Wednesday, November 12, 2014

is aistear gach aistriúchán...


Ar eagla go mbeadh míthuiscint ann i dtaobh an teidil, 
is ag tagairt do fheabhas na scéalta féin agus do theideal 
an leabhair - Die besten deutschen Erzählungen
 - as a roghnaíodh iad atá "Ausgewählt / Den Scoth".


Is spéisiúl an gnó an t-aistriúchán. Ach, a thiarcais, nach saothrach é!

Ar an leibhéal is simplí tá na focail aonaracha, na focail loma. Más crann atá sa bhunleagan - i ngnáthchomhthéacs an fhocail sin, is é is dóichí gur leor Baum don léitheoir i mBeirlín an lae inniu, nó go mba leor arbor don léitheoir sa tSean-Róimh féin, chun an bhrí cheart a thabhairt leo.

Os a choinne sin, bíonn cinneadh le déanamh i gcónaí i gcás téarma stairiúil nach n-úsáidtear sa ghnáthchaint a thuilleadh. Sa scéal Przemysl le Christoph Ransmayr bhí an focal Fuhrknecht le haistriú agam. Is seantéarma é nach bhfuil in úsáid sa Ghearmáínis leis na cianta. D'fhéadfadh Gearmánach óg buille faoi thuairim a thabhairt ar bhrí an fhocail i bhfianaise na gcomhpháirteanna Fuhr, atá baint aige le tiomáint nó le ualach, agus Knecht, a chiallaíonn giolla. Giolla cairteoraoibrí feirme ba ea Fuhrknecht fadó agus thug mé scológ air.

Thug mé tábhairne biotáille ar Branntweiner sa scéal céanna, ar thábhairne é a mbíodh amháin biotáille ar fáil ann ach nach ann dá leithéid (agus don téarma ach chomh beag) thall nó abhus le fada an lá. Ní fheilfeadh, mar shampla, síbín (go bhfóire Dia!) mar aistriúchán ar Branntweiner, Branntweinschenke.

Sa scéal Ióna, mar shampla ní raibh drogall ar bith orm - más maith olc sin! - cruth Gaelach a chur ar ainm (Aimití) agus logainm (Gat-Hefer), nár tháinig mé ar an leagan Gaelach díobh áit ar bith, ar an ábhar gur cleachtas iondúil é na hainmneacha sa Bhíobla a ghaelú ar an dóigh seo.

Níor aistrigh mé leithéidí RingplatzFrankfurter Allee tríd síos mar níor mheas mé go raibh feidhm eile acu (feidhm mheafarach, mar shampla) seachas ainm sráide nó cearnóige éigin a chur in iúl.

Is é an focal is mó a bhain éiric an aistrúcháin asam ná Verzicht. Ar an drochuair dom is é an teideal ar an ngearrscéal is faide sa bhailiúchán, mar atá Der Verzicht / An Staonadh. Is minic nach amhail pointe scoite an focal i dteanga amháín ar mian leat a leagan comhfhreagach a aimsiú mar phointe scoite sa spioctheanga (murab ionann agus i gcás crann/Baum) ach gur fearann céille an focal nach bhfuil focal ar fáil sa sprioctheanga a chlúdaíonn an fearann céille céanna. Ba d'aon turas a roghnaigh mé scéalta nach raibh aistrithe go Béarla cheana féin, ach, i ndeireadh na dála, i gcás scéil nó dhó - ina dteannta Der Verzicht - tháínig mé ar aistriúchán i mBéarla díobh. Tugtar The Renunciation ar Der Verzicht sa leagan Béarla a chonaic me i gclár an leabhair ar an idirlíon ach ceapaim féin, agus an focal céanna níos mó in aghaidh an lae de dhlúth agus d'inneach ionam le breis agus triocha bliain anuas, gurb é An Staonadh an t-aistriúchán is beaichte, cé nach beacht é sa dóigh atá Baum beacht nuair a aistrítear crann. Ach mura mian leat dul i muinín abairt timchaintí (i saothar liteartha!) gach uair a nochtann focal dá leithéid chugat, ní mór glacadh leis go bhfuil teorainneacha ann agus go bhfuil tú go díreach tar éis ceann díobh a shroicheadh. Agus is breá an focal Verzicht mar sholaoid den chruachás do-fhuascailte sin nuair nach mbíonn aistriúchán cruinn ar fáil sa sprioctheanga: man muß eben verzichten!

"Tuigim na focail...  ach m'anam don diabhal má thuigim na smaointe!"

Má tá éirithe leat dul de dhroim bacainní na bhfocal aonarach, is é atá romhat ansin ná criocha na smaointe anaithnide, críocha na smaointe do-thuigthe fiú.

Ní hionann cineál na smaointe anaithnide a deirim anseo agus cineál na smaointe siúd nach dtuigfeá agus Einstein ag trácht ar Theoiric Ghinearálta na Coibhneasachta ina chanúint Ghearmánach dhúchais (canúint na Suáibe), nó i mBéarla.

