Sunday, April 10, 2016

na páistí dintiúir...



Dílleachtaí agus páistí le tuismitheoirí colscartha don chuid ba mhó a bhíodh i gceist. Thógadh na húdaráis óna muintir iad agus ba mhinic a chuiridis ar ceant ar mhargaí dintiúir iad. Tugadh páiste do cibé teaghlach a d'éiligh an costas coinneála ab ísle ón stát.

Go hiondúil ba ar fheirmeacha a chuirtí chun oibre iad mar sheirfigh a bheadh i mbun oibre éigeantais. Agus is ar éigean a fuair aon duine díobh an phingin rua féin mar phá nó mar airgead póca.

Le cois an dúshaothraithe ba mhinic a thugtaí drochíde dóibh agus a d'fhulaing siad mí-úsáid ghnéis.

Meastar go raibh na céadta mílte de na páistí dintiúir seo ann anuas go dtí na 1970í féin. Sa lá inniu meastar go bhfuil idir 15,000 agus 25,000 fós ina mbeatha agus, ní nach ionadh, fadhbanna síceolaíocha ag go leor acu.

B'fhada an tsochaí ag tabhairt neamhairde ar an gcúis náire agus an chluas bhodhar á tabhairt ag na polaiteoirí don ábhar geise seo. Bhí an chuma ar an scéal go rabhthas ag iarraidh an cás a chur ar an méar fhada go dtí go mbeadh gach duine de na páistí dintiúir ar shlí na fírinne.

Ach is cosúil anois gur éirigh leis an bhfeachtas a bhí ar bun le blianta anuas a raibh mar chuspóir aige cúiteamh airgid a bhaint amach do na páistí dintiúir. D'ainneoin nach beag líon na bpolaiteoirí a mhaígh go raibh drogall orthu ar eagla go mbunódh a leithéid nós contúirteach - nó fasach mar a deir an lucht dlí – táthar ag súil leis go mbronnfaidh parlaimint na hElvéise ag deireadh na míosa seo €23,000 ar gach duine de na páistí dintiúir, nó Verdingkinder mar a thugtar orthu san Eilvéis.

Sunday, February 28, 2016

meath na seanfhathach thall agus abhus...

Tá an dá pháirtí mhóra in éineacht - Fianna Fáil agus Fine Gael - tar éis níos lú ná 50% de na vótaí a fháíl i gcéad chomhaireamh an olltoghcháin 2016. An gá gur ábhar iontais é sin?

Má chuirim an dá stát a bhfuil dlúthbhaint agam féin leo i gcomparáid le chéíle is léir go bhfuil a mhacasamhail - nó geall leis - ag tarlú i dtíortha eile freisin. Tá seanfhathaigh na polaitíochta ag crapadh. Thall is abhus.






Ag tús na 1980í bhí an tseanréim fós i bhfeidhm agus sa Ghearmáin níor dheonaigh an dís mhór - na Daonlathaithe Sóisialta (SPD) agus na Daonlathaithe Criostaí (CDU/CSU) ach 13% den phíog do dhreamanna eile. In Éirinn fuair na Cairde Cathartha in éineacht 84.4% den vóta.




Le tamall de bhlianta anuas tá athrú an-mhór tagtha ar an scéal. Faoi 2009 sa Ghearmáin agus faoi 2011 in Éireann ní bhfuair ceachtar den dá pháirtí mhóra sciar ní ba mhó de na vótaí ná na dreamanna eile tógtha le chéile.

Cé gur tháing biseach ar líon na vótaí a fuair na Daonlathaithe Críostaí sa Ghearmáin an babhta deireannach (2013) - agus tá cruth níos measa ar na pobalbhreitheanna le tamall anuas arís - tá cúrsaí in Éirinn ag dul sa treo céanna agus mar a bhí siad in olltoghchán na bliana 2011.

Agus cad a tharlaíonn i ndeireadh thiar? In ionad rogha na díse buanchomhrialtas mór na díse? 

D'fhéadfaí a rá go bhfuil blaiseadh den rud sin againn sa Ghearmáin le breis agus 10 mbliana anois.