloistí an nath uaireanta nuair a n-éireódh an chaint ró-bhogásach.

Nach comhairle fhiúntach a bheadh inti do rialtas nua na hÉireann?

Sunday, December 5, 2010

nath don nollaig V...


Ein schönes Schweigen ist noch nie aufgeschrieben worden.


Un bel tacer non fu mai scritto.



Níor breacadh síos tost breá riamh.

Saturday, December 4, 2010

nath don nollaig IV...


Denken ist eine Anstrengung. Glauben ein Komfort.

Herbert Marcuse (1898-1979), fealsamh, polaiteolaí agus socheolaí Gearmánach. 


Is leis an smaointeoireacht an stró. Is leis an gcreidiúint an só.


Ba fhealsamh Gearmánach Herbert Marcuse a bhí ina laoch tráth den saol ag na mic léinn réabhlóideacha sna hollscoileanna i SAM agus sa Ghearmáin araon le linn ré ghluaiseacht na mac léinn siar sna seascaidí. Fealsamh na heite clé a bhí ann a luaití le dream na Frankfurter Schule, ar ghrúpa fealsúna iad a chruthaigh an Kritische Theorie nó an Teoiric Chriticiúil. Ba é sprioc na Teoirice Criticiúla ná teoiric faoin tsochaí a bhí bunaithe ar theagasc Karl Marx a fhorbairt ach ar chaoi a bpléifí go criticiúil leis an teagasc sin murab ionann agus a dhéanadh na deachtóireachta cumannacha a bhí i réim in oirthear na hEorpa ag an am. D'úsáideadh eilimintí ó Hegel agus Freud freisin.

I ndeireadh an lae chuir cuid de na fealsúna ba cháiliúla díomá ar na mic léinn ba réabhlóidí agus cuireadh i leith na bhfealsúna, fiú, gur theitheadar agus gur fhilleadar ar an túr eabhair a luaithe a tháinig an crú ar an tairne.

Dá mhéid an stró a ghabhann leis an smaointeoireacht is mó fós an dua a ghabhann leis an réaltacht. (Ní ó Marcuse an ceann seo, áfach.)


Friday, December 3, 2010

nath don nollaig III...



Um einen Gauner zu erkennen, braucht es anderthalb Gauner.


Per conoscere un furbo ci vuole un furbo e mezzo.


Bíonn gá le cladhaire go leith chun cladhaire amháin a aithint.



Thursday, December 2, 2010

nath don nollaig II...



Gut lügen hat, wer von weit her kommt.

Ha bel mentir chi vien da lontano.


Ní miste don té a thagann i bhfad ó bhaile bréaga a insint.

Is furasta don té a thagann i bhfad ó bhaile bréaga a insint.



Nath ón Iodáil ar dtús is ea an ceann seo. Ar chaoi éigin, ní thaitníonn na haistriúcháin thuas mar nathanna iontu féin liom.

Nach é gurb í gontacht an fhriotail a chuireann faghairt i gcuisle na nGael?

Céard faoin leagan seo de:

Dá fhaid ó bhaile is ea is líofa na bréaga.


Is maith liom go mór an leagan a sholáthraigh Aonghus thíos:

Éasca éitheach don eachtrannach.







Wednesday, December 1, 2010

nath don nollaig I...



Der Rücken des kleinen Mannes ist der Amboß, auf dem die große Zeit geschmiedet ist. 

Hellmut Walters (1930-85), scríbhneoir Gearmánach.


Is é droim an fhir bhig an inneoin ar a ngaibhnítear an saol.


Níl cultúr mór nuachtán Domhnaigh sa Ghearmáin faoi mar atá i dtíortha eile amhail Críocha Fáil, mar shampla. Is ar éigean gurb ann dó ar chor ar bith.

Taobh amuigh den táblóideach "Bildzeitung" (nuachtán pictiúir) a léitear ar fud na Gearmáine uilig, is iad nuachtáin áitiúla is mó a mbíonn éileamh orthu.

Agus tá go leor díobh ar fáil: 347 nuachtán a thagann amach gach lá.

Domhnach is dálach d'fhéadfaí a rá.

Dá bhfágfaí an Domhnach ar lár...

Ní fhoilsítear leagan Domhnaigh ach de fhíorbheagán de na nuachtáin sin.

Gné-altanna is mó a bhíonn sa nuachtán a fhaighimidne gach Domhnach. Agus tá spás ann a líontar le natháin.

Bhí an ceann thuas le léamh ann le déanaí. Tráthúil go leor, mar a cheapas. Ní raibh ainm an údair ar eolas agam cheana féin.

Gach seans, áfach, go bhfuil aistriúchán níos fearr air. Fáilte, mar sin, roimh gach moladh. 

Ó thaobh na fuaime de, chuir "gaibhnítear" an focal Gearmánach "Gauner" i gcuimhne dom agus mar thoradh air sin rith an breachnú a leanas liom:


Der Rücken des kleinen Mannes ist der Amboß der grossen Gauner.

Is é droim na bhfear beag inneoin na mbodach mór.


