Sunday, September 27, 2009

rogha an lao, ó lao, ó lao, ó lao...

Eilmeldung!!!.......Scéala úr ag teacht isteach!!!......Bréacaing Niús!!!
Go heisiach ar fáil ón bhfoinse seo.....
Clár an Rialtais de chuid an chomhrialtais go díreach tar éis a fhoilsithe....

Ról lárnach ann don lao!!

Wednesday, September 23, 2009

T o g h a l a o !



Níl mé cinnte arbh é an t-olltoghchán abhus ba chúis leis nó nárbh é, ach rith an seanfhocal Gearmánach gan trócaire seo liom an lá cheana:
"Die dümmsten Kälber wählen ihre Metzger selber."

Is é is brí don abairt siúd ná: "Toghann (nó roghnaíonn) na laonna is dúire iad féin a mbúistéir."

Nó d'fhéadfaí a rá ar chaoi eile: "Is dá dtoiliúna féin a ritheann na laonna is dúire isteach sa seamlas."

Focal suimiúil is ea "seamlas". Tá sé gaolta leis an bhfocal Gearmánach "Schemel" a chiallaíonn "stól" nó "stól coise."

De bharr na cosúlachta idir an stól seo agus bord an bhúistéara dob' é i gcaitheamh na n-aoiseanna an t-ainm a fuair an áit ina maraítear na beithígh ná "seamlas" - de réir an fhoclóra, ar aon nós.

Ach an bhfuil an dara rogha ag na laonna bochta?

An é i ndáiríre nach é an rogha (nó an toghchán) atá ar fáil feasta ach rogha an dá dhíogha?

Ní féidir gurb é go bhfuil siad ag éalú óna feoilséantóirí agus iad (na laonna) ar táinrith isteach sa seamlas!?

Gach seans gur laonna cliste iad i ndáiríre, má smaoinítear air. Sa lá inniu ní féidir rith isteach sa seamlas mar táthar ann cheana féin.

Thursday, September 17, 2009

Gramadach na Beorach


Chuas i ngleic le déanaí le roinnt moltaí a deineadh ó thaobh an Choiste Téarmaíochta maidir le pointí áirithe gramadaí. I dtús báire dob' é "cur i bhfeidhm an tséimhithe i ndiaidh ainmfhocal baininscneach éiginnte san uimhir uatha" a bhí le bheith idir chamáin agam.

Ábhar a bheadh caolchúiseach go leor, do bhíos ag ceapadh, a luaithe a bheifeá sáite istigh ann.

Agus conas is fearr na moltaí siúd a "inmheánú"?

Is féidir iad a léamh, mar shampla.

Ach b'fhéidir gurbh fhearr dul i ngleic leis an ábhar ar chaoi speisialta... go dlúthphearsanta, mar a déarfá.

Nach mbíonn lucht na h-oideolaíochta de shíor ag maíomh go mba thúisce agus go mba bhuaine a ngreamaíonn ábhar éigin den inchinn ach mothúchán de shórt éigin a bheith ag baint leis an eachtra fhoghlamtha, nó leis an eachtra foghlamtha?

Bhí - más buan mo chuimhne - scríofa sa réamhrá: "Ní mór a rá nach mbaineann an t-ábhar thíos ach le cúpla pionta achrannach a bhí ag cruthú deacrachtaí dúinn...".

Is dócha gurbh é an méid san a sholáthair an leid dom.

Do bheartaigh mé liom ar an toirt saghas turgnaimh a chur i ngníomh agus ghlacas chugam "An Séimhiú Idirdhealaitheach" mar ábhar turgnaimh.

"Tharlódh go bhféadfaí breathnú ar phéire ainmfhocal faoi dhá ghné éagsúil den riail, agus go mbeadh an séimhiú nó an loime ceart de réir na gné den riail a d’fheilfeadh:

ceathrú caorach (cuid de chaora) / ceathrú chaorach (ainm ar phlanda)
culaith mairnéalaigh (ar le mairnéalach í) / culaith mhairnéalaigh (stíl chulaithe)
gloine bheorach (cineál gloine) / gloine beorach (lán le beoir)
..."

Ag an bpointe seo cuireadh tús leis an turgnamh.

Céim a hAon

Gloine bheorach


Séard is mian don séimhiú a chur in iúl dúinn anseo ná gur cineál gloine é an ghloine bheorach, gloine a bhfuil an bheoir i ndlúth is in inneach i gcruth na gloine fhéin - cé go gcaithfí a rá go bhfuil, ar chaoi éigin, folús mishásúil ag baint leis an gcoincheap, agus - chun na fírinne a rá - leis an ngloine fhéin.


