Monday, March 30, 2015

rotha mór na haoise...



Bhí an físeán seo ón Ísiltír i mblagmhír de chuid John cúpla bliain ó shin. Is é atá ar siúl ann ná go bhfiafraítear de dhaoine a gcastar orthu ar an tsráid faoina n-aois. De réir cosúlachta, ta cuid de na daoine sásta lena n-aois, cuid eile acu mí-shásta agus cuid eile fós sách neodrach faoi.

Ós rud é go bhfuil patrún éigin le tabhairt faoi deara i dtaca le seo, dhein mé anailís ghearr air agus tá toradh na hanailíse seo le feiceáil mar ghraf thíos. (Y-ais: raon na luachanna: 5 = lúcháir, -2 = gruaim / X-ais: aois ó 0 go 100.)


Seo an chiall a bhain mé as:

Ag tús a shaoil (0 - 1) bíonn an duine daonna cantalach mar tuigeann sé láithreach gur ait an mac an saol agus tugann sé gan a thuilleadh moille le fios nach bhfuil sé ar chaoi ar bith sásta gur cuireadh iachall air a bheith páirteach ann.

Ach ansin ligean sé hurá nuair a thugann sé faoi deara gur breá é, tar éis an tsaoil, a bheith ina steillbheatha (2 - 5).

Maolaíonn ar an lúcháir beagán nuair a thosnaíonn sé leis an scolaíocht.

Fásann an muinín atá ag an duine as féin idir na haoiseanna 9 agus 15 agus ina dhiaidh sin éiríonn sé teanntásach go maith leis an saol agus é ina dhéagóir.

Idir 19 agus 28 bíonn an duine i mbarr a réime: óg, láidir, feasach, domhillte. Agus uilechumhachtach.

Ach ag deireadh na bhfichidí tosnaíonn míshocracht éigin ag cur as dó beagán. Tugann sé faoi deara, b'fhéidir, nach bhfuil bláth na hóige chomh lonrach agus a bhíodh sé. Nochtann críochtacht an tsaoil dó ar chaoi éigin, cé gur amháin ina aigne a mhaireann sí, mar choincheap.

Idir 30 agus 46 bíonn an duine ag plé leis go bhfuil sé sách óg fós ach go bhfuil an óige ag trá go mall. Ar an taobh eile de, tá sé imithe go maith i dtaithí ar chúrsaí faoin am seo agus tugann sé misneach dó go bhfuil smacht éigin bainte amach aige ar an saol.

Ach ansin, a luaithe agus a bhíonn an 47 slánaithe ag an duine taibhsítear dó go bhfuil rud éigin a bhfuil cruth na bagartha air á iomlua ag fíor na spéire. An caoga! Agus ní fada ansin go mothaíonn sé an misneach ag sleamhnú uaidh. Agus críochtacht an tsaoil ag breith seilbhe air; ní ar a aigne anois, bíodh a fhios agat, ach ar a chorp. Uh oooh... an long ag dul go tóin poill?

Nach bhfeictear cé chomh truamhéalach a chuireann an fear atá 55 bliain d'aois an cruachás tragóideach ina bhfuil sé in iúl dúinn!

Agus bean na 57, tugann sí a haois le fios mar dhrochscéala ar gá é a nochtadh go réidh.

Gan an bhean atá 61 bliain d'aois a lua, agus an dóigh a ligeann sí an rún íogair linn go bhfuil sí 61.

Ach ansin feictear mar a théann an cuar go tobann in airde arís nuair a bhíonn lár na seascaidí sroichte ag an duine. Cad is cúis leis sin ar chor ar bith? Dearcadh nua i lár na héigeandála? Cé gur fíor go mbeidh an bád ag dul go tóin poill lá éigin... níl sé imithe fós! Muise, nach breátha fós an rás nuair a bhíonn an rás rite!

“Ochtó sé!” a fhógraíonn an bhean go breá sásta léí féin.

Agus an bhean san eireaball ar fad, nach le lúcháir a fhógraíonn sí, “HONDERD!”