Loighic shimplí chasta an ghnáthshaoil atá i gceist agam anseo agus an éagsúlacht agus an coimhthíos gan choinne a nochtann chugat an túisce a théann tú i dtaithí ar thíortha eile agus a litríocht. Is é an t-údar is túisce a rithim liom i dtaca leis seo - cé gur i mBéarla a scríobhann sé  - ná Chinua Achebe, ar bronnadh  Friedenspreis des Deutschen Buchhandels na bliana 2002 air. 

Scríobhadh na gearrscéalta sa leabhar Ausgewählt / Den Scoth sa ré a tháinig go díreach tar éis an chogaidh. Cé go raibh droim laimhe tugtha ag na scríbhneoirí i gceist do ghnéithe áirithe den Ghearmánachas, na drochghneithe siúd a bhí tagtha chun cinn sa Tríú Ríocht ach go háirithe, ba Ghearmánaigh go smior iad mar sin féin. Agus bhí loighic shainiúil agus córas smaointe an ghnáthsaoail, an tsaoil laethiúil Ghearmanaigh, de dhlúth agus d'inneach iontu riamh.

I bhfianaise a raibh den chultúr "Meiriceánach" ag brú isteach ar gach taobh, óna seascaidí ar aghaidh ach go háirithe, d'fhéadfá a rá gurbh iad na scríbhneoirí seo an ghlúin dheireannach a tharraing as tobar íonghlan an Ghearmánachais gona focail, friotail, modh cainte agus modh smaointe. Agus dá mhéad an t-athrú atá tagtha ar an saol is é a raibh ann roimh theacht ann don domhandú fós an bhunsraith ar a seasann glúin an lae inniu.

I gcás tíre iasachta ar bith is é an bealach is fearr tuiscint a fháil ar chóras smaointe mhuintir na tíre sin ná scoth na litriochta ón tír a léamh, go haireach agus go minic.

Monday, November 10, 2014

Ausgewählt / Den Scoth: Mar Kindle (mobi) ar Amazon anois...



Tá an leagan don Kindle ar fáil láithreach ar Amazon...

Friday, November 7, 2014

Mazel Tov? "Ausgewählt / Den Scoth" ar Barnes & Noble...


Tá an leabhar nua ar fáil anois ar shuíomh Barnes & Nobles. Caithfidh mé a rá gur breá liom an cur i láthair snasta ar an suíomh seo.

Cé nach bhfuil an leabhar nua ar fáil fós san fhormáid mobi a úsáideann Kindle/Amazon tá sé ar fáil mar epub.

Agus dála an fhir déirce sa scéal Titim isteach san Anois le Ernst Bloch is féidir a bheith sásta má thiteann aon bhraon beag ar bith den ádh anuas ort.

"D'fhéach an raibí air. “Ar ndóigh, caithfidh mé a rá,” a labhair an raibí go mall, “caithfidh mé a rá gur duine aisteach thú. Cad chuige ar mian leat gach rud a fháil má chailleann tú gach rud arís? Cad a bheadh fágtha agat as do shaibhreas agus do ghalántacht?” − “A raibí,” arsa an fear déirce agus shuigh sé síos arís, “ach bheadh rud éigin agam, léine.” − Ansin dhein na Giúdaigh gáire agus chroith siad a gceann agus bhronn siad an léine ar an rí, le píosa grinn bhí an gheit múchta."

Sa Ghiúdais tugtar "mazel tov" ar an mbraon beag áidh seo. Agus, dar ndóigh, i gcaitheamh saoil, bíonn, luath nó mall, mazel tov de dhíth ar gach neach beo.


Sunday, November 2, 2014

tá leabhar nua seolta agam...


Táim tar éis leabhar úr a fhoilsiú mar ríomhleabhar ar Smashwords. Roghnaigh mé dhá cheann déag de ghearrscéalta as bailúchán a chuir an criticeoir clúiteach Marcel Reich-Ranicki (nach maireann) i dtoil a chéile de na gearrscéalta is fearr, de réir a bharúla, sa teanga Ghearmánach - an teideal "AUSGEWÄHLT / DEN SCOTH" dá bharr - agus d'aistrigh mé go Gaeilge iad.

Faoi láthair tá sé le fáil mar epub faoin nasc seo: https://www.smashwords.com/books/view/489586.


Seo liosta na scéalta agus an réamhrá:

Ióna, mar shampla / Uwe Johnson
Przemyśl / Christoph Ransmayr
Tús an tSéasúir / Elisabeth Langgässer
Titim isteach san Anois / Ernst Bloch
Féinphortráid mar Choirscéal / Martin Walser
An t-Arán / Wolfgang Borchert
Scéal Gnáthlaethúil Sráide i mBeirlín / Günter Kunert
An Fear leis an gCuimhne / Peter Bichsel
Rendez-vous sa Veinéis / Gabriele Wohmann
An Staonadh / Siegfried Lenz
Curiarracht Airde na hEitilte / Lion Feuchtwanger
Clúmhilleadh / Elias Canetti


"RÉAMHRÁ

Tháinig borradh faoin ngearrscéal sa Ghearmáin mar fhoirm liteartha go díreach i ndiaidh an Dara Chogaidh Dhomhanda. Ba é go comhfhiosach a tugadh droim láimhe don stíl liteartha áibhéalach idé-eolaíoch a bhí i réim sa Tríú Ríocht. Tar éis Kahlschlag (lomscrios) an chogaidh bhí an Stunde Null (uair an nialais) ann, agus an smionagar. Tús as an úire a bhí ag teastáil, dar le leithéidí Gruppe 47 mar shampla, agus ba i dtéacsanna gearra de sheánra an ghearrscéil gona stíl simplí réalaíoch a aimsíodh an meán feiliúnach leis an tionscnamh a chur i gcrích.

