Wednesday, February 6, 2013

chomh gann le frapa ceann teannta...



Is minic duine ag rá sa lá inniu an t-earra seo nó an ní siúd a bheith "chomh gann le frapa ceann teannta." Is dócha go n-eascraíonn an seanfhocal ón uair a tháinig sé chun solais go raibh 6.4 milliún duine ar oileán na hÉireann ach gan ach aon fhrapa ceann teannta amháin.

Is cosúil, áfach, má chreidtear an ceannlíne thuas ar tháinig mé uirthi ar shuíomh athchóirithe an Indo, go bhféadfaí seanfhocal níos úire fós a chumadh: chomh gann le trícheathrúnach.

I gcead do Ray, agus dá fheabhas é mar láithreoir, ach má tá baol ar bith ann go bpull-throughfaidh sé, beidh rud eile á dhéanamh agam ar an Domhnach seo romhainn seachas mar a bhí beartaithe agam go nuige seo.