Saturday, November 27, 2010

cóilíneacht an úis...?

An "t-éacht" is déanaí ó ainrialtas na hÉireann?

Thursday, November 25, 2010

suas an swanee...


Mar sin, ná bítear ró-dhian ar Oileán na Naomh agus na nOllamh, ná ar an knave agus a easair fholamh!

Wednesday, November 24, 2010

an maolódh úsáid na gaelainne an buille...?

Dá mbeadh iachall curtha ar bhithiúnaigh na mbeart mór airgid in am trátha a ndrochghnóthaí a dhéanamh trí Ghaelainn, ní bheadh tír na hÉireann sa staid ina bhfuil sí.

Dála an scéil, da gcuirfí anois na fíricí searbha os comhair an phobail trí mheán na Gaelainne amháin, an maolódh sin an buille, dar libh?

Nó an mbeadh an baol ann gurbh fhearr a thuigidís an Ghaelainn ná caint dubhfhoclach an f(h)ósTaoisigh?

Tuesday, November 23, 2010

angela merkel a dó: léaró dóchais do fhianna fáil...?


Bhíos ag léamh ar an idirlíon inniu go raibh Máire Ní Ainifín i measc na ndaoine a bheidh san iomaíocht nuair a roghnófar an té a bheidh le teacht i gcomharbacht ar Bhrian Ó Comhain mar cheannaire ar Fhianna Fáil.

Ní drochrogha a bheadh inti ón méid atá ar eolas agam fúithi.

Tá scoth na Gaelainne aici agus is slat tomhais maith é sin, dar liom, agus cruthúnas san áireamh go bhfuil cumas agus intleacht ag an duine i gceist agus go bhfuil níos mó ná an cur-i-gcéill coitianta taobh thiar den ghnáth bla-bla-bla an pholaiteora.

Nuair a roghnaíodh Angela Merkel deich mbliana ó shin mar cheannaire ar pháirtí an CDU ba mar réiteach eatramhach a deineadh é...

Mar is eol, tá sí fós ina ceannaire ar an bpáirtí agus ina Seansailéir na Gearmáine san áireamh.

Ní fheicim faoi láthair aon duine eile i bhFF a bheadh chomh láidir le Máire.

Ach chaithfeadh sí ruaig a chur ar na bó-airí go léir atá thart timpeall uirthi sa pháirtí.

Sunday, November 21, 2010

versailles gan chogadh...


Is léir óna bhfuil ar fáil cheana féin ar an idirlíon gur scéal é an ghéarchéim fiachais in Éirinn a bpléifear leis ar chaoi a bheidh gáifeach go leor sa phreas Gearmánach amárach, fiú amháin in Der Spiegel.

Ach aisteach go leor, is ó dhá nuachtán atá níos giorra don chóras airgid agus do bhunaíocht an chaipitil a thagann ailt nach mbeifeá ag súil leo uathu.

Cuireann an Handelsblatt fainic ar Sheansailéar Merkel gan a bheith ró-dhian ar na tíortha atá i dtrioblóidí faoi láthair.

"Coigilt agus píonós, sin iad eochairfhocail an tSeansailéara. Agus cloíonn sí go diongbháilte leis an deachtráiteas sin. (Léireofar san alt seo) an fáth go dtéann polasaí na déine de chuid Merkel i leith na stát leis na fiacha móra chun aimhleasa na Gearmáine féin."

Ansin cuireann údar an ailt ráiteas stairiúil i gcuimhne don léitheoir:

“Táim cinnte de nach bhfuil an dara rogha ag pobal ár dtíre ach a thuiscint cé chomha casta agus atá cúrsaí, in ionad claontachta, feirge agus mothúchán láidir a bheith mar threoir acu. Braitheann todhchaí an domhain uilig air go measaimid na cúinsí i gceart. Cé hiad na príomhtosca? Cad ba chóir a dhéanamh?”


Ráiteas de chuid George Marshall atá i gceist ón mbliain 1947 nuair a bhí an pobal sna tíortha buacha ag éileamh go mbainfí díoltas as an nGearmáin. D'éirigh le Marshall a chur i bhfeidhm gur tugadh cabhair don tír ina ionad.

Is é "Versailles gan chogadh" teideal an ailt. Tugann an t-údar an rabhadh freisin gan nimh a chur san fheol Eorpach, rud a fhéadfadh a tharlú go héasca dá gcaithfí go ró-gharbh leis na tíortha úd leis na fiacha móra. Meabhraíonn sé freisin gur chomharsanacht na naimhde a bhí san Eoraip le fada an lá go dtí gur réitíodh an fhabhb i gcomhthéacs an Comhphobail Eorpaigh.

