Thursday, December 22, 2011

má tá bronntanais fós le ceannach agat: céard faoi la grappa dei nostalgici?...

Mar is eol don saol is biotáille í grappa a dhéantar as na fíonchaora meilte a fhanann sa chantaoir fíona  le linn phróiseas táirgeachta an fhíona. Céatadán de réir toirte idir 37.5 agus 60 atá ann de ghnáth.


comhlacht san Iodáil a dhíolfadh foireann de cheithre bhuidéal grappa leat ar € 12.10. Buidéil bheaga atá i gceist san fhoireann seo atá pacáilte "go deas" i mbosca beag le fuinneog ach ní hé sin an tréith is suntasaí a bhaineann leo, is iad na lipéid ar na buidéil.




Díolann an comhlacht idir ghrappa agus phrosecco, bheoir agus fhíon, agus rogha mhaith de lipéid stairiúla leis an Duce orthu. (Le béim ar an bhfocal "stairiúl", an dtuigeann sibh?)


Agus...ó, sea... sara ndéanaim dearmad de, tá an mac-an-té-úd-eile ar fáil freisin, tá's agaibh an té leis an gcroiméal beag dubh. Má tá tart ort, nó rud eile in easnamh ort, in áit phoiblí sa Ghearmáin, ní bheadh sé inmholta do thart a chosc, nó an faobhar a bhaint ded' chumha, le cinn áirithe de na beoracha ón dream seo - ar an ábhar go bhfuil sé i gcoinne an dlí siombailí ón Tríú Ríocht - ar a áirítear portráid Hitler agus macasamhlacha di - a thaispeáint go poiblí.

Tá pearsna stairiúla eile ar fáil, dar ndóigh: Lenin, Stalin, Tito agus, fiú amháin, Che agus David Ben-Gurion(!) ach, ar chaoi éigin, ní dóigh liom go bhfuil ráchairt ró-mhór ar na daoine seo, ná súil ag an gcomhlacht go mbeadh. An dtuigeann sibh?

Friday, December 16, 2011

barrach an euro agus an lasóg gan choinne - uachtarán na gearmáine faoi bhrú...

Schloss Bellevue, áras Uachtarán na Gearmáine in mBeirlín

Fuair Uachtarán na Gearmáine Christian Wulff leath-mhilliún euro ar iasacht ó fhear gnó sa bhliain 2008 agus é fós ina Phríomh-Aire ar an Stát Sacsain Íochtair. Cheannaigh sé teach cónaithe leis an airgead. Bhí sé nuaphósta ag an am tar éis a cholscartha óna chéad bhean an bhliain roimhe sin.

Bhí ráta úis na hiasachta ní ba ísle ná gnáthráta an mhargaidh ag an am. Ní raibh Wulff ach ag íoc an úis sarar thug sé an t-airgead ar ais.

Shéan sé sa pharlaimint i Sacsain Íochtair agus é fós ina Phríomh-Aire go raibh aon chaidreamh gnó leis an ngnóthadóir ar thug - de réir leagan an Uachtaráin anois - a bhean chéile an iasacht dó. Ba é an Comhaontas Glas a chláraigh an cheist. D'aisíoc Wulff an t-airgead cúpla lá dar gcionn agus thóg sé iasacht ó bhanc chuige sin.

D'eisigh an t-Uachtarán sna laethanta beaga ráiteas ina maítear nach raibh aon rud mícheart déanta aige mar gheall air gurbh ó bhean chéile an fhír ghnó a fuair sé an iasacht.

Deir Der Spiegel inniu, áfach, gur léir gurbh é an t-airgead de chuid an fhir ghnó féin – darb ainm Geerkens – a bhí i gceist agus gurbh é an fear gnó go pearsanta a shocraigh an iasacht agus nár baineadh úsáid as ainm na mná céile ach chun an caidreamh gnó idir Wulff agus Geerkens a choimeád faoi cheilt.

Tháinig Wulff i gcomharbacht ar Horst Köhler a d'éirigh as oifig go tobann i 2010, rud a bhí ina chúis ghéarchéime ag an am. Ba Wulff ansin an t-iarrthóir a chuir an Seansailéir Angela Merkel chun tosaigh. Chomh maith le haon rud eile, ba ag ciceáil chomh-iomaitheora suas staighre a bhí an Seansailéir dar le go leor tráchtairí.

Má éiríonn Wulff as oifig de bharr an scannail reatha beidh géarchéim as an nua ann, géarchéim nach mbeidh Merkel in inmhe a shárú go ró-éasca agus í ag teacht go tiubh ar shála na géarchéime faoi thodhchaí an euro atá ar coipeadh i bpáirtí na Liobrálach Daonláthach (FDP), comhpháirtí de chuid Merkel agus an CDU sa chomhrialtas.

Agus is ionann géarchéim an rialtais i mBeirlín agus géarú ar ghéarchéim an euro.

Saturday, December 10, 2011

tá cnagairí na háite ag cuidiú leis na póilíní ina gcuid fiosrúcháin...


Nuair a bhí mé i mo gharsún óg fiosrach ag éisteacht le Cathal de Mhistéal ar an raidió agus é ag léamh na nuachta, thugainn an-suntas do abairt áirithe a leanadh, de ghnáth, gach mír nuachta faoi choir éigin a bhí tar éis tarlú, mar atá: "tá roinnt daoine ag cuidiú leis na gardaí faoi láthair ina gcuid fiosrúcháin."

Cé go raibh drochghníomh tar éis titim amach, ba mar shólás riamh dom na daoine deasa cuidiúla seo a bheith ar iompú boise ar an láthair agus iad de shíor toilteanach agus lánsásta, de réir dealraimh, cuidiú leis na gardaí bochta.

Ach cérbh iad na daoine cuidiúla seo? a d'fhiafrínn díom go minic.

Bhuel, bhí sé tugtha faoi ndeara agam go mbíodh daoine ann sa phobal, fir a bhformhór agus fuadar na tábhachta fúthu, a bhailíodh an t-airgead san eaglais, mar shampla, agus a bhíodh ina léitheoirí agus mar sin de. Tuataí le gradam áirithe a mbíodh liosta a n-ainmneacha á léamh amach gach Domhnach agus é beagnach de ghlanmheabhair ag gach duine sa cheantar. Agus ag mórshiúil Fhéile Chorp Chríost bhídis gníomhach mar mhaoir. Nuair a bhíodh cluichí ar siúl bhídís i láthair freisin agus feidhm éigin acu.

Agus iad sáite i ngach uile rud eile, caithfidh gurbh iad seo na daoine freisin a bhíodh - pé uair a bhíodh gá leis - ag cabhrú leis na póilíní a gcuid fiosrúcháin a thabhairt chun cinn, dar liom. Níor dheacair dom na fir seo a shamhlú agus iad - a luaithe agus a bheadh scéala amuigh faoi choir sa cheantar - ag déanamh go diongbháilte ar stáisiún na ngardaí. Agus i gcónaí ar an mbonn deonach, neamhoifigiúil céanna, gan dabht.

Ar ámharaí an tsaoil, sara raibh deis agam clúmhilleadh a scaipeadh ar fud an bhaile chuir mé toradh mo dhomhainmhachnamh faoi bhráid mo thuismitheoirí.

********

Dála an scéil, tá an blocthiontaire torainn ísil (LNB) thuas as feidhm faoi láthair. Ní fheadar cén fáth...

(Tá sé dírithe ar shaitilít óna bhfuil an BBC etc. le fáil saor in aisce. Níl RTÉ, TG4 etc. ar fáil saor in aisce, áfach, d'ainneoin a mbíodh le ag Uachtarán tráth faoin diaspóra díl.)

Saturday, November 26, 2011

nuacht an lae ó rnag le tras-scríbhinn uaimse...

Dhein mé tras-scríbhinn de nuacht an lae inniu. An nuacht is déanaí atá ann agus cuireann daoine suim ina leithéid gan go mbíonn spreagadh ar leith ag teastáil.

Dá gcuirfí mp3 agus tras-scríbhinn ar fáil go sciobtha gach lá bheadh go leor daoine sásta an nuacht a léamh agus a chloisint as Gaelainn. I dteannta le gluais bheag. De réir a chéile, bheadh na focail reatha nuachta á bhfoghlaim acu. Agus duine ag tabhairt faoin rud go leanúnach, ní bheadh an tras-scríbhinn de dhíth air nó uirthi a thuilleadh tar éis bliana nó mar sin.

D'fheadfadh daoine clárú agus d'fhéadfaí an dá chomhad (mp3 agus pdf) a sheoladh i ríomphost chucu. D'fhéadfaidís an pdf priontáilte a léamh agus an mp3 a chloisint ar a slí abhaile sa bhus nó sa traein. Nó b'fhéidir go mbeadh ipad nó a leithéid acu. Ceithre nó cúig nóiméad in aghaidh an lae. Ag éisteacht leis an nuacht a bheadh ag teastáil uathu ar aon chaoi. Agus an teanga á sealbhú acu gan dua ró-mhór.

Agus lucht éisteachta agus léimh na meán Gaelainne ag dul i méid... agus is gné thábhachtach eacnamaíoch an ghné dheireannach sin.


