Sunday, February 21, 2010

"loingín fíodóra"

Bhuail an smaoineamh mé agus ceann de na Nótaí Imill is déanaí á léamh agam gur bheag an cur amach a bhí agam ar shanasaíocht an fhocail "tointeáil" agus a leithéidí.

folús feasa iomlán a bhí i gceist ach ní raibh a fhios agam gur as seancheird na fíodóireachta a thagann na téarmaí "tointeáil" agus "shuttle".

"Weberschiffchen" (loingín fíodóra) a chuirtear ar an ngléas thuas sa Ghearmáinis a théann, nó a théadh, anonn agus anall ag fí an tsnáithe (nó an tointe) - a chuirtear inneach air (agus é tochrasta thart ar spól i lár an ghléis) - trína snáitheanna a chuirtear dlúth ar cheann amháin acu.

Feictear dom gurb í an ghluaiseacht "anonn agus anall" an ghné is tábhachtaí den mhíniúchán sa lá inniu agus seirbhís tointeála bus faoi thrácht, mar shampla.

Ach fiú amháin má tá an tsanasaíocht de dhlúth agus d'inneach ionat ní fiú duit "Weberschiffchenbus" a lorg san aerfort i bhFrankfurt. "Shuttlebus" a bheadh de dhíth ort sa chás sin, nó "Pendelbus". Sa dara téarma is é an luascadán (= Pendel) a sholathraíonn an chiall a bhaineann leis an ngluaiseacht "anonn agus anall".

Thursday, February 18, 2010

is sleamhain iad leaca an tí mhóir: seanfhocail nua de dhíth!

alt an-deas (ba mhó, dar liom, an tarraingt a bheadh ann don fhoghlaimeoir dá gcuirfí gluais leis) ag an Titleyeach san IT inniu. Seanfhocail atá idir chaibidil aige. Ba thaiscí dlútha eolais don chine daonna na seanfhocail nuair nach raibh léamh ná scríobh ag aon duine.

Is iontach mar a cheapann an nath an ghaois. Ní raibh againn ach iad roimh theacht an léinn, ach chuimsigh siad fios feasa na gcianta laistigh de chnó beag cainte amháin.

Ar uairibh bíonn ceann de na taiscí eolais úd - le teann céille searbh-cheannaithe na gcianta, dar ndóigh - chomh chomhdlúite céanna gur féidir í a úsáid mar shórt urchair chosanta i gcoinne an mhíthapa.

Sa lá atá inniu ann, is féidir na blianta a chaitheamh ar thráchtas dochtúireachta a thaispeáineann ar deireadh thiar thall nach muiníneach lucht an airgid. Fadó deirtí "Is sleamhain iad leaca an tí mhóir," agus bhí an t-eolas céanna agat.

Shíleadh na Cumannaigh - agus go leor eile nárbh iad - gurbh fhéidir an duine daonna a mhunlú trí oideachas, nó trí ath-oideachas mar a deirtí tráth dá raibh. Fiú amháin sa cheist seo ní baol duit dul ar seachrán ach an seanfhocal cuí a bheith ar fáil duit.

Bíonn síceolaithe ag clascairt a chéile agus ag gabháil de phianpháis ar lucha beaga deasa d’fhonn a fháil amach an láidre tionchar an oideachais nó na timpeallachta ar dhuine seachas a bhfuil de bhuanna aige ó nádúr. Fadó deirtí "Is treise dúchas ná oiliúint" agus b’shin deireadh na hargóna go héag.

Samhlaítear dom go bhfuil stór úr "nuafhocal" go géar de dhíth orainn a chuirfeadh ar ár gcumas trí nathanna gonta a rá i dtráth an clúdach a bhaint de chleasaíocht agus de chaimiléireacht an lae inniu agus cosc a chur le roinnt dá tharlódh sula dtarlaíonn sé.

Chuir an ghéarchéim bhaincéireachta an ceann seo i m'intinn:

Is bocht an chuile an goile.

Saturday, February 13, 2010

Beethoven, Bizet agus rann an mhadra...




Ludwig van Beethoven (1770 - 1827)




George Bizet (1838 - 1875)






Tá baile ar an gcósta thiar den Bhreatain Bheag darb ainm Porthmadog a raibh an-tábhacht ag baint leis do leantóirí an rac-cheoil in Éirinn le linn tréimhse gairide i lár na seachtóidí.

Cén fáth sin? Mar ba as an áit chéanna a bhfaigheadh déagóirí - agus daoine eile nárbh iad, is dócha, a bhí ar an eolas - cuid mhaith dá rac-chéirníní.

Agus cén fáth sin? De bharr iad a bheith saor ó cháin - go dtí gur dúnadh an bhearna chéanna faoi dheireadh.

Seoladh thar Mhuir Éireann iad i bpacáistíocht a raibh cosúlacht aici le pacáistíocht Amazon sa lá atá inniu ann... agus níor lú na sceitimíní a chuireadh sé ar dhéagóir fear an phoist a fheiscint agus é ag teacht i dtreo an tí leis an mbeartán donn ina ghlac aige. Leithéidí Pink Floyd, Led Zeppelin, Eric Clapton srl. a bhíodh istigh ann.

Cé gur éistim leis an sean-stuif fós is leis an gceol clasaiceach is mó a mbím ag éisteacht leis na blianta fada anuas anois.