Ba mhaith le halt sa FAZ cúlra na ceiste a thabhairt chun solais. Maíonn údar an ailt go bhfuil éirithe leis na bancanna móra amhail Deutsche Bank géarchéim na mbancanna a thiontú i ngéarchéim do na cáiníocóirí. Luann sé saineolaithe sa Ghearmáin nach gcreideann go raibh de riachtanas ag Éireann ar chor ar bith dul faoi scáth ainnis na cabhrach faoi láthair agus gurbh iad na bancanna móra ba chúis leis gur cuireadh iachall ar an tír faoi dheireadh an beart sin a dhéanamh. Is deis é do na bancanna a mbrabús a chosaint agus gnó nua a chruthú as na cúinsí nua.

Ach nach é, i ndeireadh na dála, rialtas
na hÉireann féin a chuir muintir na hÉireann i mbéal na práinne seo a ligeann do na boic mhóra teacht i dtír orthu anois?

an rud ba mhinic...

Bhíos ag trácht ar thurnamh na Democrazia Cristiana le déanaí.

Ní go hiomlán gan bhua a bhíodh ré na Democrazia Cristiana, áfach.

Mar shampla, ní n-éireodh duine riamh bréan de phríomh-aire na hIodáile nuair a bhíodh an páirtí sin i gceannas ar an tír.

Agus ní ag caitheamh i ndiaidh na seanaimsire atáim nuair a mhaím go raibh buaine éigin ag baint le ré na Democrazia Cristiana arbh fhéidir - olc, maith ná go dona - talamh slán a dhéanamh de: bhíodh, ar a laghad, dhá uair in aghaidh na bliana rialtas nua san Iodáil. (D'fhéadfaidís siúd a bhfuil, abraimis, taithí mhaith acu ar an saol cuimhneamh ar na míreanna rialta sa nuacht.)

Nuair a ceapadh Amintore Fanfani (an fear thíos) ina phríomh-aire sa bhliain 1982 ba é don cheathrú huair dó - ceapadh arís eile é sa bhliain 1987 - dul i mbun na hoifige úd.

Is cuimhin liom nath a bhí i mbéal an phobail san Iodáil ag an am.


"Ní thuigtear don ghnáth-Iodálach é féin a bheith go hiomlán ina fhear déanta mura bhfuil dhá thréimhse ar a laghad mar phríomh-aire na tíre curtha isteach aige."

Saturday, November 20, 2010

cinniúint na democrazia cristiana i ndán do fhianna fáil...?

Ar chaoi éigin chuir cur i láthair dochreidte rialtas na hÉireann le linn na seachtaine seo caite turnamh an pháirtí Democrazia Cristiana san Iodáil a tharla thart ar fiche bliain ó shin i gcuimhne dom. (Níor shrac lucht Democrazia Cristiana an Iodáil síos leo, áfach.)

Páirtí pobalach amhail Fianna Fáil a bhí sa Democrazia Cristiana agus ba chrann taca rialtas na hIodáile é ó dheireadh an dara chogaidh dhomhanda síos go dtí an bhliain 1992 nuair a chuaigh an páirtí faoi i nduibheagán na caimiléireachta (agus an mhíchumais, gan dabht) a bhí cruthaithe ag an bpáirtí féin. Díscaoileadh an páirtí faoi dheireadh.

Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil cúrsaí chomh dona sin nach bhféadann an Taoiseach ná go leor dá airí an fhírinne a fhulaingt faoi láthair agus go bhfuil na cosa beirthe leo isteach faoi dhídean na fantaisíochta.

Nó an bhfuil léamh níos fearr ag éinne ar an meon séanta siúd a léirigh an Taoiseach agus airí rialtais eile i rith na seachtaine agus an tír i mbéal na tubaiste? Agus gan ach an mantra "ní tharlóidh sé, ní tharlóidh sé, ní tharlóidh sé..." ag teacht as a mbéal acu.

Agus ná bíodh seachmall ar éinne faoi phríomhghnó an IMF agus a leithéid, mar atá airgead na mbancanna a tharrtháil beag beann ar phobal na tíre. Is féidir leosan anois agus le go leor eile nach iad nach bhfuil leas na tíre mar chloch ar a phaidrín acu a ladar a chur isteach i gcúrsaí na tíre.

Is deacair a shamhlú nach ndéanfar scrios sa chéad olltoghchán eile ar an bpáirtí atá freagrach as go bhfuil an tír féimhithe (bancbhriste) agus go bhfuil flaitheas na tíre géillte. Ar shamhlaigh de Valera riamh go mbeadh smál na hardtréasa lá éigin ar an bpáirtí a bhunaigh sé?

Agus go mbeadh Fianna Fáil ar an gconair chéanna leis an Democrazia Cristiana?

Saturday, November 13, 2010

an seachtú Bundesland déag...?


Tá géarchéim airgid na hÉireann go mór faoi iomra sna meáin chumarsáide sa Ghearmáín le linn na laethanta beaga seo. Ní mó ná gur féidir a rá gur dea-chomhartha an méid sin. Ach cá bhfios? Mar a deireadh na Gaeil fadó: tá Dia láidir agus tá máthair mhaith aige

Níl sé ach roinnt blianta ó shin ó bhí na saineolaithe eacnamaíochta abhus ag móradh ailceimiceoirí airgid na hÉireann, agus na hÍoslainne. Agus anois...