Comhad-mp3 ar fáil faoin nasc seo: http://www.box.com/s/8dm91aej6bfvlrnu3g2s
Mar chomhad-pdf ar fáil faoin nasc seo: http://www.box.com/s/qly0on4ziu0ntk4g40vr


"Tá sé ina chlampar arís inniu i bpríomhchaithair na hÉigipte Caireo idir póilíní agus lucht léirsithe. Tá tuairiscí go bhfuil duine amháin maraithe ansin. Tá na mílte cruinnithe i gcónaí i gcearnóg Tahrir sa chathair don ochtú lá as a chéile inniu agus iad ag cur in aghaidh an fhir a cheap údaráis mhíleata na tíre le bheith ina phríomh-aire, sin é Kamal Gansuri. Gheall Kamal Gansuri inné go gcuirfeadh sé rialtas iomlán le chéile le freastal ar phobal na tíre uilig, a deir sé. Ach tá léirsitheoirí ag éileamh anois go gcuirfí ar atráth na toghcháin phairliminte atá ceaptha tosú arú amárach san Éigipt. Níl aon mhuinín ag go leor de phobal na hÉigipte as Kamal al Gansuri mar gur raibh sé ard go maith i réimeas an iar-uachtaráin Hosni Mubarak. Réimeas, ar ndóigh, a cuireadh de dhroim seoil san Éigipt i mí Feabhra seo caite

Tá sé fógraithe ag an Vatacáin go mbeidh nuinteas nua an Phápa chun na tíre seo ag cur faoi anseo. I ráiteas inniu ó phreas-oifig na Vatacáin deirtear gurb é an Gael-Mheireacánach, an Moinsíneoir Charles Brown, an nuinteas nua an Phápa go hÉirinn, dhá bhliain déag agus daichead d'aois atá sé. Ní fear é seo a bhfuil taithí aige i seirbhís eachtrach na Vatacáine, ó naoi déag nócha ceathair tá sé ag obair sa Vatacáin,áit ar thosaigh sé ag obair ansin faoi stiúir an Chairdinéil Josef Ratzinger ag an am, an Pápa Beinidict a Sé Déag anois. Beidh an Moinsíneoir Brown ag maireachtáil anseo le linn a thréimhse mar nuinteas chun na tíre. Cé go bhfuil sé socraithe ag an rialtas anseo Ambasáid na hÉireann chun na Vatacáine a dhúnadh.

Tá Eithne Kenny, máthair an Taoisigh Enda Kenny, théis (tar éis) bháis. I ráiteas ó sheirbhísí eolais an rialtais a tugadh an t-eolas seo inniu agus beidh socraithe a sochraide á dtabhairt, a dúradh, nuair a bheidh siad déanta. Tá a gcomhbhrón curtha in iúl ag an rialtas don Taoiseach agus dá mhuintir ina mbris. Beidh tuilleadh faoi seo ar nuacht an iarthair.

Tugadh le fios inniu ag aonach mór jabannaí atá ar siúl an deireadh seachtaine seo san RDS i mBaile Átha Cliath go bhféadfadh céad go leith míle jab a bheith ar fáil in iarthar na hAstráile sna cúig bhliana atá romhainn. Go bhfuil borradh mór a bheith faoi thionscal na mianadóireachta in iarthar na hAstráile. Tá cúrsaí eacnamaíochta ar fud na tíre thar a bheith folláin anois ar na saolta seo agus dá réir iad ag iarraidh oibrithe oilte ó thar lear le dul ag obair ansin. De bharr cúrsaí a bheith chomh dona sa bhaile agus gan mórán cosúlachta ann go dtiocfadh aon fheabhas go sciobtha tá suim ar leith á léiriú ag na mílte as an tír seo dul ag obair anois san Astráil.

Caithfidh cáiníocóirí na tíre seo os cionn míle milliún euro a chur isteach in Irish Life & Permanent ó tharla nár éirigh leis an gcomhlacht sin an rannóg árachais saoil atá acu, Irish Life, a dhíol. I ráiteas ón Roinn Airgeadais deirtear gur chuir siad in iúl do Irish Life & Permanent nach raibh aon cheann de na tairiscintí a fritheadh (fuarthas) ar an rannóg árachais saoil ansin feiliúnach ag an tráth seo agus dá réír sin nach bhféadfaí glacadh leo. Go dtí seo tá dó pointe seacht míle milliún euro curtha isteach ag an státchiste in Irish Life & Permanent. Ach teastaíonn ó cheithre mhíle milliún caipitil fós uatha le chur in aghaidh droch-iasachtaí. Bhí súil go dtiocfadh an t-airgead sin as díol Irish Life ach chlis ar an ndíol sin agus fágann seo anois gurb iad lucht íoctha cánach na tíre a chaitheas íoc as seo.

Tá na húdaráis sa Phacastáin á mhaíomh go ndeachaigh dhá héileacaptar le NATO isteach go iarthuaisceart na tíre as an Afganastáin agus gur ionsaigh siad ionad seiceála míleata ansin in aice na teorann. Deirtear gur maraíodh sé dhuine dhéag saighdiúir san ionsaí agus gur goineadh ceathrar eile. Dúirt úrlabhraí thar ceann fhórsa idirnáisiúnta NATO sa réigiún go rabhadar ar an eolas faoi seo ach nach bhfuil sé soiléir céard a tharla, a dúradh, agus go bhfuil siad fós ag fiosrú an cháis.

Tá comhairle eacnamaíoch an chonartha Arabaigh le teacht le chéile inniu i gCaireo na hÉigipte agus beidh airí gnóthaí eachtracha ó thíortha an chonartha le dul i mbun cruinnithe ansin amárach lena mheas ar cheart smachtbhannaí a chur i bhfeidhm in aghaidh Siria de bharr an chlampair sa tír sin agus na droch-chaoi a bhfuil údaráis na tíre ag caitheamh leis na daoine. De réir na dtuairiscí, mharaigh na fórsaí slándála os cionn scór duine i Siria arís inné le linn léirsithe in aghaidh réimeas an uachtaráin Bashar Al-Assad. Ar na smachtbhannaí atá á meas tá cosc ar thrádáil earraí áirithe le Siria, chuirfí ar cheal eitiltí tráchtála chun na tíre agus, freisin, chuirfí deireadh luath leis an ndeileáil a dhéantar le banc ceannais Siria."

Tuesday, November 15, 2011

an pholainn, an úcráin agus an dóchas...



Mar is eol daoibh, tá an cáiliúchán do Chraobhchomórtas Sacair na hEorpa bainte amach ag foireann sacair Phoblacht na hÉireann.

An cuimhin libh an uair dheireannach a tharla a léithéid?

Má bhreathnaítear ar an bhfíseán feictear an slua taobh thiar den chúl. Go díreach san áit sin a raibh mise an lá céanna. Lá stairiúil a bhí ann agus níor chreid éínne sa bhliain 1988 go dtarlódh a leithéid.

Tá súil agam go mbeidh iontas dearfach eile i ndán dúinn sa Pholainn agus san Úcráin an bhliain seo chugainn.

Meelitus!! Poblacht na hÉireann 0, Poblacht na hEastóine 5...

Nílim ach ag magadh fúibh, gabhaigí mo leithscéal. (Bhuel, tá súil agam gur ag magadh fúibh atáim.)

An barrscór a bheadh sa mhéad thuas nó scór aislingiúil? Ní barrscór do fhoireann na hÉireann a bheadh ann níos déanaí tráthnóna inniu, ar aon nós.

D'fhógair traenálaí sacair fhoireann náisiúnta na hEastóine Tarmo Rüütli an tseachtain seo caite go raibh foireann den chéad scoth ag Giovanni Trapattoni. Ós rud é gur traenálaí reatha fhoireann na hÉireann é an Trapattónach feiceadh dom gurbh fhéidir gurb í an fhoireann ó Chríocha Fáil a bhí ar cuairt ag an am sin san Eastóin a bhí i gceist aige.

Ní "foireann den scoth" go díreach a dúirt sé ach "foireann aislingiúil". Níl aon aistriúchán ag focal.ie don téarma Béarla a cumadh tráth den saol le haghaidh fhoireann náisiúnta cispheile na Stát Aontaithe.

Baintear úsáid as "Dream Team" sa Ghearmáinis níos minice ná as an aistriúchán "Traummannschaft", is dócha.

Ar aon chaoi, an bhfuil a fhios agaibh cad is brí le meelitus?

Bhuel, ní galar atá i gceist ach focal as an Eastóinis. "Plámás" is brí leis.

Ní féidir a rá gur éirigh leis an bplámás an Aoine seo caite.

Tuesday, November 8, 2011

08.11.1939: ná déantar dearmad de Georg Elser (IS)...


Ba fhear oibre Elser a raibh baint aige leis na Cumannaigh ar feadh tamaill bhig. Dhiúltaigh sé an chuirtéis Hitler a thabhairt nuair a ghabh na Naitsithe an chumhacht.

I monarcha uaireadóra ar feadh tréimhse agus, ina dhiaidh sin, i monarcha armatúr a bhíodh obair aige. San áit dheireannach nochtadh dó go raibh cogadh á ullmhú ag Hitler.

Tar éis Comhaontaithe München sa bhliain 1938 bhí sé cinnte de go raibh Hitler ar a shlí isteach i gcogadh mór agus chinn sé é a stopadh.

Fuair sé obair i gcairéal chun teacht ar phléascáin agus ansin bhog sé go München. Théadh sé gach tráthnóna chuig an Bürgerbräukeller, théadh sé i bhfolach ann go dtí go mbíodh gan duine eile imithe agus ansin théadh sé i mbun oibre. Taobh istigh de 30 lá bhí an buama i bhfolach in bpoll a thochail sé sa philéar taobh thiar den ardán.

B'fhada gur tugadh an t-aitheantas a bhí tuillte aige do Georg Elser sa ré iarchogaidh sa Ghearmáin. Ba é scannán a dhein Klaus-Maria Brandauer sa bhliain 1989 a chuir Georg Elser faoi bhráid pobail leathan faoi dheireadh.

