Tuesday, June 26, 2012

an tost fada...

Ní raibh mé ró-ghníomhach i dtaobh mo bhlaig i gcaitheamh na bliana atá thart ach - ná bíodh imní ar éinne - ní comhartha sin go bhfuil mo racht Ghaelainne ídithe nó rud dá leithéid. A mhalairt ar fad atá fíor.

Mar chleachtadh teanga agus d'fhonn teacht i dtaithí beagán ar phróiseas an aistriúcháin thosaigh mé ag aistriú téacsanna liteartha go Gaelainn. Ar dtús chuaigh mé i mbun téacsanna le scríbhneoirí Gearmánacha, nó le scríbhneoirí a raibh an Ghearmáinis mar theanga dhúchasach acu, a aistriú. Sleachta as An Claochlú le Franz Kafka nó An Pótaire le Josef Roth, mar shampla. (Uaillmhianach, nach ea?!!!)

Ach ós rud é go bhfuil na saothair siúd ar fáil i mBéarla, rith sé liom go bhféadfainn ní ba mhó sásaimh a bhaint as téacs a aistriú nach bhfuil ar fáil i mBéarla mar sa chás sin is amhlaidh go mba mhó an spéis a bheadh ag an léitheoir in ábhar féin an leabhair ná i saibhreas na teanga a úsáidtear ann.

I ndiaidh dom taighde a dhéanamh ar an idirlíon tháinig mé ar alt in irisleabhar liteartha mór-le-rá a raibh liosta de leabhair ann ar chóir dóibh - de réir bharúil an iriseora - a bheith ar fáil i mBéarla - ach nach bhfuil. Ar cheann de na leabhair a bhí liostaithe ann bhí leabhar amháin le húdar Gearmánach.

D'ordaigh mé an leabhar céanna sa siopa leabhar áitiúil an lá arna mhárach agus ó shin i leith is é an príomhchaitheamh aimsire agam ná a bheith do mo chéasadh leis an saothar mallaithe seo gach lá le ceithre chéad lá anuas, geall leis.

Tá an leagan garbhtheilgthe críochnaithe agam le tamall anuas agus faoi láthair táim i mbun an t-athchóiriú a dhéanamh - rud a bhfuil gá nach beag leis!

Tuilleadh ar ball...

Thursday, June 21, 2012

ulysses ar bbc 4...



Cuireadh ar mo shúile dom an tseachtain seo caite gur chraol an BBC 4 sleachta drámaithe de Ulysses mar cheiliúradh ar Lá Bloom agus go raibh siad curtha ar fáil mar íoslódálacha ar an suíomh idirlín acu.

D'éist mé aréir le cuid díobh agus caithfidh mé a rá gur féidir iad a mholadh do dhaoine a bhfuil spéís acu sa leabhar céanna ach nár éirigh leo riamh dul thar leathanach uimhir a 47.

B'ábhar grinn dom riamh, is dócha, líon na ndaoine atá meáite air an Seoigheach agus a mhórshaothar a shealbhú dóibh féin agus an léamh is oiriúnaí dóibh féin á chur acu ar an leabhar.

Mar shampla, tá go leor sleachta sa leabhar nach féidir iad a thuiscint i gceart murab Éireannach thú agus go leor eile nach bhfuil intuigthe d'éinne feasta.



Saturday, June 16, 2012

píosa ceoil do lá Bloom...




Tomhas: cén leabhar anaithnid a dtugann fir agus mná na hÉireann omós dó?

Ar aon nós, cibé acu faoi gheasa ag an Seoigheachas nó dubh dóite de atá sibh, seo libh nochtraí dar teideal "Páirc an Fionnuisce" a chum an cumadóir anaithnid Rúiseach Arthur Lourié.

Deirtear gurbh é leabhar le Séamus Seoighe a bhí léite ag Lourié a spreag é chun an píosa a chumadh.

Gan dabht, ní foláir nó go gcuirfeadh cuid dá bhfuil ar siúl ag lucht Seoigheach inniu fonn mór gáire ar Shéamus féin.