Na daoine thart timpeall orm, bhí siad ag labhairt liom faoin ndrochscéal le linn na seachtaine seo caite. Is cinnte nár bhain mé mórán suilt as!

Dúirt duine amháin liom - idir shúgradh is dáiríre, gan dabht - go bhféadfadh an Ghearmáin Éire a uchtú mar sheachtú Bundesland déag. Agus ó bheidís leis, dúirt sé, cad chuige nach n-uchtóidís an Íoslainn ina teannta!

Tíortha iad nach bhfuil daonraí móra iontu amhail na tíortha bancbhriste eile, mar atá an Iodáil, an Spáinn srl., agus a bhféadfai iad a thabhairt ar bord gan mórán stró ar an ábhar sin.

Bhuel! Ní miste a rá gur baineadh stangadh asam.

Ach conas mar a fheidmeodh moladh dá leithéid?

Ar aon nós, d'ainneoin nach mbeadh dúil ró-mhór ag an duine ann, ba chóir a bheith réidh dó. De réir mhana na ngasóg: bí ullamh!

Ar dtús, bheadh gá le hainm don Bhundesland nua. Dála an scéil, fágfaidh mé an cheist sin fúibh. Ní ritheann faic liom.

Bíonn a bhratach féin ag gach Bundesland. Ar an ábhar sin, tá ceann deartha agam cheana féin, ar eagla na heagla.


Ar chruth bhratach na hÍoslainne atá sí, ach le dathanna na hÉireann uirthi. Ní mór a bheith cothrom, fiú amháin in aimsir an anró.

Beidh cead ag na hÍoslainnaigh, in am trátha, a siombailí féin a chur sna spásanna uaine nach bhfuil líonta fós. Gach seans, áfach, agus cúinsí amhlaidh sa tír sin, go nglacfaidís leis an tsiombail in íochtar na brataí (tuilleadh eolais faoi sin thíos).

Níor roghnaigh mé na siombailí seanchaite do thír na hÉireann, ach dhá cheann eile ar fad. Ná déantar dearmad, ré nua a bheadh i gceist

Maidir leis an bhfidil atá le feiscint thuas in íochtar na brataí, ní siombail de cheol traidisiúnta atá i gceist anseo ach siombail de thraidisiún ársa eile, mar atá an traidisiún a sheol an tír an mhórchuid den tslí i dtreo na háite ina bhfuil sí faoi láthair. Agus i dtreo is nach mbainfí an chiall mhícheart as an tsiombail chéanna ní bheidh, is oth liom a rá, ach an leagan Béarla den uirlis ina ainm oifigiúil uirthi, mar atá "fiddle".

Cé is moite den airgead, bheadh roinnt buntáistí eile i ndán do Chríocha Fáil i gcomhthéacs an "stádais" nua.

Samhlaigí, beidh ár bhfoireann sacair chun tosaigh sna comórtais idirnáisiúnta. Agus an carn bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha a bheadh i ndán dúinn! Húúrááá!

Agus cé nach mbeadh an seanainm ar an bhfoireann rugbaí feasta, bheadh go leor fir óga dingthe le muinéal gearr leathan agus droim gear leathan i measc 90 milliún daoine chun frapaí nua a sholáthar dár líne tosaigh.

Dosheachanta go mbeidh an Ghearmáinis ina teanga oifigiúil, áfach. Ach dhéanfainnse mo dhícheall gurb í an Ghaelainn a bheidh mar dara teanga. (Ar uairibh agus i gcásanna eisceachtúla, nuair nach cur amú airgead é, chuirfí aistriúcháin i mBéarla de chaipéis oifigiúil nó dhó ar fáil.)

Agus ní bheadh ar fhir óga amach anseo a bhfuil flosc chun eachtra acu dul in aon arm eile seachas a n-arm féín.

Ó, ba bheag nár dheineas dearmad de! Mar chomhartha buíochais do na daoine a thiomáin an tír chomh fada agus a thiomáin siad í sna blianta atá thart, beidh láthair nua, ar láthair bhuan í, do Phuball na Gaillimhe, ós rud é go raibh siad riamh chomh tugtha leis. (Samhlaigí cé hiad na daoine a bheidh ina mbuanchónai ann?)


Agus nuair a bheidh, le teann fiosrachta, na piongainí ag dul thairis, samhlaigí cad a bheidh le cloisint ón bpuball amach acu?

Wednesday, November 10, 2010

poipíní na síochána...?


Nuair a léigh mé an t-alt le hEoghan Ó Néill i nGaelscéal na seachtaine seo, bhí orm smaoineamh ar an ndrochghrianghraf seo a thóg mé i nDoire an samhradh seo caite. I lár an Mhuileata atá sé suite, an áit a raibh na daracha ann tráth den saol.

Mar is eol, is ag déanamh comóraidh ar na daoine a bhásaigh ar son rítheaghlach Shasana sna cogaí a raibh a arm páirteach ann a bheidh muintir Shasana amárach.