Ach anuas go dtí na blianta beaga féin ba ar éigean a cuireadh Elser riamh ar chomhchéim leis na daoine eile a dhein iarracht deireadh a chur le ré Hitler.

Go díreach tar éis an chogaidh bhí ráflaí ag dul thart gur chomhcheilg de chuid na Sasanach nó na Naitsithe féin a bhí san ionsaí ar Hitler agus deineadh neamhaird ar chás Elser dá bharr. I dtús na seascaidí, ansin, thángthas ar cháipéisí de chuid an Gestapo, taifid an cheistithe a bhí déanta acu ar Elser agus dheimhnigh na cáipéisí siúd an leagan den scéal atá inste agam thuas.

Fós féin, bíonn drogall éigin ar bhunaíocht na Gearmáine an t-omós céanna a thabhairt do Georg Elser agus a thugann siad do Claus Schenk Graf von Stauffenberg agus na comhchealgairí uaisle eile a dhein iarracht Hitler a fheallmharú ar an 20ú lá de Iúil, 1944.

Tá sé ráite nach ndeachaigh grúpa Stauffenberg i mbun gnímh go dtí go raibh an dochar déanta agus an cogadh caillte agus nach raibh fúthu ach margadh a dhéanamh leis na Comhghuaillithe lena gcuid féin a tharrtháil. Ní iomlán na fírinne é sin, áfach, ná a leath di. Bhí Elser, áfach, gníomhach ón tús.

Cén fáth, mar sin, a bhfuil Georg Elser in áit na leathphingine?

Bhuel, d'ainneoin a mbíonn le feiscint ar an dromchla, is dóigh liom, i ndeireadh an lae, gur sochaí í an Ghearmáin a bhí riamh anall go dian céimlathach. Agus, de bharr sin, ní ceadmhach do fhear beag an domhan a tharrtháil.

"Die Erlósung kommt von oben, nicht von unten."

08.11.1939: ná déantar dearmad de Georg Elser...


Ba bheag nár chuir Georg Elser deireadh le beatha agus le ré Adolf Hitler ar thráthnóna an 08.11.1939 nuair a phléasc an buama ama a bhí curtha i bhfolach aige sa cholún taobh thiar den phódiam sa Bürgerbräukeller i München. Bhí Hitler i láthair an tráthnóna céanna chun óráid a thabhairt agus an Hitlerputsch a tharla cothrom an lae sin agus an lae dár gcionn sa bhliain 1923 á chomóradh ag na Naitsithe.

Ar an drochuair, d'fhág Hitler an tábhairne ní ba luaithe ná mar a bhíothas ag súil leis. De bharr na drochaimsire níor thaistil sé ar ais chuig Beirlín san eitleán, mar a bhí socraithe roimh ré, ach ar an treain.

Gabhadh Georg Elser an tráthnóna céanna agus é gar do theorainn na hEilvéise ag déanamh iarrachta éalú thairis. Cuireadh chun báis é ar ordú Hitler ag deireadh an chogaidh i nDachau.

Sunday, November 6, 2011

Guy Fawkes agus Jud Süß: an bheirt bhead-ghaidhs...


Is é atá sa dara pictiúir thuas ná an póstaer a d'fhógair an scannán míchlúiteach a dhein Veit Harlan sa bhliain 1940 mar scannán boilscearachta frith-Ghiúdach do na Naitsithe.

Guy Fawkes é an duine sa phictiúr ar bharr na míre seo. Má ba bhead-ghaidh na Naitsithe Jud Süß tráth dá raibh sa Ghearmáin, is bead-ghaidh fós Guy Fawkes in áiteanna áirithe eile.

An dóigh libh gur íomhá fhrith-Chaitliceach í nó an spraoi lán-neamhúrchóideach a bhíonn i gceist agus Guy Fawkes á dhó ar bharr tinte cnámha le linn Guy Fawkes Night?

Nach mbainfeadh an chosúlacht idir an mbeirt thuas siar asat fós féin?

Uirlis bolscaireachta ar baineadh úsáid aisti le dul i gcion ar mheon an phobail i leith lucht creidimh eile chun an lucht siúd a dhíshealbhú agus a chur faoi chois. Hmmm... cé acu atá i gceist agam anois?


Agus i bhfianaise a bhfuil ráite thuas, an dóigh libh gur rogha mí-ámharach an masc seo mar shiombail na gluaiseachta atá ag léirsiú faoi láthair in aghaidh an chaipitleachais?

Ach cad atá an masc féin ag smaoineamh agus aoibh go dtí na cluasa air? (Ní Jud Süß ná Guy Fawkes mé ach masc le miongháire air agus sáróidh an tuiscint don ghreann na baincéirí féin?)

Go tsáraí sí.

Saturday, November 5, 2011

idir dhá chrith na sleá...

De réir an tseanfhocail is é an rud is annamh is iontach. Ach an ionann sin agus a rá gur rud iontach gach rud annamh?

Cíbé ar bith tá alt le Fiontán Ó Tuathail san IT inniu ar fiú é a léamh. "Cén fáth a raibh Shakespeare chomh do-ghabhála sin?" an teideal.

 Liam Luaineach ag ainliú idir dhá chrith na sleá?

Pléann sé ar dtús leis na teoiricí comhcheilge i dtaobh fhíor-údaracht na saothar cáiliúil agus maíonn sé nach raibh taobh thiar díobh agus iad á gcur faoi bhráid an phobail ar dtús ach snobaireacht an uasaicme agus iad gan a bheith sásta glacadh leis go raibh fear ón meánaicme in acmhainn a leithéid de shaothair a chruthú.

Ach is é an léamh ar Shakespeare mar ealaíontóir éalaitheach i ré ghuaiseach an tuairim is úire agus is suimiúla a nochtann Ó Tuathail san alt, dar liom.

Dealraíonn sé Liam Luaineach leis na healaíontóirí a mhair le linn ré Stalin san Aontas Sóivéadach. Níor mhóir dóibh siúd a bheith de shíor ar a ndícheall ag iarradh iad féin a choimeád beo agus a bheith ina n-ealaíontóirí cruthaitheacha ag an am céanna. Ritheann na haimneacha Shostakovich agus Prokofiev (a fuair bás ar an lá céanna a ndeachaigh Stalin féin amach ar Shlí na Fírinne) láithreach bonn liom.

Mar is eol bhí Banríon Eilís I Shasana i mbun na Caitlicigh a dhíothú ag an am agus más fíor é go raibh Shakespeare ag ainliú idir an seanchreideamh agus an creideamh nua ní nach ionadh go raibh sé ar a dhícheall nach dtiocfadh a leithéid go ró-shoiléir chun solais ina shaothair. Go mór mór ó bhí daoine a raibh baint aige leo curtha chun báis ag an gCoróin.

Agus má chuimhnítear ar an modh básaithe barbarach a bhíodh i bhfeidhm i Sasana ón mbliain 1341 anuas go dtí an 18ú haois ní deacair a shamhlú - má tá bunús le teoiric an Tuathalaigh - go raibh imní agus scéin fite fuaite i bpróiseas cruthaitheach de chuid Shakespeare.

Nach íorónach an rud é dá mbeadh an drogall traidisiúnta a bhíonn ar Shasanaigh plé leis an taobh gruama dá stair féin ar an gconstaic ba mhó dóibh chun teacht ar léargas cruinn ar an bhfile is cáiliúla dá raibh riamh acu?

Tuesday, October 25, 2011

michael d. rónaofa: tá paidir aige ...!



creid, a mhic, i michael d. go glan
ná tabhair vóta riamh gan fáth
coimeád an tír seo mar is cóir
tabhair do na iarrthóirí eile onóir
ach ná déan marú, cam ná drúis
ná dóchas bréige ar aon chúis
ná santaigh rath nach rathúnas é
ach bladhmann agus bladar baoth

Saturday, October 15, 2011

greamú sleá...

Ní fheadar cad é an téarma Gaelach don ghreamú rugbaí neamhdhleathach ar chúis leis gur thug an réiteoir Éireannach Alain Rolland cárta dearg don imreoir Breatnach Warburton i gcluiche leathcheannais den Chorn Domhanda Rugbaí inniu.

Is mar seo a tharla sé:


Íomha 1: Beireann Warburton greim ar Clerc.

Íomha 2: Suas leis!

Íomha 3: Contra...

 Íomha 4: ...versus.

Íomha 5: Síos leis! 
(Cé go bhfuil na cosa thuas.)

Íomha 6: I gcónaí síos...

Íomha 7: A chosa in airde, tá Clerc scaoilte saor, nó geall leis, ag Warburton agus ag titim go talamh...

Íomha 8: ...de thuairt. Agus gan deis aige an titim a mhaolú trí úsáid a bhaint as a lámha.

Íomha 9: Agus an réiteoir beagnach in aice leis...

Má fheictear ar Íomha 5 is léir go raibh an dochar déanta faoin am seo. Ní nach ionadh má cheap an réiteoir ag an bpointe seo ar a dhéanaí go raibh an t-imreoir leis an geansaí dearg i mbun greamú sleá a dhéanamh.

Cé nár chuir sé an greamú neamhdhleathach úd go hiomlán i gcrích ba chóir dó mar imreoir gairmiúil a bheith ar an eolas faoi cad is féidir a tharlú má dhéantar a leithéid i ngiorracht cúpla méadar don réiteoir.

