Saturday, July 25, 2009

Joseph von Eichendorff



Do rugadh an fear seo ar an stampa thuas, Joseph Karl Benedikt Freiherr von Eichendorff, sa bhliain 1788 in Oberschlesien. Ba Ghearmánach é ach is cuid den Pholainn an áit inar rugadh é sa lá atá inniu ann - do chaill an Ghearmáin an chríoch úd de bharr an chogaidh.

Aisteach go leor gur "Joseph" agus ní "Josef" ba ainm dó.

Maidir leis an stampa: d'eisíodh é i 1988 i bPoblacht Dhaonlathach na Gearmáine (DDR) chun lá breithe an fhile a chomóradh. De bharr sin ba cheann de na stampaí deireannacha é a tháinig ón stát sin roimh athaontú na Gearmáine.

Seo é dán dá chuid. D'iarr bean ón nGearmáin le déanaí ar lucht daltai.com aistriúchán a dhéanamh di ar an gcéad rann. Os rud é go dtaitníonn an fhilíocht go mór liom do thugas faoi aistrúchán iomlán den dán a chur i gcrích.

(Más buan mo chuimhne, do bhí aistriúchán dá shamhail den chéad rann déanta ag Lars Braesicke cheana féin.)





Mondnacht (Joseph von Eichendorff)

Es war, als hätt der Himmel
Die Erde still geküßt,
Daß sie im Blütenschimmer
Von ihm nun träumen müßt.

Die Luft ging durch die Felder,
Die Ähren wogen sacht,
Es rauschten leis die Wälder,
So sternklar war die Nacht.

Und meine Seele spannte
Weit ihre Flügel aus,
Flog durch die stillen Lande,
Als flöge sie nach Haus.




Iarracht ar aistriúchán. / Versuch einer Übersetzung.


Oíche Ghealaí

Ba gheall le póg ón spéir
a theagmhaigh len domhan go séimh
's a chuir i dtaibhreamh spéireach é
faoi chrithloinnir na mbláth

Shnigh an aer ar fud na má
Luasc na diasa go sámh
Ba sheordánach na coillte
agus spéirgheal an oíche

Lena eiteoga sínte
d'eitil m'anam thar chríocha
is tíortha faoi shuaimhneas
mar a d'eitleodh chuig a dhúchas




Wörtlich zurückübersetzt:

Mondnacht

Es war wie ein Kuss vom Himmel,
Der berührte still die Erde
Und versetze sie in einen Himmelstraum
Unter dem Blütenschimmer

Die Luft ging (strömt) durch die Ebene,
Die Ähren wogen sacht,
"Es war rauschend" in den Wäldern
Und sternklar die Nacht

Mit gespannten Flügeln
Flog meine Seele durch Gebiete
Und Lande in der Stille,
Als flöge sie in ihre Heimat