Ní deacair an meas agus an dílseacht a bhí ann riamh idir treibh agus laochra na treibhe ó aimsir Ádhaimh i leith a thuiscint. Tréith uilechoiteann an chine daonna atá i gceist anseo, gan amhras.

Ní thugtar an meas céanna do gach "laoch" sa lá inniu, áfach. Murab as treibh mhór láidir an laoch agus éide ghalánta á caitheamh aige is beag an meas a gheobhfadh sé taobh amuigh dá
dhream féin. Chun an fhírinne a rá, ní ceadmhach dó fiú a bheith ina laoch ar chor ar bith.

Bhásaigh go leor daoine ó oileán na
Éireann - gaol liom féin ina measc (1915, Bá Súvla) - go dtí an lá inniu ar son rítheaghlach Shasana. De réir ráflaí áirithe, bhásaigh ní ba mhó acu ná baill an rítheaghlaigh féin!

Tá dhá fhleasc as poipíní le feiscint sa ghrianghraf. Os cionn an chinn ar dheis tá dealbh shaighdiúra a bhfuil staidiúir an-trodach ar fad air.


Ní fheadar an bhfuil níos mó spéise ag an té sin sa chogaíocht ná sna poipíní?

Monday, November 8, 2010

finné na n-aoiseanna...

Tráth an ama ar scríobh mé an bhlagmhír seo chuir mé glaoch ar an nuachtán áitiúil chun a fháil amach an raibh aon eolas beacht acu ar aois nó ar stair an tseanchrainn, mar atá an dair úd leis an tamhan leathan. Ní raibh, ach chuir an t-iriseoir suim sa scéal láithreach agus cúpla mí dar gcionn, nuair a thug mé ceann de mo cuairteann rialta ar an gcrann, nocht an phlaic thuas chugam. Tá sé suite os comhair na seandarach ar ghaineamhchloch a bhfuil an cuma air gur chóirigh saor cloch í.

B'fhéidir nach bhfuil ann ach comhtharlú agus nach mise an té a mhúscail an tsuim agus an babhta gníomhartha a raibh an phlaic thuas mar thoradh air.

Ar aon nós tá mo sheanchara níos ársa ná a mheas mé. Tá an crann ar an bhfód ó bhí an bhliain 1400 ann, móide nó lúide cúpla bliain.

Bheadh breis is 120 bliain le dul thart fós ag an am sin go dtí go mbeadh an chéad teangmháil idir na Lenape agus Giovanni da Verrazzano san áit a gcuirtear Nua-Eabhrac uirthi sa lá inniu ach bhí Reachtanna Chill Chainnigh - ina measc bhí dlí i gcoinne úsáid na Gaelainne - i bhfeidhm cheana féin le breis is triocha bliain. Mar sin tá an feachtas oifigiúil i gcoinne na Gaelainne píosa maith níos sine fós ná SAM.

Agus an Kaiser a raibh an crann curtha in onóir dó? Más buan mo chuimhne, Rupert I ab ainm dó.

Wednesday, November 3, 2010

scoil na fírinne i gCill Íomair...


Nuair a tháinig mé ar an scéal seo an lá cheana baineadh siar asam. Rith dhá fhocal láithreach chugam: díoma agus masmas.

Ní mór an cur amach atá agam faoi chúrsaí polaitíochta in Éirinn, ní nach ionadh, ach thug mé faoi ndeara agus mé ag léamh faoin scéal thuasluaite i mblaganna polaitiúla éagsúla inniu go bhfuil daoine áirithe ag cur i leith an nuachtáin a d'fhoilsigh an scéal nach dtabharfaí an scéal chun solais ach ar an ábhar go raibh feachtas ar siúl i gcoinne fhear na mná i gceist ag na daoine taobh thiar den nuachtán.

Bíodh sin amhlaidh nó ná bíodh – agus ní chuirfeadh sé ionadh ar bith orm dá mba amhlaidh a bheadh sé – is é an scéal féin an rud ba chóir a bheith i lár an aonaigh agus á phlé. Tá sé ró-éasca ar fad éalú as fíricí searbha a phlé trí bheith ag iarradh gnéithe tánaisteacha den scéal a tharraingt anuas i dtreo is go dtabharfadh an pobal a aird go heisiach ar na gnéithe sin. Cleas clasaiceach polaiteora sin.

Cibé ar bith é, is iad na páistí scoile is mó atá thíos leis an ndrochghnó go léir mar, de réir na dtuairiscí, do bheadh scoil nua ag teastáil go géar uathu. Agus is é an ghné sin den scéal is mó a chuireann olc orm. Leis an € 525,000 a bronnadh ar an lánúin sóisialach d'fhéadfaí, ar a laghad, athchóiriú suntasach a dhéanamh ar an scoil atá ann faoi láthair.

Leis na suimeanna millteanacha boilscithe a bhí na daoine le talamh agus leis an ádh (nó na daoine a raibh aithne acu, b'fhéidir, ar na daoine cearta) in ann a chiúthúráil amach as an státchiste agus isteach ina gcuntas bainc féin i gcaitheamh an tíogair cheiltigh d'fhéadfaí scoil nua a thógáil i gCill Íomair agus i go leor áiteanna eile le cois.