Agus anois, amhail garsúin anabaí, tá an traenálaí Breatnach agus go leor eile ag clamhsán faoin réiteoir agus ag cur an mílleáin air mar gheall air go raibh an bua ag an bhfoireann eile.

B'fhearr dóibh a chur ina luí ar an imreoir sa gheansaí dearg a leithscéal a ghabháil le Clerc.

Sunday, September 25, 2011

daorchluiche i Yankee Stadium...


Nuair a bhíomar thall i Nua-Eabhrac thugamar cuairt ar Yankee Stadium sa Bhronx agus bhíomar i láthair do chluiche idir na New York Yankees agus na Toronto Blue Jays. Solaoid íonghlan de chultúr Mheiriceá is ea an daorchluiche, mar is eol, agus go leor americana le feiceáil sa staid bhreá nua a d'osclaíodh sa bhliain 2009 in aice an tseanchinn a scartáileadh go díreach ina dhiaidh sin.

Ní mór na rialachaí is tábhachtaí a chur in iúl duit féin roimh ré mar is iomaí turasóir Eorpach a chaith trí h-uaire leadránacha i láthair ag cluiche gan tuairim aige cad a bhí ar tarlú.

Mhair an cluiche breis agus trí h-uaire a chloig agus de bharr gan móran rití a bheith idir na foirne am ar bith le linn an chluiche bhíomar ar bís ó thús deireadh agus níor bhraitheamar an t-am ag dul thart.

Bhí an bua ag na Yankees agus is leantóirí dá gcuid m'iníon agus mise anois.

Tá a fhios agam gur saghas FC Bayern München an daochluiche iad na Yankees mar thoradh ar a bhfuil bainte amach acu thar na blianta agus gur amhlaidh gur beag an meas a bhíonn ag daoine i SAM orthu taobh amuigh de leantóirí na Yankees féín.

Ach nach bhfuil deireadh le ré rómánsúil an chailliúnaí?

Nuair a bhí mé fillte ar an nGearmáin arís, thóg mé Underworld le Don DeLillo anuas den tseilf agus léigh mé sliocht as nach raibh na sonraí ann tuigthe agam go h-iomlán agus é á léamh agam deich mbliana ó shin. Cur síos ar an gcluiche cáiliúil idir na New York Giants agus na Brooklyn Dodgers sa bhliain 1951 a bhí i gceist. Cúis eile arbh fhiú ár gcuairt ar Yankee Stadium.

Agus ar chaoi éigin rith sé liom go mbíodh Oscar Madison (ar iriseoir spóirt é) sa tsraith teilifíse The Odd Couple de shíor ag tabhairt amach faoi gur bhog na Brooklyn Dodgers go dtí Los Angeles.

Is cosúil go bhfuil go leor de reacaireacht Mheiriceá fite fuaite sa daorchluiche.

Thursday, September 15, 2011

tigh MoMA...

coke squash # 1: hey, wilbur!

Ar Labor Day thugamar cuairt ar Mhúsaem na hEalaíne Nua-Aimseartha.

Chun scéal fada a dhéanamh gearr: ar an séú stór tá saothair na sár-réaltaí le feiceáil agus dá mba é nach raibh ann ach an méid sin, b' fhiú an táille iontrála.

Bhí cuid acu feicthe agam thar na blianta sa Staatsgalerie i nGarraí na Graí.

Taitníonn Alberto Giacometti liom ar chaoi éigin, a raibh taispeántas mór dá shaothar i Stuttgart tráth dá raibh.

Ar stór eile bhí saothair de chuid Josef Beuys le feiceáil. Tá seomra mór sa ghailearaí i Stuttgart atá tiomnaithe do sheancheallra cairr a chuir Beuys ina lár. Bhí Fettecke (cúinne saille) dá chuid sa ghailearaí i nDüsseldorf, cúig cileagram ime a bhí smeartha isteach i gcúinne aige. Ach ansin tháinig an lucht glantacháin ar an bhfód...

"Seans go bhfuil rud éigin bunaithe ar an ath-aithint, ar an ath-ath-aithint, nó fiú amháin, ar an ath-ath-ath-aithint," arsa mise (ní ag stadaireacht a bhíos), agus mé cur theoiric na healaíne de mo chuid in iúl. "I gcúrsaí ealaíne", a d'fhreagair m'iníon, "is binn béal ina thost".

Rith ceist liom: fiú más píosa ealaíne gach uile rud, an gá é a fhagáil i lár an tseomra? Agus an eascróidh teoiric nua as sin?

Cad a cheapann sibhse?

Wednesday, September 14, 2011

blagadóir beo i Nua-Eabhrac...


Táimid ar ais arís as Nua-Eabhrac le breis agus seachtain anois. Bhaineamar an-sult as an turas.

Cé go rabhas i SAM cheana féín ní rabhas riamh i Manhattan. Ar bhealach amháín is easnamh domhaithithe a leithéíd ach ar bhealach eile thug sé deis dom dul i dtaithí in athuair ar shiondróm na léine báine (cuid a haon, an chuid thaitneamhach), rud nach dtarlaíonn go ró-mhinic do dhuine atá, abraimís, imithe beagáinín in aibíocht.

Mar shampla, nuair a léim tuairisc éigin - cuir i gcás san IT - faoi chuairt a thug an t-údar ar an nGearmáin, samhlaíonn sé dom go minic nach bhfuil ach na dea-rudaí sean-aitheanta cáiliúla feicthe ag an údar. Ní mar sin atá sé i ndáiríre, deirim liom féin, mar ní fhaca sé seo nó siúd, rudaí nach bhfuil, b'fhéidir, ró-iontach ar chor ar bith.

Sin cuid a dó (an chuid is faide) de shiondróm na léine báine.

Siondróm na Léine Báine: ar dtús feiceann tú amháin an bhaíne agus tar éis tamaill ní fheiceann tú ach na dúradáin, na spotaí dubha.

Bhí mé meáite air, mar sin, le linn an tamaill ghairid a bheinn ag scimeáil ar dhromchla Nua-Eabhraic gan ach an bháine lonrach a fheiceáil; ní deacair sin i Nua-Eabhrac agus dheineas amhlaidh.

Tuilleadh ar ball.

blagadóireacht na gaeilge: i ndíl caoineadh...



i mbeo mhí mheán fómhair
leánn bac an bhlagadóra
i smeach bog méarchláir

Wednesday, August 31, 2011

an t-úll mór...

Tempus fugit, tempus fugébat, tempus fugit...

Cheiliúir an iníon is sine dúinn a hochtú lá breithe déag inné. Agus inniu tá an bheirt againn ar ár slí go dtí an áit a ndúirt sí gur mhaith léí dul ann nuair a d'fhiafraigh a máthair di - rud beag go ró-mhíchúramach, b'fhéidir - cad a bhí uaithi mar bhronntanas don lá breithe.

Ar aon nós, tar éis idirlinne de naoi mbliana déag (tá ceangal loighistiúil idir na huimhreacha réamhluaite!) táim arís i mbun cianturas a dhéanamh.

Friday, August 26, 2011

cá bhfuil an pápa... ?

Bhí meas agam ar a réamhtheachtaí cé nár aontaigh mé i gcónaí lena thuairimí. Ach níor mhór a admháil gur cheannaire spioradálach é Karol Wojtyła a thuig an ról a bhí aige. Cháineadh sé, mar shampla, an cogadh agus an dúnmharú, fiú amháin nuair a bhíodh tíortha an Iarthair ina bhun.

Ach céard faoi Josef Ratzinger?

Ní thugann sé oiread is gíog as, d'ainneoin a bhfuil ag tarlú faoi láthair. Is fear an chórais é, de réír dealraimh, murabh ionann agus an duine a bhfuil sé in ainm is a bheith ina fhear ionaid air.

Cé nach rabhas riamh cráifeach, táim den bharúil go mba mhór an trua é dá dtiontódh an Caitlicheas ina sheict éasóiteiriciúil.

Saturday, July 30, 2011

go liteartha?...

Bhíos ag leanúint an chluiche idir Dún na nGall agus Cill Dara ar shuíomh RTE anois beag. Ag caitheamh súile ar an scór ó am go chéile a bhíos, chun a bheith cruinn.

Is eagraíocht chruthaitheach an CLG agus caithfidh mé a admháil gur deacair dá bharr coinneáil suas leis na rialacha nua a bhíonn de shíor á dtionscnamh acu. Agus, de réir dealraimh, níl an riail siúd ar eolas agam fós a ghabhann leis an modh scórála thuas.

Ach cé nach bhfios dom conas a tharraingíonn imreoir scór siar, níl aon amhras orm i bhfianaise na tráchtaireachta thuas go mbíonn sé indéanta uaireanta.

Wednesday, July 27, 2011

lámhacán colbha...

 "An Kerb-Chrawladóir"

Chuir Áine liosta focal faoinár mbráid an lá cheana. Focail nua-aimseartha as réimse na meán a bhformhór. Bhí "táillí fánaíochta" ar cheann de na téarmaí, na costais bhreise a ghearrtar ort agus tú as láthair ó do cheantar dúchais (agus an guthán póca á úsaid agat). Ní mór a bheith ar an airdeall nach dtiocfadh na táillí fánaíochta nó a leithéid aniar aduaidh ort agus tú i mbun cúrsaí cainte in imigéin. Ar uairibh tagtar aniar aduaidh ormsa ós rud é go bhfuilim as láthair le triocha bliain anuas agus, in ainneoin an Idirlín - cá mbeinn gan é?!, ní bhím i gcónaí go h-iomlán suas chun dáta i dtaobh an bhéarlagair úir. 

