Tuesday, December 31, 2013

ceann i ndiaidh cinn...


seanbhliain ag imeacht
leiceann á thacú im' lámh
ag amharc ina diaidh

Chô-i


Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise agaibh!

Saturday, December 21, 2013

kölner dom sa dúluachair...

Drithlí an dóchais...

Luífidh Mac Dé...

Faoi dhraíocht na sollúntachta...

Gile na mórgachta...

In aghaidh an gheimhridh...

Aill chun na spéire...





Monday, November 11, 2013

tabhair póg dom, is tóin mé!...

Sa bhliain 1382 chuir Pfalzgraf Ruprecht a hAon an chathair Buchen san Odenwald faoi léigear d'fhonn na háítritheoirí a chur faoi ghéilleadh le gorta. Le linn an léigir, áfach, chuir an lucht istigh, mar sheift, fear ramhar (a bhí ramhar fós ag an am) suas ar bhalla na cathrach agus shín seisean a thóin i dtreo an namhad. Ar fheiceáil na mása breá beathaithe dó, thuig Ruprecht gur shaothar in aisce an léigear agus d'eirigh sé as.



Ní nach ionadh nár ligeadh an tóin laochta sin riamh i ndearmad agus is í an fhíor thuas suaitheantas na cathrach anuas go dtí an lá inniu. I mBuchen tugtar “der Blecker” uirthi.

Cuireadh tús le Fastnacht, nó carnabhal, i mBuchen inniu, an 11ú den 11ú, ag a 11 tar éis a 11. Ar ocáidí dá leithéid is deasghnáth é macasamhail órga den Blecker a chur ar taispeáint agus a thóin a phógadh.

Faraor, ach caithfidh mé díomá a chur oraibh i dtaobh ní amháin: ar imeacht ó Bhuchen don Pfalzgraf Ruprecht a hAon, ní fíor go ndúirt sé, "Ní hé lá na gaoithe lá na tóna."

Sunday, November 3, 2013

deireadh fómhair i volkspark humboldtshain...




Bhíos arís i mBeirlín ar na mallaibh. Lá breá fómhair a bhí ann a bhí chomh breá sin gur mealladh isteach sa pháirc seo mé i dtrátha an mheán lae. Tá cáil ar Volkspark Humboldtshain mar gheall ar dhá thúr mhóra as coincréit ar a raibh flakghunnaí suite i rith a chogaidh. Tá ceann amháín de na túir fós le feiceáil.

Ach ba bhreátha liom na crainn...

Saturday, November 2, 2013

slán le fómhar...

Satharn, 26.10.2013 - seachtain ó shin

Is fada leis na crainn agus leis an duilliúr seachtain ag an am seo den bhliain. 
Nára fada linn an geimhreadh!

Friday, November 1, 2013

an crann easumhal...


gan fhocail...



(zúmáíl isteach...)


Anois, an é go bhfuil an crann easumhal, easumhal dó fhéín nó fimíneach?

Tuesday, October 29, 2013

lou reed agus an t-athair peadar...

An té sna seachtaidí nár leor dó a bheith faiseanta ach ar mhaith leis a bheith fíor-chool ar fad níor mhór dó ceirnín amháin, ar a laghad, le Lou Reed a bheith ina bhailiúchán aige.

Nuair a bhí mé ag folmhú theach mo mháthar breis is bliain ó shin níor tháinig mé ar an gceirnín le Lou a bhí ag mo dheirfiúr agus agam sna seachtaidí ach tháínig mé ar chóip chaighdeánach de Mo Shaol Féin leis an Athair Peadar Ó Laoghaire. Léim cúpla leathanach den leabhar sin gach maidin agus mé ag comaitéireacht ar an S-Bahn agus is féidir a rá go bhfuilim ag baint taitnimh nach beag as. I láthair na huaire tá sé i Ráth Luirc, nó Charleville, mar a deireadh mo athair arbh as machaire méith na Mumhan dó ó dhúchas.

Bhí mé ag scimeáil ar an Idirlon aréir féachaint an aithneodh mé ón gclúdach cérbh é an ceirnín le Lou Reed  a bhíodh againn tráth dá raibh, ach níor aimsigh mé aon cheann a d'aithin mé. Ós é go raibh Walk on the Wild Life (cad eile!?) air, shocraigh mé faoi dheireadh gur Transformer a bhí i gceist agus d'íoslódáil mé é ar EUR 6,99 ó shuíomh Gréasáin aitheanta. Ba é sin an céirnín a dhein Lou Reed i dteannta le David Bowie, a léirigh é - leis an toradh go raibh snas tráchtála air murarbh ionann agus ar na cinn eile a bhí taifeadta aige roimhe sin.

Ar aon nós, bhíos ag éisteacht leis ar maidin - na cuimhní cinn ag teacht ar ais chugam - agus mé ag comaitéireacht ar an S-Bahn, agus an leabhar thuasluaite á léamh agam ag an ám céanna.

An t-Athair Peadar agus Lou Reed: nach deas an péire sibh, a smaoinigh mé. Ní fheadair an réiteodh sibh le chéile ar chor ar bith dá gcasfadh sibh ar a chéile áit éigin feadh na slí (Slí na Fírinne, is dócha).

Pé scéal é, ag éisteacht leis dom arís ar maidin d'aithin mé go bhféadtar a rá ina thaobh gurbh fhíor-ealaíontóir Lou Reed a raibh teachtaireacht (nó dhó) le craobhscaoileadh aige, dá laghad féin an tuiscint orthu ar dtús, b'fhéidir.

Maidir leis an amhrán a leanas, dá mhinice a éistear leis is ea is mó i bhfeabhas a théann sé.