Ní dóigh liom go nglacfaidh an pobal leis nach bhfuil baint dá laghad ag an polaiteoir a luadh sa nuachtán leis an scéal. Bhí a fhios ag a lán daoine cheana féin i 2007 go raibh an geilleagar in Éirinn ar tí treascairt agus go mbeadh an stát thíos leis an ró-chaiteachas a bhí ar siúl aige.

Agus nach é gurb é a ionracas thar aon ní eile atá an polaiteoir úd ag tairiscint do mhuintir na hÉireann agus é ag súil leis go mbeidh sé ina Thaoiseach? Ní dóigh liom go dtagann seánaíchas faoi airgead na mná céile leis an sprioc ard sin i láthair na huaire.

Agus € 525,000: cá mhéad airgid atá i gceist ansin? Bhuel, d'fhéadfadh duine le meánioncam éirí as a bheith ag obair le 50 bliain gan chaillteanas.

Nó d'fhéadfá ceithre Maserati a cheannach. Agus bheadh sóinseáil nach beag fós agat.

Nó d'fhéadfá athchóiriú a dhéanamh ar sheanscoil...

Saturday, October 30, 2010

aibíocht trom an fhómhair ar crochadh go hanghrách...



An é go bhfuil an bhraisle caor dubh seo ag mealladh suirígh na coille ina treo?

Is den trom nó den chrann troim iad na caora dubha. D'aimsigh mé an chéad leagan ar focal.ie agus an dara ceann san “eolaí póca”. Ach an t-ainm a thuigeann an crann féin ná Schwarzer Holunder ós rud é gur abhus ar thóg mé an griangraf.

Úsáidtear na blathraí agus na caora mar chomhábhair sa chistin i mbianna agus i ndeochanna éagsúla. Mar is eol, déantar fíon as na caora.

Óltar an tae a dhéantar as na bláthraí go forleathan sa Ghearmáin. Deirtear gur maith an leigheas é ar shlaghdán nó ar fhliú.

Agus is féidir ruaim a bhaint as na caora. D'úsáidtí an ruaim sin tráth den saol chun leathar a dhathú, mar shampla, agus úsáidtear arís sa lá inniu í toisc gur táirge nádúrtha é.

Luaití go leor piseog - idir dhrochthréithe agus dhea-thréithe - leis an trom sa tseanaimsir.

Seo rann as ceann de laoithe na Féinne dar teideal Oenach indiu luid in rí... (Inniu chuaigh an rí go haonach...)

Suidmít ar in cholbu chrúaid,
doní ar n-ósaic ri óenuair,
láid connud truimm fora thein,
súail naron much don dethaig.

Suímid ar an gcolbha crua.
friothálann sé orainn gan mhoill,
caitheann sé cual troim ar an tine,
ba bheag nár mhúch sé sinn le deatach.

Níl aon amhras ann ach go dtuigeadh na sinsir láithreach nár rómhaith a bhí cúrsaí ag dul ar aghaidh sa dán a luaithe agus a bhí an focal “tro(i)m” ráite ag an reacaire. Is é go gcreidtí go gcuirfeadh sé drochrath ar theach dá ndófaí adhmad an troim sa teallach ann. Sa lá inniu bheadh an tagairt, i scéal nó i scannán mar shampla, don tréith mhírathúil siúd a luaití leis an trom fadó caillte go hiomlán orainn.

Agus ní dhéantaí cliabhán do leanbh riamh as adhmad na crainne troim.

Sunday, October 24, 2010

Braitheann sé ar an Zeitgeist...

Is rudaí iad Zeitgeister ar deacair iad a chomhaireamh ach ceapaim go bhfuil dhá Zeitgeist éagsúla curtha de ag an saol mór le linn dom a bheith páirteach ann agus go bhfuil ré an tríú Zeitgeist i réim le roinnt blianta anuas anois.

De réir a bhfuil feicthe agam go dtí seo, tá tionchar mór ag an Zeitgeist ar chúrsaí móráltachta. Agus deirim go glan amach é: ní thaitníonn an ceann atá i réim faoi láthair liom.

An dá Zeitgeist a tháinig roimhe sin, ba chineál Zeitgeister iarchogaidh iad, a bheag nó a mhór. Feictear dom anois go raibh an cine daonna fós faoi scáth a raibh tite amach sa Dara Cogadh Domhanda. Agus scanraithe ag an gcruálacht ar féidir an duine daonna a chur i bhfeidhm ach prionsabal nó dhó a bheith ligthe chun srutha aige roimh ré.

