Wednesday, April 28, 2010

145,000,000,000 EUR ag teastáil ón nGréig =...

A G L A !

dúisigh!

Píosa beag bríomhar é seo a chum an snagcheoltóir Gearmánach Tilmann Dehnhard. Chuala mé é ag ceolchoirm le déanaí.

Seinntear ar fhliúiteog é. Níl an fhliúiteog ina h-aonar, áfach. Mar thionlacan tá clog aláraim aici.



Wake Up! agus ní Wach Auf! a cuireadh air d'ainneoin gur geall le comhionann an leagan Gearmánach leis an leagan Béarla.

Cén fáth sin, dar libh?

Monday, April 26, 2010

an seanbhuachaill faoi bhláth arís...

I dtús báire, ba mhaith liom a dhearbhú go maithim do gach éinne a shíl go raibh an teideal thuas ag tagairt domsa. Níl sé.


Dhá sheachtain ó shin bhí mo chara thuas fós lomnocht cé go raibh an t-aos óg thart timpeall air ag bachlú leis go h-anamúil. Ach anois tá an sean-dair urramach ag breith ar na crainn óga agus faoi cheann cúpla seachtain beidh sí faoi bhláth arís. Don 380ú huair nó mar sin, más fíor agus más cruinn an modh meastacháin aoise ar bhain mé úsáid as - tá an tamhan 1,50m ar trastomhas, ar a laghad.




Is cineál fhinné na n-aoiseanna iad crainn ársa, is dócha. An bhfaca an sean-dair seo Napoleon, mar shampla, ag dul thart agus é, b'fhéidir, i ngiorracht scread asail di?

Cuirtear Kaisereiche - dair (an) Chaesair - ar an seanbhuachaill thuas. Tráth dá raibh, chuirtí dair in omós do Chaesar nó i gcuimhne air agus táid, na Kaisereichen, scaipthe ar fud na gcríoch a bhíodh faoi réim Impireacht Naofa na Róimhe.

Níl sé faighte amach agam fós cérbh é an Caesar ar cuireadh an ceann seo in omós dó ach de réir an mheastacháin aoise thiocfadh an fear seo i gceist.

Táim cinnte de, áfach, nárbh in omós don Khaiser seo ar cuireadh an dair thuas.

Saturday, April 24, 2010

Sudhauspfännle...nó painnín tí ghrúdaithe

Sudhauspfännle – Schweinelendchen auf Kräuterspätzle und Rahmsoße

Dheineas an grianghraf thuas inniu. Bhíomar i mbialann ar Gasthausbrauerei - mar a déarfá - í freisin. Séard atá i gceist ná bialann (Gasthaus) le grúdlann (Brauerei) inti, nó - má b'fhearr leat - grúdlann (Brauerei) le bialann (Gasthaus) inti. Grúdlann bheag a bhíonn i gceist go hiondúil i gcás na nGasthausbrauereien. Ní bhuidéalaítear de ghnáth an bheoir a ghrúdaítear mar is amháin i gcomhair na bialainne í. Naturtrüb nó modartha de réir nádúir, agus ní trédhearcach, a bhíonn an bheoir seo mar ní scagtar an giosta amach as.

(Bíonn bialanna in aice leis na grúdlanna móra freisin ar leis na grúdlanna iad agus ina mbíonn go h-eisiach beoir na ngrúdlann faoi seach le h-ól - ach sin coincheap eile. Brauereigaststätte a chuirtear orthu siúd go minic.)

Ar aon nós, ba bhia a bhí á chaitheamh againn inniu.


Sudhaus = teach grúdaithe

Pfännle* = painnín

Schweinelendchen = luainíní boga de mhuiceoil

auf = ar

Kräuterspätzle: Kräuter = luibheanna; Spätzle** = spétsle! (pasta na Suáibe)

und = agus

Rahmsoße = anlann uachtair.