Guím "lá foirfe" oraibhse, a chairde.



Thursday, October 24, 2013

schadenfreude...


De réir na dtráchtanna a bhí le léamh ar líne inniu, is geal le cuid mhaith den phobal abhus an drochscéal atá ag cur as chomh mór sin do Angela Merkel faoi láthair mar gheall ar a fón póca agus a cuid, ahem, "lucht éisteachta" thall i Meiriceá.

Cuirtear i gcuimhne sna tráchtanna úd cé chomh réchúiseach agus a bhí Merkel faoi nuair a tháinig scéal na huilechúléisteachta amach ar dtús roinnt míonna ó shin agus go raibh sí meáite air é a choimeád ina scéal beag. Is amhlaidh gur shíl sí nach raibh sí féín thíos leis an scéal. Ach má bhraith sí go raibh pribhléid agus rogha an dá slat tomhais ar fáil di - murab ionann agus don ghnáthphobal - is cosúil nach bhfuil ach aon slat amháin á húsáid ag an "lucht éisteachta" thall.

Mar a scríobh duine amháin: nuair a mheas sí í féin gan a bheith ina híospartach chuir sí i gcéill gur dhuine stuama, féín-mhuiníneach í nach éasca í a shuathadh (murab ionann agus i gcás an phobail íogair), ach nuair a fuair sí amach i ndeireadh na dála go rabhthas ag cúléisteacht lena fón póca féin, "ging sie ab wie Rumpelstilzchen"  (tháinig racht feirge uirthi mar a tháinig ar Rumpelstilzchen - ag deireadh a tsíscéíl sin).

Saturday, October 19, 2013

sacar le draíocht

Mar is eol don saol, is cluiche sách simplí sothuigthe é sacar. Ach is cosúil go gceaptar in áiteanna gur baol dó ar an ábhar sin a bheith ró-leadránach ó am go chéile agus gur gá an cluiche a bheochan le píosa draíochta nó dhó. Ar bhonn trialach, b'fhéidir.

Féachaigí mar a “scóráil” Stefan Kießling le buille cinn tráthnóna inné sa chluiche idir 1899 Hoffenheim agus Bayer Levekusen.




Ach cé gur mhór an spraoi é (ar aon chuma do roinnt de na himreoirí, tar éis dóibh an t-ionadh a chur díobh) an píosa draíochta seo, tá - mar is gnáth - an dream sceiptiúil (iad siúd ar bheagán creidimh, an dtuigeann sibh) ag dul i muinín an réasúin (mar dhea) chun míniúchán suarach a sholáthar agus chun an spraoi a mhúchadh leis.

Mar shampla, go raibh poll san eangach (dá dhofheictheacht é!).

Saturday, October 12, 2013

is fearr baoise ghreannmhar ná baoise shotalach: d'fhéadfadh Jogi rud nó dhó a fhoghlaim ó Yogi...



Chuir a ndúirt Jogi Löw faoin modh imeartha primitíbheach do-athraithe a bhíonn, dar leis, á chleachtadh ag foirne sacair Éireannacha riamh anall olc ar Johnny Giles. Cheal eolais, níl Jogi, dar le Johnny, in áit a bheith ag caitheamh anuas ar na himreoirí cumasacha a d'imríodh ar fhoireann na hÉireann fadó.

Cé gur deacair gan aontú le Jogi maidir le cás na foirne faoi láthair, ní den mhúineadh é do thraenálaí a bheith ag caint mar sin faoi fhoirne eile, dar le Johnny.

Ar aon nós, ó thaobh an daonra de, d'fhéadfadh Jogi dhá fhoireann a chur ar an bpáirc imeartha i ngach áit a gcuirfeadh traenálaí Éireannach imreoir amháin. Thairis sin, is é sacar an t-aon spórt páirce sa Ghearmáin gur fiú é a lua.

Leis na hacmhainní atá ar fáil dó d'fhéadfá a rá go mba mhithid dár gcara Jogi corn de dhath éigin a bhreith abhaile leis tar éis dó a bheith naoi mbliana sa jab. Shroich foireann na Gearmáine cluiche ceannais Chorn an Domhain sa bhliain 2002 faoi Rudi Völler bocht a cuireadh ina leith gur theip ghlan a dhreas mar thraenálaí. Agus ba í sin an uair dheireannach dóibh sa chluiche ceannais.

Ach b'fhéídir go bhféadfadh Jogi rud nó dhó a foghlaim ó Yogi eile faoi chúrsaí ráiteas.

D'imríodh an Yogi seo, Yogi Berra, mar cheapadóir do na Yankees as Nua-Eabhrac agus tá cáíl air as na nathanna a thagadh ó am go chéile uaidh.

Seo libh roinnt díobh:

"Baineann nócha faoin gcéad an daorchluiche leis an intinn, agus an leath eile leis an gcorp."

"Má thagann tú go gabhal dhá bhóthar, tóg é."

"Sa teoiric níl aon difríocht idir teoiric agus cleachtas. Sa chleachtas tá."

"Ní dúirt mé an chuid is mó dá ndúirt mé."

"Ní fiú dime nickel níos mó."

"Níl an todhchaí mar a bhíodh sí."

"Ní théann duine ar bith ann níos mó. Bíonn sé ró-phlódaithe."

"Níl de rún agam encyclopedia a cheannach do mo pháistí. Lig dóibh siúil go dtí teach na scoile amhail mar a dhein mise."

Is fearr baoise ghreannmhar ná baoise shotalach.

Thursday, October 10, 2013

easpa dlúthpháirtíochta idir na sóisialaigh: an casúr in aghaidh an chorráin...



