Sunday, April 10, 2016

na páistí dintiúir...



Dílleachtaí agus páistí le tuismitheoirí colscartha don chuid ba mhó a bhíodh i gceist. Thógadh na húdaráis óna muintir iad agus ba mhinic a chuiridis ar ceant ar mhargaí dintiúir iad. Tugadh páiste do cibé teaghlach a d'éiligh an costas coinneála ab ísle ón stát.

Go hiondúil ba ar fheirmeacha a chuirtí chun oibre iad mar sheirfigh a bheadh i mbun oibre éigeantais. Agus is ar éigean a fuair aon duine díobh an phingin rua féin mar phá nó mar airgead póca.

Le cois an dúshaothraithe ba mhinic a thugtaí drochíde dóibh agus a d'fhulaing siad mí-úsáid ghnéis.

Meastar go raibh na céadta mílte de na páistí dintiúir seo ann anuas go dtí na 1970í féin. Sa lá inniu meastar go bhfuil idir 15,000 agus 25,000 fós ina mbeatha agus, ní nach ionadh, fadhbanna síceolaíocha ag go leor acu.

B'fhada an tsochaí ag tabhairt neamhairde ar an gcúis náire agus an chluas bhodhar á tabhairt ag na polaiteoirí don ábhar geise seo. Bhí an chuma ar an scéal go rabhthas ag iarraidh an cás a chur ar an méar fhada go dtí go mbeadh gach duine de na páistí dintiúir ar shlí na fírinne.

Ach is cosúil anois gur éirigh leis an bhfeachtas a bhí ar bun le blianta anuas a raibh mar chuspóir aige cúiteamh airgid a bhaint amach do na páistí dintiúir. D'ainneoin nach beag líon na bpolaiteoirí a mhaígh go raibh drogall orthu ar eagla go mbunódh a leithéid nós contúirteach - nó fasach mar a deir an lucht dlí – táthar ag súil leis go mbronnfaidh parlaimint na hElvéise ag deireadh na míosa seo €23,000 ar gach duine de na páistí dintiúir, nó Verdingkinder mar a thugtar orthu san Eilvéis.