Pfännle* / Pfanne = panna: mar iarmhír an dhispeagtha úsáidtear -lein-chen i gcaighdeán oifigiúil na Gearmáinise ach i gcanúintí an deiscirt úsáidtear -le, nó -li san Eilbhéis.

Mar is eol, nuair a bhíonn tachrán míshásta déanann sé a liopa íochtarach a ghobadh amach. Tá cor cainte i gcanúint na Suáibe don chomhartha mishástachta sin: das Kind macht ein Pfännle. Déanann an tachrán painnín.

Spätzle** / Spatz = gealbhan: cuirtear "gealbhainíní" ar an gcineál pasta seo ar speisialtacht na Suáibe é.

Itear an Sudhauspfännle go díreach as an bpanna, agus d'ith mé!

Thursday, April 22, 2010

Pastor Niemöller as faisean?



Tarraingíodh mo aird ar aistriúchán Béarla den athfhriotal aithnidiúil de chuid an diagaí Ghearmánaigh Martin Niemöller a bhí luaite i litir a foilsíodh i nuachtán le déanaí - ní cuimhin liom cén nuachtán. Le linn an Tríú Reich chuir Pastor Niemöller stair chasta de i dtaca leis an dtacaíocht a thug sé do na Naitsithe i dtús báire sular iompaigh sé agus sular thosaigh sé ansin ag cur ina n-aghaidh. Sa deireadh cuireadh i sluachampa géibhinn é ach tháinig sé slán as ag deireadh an chogaidh.


"Als die Nazis die Kommunisten holten, habe ich geschwiegen; ich war ja kein Kommunist.
Als sie die Sozialdemokraten einsperrten, habe ich geschwiegen; ich war ja kein Sozialdemokrat.
Als sie die Gewerkschafter holten, habe ich geschwiegen, ich war ja kein Gewerkschafter.
Als sie mich holten, gab es keinen mehr, der protestieren konnte."


"Nuair a ghabh na Naitsithe na Cummanaigh, d'fhan mé i mo thost; tar éis an tsaoil, ní raibh mé i mo Chummanach.


Nuair a chuireadar na Daonlathaigh Sóisialacha i mbraighdeanas, d'fhan mé i mo thost; tar éis an tsaoil, ní raibh mé i mo Dhaonlathach Sóisialach.


Nuair a ghabhadar na ceardchumannaithe, d'fhan mé i mo thost; tar éis an tsaoil, ní raibh mé i mo cheardchumannaí.


Nuair a ghabhadar mise, ní raibh éinne fágtha, a raibh ar a chumas aige agóid a dhéanamh."



Athfhriotal aithnidiúil, mar a dúirt mé, ach baineadh siar asam beagáinín nuair a chonaic mé é sa nuachtán. Cén fáth sin?

Bhuel, cé go mbíodh sé de ghnás ag polaiteoirí agus daoine eile i saol poiblí na Gearmáine é a lua ina n-aithisc agus a leithéid, rith sé liom nár chuala é le fada an lá.

Ach cá fhad ó shin?

Nílim cinnte de, ach ceapaim go bhfuil baint ag an scéal leis na himeachtaí míleata san Afganastáin agus rannpháirtíocht arm na Gearmáine iontu.

Agus, sa tslí chéanna, cad mar gheall ar na cuimhneacháin fhrithchogaidh uilig a tógadh tar éis "an chogaidh dheiridh"? Ar chóir rothaí beaga a chur fúthu agus iad a dhéanamh soghluaiste? Nuair a bhrisfeadh an chéad chogadh eile amach ba fhusa iad a bhogadh óna láithreacha ina mbíonn siad de ghnáth agus isteach i stóras go dtí go mbeifí arís i gcoinne an chogaidh.

An mbeidh an Pastor Niemöller san fhaisean as an nua lá éigin amach anseo?

Nó an binn béal ina thost?


Saturday, April 17, 2010

an bhfuil gá le rabhadh sláinte ar an mBéarla?