De réir tuairisce sa Süddeutsche Zeitung a bhí ar an mbord romham ar an traein ar maidin tá Éire ar cheann de na constaicí is mó faoi láthair do aontú idir an SPD agus an CDU.

Is amhlaidh go bhfuil an SPD ag cur go glan ina choinne go bhfaighidh na bainc Éireannacha airgead go díreach ón Sásra Eorpach um Chobhsaíocht mar chiallódh sin go mb' iad na cáiníocóirí (Gearmánacha) sa deireadh a bheadh ag íoc as ...ahem... fiontraíocht na mbanc. Tá na sóisialaigh dhaonlathacha ag éileamh, go fiú, go dtarraingeoidh Merkel siar as comhaontú atá déanta cheana féin faoi cheist mhaoiniú na mbanc.

Agus deir an SPD go mba chóir go nglacfadh Éire le coinníollacha géara i dtaobh cháin chorporáide sara bhfaigheann sí tuilleadh airgid.

D'ainneoin go mbíonn na sóisíalaigh in ainm a bheith ar son an duine bhig agus ar thaobh na beithe bige ní dócha go ndéanfaidh an SPD trócaire ar phobal na hÉireann a fágadh idir ord agus inneoin in éineacht le fiacha na mbanc nuair a rug an rialtas deireannach na cosa (agus na pinsin mhóra) leo.

Ach nach mar sin a bhí sé céad bliain ó shin nuair a theip ar na sóisialaigh cur le chéile chun lucht reáchtáilte an chéad chogadh domhanda a chur de dhroim seoil? "Is giorra do dhuine a léine ná a chóta", mar a deir seanfhocal Gearmánach.

An mbeidh Páirtí an Lucht Oibre i bponc dá dheasca?


Saturday, September 21, 2013

idir dhá cheann na meá ach fanfaidh Merkel ina seansailéir (das heißt, Mutti bleibt)...


Samhlaítear dom go raibh tráth ann nuair a chreid an pobal go bhféadfaí cor dearfach a chur i gcúrsaí an tsaoil ach an dream ceart a vótáil isteach. Ba mar sin a bhí sé, mar shampla, nuair a toghadh Willy Brandt ina sheansailéir sa "Willy Wahl" sa bhliain d'aois an Tiarna 1972. (I ndeireadh an lae, b'éigean do Whiskey Willy éirí as roimh am, ach sin scéal eile. Nó b'fhéidir nach scéal eile é)

Is ar éigean a thagann a leithéid de sceitimíní tnúthánacha ar aon duine sa ré iar-dhóchasach mhallaithe seo seachas ar lucht na líonraí féin-chothaithe siúd a ghreamaíonn chomh docht de gach páirtí polaitíochta agus a chloíonn an caonach liath le canta aráin lofa. Dá dhorchacht scáth na cumhachta is ea is dleathaí an chaimiléaracht faoi.

Pé scéal é, beidh an t-olltoghchán ar siúl anseo sa Ghearmáin amárach agus bíodh gur mó óna hionathair ísle thíos ná ón inchinn uasal thuas a thagann sí, is í tuairim na ndaoine anseo ar an talamh go mbeidh an lá leis an gcomhrialtas atá i gcumhacht faoi láthair.

De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí, áfach, tá toradh an toghcháin fós idir dhá cheann na meá. De réir pobalbhreithe amháin tá an comhrialtas chun tosaigh ar na páirtithe eile, de réir pobalbhreithe eile tá sé chun deiridh orthu agus de réir pobalbhreithe eile fós tá an comhrialtas agus páirtithe an fhreasúra gob ar ghob.

Tá dhá rud cinnte, áfach: beidh an Union (CDU - Aontas na nDaonlathaithe Críostaí) de chuid Angela Merkel ar an bpáirtí is mó sa Bhundestag, agus ní bhainfidh comhrialtas ionchasach na nDaonlathaithe Sóisialta (SPD) de chuid Peer Steinbrück agus na nGlasach an tromlach amach sa phairlimint.

Faoi láthair gheobhadh, ar an meán, an CDU 40%, an SPD 26%, na Glasaigh 10%, Lucht na hEite Clé 10% agus na Liobrálaigh 5%.

De réir chóras toghchánach na Gearmáine tá tairseach iontrála de 5% d'iomlán na vótaí agus ní mór do pháirtí 5% na vótaí ar a laghad a fháíl chun teacht isteach sa phairlimint. Ceann de na ceisteanna is cigiltí i láthair na huaire ná an bhféadfaidh na Liobrálaigh an tairseach seo a shárú nó an bhfanfaidh siad lasmuigh den Bhundestag.

Má tharlaíonn go dtiteann na Liobrálaigh amach as an áireamh, caillfidh an CDU a chéile comhrialtais agus beidh áirimh eile le déanamh maidir le comhdhéanamh comhrialtais.

Beidh seans - nó baol - ann ansin go mbeidh comhrialtas mór (CDU + SPD) ag bagairt orainn. Ag bagairt orainn? Sea, ag bagairt orainn; ní maith an rud é rialtas gan fhreasúra.


FO-NÓTA MÍNITHEACH (nó iarracht air!)
Is córas simplí é córas toghchánach na Gearmáine. Ar an taobh amháin de. Ar an taobh eile de, tá sé casta go leor.

Bíonn dhá vóta ach gach vótálaí: an chéad vóta i gcomhair iarrthóra sa toghlach ina gcónaíonn an vótálaí, agus an dara vóta i gcomhair páirtí. Is é an rud a chuireann mearbhall ar líon millteach mór de na vótálaithe ná gurb é an dara vótaí an vóta is tábhachtaí. Rud atá thar a bheith frith-iomasach.