Is aistear fada, spéisiúl, spreagúil é an t-aistear ar féidir a dhéanamh i gcríoch an cheoil chlasacaigh. Le Tschaikowski a thosaítear, is dócha, nó Vivaldi. Ansin baintear triall as Mozart, Beethoven, Händel agus Bach - na píosaí so-éisteachta ar dtús, dar ndóigh. Má thagann tú slán as na siansaí is faide de chuid Beethoven (na cinn gan da-da-da-dum) b'fhéidir go mbeidh de mhisneach agat aghaidh a thabhairt ar Brahms, Schumann, Schubert agus, fiú amháin, Bruckner.

Isteach sna sléibhte ansin leis an té nach bhfuil an misneach sleamhnaithe uaidh fós. An áit a gcastar ar Mahler, tá an aer tanaithe go maith - agus an ceol beagáinín díshondach. Beidh Schostakowitsch, Prokofiew agus Strawinski ag feitheamh ar bharr na faille, má shroichtear riamh é.

Tá clú agus cáil ar Bizet as Carmen agus L'Arlésienne. Ach do chum sé siansa freisin, cé nach raibh saol fada aige. Is siansa fíor-chlasaiceach é ar nós na gceann a chum Beethoven.

Bhí mé ag éisteacht leis an siansa úd de chuid Bizet ar mo sheinnteoir-MP3 nuair a rith píosa baoise liom: is é an siansa de chuid Beethoven is ansa liom ná an ceann de chuid Bizet i C-mór!

Píosa baoise, mar a dúirt mé.

Ar aon nós, de bharr an siansa agus an píosa baoise a bheith mar phéisteanna cluaise dom le feadh tamaill, do chum mé an dán seo - nach bhfuil aistriúchán déanta agam fós de.

(Rithim an dáin = rithim na céad gluaiseachta den siansa http://www.youtube.com/watch?v=Xh97WKonKZU&feature=related )

Meine Lieblingssymphonie von Beethoven ist die von Bizet in C-Dur!

Ich lebte nun schon lange
Die meisten Fragen waren geklärt
Nur ob einer war ich bange
Leicht diffus war ich beschwert
Dann nahm ich mich in die Zange und zwang mich zu dem Schwur
Meine Lieblingssymphonie von Beethoven ist die von Bizet in C-Dur!


Es war ja die Befreiung
Ich gab es schließlich zu
Endlich frei von dieser Hemmung
So komme ich zur Ruh'
Ich lief los lustvoll schreiend über Feld und über Flur
"Meine Lieblingssymphonie von Beethoven ist die von Bizet in C-Dur!"


Ich wurde eingefangen
Man war offiziell besorgt
Auf des Gesundheitsamts Verlangen
Wurde ich mit Therapie versorgt
Dann war’s mir umso klarer nach Beendigung der Kur
Meine Lieblingssymphonie von Beethoven ist die von Bizet in C-Dur!


Der Musikprofessor meinte
wenn mir schon die Fünfte nicht gefällt
tut’s auf jeden Fall die Neunte
Und das Problem ist aus der Welt
Ich sagte, „Nein danke, Herr Professor" und schaltete auf stur
„Meine Lieblingssymphonie von Beethoven ist die von Bizet in C-Dur!"


Das Leben ging so weiter
Irgendwann war es dann Schluss.
Als ich stieg hoch auf der Leiter
Auf der jeder steigen muss
Von einer Sache war ich sicher und von einer Sache nur
Meine Lieblingssymphonie von Beethoven ist die von Bizet in C-Dur!

Saturday, February 6, 2010

diúltaíonn ortadóntóir do "Chogadh Naofa" !

"Name ist Schall und Rauch" (Fuaim agus toit is ea an t-ainm. / Níl in ainm ach fuaim agus toit.) a dúirt Faust sa dráma úd de chuid Goethe ach Dé Máirt seo caite i lialann ortadóntóra sa chathair bheag Donaueschingen dhiúltaigh an t-ortadóntóir, ar léí an lialann, cóir leighis a chur ar ghasúr darb ainm Cihad toisc go gciallódh an t-ainm "Cogadh Naofa", dar léí, agus gurbh fhorógra cogaidh é i gcoinne an domhain neamh-Ioslamaigh uilig dá bharr sin.

Baineadh siar as a thuismitheoirí. Baineadh siar as an bpobal freisin. Cháin an chuideachta árachais sláinte ina bhfuil an t-ógánach an t-ortadóntóir agus b'fhéidir go ngearrfar píonós uirthi.

Maíonn na tuismitheoirí gur roghnaigh siad an t-ainm toisc gur thaitin sé leo agus gur ainm coitianta é san Tuirc, an tír as a dtagann na tuismitheoirí.

"Dianiarracht ar son an chreidimh" nó "dianiarracht ar son na maithe" is brí do dschihād de réir na n-ioslameolaithe. Mar is eol, áfach, is fearr leis an lucht antoisceach brí eile a shamhlú leis.

Tá áiféala ar an dochtúir anois agus tá sé beartaithe aici a leithscéal a ghabháil go pearsanta leis an gclann.

Agus tá súil agam nach gcreidtear go bhfuil gach dúileach darb ainm Séamas ainmnithe i ndiadh an duine a gcuirtear Marfóir na Múrach air!





Monday, February 1, 2010

imbolc

Tá imbolc ag teannadh linn.

Ach cad ba chóir a dhéanamh?

Is amhlaidh go bhfuil rud éigin... dlite... nach bhfuil?

Cad é?


- imfholcadh útha roimh am bleáin?

- a bheith a-milking go merrily-meidhreach (cé gurbh é James MacPherson a chruthaigh é i ndáiríre)?

- an t-earrach i mbolg na bliana a mhóradh, agus a mhealladh amach as?