Saturday, October 30, 2010

aibíocht trom an fhómhair ar crochadh go hanghrách...



An é go bhfuil an bhraisle caor dubh seo ag mealladh suirígh na coille ina treo?

Is den trom nó den chrann troim iad na caora dubha. D'aimsigh mé an chéad leagan ar focal.ie agus an dara ceann san “eolaí póca”. Ach an t-ainm a thuigeann an crann féin ná Schwarzer Holunder ós rud é gur abhus ar thóg mé an griangraf.

Úsáidtear na blathraí agus na caora mar chomhábhair sa chistin i mbianna agus i ndeochanna éagsúla. Mar is eol, déantar fíon as na caora.

Óltar an tae a dhéantar as na bláthraí go forleathan sa Ghearmáin. Deirtear gur maith an leigheas é ar shlaghdán nó ar fhliú.

Agus is féidir ruaim a bhaint as na caora. D'úsáidtí an ruaim sin tráth den saol chun leathar a dhathú, mar shampla, agus úsáidtear arís sa lá inniu í toisc gur táirge nádúrtha é.

Luaití go leor piseog - idir dhrochthréithe agus dhea-thréithe - leis an trom sa tseanaimsir.

Seo rann as ceann de laoithe na Féinne dar teideal Oenach indiu luid in rí... (Inniu chuaigh an rí go haonach...)

Suidmít ar in cholbu chrúaid,
doní ar n-ósaic ri óenuair,
láid connud truimm fora thein,
súail naron much don dethaig.

Suímid ar an gcolbha crua.
friothálann sé orainn gan mhoill,
caitheann sé cual troim ar an tine,
ba bheag nár mhúch sé sinn le deatach.

Níl aon amhras ann ach go dtuigeadh na sinsir láithreach nár rómhaith a bhí cúrsaí ag dul ar aghaidh sa dán a luaithe agus a bhí an focal “tro(i)m” ráite ag an reacaire. Is é go gcreidtí go gcuirfeadh sé drochrath ar theach dá ndófaí adhmad an troim sa teallach ann. Sa lá inniu bheadh an tagairt, i scéal nó i scannán mar shampla, don tréith mhírathúil siúd a luaití leis an trom fadó caillte go hiomlán orainn.

Agus ní dhéantaí cliabhán do leanbh riamh as adhmad na crainne troim.

Sunday, October 24, 2010

Braitheann sé ar an Zeitgeist...

Is rudaí iad Zeitgeister ar deacair iad a chomhaireamh ach ceapaim go bhfuil dhá Zeitgeist éagsúla curtha de ag an saol mór le linn dom a bheith páirteach ann agus go bhfuil ré an tríú Zeitgeist i réim le roinnt blianta anuas anois.

De réir a bhfuil feicthe agam go dtí seo, tá tionchar mór ag an Zeitgeist ar chúrsaí móráltachta. Agus deirim go glan amach é: ní thaitníonn an ceann atá i réim faoi láthair liom.

An dá Zeitgeist a tháinig roimhe sin, ba chineál Zeitgeister iarchogaidh iad, a bheag nó a mhór. Feictear dom anois go raibh an cine daonna fós faoi scáth a raibh tite amach sa Dara Cogadh Domhanda. Agus scanraithe ag an gcruálacht ar féidir an duine daonna a chur i bhfeidhm ach prionsabal nó dhó a bheith ligthe chun srutha aige roimh ré.

Ba "Platoon" an scannán deireannach beagnach de shraith scannán a tháinig amach le linn an dara Zeitgeist inar léirigh Hollywood uafás an chogaidh dúinn. Mar sin bhíomar go léir i gcoinne an chogaidh agus i gcoinne maraithe de gach sórt. Ba é an rud is measa é ag an am ná duine a mharú ar son cúise. Cibé cúis a bheadh i gceist, níorbh fhiú saol duine a íobairt ar a áltóir. Go deimhin, bhí ár gceacht foghlamtha againn. Agus, mar a samhlaíodh dúinn ag an am, bhí aibíocht, agus acmhainn teibíochta ina teannta fiú, bainte amach ag an gcine daonna agus bheadh an cine daonna céanna, dá bharr, inniúil don tsíocháin feasta agus go deo. "Nie mehr wieder Krieg!"

Ach dá fhad an t-achar ama idir tubaiste an Dara Chogaidh Dhomhanda agus an aimsir láithreach, is amhlaidh is mó a théann na ceachtanna searbha, agus an chiall cheannaithe a ghabhann leo, i ndíchuimhne. Agus nuair a chuaigh mórchumhachtaí an Iarthair arís i mbun ghnó na cogaíochta ó thús na nóchaidí ar aghaidh is amhlaidh gur fhás inghlacthacht an chogaidh i measc na ndaoine agus na ndreamanna nár mhian leo teacht trasna ar iad siúd leis an gcumhacht.