An chuid shimplí den chuid shimplí: tugtar vóta (die Zweitstimme - “an dara vóta”) do pháirtí agus roinntear na súiocháin sa Bhundestag ar na páirtithe de réir na gcéatadán a fhaigheann siad sa toghchán.

An chuid chasta den chuid shimplí: tá breis agus 60,000,000 vótálaí sa Ghearmáin agus gan ach 622 feisire sa Bhundestag. Úsáidtear, mar sin, modh matamataiciúil ar a dtugtar Modh Sainte-Laguë/Schepers chun an dáileadh a chur i gcrích. Is stát feidearálach an Ghearmáin agus is sna ballstáit a dhéantar an dáileadh. Ach ní thagann páirtithe i gceist nach bhfuil an tairseach de 5% na vótaí sa Ghearmáin ina hiomláine bainte amach acu. An dtuigeann sibh?

An chuid shimplí den chuid chasta: tá 299 toghlach ann agus toghtar feisire amháin ó gach toghlach. Chuige seo tá an “chéad vóta” (Erststimme) ann. An t-iarrthóir a fhaigheann an líon is mó de na vótaí seo sa toghlach faigheann sé suíochán, "suíochán díreach" mar a thugtar air, sa Bhundestag. (Ní fhaigheann sé suíochán, áfach, mura bhfaigheann a pháirtí 5% de líon iomlán na vótaí ar fud na Gearmáine nó mura bhfaigheann beirt eile den pháirtí céanna “suíocháin dhíreacha” den chineál seo.)

An chuid chasta den chuid chasta: tarlaíonn sé go minic gur mó líon na suíochán díreach seo a fhaigheann páirtí ná líon na suíochán a bheadh dlite don pháirtí de réir an chéatadáin de na vótaí atá faighte acu. Sa chás seo is ea a choimeádann an páirtí na suíocháin breise (ar a dtugtar Überhangsmandate) agus faigheann na páirtithe eile suíocháin breise (ar a dtugtar Ausgleichsmandate) chun an chomhréir chéatadánach a chaomhnú.

Mura bhfuil an méid sin tuigthe agaibh, ná bígí buartha faoi mar is beag duine sa Ghearmáin a thuigeann an córas toghchánach abhus.

Is minic, mar shampla, a dhéanann na Liobrálaigh iarracht ar theacht i dtír ar an easpa tuisceana seo. “Níl uainn ach an dara vóta!” a deir na Liobralaigh!

Saturday, August 24, 2013

an stair nach raibh...

Hitler á dhíbirt mar eachtrannach neamhdhlíthiúil


An bhfaca sibh fós an scannán gearr ar mhúnla scannáin fógraíochta a dhein mic léinn atá ag freastal ar an Acadamh Scannánaíochta i Ludwigsburg mar chleachtadh. Tá sé faighte viréasach ar fud an idirlín le laethanta beaga anuas agus díospóireacht á spreagadh aige cheana féin faoi fhéinriaradh ceartais. Is cosúil go gcuireann sé an scannán "Minority Report" i gcuimhne do go leor de na tráchtairí, scannán nach bhfuil feicthe riamh agam féin.

Nach ceist í a chuirtear go minic: conas mar a bheadh cúrsaí sa lá inniu dá mba rud é nár tharla an eachtra seo nó an eachtra siúd? An mbeadh na Stáit Aontaithe ann sa lá inniu dá mba rud é gur thit Paul Revere den chapall? Agus dá mba rud é go raibh tíreolaíocht na hÉireann ní ba fhearr ar eolas ag Juan del Águila, an mbeadh an clú céanna ar an mBóinn?

Taispeánann an scannán de chuid na mac léinn Hitler mar gharsún a leagann agus a maraíonn Mercedes é d'ainneoin gur stop an córas uathoibríoch cúnta tiománaí a bhfuil sa charr an carr roimh bheirt chailíní go díreach roimh ré.

Ach san fhíorshaol féin bhí go leor deiseanna ag an gcinniúint teacht trasna ar Hitler. Mar shampla, ba dhuine gan stát Hitler anuas go dtí 1932 agus i gcónaí i mbaol a dhíbeartha dá bharr go dtí gur cheap an Saorstát Braunschweig ina státseirbhíseach é, an tsaoránacht á bronnadh air ag an am céanna.

Tuesday, August 20, 2013

ghin ealaín ealaín...



Ba chumadóir Rúiseach Arthur Lourié a rug na cosa leis amach as an Rúis tar éis na Réabhlóide sa bhliain 1917. B'éigean dó na cosa a bhreith leis arís sa bhliain 1941, as Páras an babhta seo agus na Gearmánaigh ag teannadh ar an gcathair. Am éigin idir an dá linn chum sé píosa ceoil dar teideal Nochtraí Pháirc an Fhionnuisce. Tá sé tiomnaithe do Shéamus Seoige. (Mar is eol daoibh, gan amhras, tá ról lárnach ag Páirc an Fhionnuisce i dTórramh Uí Fhionnagáin.)

Má léann sibh an bhlagmhír seo agus má éisteann sibh leis an nochtraí, tá seans ann go mbeidh sonra ar eolas agaibh nach bhfuil ar eolas ag na Seoigithe feín agus go bhféadfaidh sibh pointí a scóráíl orthu ar an gcéad Lá Bloom eile.