(Brollach: Bheadh comhbhá go deo agam le páistí bochta le fíordheacrachtaí foghlama acu. Ní hiad atá i gceist anseo.)

Bhí me ag éisteacht le podchraoladh ó RnaG inné dála an scéil, nach bhfuil meath millteanach tagtha ar líon na bpodchraoltaí a chuirtear ar fáil ag RnaG, murab ionann agus a gcuirtear fós ar fáil ag RTE an Bhéarla d'ainneoin go bhfuil na mílte, mílte craoltóirí ar fud na cruinne, agus a bhfuil teacht orthu ar an idirlíon, ag freastal ar phobal labhartha an Bhéarla?

Is é an achoimre atá ag dul leis:

  • Ó Roinn na Gaeilge i gColáiste Mhuire Gan Smál Máire Ní Neachtain ag labhairt faoi go bhfuil beagnach 2,300 scoláire díolúine gan an Ghaeilge a dhéanamh do scrúdú na hArdteistiméarachta i mbliana mar gheall ar dheacracht foghlama ar nós dyslexia.

Agus seo sliocht as:

„Beidh beagnach dhá mhíle trí chéad scoláire nach mbeidh gá dóibh Gaeilge a dhéanamh san Ard-Teistiméireacht i mbliana mar gheall ar dheacrachtaí foghlama ar nós disléicse agus eile ach mar sin fhéin tabharfaidh míle trí chéad de na scoláirí sin aghaidh ar scrúdaithe i dteangacha eorpacha eile seachas an Béarla, teangacha ar nós Fraincíse, Gearmáinise agus eile agus tá sé sin ag déanamh imní do go leor leor duine agus go deimhin tá daoine ag coipeadh faoi...


Leantar ar aghaidh ansin le hagallamh le bean ó Choláiste Mhuire Gan Smál agus cuirtear roinnt cheisteanna suntasacha i rith an agallaimh sin:

Is cosúil nach mar a chéile disléicse i bhFraincís agus i nGearmáinis, agus i nGaeilge?


...cuir i gcás go bhfuil scoláire ón nGaeltacht ann agus go raibh deacrachtaí foghlamtha aige leis an mBéarla, an bhfuil sé ceadaithe gan scrúdú Béarla a dhéanamh?“

De réir dealraimh, ní bhíonn gá le díolúine dá leithéid ag daltaí ón nGaeltacht. An ionann é sin is a rá go bhfuil bac ar fhoghlaim de chineál éigin ann agus gur le pobal labhartha an Bhéarla amháin a bhaineann sé?

Amhail an bhean a gcuirtear agallamh uirthi thuas, bíonn drogall ar dhaoine cinntí agus, ina dteannta sin, gairmiúlacht na siceolaithe a cheistiú go poiblí mar is daoine le cáilíochtaí as réimse na n-eolaiochtaí iad na siceolaithe céanna. Ar an mbonn sin, is iondúil go mbíonn aitheantas eolaíoch dlite do cibé diagnóis a dhéanfaidis i dtaobh riachtanais diolúine i gcás scoláire éigin.


Má ghlactar leis, áfach, nach cuí a bheith in amhras faoi ghairmiúlacht na siceolaithe ar an ábhar go n-oibríonn siad ar bhonn daingean eolaíoch proifisiúnta níl an dara rogha againn ansin – más réasúnaithe ionraice sinn – ach iomlán na gcinntí de chuid na siceolaithe céanna a mheas faoi mar a dhéanfaí le torthaí gach aon taighde eile a bhféadfaí a rá ina thaobh go raibh sé in ainm a bheith déanta ag daoine gairmiúla a bhfuil bailíocht a saothair bunaithe ar a n-oiliúint eolaíoch.

Ach má ghlactar le bailíocht na dtorthaí a thug na siceolaithe chun solais, ní féidir - i measc na dtátal uilig ar féidir a bhaint astu - tátal amháin a sheachaint atá thar a bheith scanrúil: déanann an Béarla dochar millteach do chumas foghlama de chéatadán suntasach scoláirí na Galltachta!