(I measc na gcomhairleoirí beaga a mhaireann áit éigin i m'aigne agus a bhíonn ag cur a dtuairimí faoi mo bhráid ó am go chéile – ní bhíonn aon iachall orm glacadh leo! – bíonn soinicí ann anois is arís. Le déanaí dúirt sé liom nach mbeadh cead ar bith ag an dara Zeitgeist a bheith chomh mór sin i gcoinne an chogaidh ach amháin ar an ábhar nach raibh suim ag na mórchumhachtaí le linn na tréimhse sin dul ina mbun. Ní hamháin nach raibh an Zeitgeist ag cur isteach orthu, ba áisiúil é a chur ag obair dóibh mar ní raibh ach a leithéidí an tIRA, an RAF, an ETA gníomhach sa ghnó ag an am agus ba naimhde dóibh na dreamanna siúd.)

Is go réchúiseach a phléitear don chuid is mó le cúrsaí slaid agus áir sna meáin chumarsáide le linn ré seo an tríú Zeitgeist. Is dócha, ach an Riail Óir* a chaitheamh ar leataobh agus ní deacair plé fiú le ceisteanna dá samhail go réchúiseach. Agus ní áirím fiú an easpa dheacrachta a bhíonn ag baincéirí agus iad ag plé go réchúiseach le cúrsaí ionracais.

Má fhaighimid an deis buntáiste nó sult a bhaint amach dúinn féin, ordaíonn an Zeitgeist dúinn, gur chóir an deis a thapú beag beann ar leas aon duine eile.

Agus dá ainneoin sin ní hé nach dtugtar ómós do agus fáilte roimh mháistrí an Zeitgeist cibé in Áras an Uachtaráin, sa rådhus i gcathair Osló nó i nGarraithe an Phápa féin.

Más dhá chomhchonsal ré ar bith iad an Zeitgeist agus an chumhacht, cad é an mhóráltacht mar sin?

A dtánaiste?

A ngiolla?



*Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh
daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh

Sunday, October 17, 2010

an leagan cluana de thaibhse an chnádáin?...


Bhíos ag caint le fear gnó ón Áise Thoir Theas i mBerlín an tseachtain seo chaite. Os rud é go raibh foláireamh slandála eisithe do na laethanta sin tharla gur phléamar cúrsaí polaitíochta ar feadh cúpla nóiméad.

Ní an t-Ioslam an chloch is mó ar phaidrín a bhuarthaí ach an tSín, a dúirt sé. De réir a raibh le tuairisciú aige, tá na tíortha sa chomharsanacht thall ag teacht faoi bhrú de réir a chéile.

Ní ba dhéanaí bhuail an smaoineamh mé gurbh fhéidir gurb í an tSín an chloch ba mhó ar phaidrín an Iarthair freisin. Ach nach féidir leis an Iarthar an méid sin a admháil go poiblí, ná a admháil ach an oiread gurb é an fáth go bhfuil an chríoch uilig, beagnach, ó Ríocht na hAraibe Sádaí go dtí an Afganastáin curtha faoi smacht ag na Comhghuaillithe ó dheireadh ré an chumannachais Eorpaigh i leith ná ionas go mbeadh an réigiún sin gafa ag an Iarthar cheana féin sara mbeadh ar chumas na Síne breith ar an bhfaill chéanna.

An é, mar sin, nach bhfuil san Ioslam ach an leagan cluana de thaibhse an chnádáin? Agus más amhlaidh go bhfuil míthreoir á cur ar phobal na cruinne nach íorónta an rud é go mbíonn fir bhladhmannaigh na bhfocal antoisceach an Ioslaim féin ag éascú an ghnó?

Ní mór don duine é féin a shaorú ó shíorthionchar inmheabhrú na meán cumarsáide ó am go chéile agus iarracht a dhéanamh smaoineamh nó dhó dá chuid féin a dhéanamh. (I mbaol, fiú, gur smaoineamh fánach a bheadh ann i ndeireadh an lae.)

Cé go bhfuil saoirse an phreasa a bheag nó a mhór i bhfeidhm san Iarthar agus go gceadmhach do iriseoirí bheith beagáinín dána anois is arís chun an tsaoirse chéanna a dheimhniú, feictear dom gurb é dá dtoil dheona féin nach n-imíonn an mhórchuid acu rófhada riamh óna leagain oifigiúla choinbhinsiúnacha sna "mórcheisteanna". Féinchinsireacht deistapaíoch de shórt éigin a bhíonn ann, is dócha.

Is é mo mhana: nochtar na fíricí agus labhróidh siad ar a son féin!