Tá a fhios agaibh cad is Seoigí, nó Seoigithe san uimhir iolra, ann, nach bhfuil? Is iadsan na daoine a labhraíonn i gcónaí le Séamus - sa tuiseal gairmeach, an dtuigeann sibh? - cé go bhfuil an fear céanna ar Shlí na Fírinne le breis agus seachtó bliain anuas.

Mar sin, más Seoigithe cheana féin sibh, ní foláir nó go bhfiafróidh sibh de, "Ar thaitin an píosa ceoil sin leat, a Jim?"

Saturday, August 17, 2013

nuair a ghineann ealaín ealaín...



Ar cuairt dó san Iodáil sa bhliain 1954 tháinig an cumadóir Seiceach Bohuslav Martinů ar na freascónna a phéinteáil Piero della Francesca sa chúigiú haois déag i gcomhair na baislice Prionsiasaí. Fuair sé an tsubtaint iontu de gach ar mhian leis cur in iúl trí cheol: síocháin agus dathanna an nádúir, simplíocht na foirme agus fealsúnacht na hinghlacthachta.

Chum sé Les Fresques de Piero della Francesca sa bhliain dár gcionn d'fhonn an spreagadh a fuair sé in Arezzo a thabhairt chun críche.

Ar éirigh leis?

Wednesday, July 31, 2013

die Zehntscheune - an scioból deachúna





Bhí mé san áit bheag seo an tseachtain seo caite. Uffenheim ainm na cathrach bige agus tá sí san Fhrancóine Láir. Ba é sa bhliain 1103 a céadluadh sna seanchaipéisí í agus ón Impire Cathal IV a bhfuair sí a cairt cathrach sa bhliain 1349.

Amhail cathracha meánaoiseacha eile abhus tá balla thart timpeall uirthi agus go leor seantithe le feiceál ann.

Tharraing na tithe thuas mo aird. Mar a fheictear ar an bhfógra is cuid de mhúsaem iad sa lá inniu.

Is beag duine ar na saolta seo a bhfuil a fhios acu cad is scioból deachúna ann. In ionad na deachún agus an sciobóil deachúna, áfach, tá an cháin eaglaise agus na coimisinéirí ioncaim sa lá inniu.

Sunday, June 30, 2013

"an té a choigleann an tslat, milleann sé an mac."


Ar na leabhair ar tháinig mé orthu agus mé ag glanadh amach theach mo mháthar anuraidh bhí "Caint is Caidreamh" le Peadar Ó Donnabháin. Is leabhar do fhoghlaimeoirí é atá roinnte i 50 caibidil, nó mar sin, agus tá cur síos i ngach caibidil ar ghné éigin de ghnáthchúrsaí an tsaoil. Bíodh gur leabhar do fhoghlaimeoirí é, níl sé tur teagascach ar chor ar bith de bharr é abheith lán de fhaisnéis.

Agus, níos tábhachtaí fós, ní cheileann an t-údar a chuid tuairimí ar an léitheoir! Cé gur foilsíodh sa bhliain 1976 é, ní féidir a mhaíomh go bhfuill na tuarimí trí chéile ró-nua-aimseartha!

Mar Shampla, an chaibidil dar teideal "An té a choigleann an tslat, milleann sé an mac."

"An té nach n-oiltear i gceart le linn a óige, tá seans ann go mbeidh sé ina choirpeach níos déanaí. Má sparálann an tuismitheoir an tslat, tá saol mí-ámharach i ndán don pháiste."

"...níl rud is éifeachtaí chun smacht a chur ar an aos óg ná úsáid mheasartha a bhaint as an tslat."

"Duine óg a ligtear leis gach ní a dhéanamh de réir a thola, tá contúirtí i ndán dó ar ball. Ní bheidh sé umhal d'aon duine;..."

"Diaidh ar ndiaidh, gach seans, déanfaidh sé iarracht airgead a fháil go mídhlisteanach,..."

Agus luann sé an seanfhocal breá úd: "An tslat nuair a chruann le haois, is deacair a shníomh ina gad."

B'fhéidir go gcruthaíonn na téipeanna a foilsíodh sna laethanta beaga go raibh an ceart ag Peadar Ó Donnabháin tar éis an tsaoil!

I gcásanna áirithe, chun na fírinne a rá, ní hé gur trua gur theip ar an athair a dhóthain úsáide a bhaint as an tslat ach gur trua gur bhain sé úsáid aisti an chéad lá riamh!

Friday, May 31, 2013

superhirn - sárinchinn


Bhí an duine seo ar an teilifís ar na mallaibh. Rüdiger Gramm is ainm dó agus is curadh na meabhairuimhríochta é. Is féidir leis uimhir i gcumhacht uimhreach eile a ríomh agus an toradh a fhógairt ar an toirt.

Ba í an chéad toradh a ríomh sé ná 73 i gcumhacht 12. Ceann eile 83 i gcumhacht 20, uimhir le 39 deachúil an toradh air sin.

Is amhlaidh gur gnáthduine é, mar a déarfá. Ní idiot savant nó níl uathachas i gceist. Tá corpus callosum tiubhaithe ann, áfach, rud atá faighte amach ag na heolaithe (corpus callosum an droichead idir an dá leath den inchinn). I gcomparáid le cás an ghnáthduine, is lia réigiúin na hinchinne a mbaineann sé úsáid astu dá bharr.

Wednesday, April 24, 2013

an mbeidh Hoeness ina cheap tuisle do Mherkel?...