Ba chóir go mba leor sin mar rabhadh dom gan mo ladar a chur isteach nuair a chuir SeanO ceist faoi bhrí an fhocail "kerbing"Kerbing? Nach raibh an téarma sin feicthe agam áit éigin? I dtuairisc sa nuachtán, nach ea, ina raibh na Gardaí ag tabhairt amach faoi thiománaithe a bheith i mbun a leithéide: mar atá ag dul go ró-mhall agus ag moilleadóireacht i lár na cathrach? Nach aisteach na nósanna nua sa lá inniu, cheap mé dom féin ag an am. Nárbh é an róluas a bhíodh mar fhadhb againn tráth den saol? Ní mhair an tsoineantacht ach beagán, áfach. Ar a dhéanaí nuair ba léir gur fir go h-eisiach a bhíonn i mbun an chleachtaidh siúd nocht an bhrí cheart chugam gan mhoill.

Ach níor nochtadh chugam an lá cheana go raibh focal eile ina theannta nuair a chuaigh mé i mbun an téarma a mhíniú. Mea cholbhú, mea cholbhú, mea maxima colbhú agus tá súil agam nár chuir mé aon duine saonta neamhchiontach - más ann dá leithéid feasta - ar strae. Mar sin - agus ar eagla na h-eagla, cuirim fainic oraibh: Fantar glan ar na colbhaí!

(Dála an scéil, is gairm bheatha lán-mheasúil í an colbhú de réir na brí cirte. D'fhéadfadh an chléir féin - mar a deirtí fadó - dul leis.)

Sunday, July 10, 2011

greamán rabhaidh nua...


Nach mbeadh sé áisiúil dá ngreamófaí rabhadh de shaghas éigin de gach píosa seafóide a fhoilsítear sna nuachtáin? 

I gcás na Gaelainne, mar is eol dúinn, tá na saineolaithe roinnte ina dhá ghrúpa (amhail an p-Ceilteach agus an q-Ceilteach): is ann don s-dream agus is ann don 0-dream (0 = náid). 

An chéad dream leis an "s" - cuirtear "saineolaithe" orthu -  ní chloistear nó ní fhoilsítear iadsan go ró-mhinic, faraor.

Ach mar chúiteamh ar sin, tá saoirse leathanach na litreacha nach mór bronnta ag nuachtáin áirithe ar  an 0-dream - cuirtear "aineolaithe" orthu siúd (nó ba chóir go gcuirfí).

Ar aon nós, tá an greamán trítheangach thuas "deartha" agam don ghnó - níl aon bhreith ar "Vorsicht!" na Gearmáinise ar fhógra rabhaidh, am baist.

Ar chóir é a ghreamú den litir seo?

Saturday, June 25, 2011

brí na h-athbhrí...

Nuair a bhí mé ag fás aníos ba dhrochrud dar leis na daoine fásta má bhain duine úsáid as an athbhrí ar eagla go mbeadh ciall ahem.. chollaí faoi cheilt ann, rud a bhíodh thar a bheith verboten ag an am sin.

Chuir blagmhír de chuid Áine a bhfuil abairt athbhríoch ina ábhar di abairt i gcuimhne dom a chruthaíonn go bhfuil gá le húsáid ceannlitreach don ainmfhocal sa Ghearmáinis chun athbhri a sheachaint: ich habe in berlin liebe genossen.

1. Ich habe in Berlin liebe Genossen.
2. Ich habe in Berlin Liebe genossen.

1. Tá comrádaí dil agam i mBeirlín.
2. Bhain mé sult as an ngrá i mBeirlín.


Chuir Aonghus an cheist: Und wenns alle Genossen waren, wer sind die Genießer gewesen?


(Tá baint ag an scéal seo leis an gcóras a bhíodh i bhfeidhm in oirthear na Gearmáine le linn ré an Chumannachais...)

Genossen agus Genießer

I saol na gCumannach, ní bhíodh ann ach comrádaithe. Bhíodh gach duine ina chomrádaí ag gach duine eile. "Genosse" an focal Gearmánach do "chomrádaí" agus "Genossen" an leagan iolra de (a fhad agus a bhíodh gá leis an leagan iolra). Anois, is é "genossen" le "g" beag an aidiacht bhriathartha den bhriathar "genießen" = "sult a bhaint as".

Dá bhrí sin, bhíodh baol na h-athbhrí ann pé uair a dheireadh duine an focal "genossen/Genossen" - sa chás i gceist níor mhair baol na h-athbhrí rófhada, áfach.

Ar aon nós, bhíodh comrádaithe ann agus bhí siadsan ní ba chomrádúla ná na comrádaithe eile, an dtuigeann sibh. (Bhuel, bíonn an rud céanna le sonrú pé córas a bhíonn i réim, d'fhéadfá a rá.) Ba é an sprioc fhoirfe a bhí curtha os a gcomhair ag na comrádaithe ba chomrádúla ná an Cumannachas a bhaint amach. Do chách. Ní raibh sa Sóisialachas ach tréimhse neamhfhoirfe eatramhach (amhail an Purgadóir) ar ghá don phobal dul tríthí, faraor. Ach a luaithe a bheadh ceann scríbe na foirfeachta siúd, an Cumannachas, bainte amach bheadh gach duine in inmhe agus in acmhainn ní amháin a bheith ina "Genosse" ach a bheith ina "Genießer" freisin.

Idir an dá linn, áfach, ar eagla go rachadh sé i ndíchuimhne go h-iomlan conas a bheith ina "Genießer", chuir na comrádaithe ba chomradúla iad féin ar fáil (go rúnda, fiú) chun an ealaíon seo a choinneáil beo. Ba olc an mhaise do dhuine a rá nach comhtharlúint ghlan a bhí i gceist gurbh iadsan an lucht céanna a bhí i gceannas na tíre. Agus cé gur theip ar an gcóras cumannach scun scan i ndeireadh an lae, ní féidir dúthracht na gceannairí a cháineadh sa chás seo mar ní mór a admháil go raibh siad de shíor toilteanach gan aon só a cheilt orthu féín.


Ar aon nós, ag deireadh an lae, agus an tSóisialachais, bhí "Genossen" ann a bhí ina "Genießer" chomh maith agus bhí "Genossen" ann nach raibh ach ina "Genossen".


(Tá saintéarma eile Gearmánach a mbaintear úsáid as i saol na polaitíochta srl. nach féidir Gaelainn a chur air.)

Spießbürger

Ar aon nós, is téarma tarcaisneach é: "Kampfbegriff", nó ainmniú a chuirtear ar an nduine nó an ndream a bhfuil tú ina gcoinne. Ní chloisfeá aon duine ag maíomh gur "Spießbürger" é féín!

Go traidisiúnta, ba dhuine é a ghlac leis an gcóras, leis an status quo, agus a chosain é in éadan na "reibiliúnach", na "bhfealltóirí", na gcumannach srl. Ba dhual dó a bheith ag umhlú don dhream in uachtar agus dá thoil siúd, agus ag caitheamh anuas ar an ndream a shamhlaigh sé a bheith laistíos de an an ndréimire. Thapódh sé gach deis gan mórán scrupaill ar choinníoll nach gcuirfeadh sé olc ar an mbunaíocht (ach, os a choinne sin, ní sciobfadh sé do sparán.) Bhí dearcadh srianta aige de ghnáth agus ní éistfeadh sé le haon chaint nó ní thaobhfadh sé le haon duine a bheadh easumhal don chóras nó don dhream in uachtar.

Tar éis ré fada na "Cumhachta Blátha" tá na Spießbürger óga den sheanchineál tagtha in uachtar arís agus lucht na "Cumhachta Blátha" ag teitheadh leo agus ag brostú leo ar scor chomh luath agus is féidir.

De ghnáth, úsáidtear an leagan gairid de sa lá inniu: "Spießer".

Ar uaire, cuirtear "Neospießer" ar an lucht atá fós sáite i smaointeoireacht ré na "Cumhachta Blátha".

Ba bheag an deis a tugadh don Ghael a bheith ina "Spießbürger" ón séú céad déag anall agus, ar an ábhar sin, ní dóigh liom go bhfuil an focal cuí sa Ghaelainn.

Thursday, June 23, 2011

cé a scaoilfidh rún an bhonnáin?...

 

Léigh mé Rún an Bhonnáin le Proinsias Mac a' Bhaird ar na mallaibh agus caithfidh mé a rá gur bhain mé idir shult agus shásamh as. Is beag go leor an luach saothair, déarfainn, a fhaigheann scríbhneoir Gaelainne taobh amuigh de mhacalla an lucht léitheoireachta agus, dá bhrí sin, bíonn sé tábhachtach go mbíonn an macalla sin le brath aige, agus é thar a bheith tuillte sa chás seo.

Ní scaoiltear rún an bhonnáin féin roimh dheireadh an leabhair, faoi mar is cuí, ach is é an rún a scaoileann stíl mhín, nádúrtha an phróis i dtús báire ná gurbh é fear Gaeltachta le féith na scéalaochta aige a bhí i mbun pinn sa saothar seo. Agus is saothar atá ann, gan agó, a bhfuil téagar leis. An té a raibh riamh de dhásacht aige peann a bheartú ar ríocht na litríochta, bheadh sé in acmhainn a shamhlú an infheistíocht ama agus allais a bhí de dhíth chun leabhar de bhreis agus dhá chéad leathanach dá leithéid de chaighdeán ard a chur i gcrích.