I bhfianaise na bhfigiúirí sin, b'fhéidir gur chóir don rialtas rabhadh sláinte a fhógairt sna h-aerfoirt, mar shampla, do dhaoine gan Bhéarla a bheadh ag teacht ar inimirce chun na tíre:


Níl aon dul as, má ghlacann udaráis na tíre le fiúntas dá bhfuil tugtha chun solais ag na siceolaithe, bheidís ag déanamh faillí thromchúiseach ina gcúraimí gan rabhadh dá leithéid a chur os comhair an phobail.

Monday, April 12, 2010

oilíonr@ na gaelainne... ?

Am éigin sa dara leath den naoú haois déag tharla sé nach raibh na ceantair Ghaeltachta teorantach le chéile a thuilleadh. Ón am sin ar aghaidh, is geall le hoileánra é domhan na Gaelainne sa tslí go bhfuil na ceantair agus na cainteoirí scaipthe amach óna chéile.

Mar is eol don saol, bhí Gaelainn ón gcliabhán fós beo sa chéad leath den fhichiú haois i gceantair éagsúla taobh amuigh de Ghaeltachtaí reatha an lae inniu. Taobh amuigh de limistéar comhdhlúite amháin, áfach, ní raibh i gceist anseo ach pócaí beaga a bhí scartha amach óna chéile. Má chuimhnítear ar na cainteoirí dúchasacha aonaracha, an domhan Gaelach ag coscairt thart timpeall orthu agus iad báite go hiomlán, geall leis, i saol an Bhéarla, is amhlaidh is féidir an bua a bheadh san idirlíon dóibh siúd a shamhlú.


1940? 1950? 1960?


Mar sin, i bhfianaise an dochair ó thaobh mheath na teanga de a dhein easpa acmhainní cumarsáide i measc na gcainteoirí siúd is fearr is féidir buntáiste an naisc thorthúil idir an teanga ársa agus an teicneolaíocht nua do lucht na Gaelainne sa lá inniu a mheas.

Is amhlaidh ansin go bhfuil saol na Gaelainne cosúil le hoileánra agus go leor ball den oileánra sin nasctha le chéile go fíorúil trí mheán an idirlín, ach cad ba chóir a chur ar an neach leictreonach céanna a cheanglaíonn lucht na teanga le chéile nuair is mian leo: oilíonr@, mar shampla?

Agus is dlúthchuid den oilíonr@ samhailteach sin an bhlagtacht, mar a déarfá, ar pléadh gnéithe éagsúla di le déanaí ar bhlag Mise Áine, mar shampla.

Agus tá borradh ag teacht faoi, de réir dealraimh.

Saturday, April 3, 2010

éin agus uibhe...


Agus an Cháisc ar leac an dorais againn bhí taispeántas agus díolachán ubh maisithe ar siúl i gcathair bheag sa cheantar le déanaí a raibh mná an teaghlaigh i láthair ann agus i measc na n-ubh a bhí le ceannach ann - agus ar dheineadar grianghraf díobh - bhí na cinn thuas.

Thug mé suntas faoi leith do na huibhe siúd mar níorbh fhios dom go dtí sin gurbh fhéidir bróidnéireacht a chur ar ubh. Séard a dhéantar ar dtús ná poill bheaga a tholladh ar chaoi éigin sa bhlaosc agus ansin an íomhá a fhuáil isteach ann - go h-an-chúramach ar fad, déarfainn.

Faoi mar atá le feiscint thuas tá praghas de € 285,- ar an gcoileach, agus ní féidir leis an ulchabhán, de réir dealraimh, é a chreidiúint.

Dá gcaithfinn ceann a cheannach, cheannóin an cruidín. Sea, an cruidín: an t-éan dúchasach leis an dathú iontach andúchasach.