Beidh olltoghchán abhus san fhómhar agus go dtí an pointe seo bhí an chuma ar an scéal nach mbeadh seans dá laghad ag iarrthóir pháirtí mór an fhreasúra - mar atá Peer Steinbrück ón SPD - i gcoinne Angela Merkel ón CDU. De réir na bpobalbhreitheanna a foilsíodh le tamall anuas bhí Merkel i gcónaí go daingean chun tosaigh ar Steinbrück. Cé nach bhfuil bua an charasma ag ceachtar den bheirt, tá lucht a pháírtí féin fiú den tuairim go gcaithfidh go bhfuil iarrthóir níos fearr ná Steinbrück san SPD.

 

Bhí feachtas leadránach agus olltoghchán intuartha ag bagairt orainn dá thoradh.

Ach b'fhéidir go bhfuil an imghabháil cánach atá curtha i leith Uli Hoeness tar éis cor a chur sa scéal. Tá Hoeness - atá an-mhór leis an CSU (CDU na Baváire) - ina uachtarán ar chumann sacair Bayern München agus roimhe sin ba é an fear a bhí freagrach as gnóthaí an chumainn le breis agus triocha bliain anuas. Is féidir a rá gur Hoeness ba chúis leis go bhfuil Bayern München ar cheann de na foirne is fearr ar domhan sa lá inniu.

Cuirtear ina leith anois go bhfuil suim dhoshamhalta mhór airgid i bhfolach aige san Eilvéis agus go bhfuil imghabháil mhór cánach ag baint leis an gcúinse seo. (Agus níl sé léir fós cá bhfuair sé an t-uafás céanna airgid.) Tá píonós príosúin ag bagairt air anois go fiú.

Tá Hoeness tar éis a rá go raibh sé de rún aige an rud go léír a chur ina cheart a luaithe a bheadh an comhaontú cánach idir an Ghearmáín agus an Eilvéis a bhí le cur i bhfeidhm curtha i bhfeidhm. De réir na reachtaíochta a bhí le cur i bhfeidhm mar chuid den chomhaontú seo, bheadh cead ag imghabhálaí cánach le cuntas bainc rúnda san Eilvéis a fhiach cánach a ghlanadh gan a ainm a nochtadh agus tosú as an nua ar bhonn dleathach. Chuir an SPD stop leis an gcomhaontú ag deireadh na bliana seo caite sa Bhundesrat (an seomra do ionadaithe na mballstát cónaidhme), áit a bhfuil an tromlach ag an bpáirtí sin i dteannta leis na Glasaigh.

Dearbhaíonn cás Hoeness go raibh an ceart ag an SPD cur i gcoinne na reachtaíochta siúd dar leo féin. Lena chois sin, fágann an scéal drochbhlas i mbéal an phobail i leith pháirtithe an rialtais agus a n-easpa fíordhúthrachta i dtaobh dul i ngleic le himghabhálaithe saibhre cánach.

Is geall le tabhartas ó Dhia dóibh anois cás cánach Uli Hoeness.

Is cosúil nach bhfuil an rás rite fós tar éis an tsaoil.

Tuesday, April 23, 2013

íomhá agus fírinne: an ísiltír...

Feicim sa nuachtán go mbeidh rí úr san Ísiltír faoi cheann tamaill. Liam-Alastair is ainm dó, más buan mo chuimhne.

Ós rud é go bhfuilim i mo chónaí ar an Mór Roinn leis na cianta ba mhinic dom a bheith san Ísiltír nó teangmháil a bheith agam le Dúitsigh agus tá meon dearfach agam i leith na tíre agus na ndaoine dá bharr.

Bhí cáil mar thír an-liobrálach agus oscailte ar an Ísiltír riamh anall agus, ar ndógh, ní fada a mhairfeadh a leithéid gan é a bheith fíor, don chuid is mó ar aon nós. Ach ar an taobh eile de, áfach, chuaigh mé in aithne thar na blianta ar ghnéithe frithráiteacha a bhaineann leis an Ísiltír nach dtagann leis an íomhá sin agus chuir sin mearbhall orm. Ar dtús, ar aon chaoi.

Mar shampla, is cuimhin liom uair amháin nuair a bhíos i gKöln ar thuras gnó. Sa tráthnóna bhíos ag ól beorach nó dhó - Kölsch - i dtábhairne éigin inar casadh Dúitseach orm. Uair éigin le linn an chomhrá chuir sé ar an eolas mé nach raibh sé ró-shásta leis an méid daoine gorma a bhí ina gcónaí san Ísiltír. Duine aonair agus a dhearcadh, mar a cheap mé ag an am, ach dhearbhaigh sé dom go raibh na gnáthdhaoine - Henk agus Ingrid, mar a thugtar orthu - nó líon mór díobh, ar aon intinn leis. Go luath ina dhiaidh sin bhí leithéidí Fortuyn, van Gogh agus Wilders ar an bhfód agus tacaíocht nach beag acu i measc an phobail.

Agus cé nach féidir a rá go mbíonn iompar an phobail san Ísiltír aon cheo níos páistiúla ná iompar an phobail in aon tír eile ina bhfuil traidisiún baoth neamhdhaonlathach na monarcachta i réim, is deacair a thuiscint cén fáth a leantar ar aghaidh sa lá inniu leis an seicteachas a bhaineann léí. Ní deacair an ruaille-buaille agus an drochphreas a shamhlú dá gcuirfí a leithéid i bhfeidhm in Éirinn!

Is daoine cliste iad na Dúitsigh, gan amhras.

Monday, April 15, 2013

haiku...


nocht an slua romham
díthreabhach gach anam ann
i gcuideachta corp

Sunday, April 14, 2013

Veronika, der Lenz ist da!

Dá fhaid an Geimhreadh, tagann an tEarrach.





(Curfá) 
A Veronika, tá an tEarrach ann 
Canann na cailíní tra-la-la
Tá an saol mar a bheadh sé faoi dhraíocht
A Veronika, tá an lus súch ag fás...


