Tuesday, March 29, 2011


Bhí mé i mo thost arís ar feadh tamaill...

Cúpla uair a chloig tar éis dom an bhlagmhír do Lá Fhéile Pádraig a chur suas ar mo bhlag, chuir col ceathrair dom in Éirinn glaoch orm. I lár na hoíche a bhí sé agus nuair a chonaic mé a hainm ag lonrú ar an nguthán bhí a fhios agam láithreach gur drochscéal a bhí i ndán dom.

Bhí mo mháthair tar éis bás a fháíl. In aois a 86.

Ba mhinic a bhí géarchéim shláinte ag gabháil di sna blianta atá imithe thart agus mise ag brostú liom anonn gach uair, ach tháinig sí slán astu uilig. Ba é gan choinne a tharla sé sa deireadh. Ba ábhar sóláis dom, agus an rud ba mhó a chuir ar mo shuaimhneas mé, go raibh sé soiléir nár fhulaing sí.

Chuir bás mo dheirféar i dtimpiste bhóthair le linn di a bheith amuigh, go neamhúrchóideach mar a déarfá, ar shiúlóid breis is deich mbliana ó shin go mór isteach ar mo mháthair agus d'fhéadfá a rá nach raibh sí riamh ar fónamh ina dhiaidh sin. Dá ainneoin sin bhí dearcadh dearfach soirbh aici ar an saol agus ba mhór an sólás agus ábhar sonais di a clann clainne.

Bhí mo mháthair ina gaeilgeoir agus ina ball de Chonradh na Gaeilge sna seascaidí agus sna seachtóidí. Is uaithi, gan amhras, a fuair mise an frídín aoibhinn gaelach.

Le linn an aifrinn léígh mé sliocht as an gcéad litir Naomh Pól chuig na Teasalónaigh. As Gaelainn, ar ndóigh.

Ar dheis Dé go raibh a hanam.

8 comments:

  1. Mo chomhbhrón ó chroí leat a chara.

    ReplyDelete
  2. Ní maith liom bhur dtrioblóid

    ReplyDelete
  3. @ 'Ba é gan choinne a tharla sé sa deireadh'

    Is minic gur mar sin a tharlaíonn, a chara. Go dtuga do Ché sólás duit ag an am brónach seo.

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agaibh, a chairde.

    ReplyDelete
  5. Is uaithi, gan amhras, a fuair mise an frídín aoibhinn gaelach.

    Tá muid uilig buíoch di!

    ReplyDelete