Tá castacht an-sásúil ag an bplota agus an gcarachtracht araon, le cora go leor gan choinne. Tá sonraí stairiúla Gaelacha fite go cliste sa phlota, rud a thaitníonn go mór liom de bharr na tairbhe breise atá le baint as i dtaobh gnéithe dár stair a bhfuil pobal na tíre dall orthu de ghnáth.

Léigí!

(Tá gluais don leabhar ar fáil ar shuiomh de chuid an ChlubLeabhair.)

Sunday, June 12, 2011

Éanna i ndiaidh na Féinne...


Cuireadh Saltair an Fheadáin Mhóir ar taispeáint don chéad uair san Ard-Mhúsaem i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Is féidir leis an bpobal breathnú ar an ornáideachas agus an maisiúchán ar an taobh amuigh.

Rud nach bhfuil ar eolas go forleathan, áfach, ná go bhfuarthas an íomha thuas ar imeall ceann de na leathanaigh faoi nóta imill. "Sé bliana nó trí scór, a bheag nó a mhór", nó rud éigin mar sin a bhí breactha síos ag an bpeannaire.

Mar is eol dúinn ó fhoinsí údarásacha, ba nós le lucht peannaireachta sa Mheánaois íomhánna le míniúcháin éagsúla a tharraingt ar imeall an pháir.

Ar aon nós, den dá rúndiamhair a bhfuil an stát ag plé leo faoi láthair, is cosúil go bhfuil ceann amháin díobh ar tí soiléiriú. Baineann an ceann sin le hóigeantacht an Taoisigh.

Is léir anois nach bhfuil an scéal faoi Oisín agus an moghlaeir, agus é ag titm go talamh (agus go tobann san aois) ón gcapall chun é a thógáil, fíor ar chor ar bith. Bolscaireacht ghlan de chuid Fhianna Fáil ó thús deireadh an tuairim atá ag na saineolaithe ina thaobh ó tháinig íomhá na saltrach chun solais. Agus is cosúil nach raibh i bPádraig ach ball den chomhairle dáilcheantar áitiúil (go díreach óna Coptaigh a tháinig an Chríostaíocht go hÉireann de réir fianaisí a fuarthas sa tsaltair).

Ní Oisín ainm an té a d'fhill ó Thír na nÓg ach... Éanna!

An dtuigeann sibh?

Dála an scéil, an bhfuil a fhios agaibh go mbíonn duine fásta i gcónaí i dteannta leis an Taoiseach ó tharla an eachtra ar Shráid Chill Dara dhá mhí ó shin? Cén eachtra? a chloisim sibh ag rá. Cén eachtra? Nuair a sháigh Garda a chloigeann isteach trí fhuinneog oscailte an chairr, a aird dírithe ar an duine sa chúl. "Ag an am seo den lá, a thiománaí," a d'fhiafraigh sé go borb den tiománaí, "nár chóir don leaid óg a bheith ar scoil?"

Tá tuairim is míle billiúnaí ar mairthean sa domhain. Dá ndíolfadh Éanna rún a óigeantachta le gach duine acu ar bhilliún an duine bheadh an rúndiamhar eile a bhfuil an stát ag plé léí fuascailte chomh maith.

Saturday, June 11, 2011

"boodeyman" abú!...

Tharraing an litir seo san IT inniu m'aird. Cuireann sé ionadh ar údar na litreach gur chuir Miriam Lord "sic" le "boodeyman" san alt a scríobh sí san IT an tseachtain seo caite. An Luimníoch, Micheál Ó Nuanáin, a d'úsáid an focal "boodeyman" sa Dáil. Cé gur béarlagair an focal céanna agus go leor leaganacha de in úsáid, dar le Miriam gur ghá an bhfocailín "sic"a chuir ar lorg an leagain Mhuimhnigh de!

A leithéid de shotal!

An é go bhfuil feachtas impiriúlachas an bhéarlagair ar bun aici, nó acu? Cé go gcaithfimidne béarlagair an dreama eile a úsáid, tugann siad droim láimhe dár mbéarlagair-ne. Greamaíonn "sic" de go fiú?

Bhuel, ní dócha go mbeidh an Nuanánach, frapa ceann teannta cróga na hÉireann i gcúrsaí airgeadais, faoi shotal ag lucht an "bogeyman". Yahúúúú!

Wednesday, June 1, 2011

finscéal na Róimhe...

Sa bhliain 1980 agus mé fós i mo mhac léinn ollscoile i gCorcaigh, chaith me trí mhí le linn an tsamhraidh sa Ghearmáin ag obair i monarcha carr. Nuair a bhí na trí mhí curtha díom agus roinnt mhaith airgid gnóthaithe agam, chuaigh mé ar camchuairt ar fud iarthar na hEorpa ar feadh míosa iomláine. Bhí cárta “Idirráille” agam agus tar éis dom cuairt a thabhairt ar an gCurtaín Iarainn ó thuaidh san Fhionnlann bhí mé, dhá sheachtain dár gcionn, sa Chathair Shíoraí.

Bhí sé ina thráthnóna nuair a shroich an traein an Róimh agus ós rud é nach raibh leaba saor ar fáil i mbrú na hóige ag am sin den lá seoladh chuig saghas brú tánaistigh gach duine nach bhfuair lóistin na hoíche san ionad oifigiúil féin. Seanfhoirgneamh ón naoú haois déag a bhí ann agus san “óstán” sin chaith mé trí oíche i seomra mór a raibh dhá leaba bhuinc, leaba dúbailte agus cithfholcadh sa chúinne ann. Bhí idir fhir agus mhná sa seomra agus bhí beirt bhan ó Shasana ag roinnt na leapa dúbailte le chéile. (Tá a fhios agam ón méid atá inste agam go gcaithfí maitheamh d'aon duine a bheadh ag súil le scéal "dána" ón bpointe seo amach ach ní sin is cás liom anseo, nó, dá mb'amhlaidh a bheadh sé, ní thiocfadh a leithéid roimh dheireadh an scéil, nó roimh dheireadh an scéil a leanfadh é.)

Ar cheann de na laethanta thug an bheirt bhan cuairt ar an zú i dteannta liom féin. D'fhéadfá a rá nach dtéann an gnathdhuine chuig an Róimh don chéad uair chun cuairt a thabhairt ar an zú, ach ar aon nós...

Ní ba dhéanaí sa tráthnóna bhíomar fillte ar an seomra suimiúil san óstan nuair a tháinig duine de na haoíonna eile isteach sa seomra. Fear ón Afraic a bhí ann. Agus bhí a chuid éadaí lán d'fhuil

“Cad a tharla duit?” a d'fhiafraigh duine de na mná.

Bhuel, b'fhéidir gur chomhtharlúint a bhí i gceist ach bhí an fear siúd sa zú an lá sin chomh maith. Agus é ag siú thart ag féachaint ar na hainmhithe chuir bean forrán air. Iodálach mná a bhí ann agus bhí tréimhse mhaith caite aici ina cónaí sa Afraic, suim aici san Afraic dá bharr agus mar sin de. Nuair a shroich siad cás an tíogair, dhein siad sos beag. Gan choinne leis, chuir an bhean a lámh isteach sa chás. Agus, ní ba sciobtha ná a bheadh duine ag súil leis, léim an tíogar anall chuici agus i bhfaiteadh súl bhí a géag bainte di go gualainn. Ghlaoigh an fear ar chabhair agus tugadh chun an ospideil í. Mhair sí beo, ach bhí a lámh caillte aici.

Nuair a d'fhág mé slán leis na Sasanaigh ar an maidin dár gcionn agus mé ag taisteal ó thuaidh, thug mé mo bhreith ar a raibh inste ag an bhfear: bá dhóichí nach raibh sé fíor, níorbh féidir go raibh sé inchreidte. Finscéal!

Thaistil mé ar an traein go dtí an Eilvéis. Ar an tslí, bhí orm stad de chúpla uair a chloig a chur isteach i nGenoa. Bhí Liam Ó Brádaigh ag imirt ar son fhoireann Juventus san Iodáil ag am am agus cheannaigh mé nuachtán sa stáisiún dá bharr. Ní raibh aon Iodáilís agam ag an am ach bheinn in ann an t-ainm a chuardach ar na leathaigh spóirt agus mé ag fanacht ar an traein, cheap mé. (Ní raibh mórán eile le déanamh, a chairde óga an idirlín dhomhanda, ag an am sin agus tú ag feitheamh ar thraein i stáisíun san Iodáil, nó in aon tír eile.)

Corriere della Sera an nuachtán, más buan mo chuimhne.

Ar aon chaoi, chun scéal fada a dhéanamh gearr, tharraing grianghraf ar an leathanach tosaigh m'aird. Grianghraf de bhean a bhí ann agus bhí dreach aisteach uirthi. Ina luí ar shínteán a bhí sí. Tháínig Laidin agus Fraincís na scoile i gcabhair orm sa deireadh agus d'éirigh liom an scéal a dhéanamh amach. Ainm na mná boichte, ainm fir (ainm a raibh cruth Afraiceach air, cinnte), an zú sa Róimh, an gortú, a géag bainte den bhean ag an tíogar...

Baineadh siar asam.

Ar uairibh, bíonn baol ann, faraor, go bhfíoraíonn finscéal.

Thursday, May 26, 2011

scéal grinn - athlódáilte...


 Bhí fear agus a bhean chéile ag taisteal sa charr lá sa samhradh agus bhí a ngadhar sa chúl i dteannta leo. Go tobann nochtadh ainmhí ar an mbóthar rompu agus b'éigean don fhear, a bhí ag tiomáint, an coscán a theannadh ar an toirt. Stad an carr de phreab. Amach leis an bhfear as an gcarr agus bhrostaigh chun tosaigh d'fhonn féachaint an raibh an t-ainmhí fós ina bheatha. Ar an mbóthar os comhair an chairr amach chonaic sé frog ina shuí agus é ag breathnú suas air.