Mar a thuigfí ón gcomhthéacs is í an chiall atá le "Lenz" ná "Earrach". Ní úsáidtear sa ghnáthchaint sa lá inniu é, áfach, úsáidtear "Frühling" - cé is moite de chomhthéacs fileata nó i sean-nathanna, b'fhéidir. Mar a fheictear, tá an focal gaolta leis an bhfocal don charghas sa Bhéarla.

Dála an scéíl, luaitear débhríocht le "tá an lus súch ag fás"...

ar bhruacha rio de la plata (8)


Ar mhaidin an cheathrú lae in Uragua thaistil mé ar eitleán de chuid Aerolineas ar ais chuig Buenos Aires. Is aerfort an-nua ar fad an t-aerfort Carrasco i Montevideo. Tá sé suite taobh leis an sean-aerfort atá go han-sean ar fad. Deirtear go mbíodh na paisinéirí de shíor ag tabhairt amach faoin ndroch-chaoi ina raibh an sean-aerfort agus gubh é sin a spreag an rialtas an t-aerfort nua a thógáil. Maoinítear an ceann nua as an táille, nó formhuirear, de $31 a íocann gach paisinéir a bhaineann úsáid as.

Bhí radharc breá anuas ón eitleán ar an inbhear v-chruthach ar a dtugtar Rio de la Plata agus ar an gcathair La Plata chomh maith. Ba é Sebastian Cabot sa séú haois déag a bhaist "Abhainn an Airgid" ar an inbhear cé nach fuarthas a dhath den mhiotal luachmhar úd san áit seo riamh. An tUragua agus an Paragua na haibhneacha a ritheann amach ón mórthír isteach ann. An uair seo ba é Aeroparque Jorge Newberry, aerfort na cathrach, ceann scríbe an eitleáin.


Agus ó tarlaíonn gurb iad nithe a bhaineann leis an eitilt atá faoi chaibidil agam anseo ba chóir dom na héin a lua ar thug mé grianghraif díobh ar an gcósta i Montevideo.

  
Pilibín an Deiscirt (Vanellus Chilensis

Is éan náisiúnta Uragua Pilibín an Deiscirt (cé go bhfuil Éanna ann níl aon éan náisiúnta in Éirinn). Feictear dom go bhfuil an pilibín seo an-chósúil leis an gceann s'againne sa tuaisceart, an ceann a dtugtar Vanellus Vanellus air.


   
Cnagaire Machaire / Carpintero Campestre (Colaptes Campestris)

Is éan níos "andúchasaí" ar fad an Cnagaire Machaire agus é go breá dathannach. 

Bíodh a fhios agaibh go raibh orm zúmáil isteach chomh fada agus ab fhéidir agus an ceamara a choinneáil go han-s o c a i r  ar fad...  (Mar sin gliogáil libh chun iad a mhéadú, más maith libh.)

Dála an scéil, nár chóir dúinn éan náisiúnta a cheapadh in Éirinn? Cén t-éan a mholfadh sibh? An rara avis? An t-éan corr? An bonnán buí? Nó an Schluckspecht féin?

Tuesday, April 9, 2013

ar bhruacha rio de la plata (7)


Tar éis dom an gnó leis an bPápa a chur i gcrích (ach sin scéal eile, mar a déarfá), thóg mé an bád farantóireachta anonn chuig Colonia del Sacramento, áit atá lonnaithe ar an taobh thall in Urugua ar bhruach an Rio de la Plata.

Ba é Colonia an chéad lonnaíocht Eorpach in Urugua.


Ag tús na hochtú aoise déag dhein an Maigh Eoch réamhluaite, Liam de Brún, ionsaí ar an áit seo. (Ní fheadar an fearr gan cead a chinn a thabhairt do Mhaigh Eoch.)

Chaith mé an oíche i gColonia mar a raibh mé in ann, cheal truaillithe solais, na réaltaí agus na réaltbuíonta a fheiceáil go cruinn sa spéir. Cros an Deiscirt a bhí á lorg agam.

Ar an lá dar gcionn thaistil mé ar an mbus go Montevideo.

 Palacio Salvi, Montevideo

Bhí Montevideo sách saibhir sa chéad trian den 20ú aois agus tá sé sin le feiceáil ar na foirgní i lár na cathrach. Mar shampla, nuair a tógadh Palacio Salvi sa bhliain 1928 ní raibh aon fhoigneamh eile i Meiriceá Theas a bhí ar chomhairde leis agus níor sáraíodh airde an fhoirgnimh chéanna go dtí an bhliain 1935.

Cé gur ar bhruach inbhear Rio de la Plata atá Montevideo lonnaithe tá sé chomh gar don Atlantach gur geall le farraige é an Rio de la Plata ag an áit seo.


 Playa de los Pocitos

Tá promanáid a dtugtar La Rambla uirthi curtha síos ar imeall an uisce atá thart ar 22 km ar fad agus roinnt mhaith tránna in aice leis. Is í an Playa de los Pocitos an trá is mó a fheictear ar na cártaí poist.

"Is dúnmharú í an fheoil"

Bhí an teachtaireacht thuas spraeáilte ar an mballa a ritheann taobh leis an Rambla. Is cosúil nach bhfuil gach duine fiú amháin in Urugua ar aon intinn i dtaobh na feola.

Sunday, March 31, 2013

ar bhruacha rio de la plata (6): agus i mbun an dá thrá a fhreastal



Cén dá thrá a bhí i gceist? Tugaimis an trá mhín agus an trá gharbh orthu.