Ba "Platoon" an scannán deireannach beagnach de shraith scannán a tháinig amach le linn an dara Zeitgeist inar léirigh Hollywood uafás an chogaidh dúinn. Mar sin bhíomar go léir i gcoinne an chogaidh agus i gcoinne maraithe de gach sórt. Ba é an rud is measa é ag an am ná duine a mharú ar son cúise. Cibé cúis a bheadh i gceist, níorbh fhiú saol duine a íobairt ar a áltóir. Go deimhin, bhí ár gceacht foghlamtha againn. Agus, mar a samhlaíodh dúinn ag an am, bhí aibíocht, agus acmhainn teibíochta ina teannta fiú, bainte amach ag an gcine daonna agus bheadh an cine daonna céanna, dá bharr, inniúil don tsíocháin feasta agus go deo. "Nie mehr wieder Krieg!"

Ach dá fhad an t-achar ama idir tubaiste an Dara Chogaidh Dhomhanda agus an aimsir láithreach, is amhlaidh is mó a théann na ceachtanna searbha, agus an chiall cheannaithe a ghabhann leo, i ndíchuimhne. Agus nuair a chuaigh mórchumhachtaí an Iarthair arís i mbun ghnó na cogaíochta ó thús na nóchaidí ar aghaidh is amhlaidh gur fhás inghlacthacht an chogaidh i measc na ndaoine agus na ndreamanna nár mhian leo teacht trasna ar iad siúd leis an gcumhacht.

(I measc na gcomhairleoirí beaga a mhaireann áit éigin i m'aigne agus a bhíonn ag cur a dtuairimí faoi mo bhráid ó am go chéile – ní bhíonn aon iachall orm glacadh leo! – bíonn soinicí ann anois is arís. Le déanaí dúirt sé liom nach mbeadh cead ar bith ag an dara Zeitgeist a bheith chomh mór sin i gcoinne an chogaidh ach amháin ar an ábhar nach raibh suim ag na mórchumhachtaí le linn na tréimhse sin dul ina mbun. Ní hamháin nach raibh an Zeitgeist ag cur isteach orthu, ba áisiúil é a chur ag obair dóibh mar ní raibh ach a leithéidí an tIRA, an RAF, an ETA gníomhach sa ghnó ag an am agus ba naimhde dóibh na dreamanna siúd.)

Is go réchúiseach a phléitear don chuid is mó le cúrsaí slaid agus áir sna meáin chumarsáide le linn ré seo an tríú Zeitgeist. Is dócha, ach an Riail Óir* a chaitheamh ar leataobh agus ní deacair plé fiú le ceisteanna dá samhail go réchúiseach. Agus ní áirím fiú an easpa dheacrachta a bhíonn ag baincéirí agus iad ag plé go réchúiseach le cúrsaí ionracais.

Má fhaighimid an deis buntáiste nó sult a bhaint amach dúinn féin, ordaíonn an Zeitgeist dúinn, gur chóir an deis a thapú beag beann ar leas aon duine eile.

Agus dá ainneoin sin ní hé nach dtugtar ómós do agus fáilte roimh mháistrí an Zeitgeist cibé in Áras an Uachtaráin, sa rådhus i gcathair Osló nó i nGarraithe an Phápa féin.

Más dhá chomhchonsal ré ar bith iad an Zeitgeist agus an chumhacht, cad é an mhóráltacht mar sin?

A dtánaiste?

A ngiolla?



*Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh
daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh

Sunday, October 17, 2010

an leagan cluana de thaibhse an chnádáin?...


Bhíos ag caint le fear gnó ón Áise Thoir Theas i mBerlín an tseachtain seo chaite. Os rud é go raibh foláireamh slandála eisithe do na laethanta sin tharla gur phléamar cúrsaí polaitíochta ar feadh cúpla nóiméad.

Ní an t-Ioslam an chloch is mó ar phaidrín a bhuarthaí ach an tSín, a dúirt sé. De réir a raibh le tuairisciú aige, tá na tíortha sa chomharsanacht thall ag teacht faoi bhrú de réir a chéile.

Ní ba dhéanaí bhuail an smaoineamh mé gurbh fhéidir gurb í an tSín an chloch ba mhó ar phaidrín an Iarthair freisin. Ach nach féidir leis an Iarthar an méid sin a admháil go poiblí, ná a admháil ach an oiread gurb é an fáth go bhfuil an chríoch uilig, beagnach, ó Ríocht na hAraibe Sádaí go dtí an Afganastáin curtha faoi smacht ag na Comhghuaillithe ó dheireadh ré an chumannachais Eorpaigh i leith ná ionas go mbeadh an réigiún sin gafa ag an Iarthar cheana féin sara mbeadh ar chumas na Síne breith ar an bhfaill chéanna.

An é, mar sin, nach bhfuil san Ioslam ach an leagan cluana de thaibhse an chnádáin? Agus más amhlaidh go bhfuil míthreoir á cur ar phobal na cruinne nach íorónta an rud é go mbíonn fir bhladhmannaigh na bhfocal antoisceach an Ioslaim féin ag éascú an ghnó?

Ní mór don duine é féin a shaorú ó shíorthionchar inmheabhrú na meán cumarsáide ó am go chéile agus iarracht a dhéanamh smaoineamh nó dhó dá chuid féin a dhéanamh. (I mbaol, fiú, gur smaoineamh fánach a bheadh ann i ndeireadh an lae.)