“Go raibh míle maith agat gur lig tú mo bheo liom,” arsa an frog. Baineadh siar as an bhfear. 

“Dia dár sábháil,” arsa seisean, “frog le hurlabhra aige, níor shamhlaigh mé a leithéid riamh.” 

“Sea,” arsa an frog, “is frog draíochtúil mé agus mar luach saothair duit, má iarrann tú achainí orm comhlíonfaidh mé í.” 

Nuair a bhí an fear tagtha chuige féin arís chuaigh sé i mbun a mhachnaimh ar feadh meandair.

"Tá seó gadhar ar siúl ar an mbaile ar an deireadh seachtaine seo agus ba mhaith liom go mbainfidh mo ghadharsa an chéad duais amach,” arsa an fear ar ball.

"Ceart go leor,” arsa an frog, ”taispeán dom an gadhar agus déanfaidh mé an gnó duit.” 

Chuaigh an fear i dtreo dhoras cúil an chairr, an frog ag léimneach ina dhiaidh, agus d'oscail é. Nuair a bhreathnaigh an frog isteach ar an ngadhar baineadh stangadh as. A leithéid de ghnúis ghránna mhíchumtha ní fhaca sé riamh agus é ag sileadh anuas as gach oscailt di. 

“Tá mé buartha, a fhir uasail,” arsa an frog go leithscéalach, “ach ní dóigh liom gur leor neart mo dhraíochta don chás seo.” 

Bhí díomá ar an bhfear ach chuaigh sé i mbun a mhachnaimh arís go dtí gur rith achainí eile leis. 

“Tá comórtas áilleachta ban ar siúl ar an deireadh seachtaine dár gcionn agus is mian liom go mbéarfaidh mo bheansa an chraobh léí.” 

“Ceart go leor,” arsa an frog, “déanfaidh mé sin duit, gan dabht.” 

Timpeall chun an taoibh eile den charr leo ansin agus d'oscail an fear doras tosaigh an chairr. D'fhéach an frog isteach. Bhí sé ag breathnú ar an mbean ar feadh cúpla nóiméad nuair a d'iompaigh sé ar an bhfear go cúthail agus dúirt i gcogar: “Ar mhiste leat dá bhfeicfinn an gadhar in athuair?”

Sunday, May 15, 2011

lucht lútála gan chuireadh?...

Caithfidh mé a admháil gur bhain sé gáire asam nuair a léigh mé an t-alt seo sa Sindo inniu. Is amhlaidh nach bhfuil suim dá laghad ag an mBainríon Éilís an dream siúd a fheiscint i gcóngar di atá - cuid acu, ar aon nós - in ainm a bheith, dar leo féín agus le mórán eile nach iad, ina lucht tacaíochta is dílse sa Phoblacht. Nach mbeidh go leor le déanamh ag na fórsaí slándála Bean Windsor a chosaint ar na gealta eile gan lútálaithe le siabhráin mhórgachta a chur san áireamh, a mbíonn an iomarca díobh á ciapadh cheana féin agus í ar an ríchathaoir le blianta fada anuas?!

Dar liom, tá rud rómhór á dhéanamh as an gcuairt. Táimse féin go réchúiseach faoi. Tá fíricí crua na staire mar atá siad agus ní cóir iad a shéanadh ach ní dhéanfaidh sé aon dochar an caidreamh leis an mBreatain - atá thar a bheith casta - a normálú.

Wednesday, May 11, 2011

cad a dhéantar nuair a phléascann bonn feithicle...



Bhí mé in Éirinn le déanaí ar feadh cúpla lá le freastal ar chuimhneamh míosa mo mháthar agus chun nithe eile a dhéanamh a raibh gá leo, cuid acu nach raibh ró-inmhianaithe. Bhí teach mo mháthar le folmhú, mar shampla. Chuidigh col ceathrair liom an tasc sin a chur i gcrích. Is iontach an bhean í an col ceathrair céanna agus d'éirigh linn an obair a chur dínn gan mórán crá.

Ar aon nós, bhí gluaisteán ar cíos agam agus nuair a bhíos ag filleadh ar an Domhnach - Domhnach na Cásca a bhí ann - agus ag taisteal suas an mótarbhealach i dtreo an aerphoirt cad é a tharla ach gur phléasc an bonn tosaigh ar thaobh na láimhe deise.

D'éirigh liom an gluaisteán a choinneáil faoi smacht agus, faoi dheireadh, a stopadh. Bhí an bonn féín scriosta go hiomlán agus bhí deatach ag éirí aníos uaidh. Agus mé ag breathnú síos air d'airigh mé mar a bheadh lámh na cinniúna i láthair. Scanrúil go leor.

D'aistrigh mé an bonn agus bhain mé an t-aerphort amach ar an mbonn spártha (uasluas 80 km/u) in am don eitleán.

Caithfidh mé a admháil gur mhó an crith a bhain sé asam ar an lá dar gcionn ná ag an am ar tharla sé. B'fhearr an t-idirlíon a sheachaint ar uairibh, is dócha. Ar aon chaoi, chuaigh mé i mbun tuilleadh eolais ar an ábhar a fháil amach. Drochscéal ar fad a bhíonn ann go minic nuair a tharlaíonn a leithéid.

Tugann an físeán thuas píosaí comhairle ar fiú eolas a bheith orthu - roimh ré.

Is é an rud is tábhachtaí ná gan úsáid láithreach a bhaint as an gcoscán ar an ábhar go bhfuil sé de riachtanas an móiminteam chun tosaigh a chaomhnú ós rud é go dtarraingítear an gluaisteán ar leataobh ag an mbonn scriosta.

Tuesday, May 10, 2011

beannacht nua don té anonn in aois...


Cén aois an duilleog thuas? Aois an chrainn a "dhein" í nó aois an earraigh inar deineadh í? Ceist mheafarach, ceist fhealsúnach, b'fhéidir. Cad a déarfadh an luibheolaí?

Ar aon nós, is ón seanbhuachaill an duilleog, ó ghéag dá chuid le bheith cruinn. Agus nach cruthanta an duilleog í? Déanta go maith, nach bhfuil sí? An seanchleachtadh, ní féidir é a sharú! Bliain i ndiaidh bliana, gan teip.

Tá dhá mhallacht, ar a laghad, sa Ghaelainn atá níos uafásaí ná an focal ciorraithe i mBéarla, mar atá "Go dtachta an Diabhal thú" agus, níos measa fós, "Marbhfháisc ort!" Téann an dhá cheann siúd go mór i bhfeidhm orm i gcónaí; is Diabhal an éifeacht atá ag baint leo. (D'fhéadfá a rá fiú nach bhfuil baint ar bith ag an bhfocal corraithe le deireadh an tsaoil ach lena thús!)

Agus ná habair a leithéid le haon duine atá anonn go maith in aois agus a chasann ort i rith an gheimhridh.

B'fhearr duit a rá leis: Duilliúr úr an earraigh ort!

Tuesday, May 3, 2011

tuigim! b'in an fáth...


...a raibh gach duine eile thart ar fhiche bliain, ar a laghad, ní ba óige ná mise!

Dhiúltaigh mo bhean chéile agus mo iníon dul air. Ní raibh fúm ar dtús dul ar aon mharcaíocht dá leithéid, ach an oiread. An Domhnach seo caite a bhí i gceist.

Na blianta ó shin, ba ar éigean ba leor na marcaíochta ba fhiáine domsa chun an leadrán agus an leamhas a ruaigeadh!

Seans gurbh ar siúd a bhíos ag smaoineamh nuair - le flosc eachtra - a bheartaigh mé triail a bhaint as an Break Dance...  Ní raibh mo chompánaigh ró-shásta le mo chinneadh.

Bhuel, geallaim daoibh gurbh í an uair dheireannach; thóg sé leathuair a chloig go dtí go raibh mé tagtha chugam féin aris.

B'in an fáth nach raibh ach daoine faoi thriocha bliain d'aois ag marcaíocht ar an diabhal rud!

Ar ór na cruinne, ní dhéanfaidh mé a leithéid arís! 

Sunday, May 1, 2011

bhuel, an gcuireann sé ocras oraibh?...


Lá breithe m'iníne is óige inniu agus thugamar cuairt ar an bhFrühlingsfest.

Chonaic mé an fógra seo ar crochadh ann agus dhein mé grianghraf de.

Cé go bhfuil an focal Béarla "hit" gearmánaithe ar feadh tréimhse maithe anois, ní dóigh liom gur ámharach an cleamhnas atá déanta aige leis an tuiseal ginideach den fhocal "Tag" (= lá/ tuiseal ginideach = Tages).

Is minic a bhíonn cuairteoirí idirnáisiúnta i láthair a mbíonn an Béarla mar phríomhtheanga taistil acu. (An gceapfadh leantóir de Rangers (Glaschú), mar shampla, go bhfuil baint ag an bhfógra leis an ndream eile?)

Nó an gceapfaí, b'fhéidir, gur leasainm tíriúil don Wurst atá i gceist?

Monday, April 11, 2011

léitear mo bheola: ní ábhar grinn éigniú ban ! ! !