Ar dtús, an trá mhín: d'éirigh liom ticéad a fháil don chéad cheolchoirm (De Rusia con Amor) a cuireadh i láthair i Teatro Colón sa séasúr 2013. Chuir sin lúcháir nár bheag orm mar bhí teipthe orm ticéad a cheannach ar líne sa Ghearmáin an tseachtain roimhe sin.


Deirtear gurb é an Teatro Colón an ceoláras is mór-le-rá i Meiriceá Theas agus go bhfuil sé ar cheann de na ceolárais is fearr ar domhan ó thaobh na fuaimíochta de. Ar aon nós, bhain mé an-taitneamh as an gceolchoirm.



Anois, an trá gharbh: cúpla lá ina dhiaidh sin d'éirigh liom ticéad a fháil don chluiche sacair den Primera División idir River Plate agus foireann eile darb ainm Colón (as Santa Fé). Ba í River Plate an fhoireann bhaile agus bhí an cluiche le bheith ar siúl sa staidiam ina raibh an cluiche ceannais i gCorn an Domhain sa sacar sa bhliain 1978.

Thug an duine a dhíol an ticéad liom rabhadh dom. "Beidh tú istigh le leantóirí River Plate agus beidh an rogha seo a leanas agat: is leantóir River Plate tú nó bainfear an cloigeann díot!" a duirt sé. "Ach i ndeireadh na dála," mar a mheabhraigh sé dom, "is amhlaidh é go bhfuil rogha agat" .


Bhí, is dócha, agus bhí an t-atmaiféar go hiontach ar fad.


Bhí na leantórí ag canadh beagnach an t-am go léir.


Buille faoi thuairim ó éinne cad a tharla go díreach ina dhiaidh sin?


Sea, cúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúl a bhí ann.

Bhuaigh River Plate an cluiche 2 -1 agus d'fhág gach duine an staidiam lena chloigeann san áit cheart.

Agus tá geansaí bán le stríoc dhearg thrasnánach agam anois sa vardrús.

Saturday, March 30, 2013

ar bhruacha rio de la plata (5): dulce de leche y alfajores!


Má tá dúil i rudaí milse agat, i gcaramal go háirithe, is é san Airgintín (nó i Meiriceá Theas i gcoitinne) a gheobhaidh tú do sháith díobh.

Sa bhabhla sa ghrianghraf thíos bhí maróg charamail le feiceáil agus é báite i ndulce de leche. Is é rud nár thóg mé mo cheamara amach in am chun grianghraf a thógáil de mar go raibh mé sáite i rud éigin. (Leid: sa mharóg.)


Is aoibheann leis na daoine dulce de leche, de réir cosúlachta, mar tá sé le feiceáil i ngach áit agus faightear é i mbeagnach gach milseog.

Is é is brí le dulce de lechemilseacht an bhainne agus is milseogra é a dhéantar le bainne agus siúcra. Téitear an bainne milsithe go mall, á mheascadh de réir a chéile le siúcrá caramalaithe.

Bíonn sé le fáil mar mhilseog, mar uachtar reoite, mar leathán ar arán, mar líonadh i gcistí milse srl.

Bíonn sé le fáil freisin i milseogra a dtugtar alfajor air - cosúil leis an ceann thíos. Bhí an ceamara amuigh in am agam an uair seo (don dara ceann).




Tuesday, March 26, 2013

ar bhruacha rio de la plata...(4)



Is é Recoleto an ceantar cathrach is galánta dá bhfuil i lár na cathrach. Is anseo a fheictear an chuid is mó de na foirgnimh a tógadh i bhfaisean na Fraince.






Is cosúil, áfach, nach raibh an bord pleanála ró-dhian sa chás seo a leanas:


Tarlaíonn go bhfuil na seanóirí bochta timpeallathe ag na boic arda nua-aoiseacha in áiteanna.


Tá cáil ar Recoleta freisin mar gheall ar an reilig atá lonnaithe anseo inar fágadh roinnt daoine clúiteacha sa bhaile.


Is geall le cathair bheag í le sráideanna agus "tithe" beaga.




Is anseo atá másailéam Eva Perón (1919 - 1952), nó Evita mar is fearr aithne uirthi. Is é an másailéam is minice a mbíonn na turasóirí ag tabhairt cuairte air agus is anseo a fheictear na sluaite is mó.



Is beag duine nach gcuireann an dáta 1982 mearbhall orthu mar a bhí le cloisteáil thart timpeall orm.

Tá muintir Uí Fhlaithearta ann freisin...



agus an tAthair Ó Fathaigh, baigh Daid!


Agus an fear is tábhachtaí ar fad...


... as Maigh Eo dó! (Ócé Enda, bí id' shuí arís, a mhic. Ní túsa a bhí i gceist agam.)

Liam de Brún ab ainm don fhear seo as contae Maigh Eo. Agus ba é an t-Aimeréal Guglielmo Brown, mar is fearr aithne air anseo, an fear a bhunaigh cabhlach na hAirgintíne sa naoú haois déag.


"Ingles de origen" atá greanta ar an ngloine, áfach...


...ach sara bhfliucheann lucht revisionistas a mbrístíní le teann lúcháire, caithfidh mé a lua gur chuala mé treorú turasóirí - Sasanach ea ba é - ag míniú an scéal go han-leithscéalach ar fad do lánúin a bhí ina seasamh os comhair an mhásailéim. Is ea a dúirt an Sasanach deas múinte seo ná  gur amháín mar gheall ar na dálaí polaitiúla ag an am gur cuireadh an sonra mícheart seo ar an séadchomhartha.

Maigh Eo, Dia dár sábháil!