Cé go bhfuil saoirse an phreasa a bheag nó a mhór i bhfeidhm san Iarthar agus go gceadmhach do iriseoirí bheith beagáinín dána anois is arís chun an tsaoirse chéanna a dheimhniú, feictear dom gurb é dá dtoil dheona féin nach n-imíonn an mhórchuid acu rófhada riamh óna leagain oifigiúla choinbhinsiúnacha sna "mórcheisteanna". Féinchinsireacht deistapaíoch de shórt éigin a bhíonn ann, is dócha.

Is é mo mhana: nochtar na fíricí agus labhróidh siad ar a son féin!

Ach an mbeimis in ann na fíricí a fhulaingt?

Wednesday, October 13, 2010

Na daoine ar deineadh dearmad orthu...

Ceist do thráth na gceist an cheist seo: ainmnigh oileán eile seachas ceann de óileánra na hÉireann a raibh Éireannaigh ina dtromlach ann tráth den saol?

Nó céard faoin gceann seo: cén oileán amach ó chósta thiar na hÉireann a dtagann an fear sa ghrianghraf as?


Bhuel, tá an t-oileán i gceist beagáinín níos faide siar ó dheas ná Na Sceallaga.

Mar leid, seo é cnag ón ngrúpa Typically Tropical a bhain barr na gceartacha amach sa bhliain 1975.




Ní ar Coconut Airways a chuir mórchuid na ndaoine an turas chuig Barbadós díobh sa seachtú haois déag ach tar éis deich seachtaine faoi dheic loinge i seaicilí.

I measc na gclár inspéise eile i gcartlann TG4 tháinig mé ar an gceann seo darb ainm Na Redlegs.

Chuirtí Redlegs ar na sclábhaithe a chuir Cromail i lár na seachtú haoise déag tar éis an chogaidh chun na Cairibe de bharr na caoi a ndóití ag an ngrian iad. Albanaigh, Sasanaigh a bhí ina measc freisin ach de bhunadh Éireannaigh an chuid ba mhó díobh.

Bhí siad ar an oileán ag sclábhaíocht ar na plandálacha sarar tosaíodh úsáid, nó mí-úsáid, a bhaint as sclábhaithe ón Afraic a bhí ní ba chleachta le teas marfach na gréine ná iad.

Tá thart ar deich míle sliochtach de na sclábhaithe geala úd fágtha ar an oileán sa lá inniu agus an mhórchuid acu beo bocht.

Is fiú an clár a fheiscint.

Monday, October 4, 2010

Cuidiú le Bartók agus léiriú úr air...



Is é an clár raidío is ansa liom, caithfidh mé a rá, nó a admháil, ná Tríd an Oíche ar BBC 3. Clár de fhad 360 nóiméad atá ann mar a fhógraítear ar an suíomh gréasáin.

Craoltar ceol clasaiceach agus bíonn na píosaí a chraoltar as cartlann an BBC, píosaí a ndeineadar féin taifead díobh. Mar sin craoltar raon leathan ceoil nach bhfuil ar fáil ar dhlúthdhiosca agus go leor píosaí ar éigean a chloisfí riamh iad ar an ábhar go bhfuil siad taobh amuigh den répertoire coitianta. Agus cuirtear, san áireamh, cur síos beag suimiúil ag tús gach píosa.

Déanaim féin taifid MP3 de go leor de na píosaí le Recorder No. 23 agus bímse ag éisteacht leis na taifid siúd agus mé ag comaitéireacht liom sa traein.

Dála an scéil, tuigim go maith nach bhfuil suim ach ag mionlach beag i gceol den chineál sin. De ghnáth, cuireann na baill eile den teaghlach agamsa, mar shampla, iachall crúogach orm mo chluasáin a úsáid. Nuair a bhíonn píosa, abraimís, do-éistithe á sheinm, ach go háirithe.

Ar aon nós, bhíos ag éisteacht leis an leagan seo den chlár an tráthnóna seo agus ar cheann de na píosaí a rabhas a éisteacht leo bhí an Coinséartó do Phianó agus do Cheolfhoireann Uimh. a 3 le Bela Bartók. Ceolfhoireann Súl agus duine darb ainm Sunwook Kim an pianódóir a bhí i mbun an léirithe.

Is minic a cheaptar go bhfuil deacracht éisteachta agus gruaime éigin, fiú, ag gabháil leis an gceol a chum Bartók ach cuireann an dream seo an coinséartó seo chomh geal glé i láthair go mb'fhéidir leosan féin, nach bhfuil cleachtaithe ar an "ndroch-fhoghras", taitneamh a bhaint as. Seinneann Sunwook Kim an pianó chomh suairc sin go gceapfaí uaireanta gur chruitchlár,xileafón, a bheadh ann - cé nach mbeinn cinnte de go mbeadh sé ró-shásta leis an "léirmheas" sin!

Agus tá píosaí eile ina dhiaidh sin á seinm ag an gceolfhoireann ar chaoi a bhfuil úire gheal ag baint leo. Gile úr na Cóiré?