Thursday, November 25, 2010

suas an swanee...


Mar sin, ná bítear ró-dhian ar Oileán na Naomh agus na nOllamh, ná ar an knave agus a easair fholamh!

11 comments:

  1. Beidh ort an nasc idir Abhainn na Sláine agus an Suwanee River a mhíniú domsa.

    ReplyDelete
  2. Níl aon nasc i ndáiríre ach deirtear go bhfuil duine éigin imithe suas an Suwanee (bhaineas úsáid as an litriú de atá san amhráin le Gershwin) nuair atá cúrsaí ina bpraiseach chruthanta aige.

    Tá suíomh inbhear abhainn na Sláine an-ghar do thóin an oileáin.

    Agus tá cosúlacht éígin idir an dá ainm...

    ReplyDelete
  3. deirtear go bhfuil duine éigin imithe suas an Suwanee nuair atá cúrsaí ina bpraiseach chruthanta aige

    Cá ndeirtear é sin? Ní sa tír a bhfuil an abhainn féin inti, go bhfios dom. “Up shit creek” a chuala mé riamh abhus anseo!

    ReplyDelete
  4. Dála an scéil, tá an t-amhrán i bhfad níos sine ná Gershwin. Stephen Foster a chum é sa bhliain 1851.

    ReplyDelete
  5. Dar le Wikipaedia, anseo,

    'In English parlance something going "up the Swannee" or "down the swanny" means something going badly wrong; analogous to "up the creek without a paddle'

    ReplyDelete
  6. Suimiúil! Píosa echt-Americana ar baineadh casadh as ar an taobh eile den aigéan.

    ReplyDelete
  7. Ach ní fios dom cé chomh forleathan is atá sé in úsáid fós.

    An úsáidfeadh an t-aos óg an nath sin? Ceist d'Áine b'fhéidir?

    ReplyDelete
  8. Bhuel, tar éis beagán, ahem, taighde a dhéanamh le duine nó dhó den aos óg (24-27) ar m'aithne, tá 'up shit creek without a paddle' coitianta go maith, cé nach mbeadh 'up the swanee' in úsáid acu ar chor ar bith.

    Dennis, an dóigh leat go bhfuil fírinne ar bith san fhreagra anseo, maidir le 'up the creek/up shit's creek':

    "Refer to the history of the Republican river. Pawnee Indians referred to it as "Manure River" in the late 1700's and early 1800's because of the large number of Buffalo in this area and the river's inadequate size to "flush" itself."

    ReplyDelete
  9. Hmmm. Sílim nach bhfuil an míniú sin ag teastáil. Tá mé in amhras faoi. Ar chuala tú an ceann seo leis na Fugs riamh?

    ReplyDelete
  10. Cé gur rogha an dá díogha a bheadh ann, b'fhearr liom bheith ag taisteal suas an Suwanee ná suas an ceann eile.

    Ar an ábhar go mbeadh cáilíocht an uisce níos fearr i gcás an Suwanee. ;-)

    ReplyDelete
  11. Níor chuala, a Dennis, ach tá sé cloiste agam anois!

    Is maith liom an méid seo a dúirt Kupferberg:

    "Nobody who lived through the '50s thought the '60s could've existed. So there's always hope."

    Tuigim do chás, a Ormondo...:-)

    ReplyDelete