B'fhéidir gur beag an cur amach atá agam faoi scéal Shell i gcontae Mhaigh Eo. Agus gan amhras, ní raibh sé de rún ag na Gardaí (Gardaí!) i gceist go gcraolfaí riamh na tagairtí "greannmhara" a dhein siad do éigniú ban. Go rachadh roinnt de na daoine a bhí i gcoinne na nGardaí cheana féin thar fóir agus go ndéanfaidís a seacht ndícheall teacht i dtír ar an scéal, ní gá go gcuirfeadh sin ionadh ar éinne. Agus roinnt de na tráchtairí (ní gach duine acu, áfach) sna meáin, is eol dúinn le fada nach ag iomramh dóibh féin a bhíonn a lán díobh siúd ach ag seoladh le cóir ghaoithe, agus nach ábhar iontais é dá bharr iad a bheith ag déanamh beag is fiú den scéal.

Is iomaí uair a d'insíodh scéal grinn gáirsiúil sa tábhairne nó lasmuigh de agus a leithéid cloiste ag gach duine ó am go chéíle ach níor chuala mise riamh gur baineadh úsáid as éigniú ban sa tslí sin. Agus is iomaí duine a bheith go mór faoi bhrú ach gan úsáid a bhaint as éigniú ban mar ábhar grinn ar mhaithe le faoiseamh éigin a thabhairt dóibh féin.

Táim cinnte de go bhfuil móramh mór den tuairim nach bhfuil a leithéid inghlactha i gcás ar bith. Agus más amhlaidh atá sé, tá iomlán an chirt acu.

Mar ná bíodh dul amú ar aon duine: ní ábhar grinn éigniú ban ach coir ghránna. Lánstad!

Sunday, April 10, 2011



Feicim gur dhiúltaigh pobal na hÍoslainne sa reifreann ba dhéanaí do mholadh rialtas na tíre sin go n-íocfaí fiacha na mbanc as an státchiste. Ceithre billiún euro atá i gceist agus is iad an dá stát Sasana agus an Ísiltír atá ar thóir an airgid. Chúitigh na stáit úd na coigilteoirí óna dtíortha féin a bhí thíos leis nuair a theip ar an mbanc idirlín Íoslannach darbh ainm "Icesave". Le rátaí arda úis a mhealladh an banc céanna coigilteoirí le feachtais fhógraíochta sa dá tíortha thuasluaite le linn ré an osréalachais airgeadais.

Is ceist chasta an ceann seo, caithfidh mé a rá - más cruinn agus cuimsitheach a bhfuil léite agam fuithi.

Mar is é a tharla ná nuair a theip ar an mbanc ba iad na coigilteoirí Íoslannacha amháín a chúitigh na húdaráis Íoslannacha. Mar bhall den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, a raibh a bhainc gníomhach sna ballstáit eile de, bheadh sé de dhualgas ar an Íoslainn gan leatrom a dhéanamh ar choigilteoirí óna tíortha eile den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

Ach nach é seirfean na fírinne i gcúrsaí airgid seo a leanas: dá mhéad an t-ús is ea is amhlaidh is mó an baol an t-airgead a chailliúint?

Ar an taobh eile de, ba iad coigilteoirí beaga don chuid is mó, más fíor é, a raibh a n-airgead i dtaisce sa bhanc i gceist. (Fós féín, ba bheag an muinín a bhí agam riamh sna bancanna idirlín agus a rátaí arda úis, agus má théann duine i bhfiontar sa chás sin nár chóir dó a bheith freagrach as a ghnó féin?)

Is cosúil go gcuirfidh rialtas Shasana agus na hÍsiltíre an dlí ar an Íoslainn. Anuas ar sin d'fhéadfadh na tíortha úd ballraíocht na hÍoslainne san AE a chros. Agus sa lá inniu, cé a d'fhéadfadh gan an bhagairt mhíleata féin a aireachtáil áit éigin sa chúlra.

An é nach bhfuil, in ndeireadh an lae amhail cás na hÉireann, aon dul as ag an Íoslainn ach chomh beag?

Thursday, March 31, 2011

córas agus cothrom...

Is fusa cothrom na Féinne a éileamh nó a fhógairt ná é a chur i gcrích. Fiú amháin sa chás a mbeadh gach duine toilteanach cothrom na Féinne íonghlan cruinn a bheith i bhfeidhm, is ar éigean a bheadh sé indéanta. Solaoid mhaith den dileama is ea an córas toghcháin.

Mar is eol, ní fhreagraíonn céatadáin na vótaí a fhaigheann na páirtithe riamh go cruinn do chéatadáin na dteachtairí a fhaigheann suíocháin sa pharlaimint óna páirtithe sin.

De réir chóras toghcháin Shasana, mar shampla, bheadh dáileadh na suíochán sa chás thíosluaite mar seo a leanas:


Dá ndáiltear é go díreach de réir chéatadán na vótaí faoi seach, bheadh an toradh mar a leanas (líon na suíochán ar dheis):


Níos cothromaí? Ach féachaigí, tá roinnt de na suíocháin agus céatadáin ar lár. Cén fáth?

Bhuel, sa Ghearmáin ní thagann páirtithe a fhaigheann níos lú ná 5% d'iomlán na vótaí isteach sa pharlaimint. An Triú Ríocht ba chúis le sin. Fanann Don Cíochótae agus a chairde amuigh agus an chobhsaíocht istigh. Praghas na cobhsaíochta ar fiú é íoc, dar leis an bpobal abhus.

Má fhágtar vótaí na bpáirtithe faoi 5% as an áireamh, faightear dáileadh coigeartaithe:


An fhadhb atá againn anois ná nach ndéanann an modh ríofa seo slánuimhreacha a sholáthar dúinn. Cé a fhaigheann na codáin? Is amhlaidh nach saoithínteacht an cheist seo mar i gcásanna áirithe d'fhéadfadh an chaoi a réiteofaí í tionchar cinntitheach a imirt ar chomhdhéamh an rialtais. Baintear úsáid as algartaim mhatamaiticiúla chun bailchríoch a chur ar an ndáileadh ach braitheann an toradh arís ar an gcóras ríofa a roghnaítear. I mBaden-Württemberg baintear úsáid as an modh ríofa de chuid Sainte-Laguë. Bhaintí úsáid as an modh ríofa de réir D'Hondt tráth den saol ach tá an modh oibre seo claonta i bhfábhar an pháirtí leis an gcuid is mó de na vótaí.

Agus céard faoin toradh a tháinig amach i ndeireadh thiar i mBaden-Württemberg? Mar seo a bhí sé:



138 seachas 70? Cad chuige sin? Bhuel, ós rud é go gcoinníonn gach iarrthóir a thoghtar i dtoghcheantar a shuíochán ("suíochán díreach" a chuirtear air) bíonn 50 suíochán de bhreis ann chun an dáileadh a chur i gcrích de réir na gcéatadán. Ach níor leor fíu 120 suíochán an babhta seo mar fuair an lucht dubh 86% de na suíocháin díreacha, rud a chiallaíonn go bhfuair siad 50% de na 120 suíochán a bhí leagtha amach ar dtús. Bhí gá le 18 suíochán de bhreis chun dáíleadh na suíochán a chothromú agus a chur i gcomhréir leis na céatadáin.

Déarfainn go bhfuil 18 teachtaire ar a laghad ann atá go sona sásta leis an gcóras toghcháin!

(Agus tá an saoiste nua ón lucht glas sásta freisin.)

Wednesday, March 30, 2011

cé a bhain an tromlach sa pharlaimint amach...?


Sa léarscáil thuas tá réigiún le 70 toghcheantar le feiscint. Léiríonn dath toghcheantair cé acu de na páirtithe a bhain ní ba mhó vótaí ná aon pháirtí eile sa toghcheantar sin amach sa toghchán deireannach, agus dá bharr, an suíomh sa pharlaimint don iarrthóir ón bpáirtí sin.

Cé, dar libh, a bhain an tromlach i bparlaimint an réigiúin amach?

Tuesday, March 29, 2011


Bhí mé i mo thost arís ar feadh tamaill...

Cúpla uair a chloig tar éis dom an bhlagmhír do Lá Fhéile Pádraig a chur suas ar mo bhlag, chuir col ceathrair dom in Éirinn glaoch orm. I lár na hoíche a bhí sé agus nuair a chonaic mé a hainm ag lonrú ar an nguthán bhí a fhios agam láithreach gur drochscéal a bhí i ndán dom.

Bhí mo mháthair tar éis bás a fháíl. In aois a 86.

Ba mhinic a bhí géarchéim shláinte ag gabháil di sna blianta atá imithe thart agus mise ag brostú liom anonn gach uair, ach tháinig sí slán astu uilig. Ba é gan choinne a tharla sé sa deireadh. Ba ábhar sóláis dom, agus an rud ba mhó a chuir ar mo shuaimhneas mé, go raibh sé soiléir nár fhulaing sí.

Chuir bás mo dheirféar i dtimpiste bhóthair le linn di a bheith amuigh, go neamhúrchóideach mar a déarfá, ar shiúlóid breis is deich mbliana ó shin go mór isteach ar mo mháthair agus d'fhéadfá a rá nach raibh sí riamh ar fónamh ina dhiaidh sin. Dá ainneoin sin bhí dearcadh dearfach soirbh aici ar an saol agus ba mhór an sólás agus ábhar sonais di a clann clainne.

Bhí mo mháthair ina gaeilgeoir agus ina ball de Chonradh na Gaeilge sna seascaidí agus sna seachtóidí. Is uaithi, gan amhras, a fuair mise an frídín aoibhinn gaelach.

Le linn an aifrinn léígh mé sliocht as an gcéad litir Naomh Pól chuig na Teasalónaigh. As Gaelainn, ar ndóigh.

Ar dheis Dé go raibh a hanam.