Is solaoid den Trümmerliteratur (litríocht na bhfothrach agus an smionagair) agus den nádúrachas, leis, an gearrscéal An t-Arán le Wolfgang Borchert. Cruthaíonn an ganntanas bia sa ré iarchogaidh, agus luachmhaireacht an aráin dá réir, an comhthéacs. Agus is faoi bhrú an ghanntanais a nochtann an coimhthíos. Eipeafáine Sheoigeach, b'fhéidir, a airíonn an bhean faoin lampa ag an deireadh.

Tá an réalachas draíochta ag baint le ball lárnach de Scéal Gnáthlaethúil faoi Shráid i mBeirlín le Günter Kunert. Is scéal é faoi Ghiúdach a theitheann as Béirlín agus a fhilleann ar fhothraigh agus smionagar na cathrach arís tar éis an chogaidh.

Fís mhór an abhcóide mhúinte, Herrman Liebermann, sa ghearrscéal Przemyśl le Christoph Ransmayr is ea go mbunófaí útóipe ilnáisiúnta tar éis thurnamh Impireacht na hOstaire agus na hUngáire.

Is i ré na Tríú Ríochta atá an scéal Tús an tSéasúir le Elisabeth Langgässer suite, a bhfuil dúlra agus áilleacht na sléibhte mar chúlra dó.

An é d'fhonn atéamh a dhéanamh ar sheanchaidreamh a bhuaileann beirt le chéile arís in áit mar an Veinéis tar éis dóibh a bheith scartha óna chéile leis na cianta? Sa ghearrscéal Rendezvous sa Veinéis le Gabriele Wohmann cheapfá gur mó ag an bhfear a shotal féin ná rud ar bith eile. Ach b'fhéidir nach aon dóithín an bhean sa deireadh.

Sa scéal fáthchiallach An Fear leis an gCuimhne le Peter Bichsel ba mhaith leis an laoch rud a bheith ar eolas aige nach bhfuil ar eolas ag duine ar bith eile.

Braitheann féinmheas an choirpigh sa scéal Féinphortráid mar Choirscéal le Martin Walser ar an mbleachtaire agus ar an díograis lena dtéann sé sa tóir air. Is cineál eochairscéil atá i gceist anseo a cumadh faoi anáil na coimhlinte idir an scríbhneoir Walser agus an criticeoir Reich-Ranicki san fhíorshaol, agus is amhlaidh gur mhinic go leor a bhíodh nimh san fheoil dá chéile acu.

Ba cheist í a bhí tráthúil san fhichiú céad: nuair a théann intleachtóir i seirbhís shealbhóir na cumhachta, cad a tharlaíonn dó nuair a athraíonn sealbhóir na cumhachta sin a chúrsa? Seans gurbh fhearr dó athleagan den scéal ón mBíobla, Ióna, mar Shampla, le Uwe Johnson a bheith léite aige roimh ré. Más faoi anáil an Bhíobla a gineadh an bunleagan den ghearrscéal, is faoi anáil “An Bíobla Nua” a aistríodh é.

Is as cultúr beoga an oirGhiúdachais (is cineál canúna den Ghearmáinis an Ghiúdais), ar deineadh scrios iomlán air le linn na Triú Ríochta, an scéal Titim isteach san Anois le Ernst Bloch. Ba iad saintréithe na scéalaíochta sa traidisiún Hasadach ná an ghontacht nathach, an paradacsa, an cor grod gan choinne agus féiniúlacht cheilte an duine.

Cuireann an gearrscéal An Staonadh le Siegfried Lenz an nath i gcuimhne, Banalität den Bösen (comóntacht an oilc), a chum Hannah Arendt chun an neamhréiteach idir an t-olc mór ar an taobh amháin agus na mílte duine beag-le-rá gona gníomhartha suaracha ar an taobh eile a chruthaíonn an t-olc sin.

An mbainfidh an t-eitleoir cróga an churiarracht amach a shonraítear sa teideal Curiarracht Airde na hEitilte le Lion Feuchtwanger agus an fiú an íobairt é?

Dhein Elias Canetti aistear go Marrakech sa bhliain 1968 agus tháinig sé ar ais le Clúmhilleadh, scéal as saol na nEorpach i gcathair iar-chóilíneach a bhí fós faoi scáth ré an choilíneachais, nuair nach mbíodh an dara rogha ag na dúchasaigh seachas na drochchoilínigh agus na dea-choilínigh."