Ach an mbeimis in ann na fíricí a fhulaingt?

Wednesday, October 13, 2010

Na daoine ar deineadh dearmad orthu...

Ceist do thráth na gceist an cheist seo: ainmnigh oileán eile seachas ceann de óileánra na hÉireann a raibh Éireannaigh ina dtromlach ann tráth den saol?

Nó céard faoin gceann seo: cén oileán amach ó chósta thiar na hÉireann a dtagann an fear sa ghrianghraf as?


Bhuel, tá an t-oileán i gceist beagáinín níos faide siar ó dheas ná Na Sceallaga.

Mar leid, seo é cnag ón ngrúpa Typically Tropical a bhain barr na gceartacha amach sa bhliain 1975.




Ní ar Coconut Airways a chuir mórchuid na ndaoine an turas chuig Barbadós díobh sa seachtú haois déag ach tar éis deich seachtaine faoi dheic loinge i seaicilí.

I measc na gclár inspéise eile i gcartlann TG4 tháinig mé ar an gceann seo darb ainm Na Redlegs.

Chuirtí Redlegs ar na sclábhaithe a chuir Cromail i lár na seachtú haoise déag tar éis an chogaidh chun na Cairibe de bharr na caoi a ndóití ag an ngrian iad. Albanaigh, Sasanaigh a bhí ina measc freisin ach de bhunadh Éireannaigh an chuid ba mhó díobh.

Bhí siad ar an oileán ag sclábhaíocht ar na plandálacha sarar tosaíodh úsáid, nó mí-úsáid, a bhaint as sclábhaithe ón Afraic a bhí ní ba chleachta le teas marfach na gréine ná iad.

Tá thart ar deich míle sliochtach de na sclábhaithe geala úd fágtha ar an oileán sa lá inniu agus an mhórchuid acu beo bocht.

Is fiú an clár a fheiscint.

Monday, October 4, 2010

Cuidiú le Bartók agus léiriú úr air...



Is é an clár raidío is ansa liom, caithfidh mé a rá, nó a admháil, ná Tríd an Oíche ar BBC 3. Clár de fhad 360 nóiméad atá ann mar a fhógraítear ar an suíomh gréasáin.

Craoltar ceol clasaiceach agus bíonn na píosaí a chraoltar as cartlann an BBC, píosaí a ndeineadar féin taifead díobh. Mar sin craoltar raon leathan ceoil nach bhfuil ar fáil ar dhlúthdhiosca agus go leor píosaí ar éigean a chloisfí riamh iad ar an ábhar go bhfuil siad taobh amuigh den répertoire coitianta. Agus cuirtear, san áireamh, cur síos beag suimiúil ag tús gach píosa.

Déanaim féin taifid MP3 de go leor de na píosaí le Recorder No. 23 agus bímse ag éisteacht leis na taifid siúd agus mé ag comaitéireacht liom sa traein.

Dála an scéil, tuigim go maith nach bhfuil suim ach ag mionlach beag i gceol den chineál sin. De ghnáth, cuireann na baill eile den teaghlach agamsa, mar shampla, iachall crúogach orm mo chluasáin a úsáid. Nuair a bhíonn píosa, abraimís, do-éistithe á sheinm, ach go háirithe.

Ar aon nós, bhíos ag éisteacht leis an leagan seo den chlár an tráthnóna seo agus ar cheann de na píosaí a rabhas a éisteacht leo bhí an Coinséartó do Phianó agus do Cheolfhoireann Uimh. a 3 le Bela Bartók. Ceolfhoireann Súl agus duine darb ainm Sunwook Kim an pianódóir a bhí i mbun an léirithe.

Is minic a cheaptar go bhfuil deacracht éisteachta agus gruaime éigin, fiú, ag gabháil leis an gceol a chum Bartók ach cuireann an dream seo an coinséartó seo chomh geal glé i láthair go mb'fhéidir leosan féin, nach bhfuil cleachtaithe ar an "ndroch-fhoghras", taitneamh a bhaint as. Seinneann Sunwook Kim an pianó chomh suairc sin go gceapfaí uaireanta gur chruitchlár,xileafón, a bheadh ann - cé nach mbeinn cinnte de go mbeadh sé ró-shásta leis an "léirmheas" sin!

Agus tá píosaí eile ina dhiaidh sin á seinm ag an gceolfhoireann ar chaoi a bhfuil úire gheal ag baint leo. Gile úr na Cóiré?

Saturday, October 2, 2010

Sa Bhiain 2015: Agus an ghluais ar fáil mar pdf...



An ghluais: http://www.box.net/shared/03h7fhh2i7

An scéal: http://www.box.net/shared/z9cbsxho7s

(Curtha in eagar / 02.10.2010)