Friday, November 7, 2014

Mazel Tov? "Ausgewählt / Den Scoth" ar Barnes & Noble...


Tá an leabhar nua ar fáil anois ar shuíomh Barnes & Nobles. Caithfidh mé a rá gur breá liom an cur i láthair snasta ar an suíomh seo.

Cé nach bhfuil an leabhar nua ar fáil fós san fhormáid mobi a úsáideann Kindle/Amazon tá sé ar fáil mar epub.

Agus dála an fhir déirce sa scéal Titim isteach san Anois le Ernst Bloch is féidir a bheith sásta má thiteann aon bhraon beag ar bith den ádh anuas ort.

"D'fhéach an raibí air. “Ar ndóigh, caithfidh mé a rá,” a labhair an raibí go mall, “caithfidh mé a rá gur duine aisteach thú. Cad chuige ar mian leat gach rud a fháil má chailleann tú gach rud arís? Cad a bheadh fágtha agat as do shaibhreas agus do ghalántacht?” − “A raibí,” arsa an fear déirce agus shuigh sé síos arís, “ach bheadh rud éigin agam, léine.” − Ansin dhein na Giúdaigh gáire agus chroith siad a gceann agus bhronn siad an léine ar an rí, le píosa grinn bhí an gheit múchta."

Sa Ghiúdais tugtar "mazel tov" ar an mbraon beag áidh seo. Agus, dar ndóigh, i gcaitheamh saoil, bíonn, luath nó mall, mazel tov de dhíth ar gach neach beo.


6 comments:

  1. Níl sé ar fáil fós … ach beidh sé ar Kindle roimh i bhfad?
    מזל טוב

    ReplyDelete
  2. מזל טוב ! Go deimhin!

    Tá súil agam go mbeidh sé ar fáil ón Máirt seo chugainn, mar atá ar Amazon.

    ReplyDelete
  3. Tá sé íoslódáilte agam, agus an scéal faoin Sráid i mBeirlín léite agam. Tiontú ana mhaith, dar liom. Tuairisc níos iomláine ach a mbeidh breise léite agam. (Nílim, caithfidh mé a admháil, ró thógtha le osréalachas mórchuid litríocht na linne seo sa Ghearmáinis)

    ReplyDelete
  4. @ Dennis
    Tá sé ar fáil anois ar Amazon.

    @ Aonghus

    Grma. Is breá liom féin an scéal sin. Léigh mé profaí dom féin agus gach uair a léigh mé an scéal d'aimsigh mé rud éigin nua ann.

    ReplyDelete
  5. @ i gcaitheamh saoil, bíonn, luath nó mall, mazel tov de dhíth ar gach neach beo.

    Bíonn, go deimhin!

    ReplyDelete
  6. Dea-lá,

    Tá mé an tUasal Carlos Stev. A cáil, dlisteanach agus creidiúnaithe iasachtóir. Táimid a thabhairt amach ar iasacht de gach cineál ar bhealach an-tapa agus éasca, Iasachtaí Pearsanta, Iasacht Car, Iasacht Baile, Iasacht do Mhic Léinn, Iasacht Gnó, iasacht Aireagóir, Comhdhlúite Fiach. srl

    Faigh ceadaithe le haghaidh gnó nó iasachtaí pearsanta a lá atá inniu ann agus cistí a fháil laistigh de sheachtain céanna i bhfeidhm. Is féidir na iasachtaí pearsanta a cheadú beag beann ar do creidmheasa agus tá go leor de na custaiméirí sásta chun cúltaca an éileamh seo. Ach ní bheidh ort a fháil ach ar an iasacht phearsanta de dhíth ort; gheobhaidh tú an ceann is saoire. Is é seo ár gealltanas: ráthaíocht muid an ráta is ísle le haghaidh gach iasacht le sochair comhthaobhachta saor in aisce.

    Déanfaimid ár ndícheall a fhágáil le tuiscint dhearfach buan trí níos mó ná an ionchais mo chustaiméirí i ngach rud a dhéanfaidh mé. Is é ár gcuspóir chun cóir leighis duit le dínit agus le meas céanna ag soláthar seirbhís ar ardchaighdeán ar bhealach tráthúil.

    Níl Uimhir slándála sóisialta is gá agus aon seiceáil creidmheasa ag teastáil, 100% ráthaithe.

    Mar sin, r-phost: carlos_stev@yahoo.co.uk lá atá inniu ann iarratas a dhéanamh ar IASACHT.

    ReplyDelete