Céim a DóGloine beorach


Gloine atá ann sa chás seo agus í lán le beoir. Is amhlaidh nach féidir séimhiú nó "h" éigin ar bith a analú isteach sa ghloine - agus tá an séimhiú ar lár dá bharr (agus ar chúis éigin, is cuma sin). I ndáiríre, is gloine bheorach í atá lán le beoir! Gloine bheorach beorach a bheadh ann mar sin, de réir na saoithínteachta. Sláinte!

Céim a Trí
Aisteach go leor ach ní gloine beorach feasta an ghloine bheorach seo. Tá an bheoir i ndlúth agus in inneach i gcruth na gloine fós, ach, ag an bpointe seo, ní h-amháin sa ghloine.

B' fhéidir a rá go mbeadh gramadach na beorach imithe i bhfeidhm beagáinín ar an té a d'fhoghlaimeodh í ar an gcaoi seo.

Ach is rud casta dofhoghlamtha é an ghramadach. Gach seans nach mbeadh sí ar do chumas chomh luath sin.

Cad a dhéanfadh an dalta díograsach, mar sin, sa chás seo?

Ar dhóigh éigin, déarfainn go nglacfadh sé leis na seanfhocail chríonna ársa seo a leanas:

Ní cleas é go ndéantar trí huaire é.

+

Cleachtadh a dhéanann máistreacht!



Tuesday, September 15, 2009

Dán i gcuimhne ar dhuine a d'imigh uainn cothrom na míosa seo...







Nóin Mheán Fomhair


Go séimh an ghrian
Is a loinnir chaoin
Nóin Mheán Fomhair
Dom fhéin is leor


Glórtha leanaí
Is gadhair ag amhastrach
Cloistear macallaí
I scabhait na cathrach


I scabhait i gcéin
Ar fud na cruinne
I scabhait i gcéin
Tríd siar mo chuimhne


Ar ceal an samhradh
Mar leannán teite
Amháin a bharróg
A d'fhág a rian


Is gach aon chuimhne
Fós ar foluain
Mar chumhracht bhinn
San aer go ciúin


A dhuilleog ghlas
Ná bí imníoch
Mar is duilleog óir
A thitfidh go críoch


Go séimh an ghrian
Is a loinnir chaoin
Nóin Mheán Fomhair
Dom fhéin is leor




september noon


tinged with sunlight
touched with warmth
september noon
is all you want


barking dogs
and children calling
echoes sound
in alleyways


alleyways
in the city
alleyways
back through your life


summer ’s gone
just like a lover
its embrace
has left its scent


the tranquil air
clings tenderly
to the gentle fragrance
of memory


and prophets say
that leaves once green
will turn to gold
before they fall


tinged with sunlight
touched with warmth
september noon
is all you want


Sunday, September 6, 2009

Múnla na staire: Cáin agus Áibil

"Áibil" ?

Roinnt blianta ó shin agus an fhealsúnacht mar phríomhábhar léitheoireachta agam le feadh tréimhse, do fuair mé mo chéad fhorbhreathnú ar an ábhar sin leis an leabhar iontach seo. Faraor, ach ní dóigh liom go bhfuil an leabhar sin ar fáil in aon teanga eile seachas an Ghearmáinis cé go bhfuil leabhar den chineál céanna scríofa ag Bertrand Russell i mBéarla - nach bhfuil léite agam.

Ar ndóigh, ní bheadh leabhar ar an bhfealsúnacht críochnúil gan phlé ar an reiligiún a bheith ann agus bhí caibidil sa leabhar céanna faoin mBúdachas. Rith sé go luath liom agus mé ag léamh faoi Shiddartha Gautama, bunaitheoir an Bhúdachais, go raibh cosúlachtaí suntasacha ann idir an dearcadh a bhí aige agus an dearcadh a bhí ag Íosa, faoi mar a ríomhtar é sa Bhíobla.

D'éag Siddartha Gautama breis is 400 bliain RCh. De réir na léarscáile a ndeachaigh mé i gcomhairle léí, níl ceantar an Tiomna Nua chomh fada sin ó cheantar Siddartha. Ní bheadh sé dodhéanta ar fad smaointe agus idéanna a scaipeadh ó áit amháin go dtí an áit eile.

San idirlíon d'fhionn mé go raibh an ceangal féideartha céanna tugtha faoi deara agus á phlé i bhfad cheana féin - ní nach ionadh. Agus an tsíorcheist maidir le fianaisí stairiúla: An bhfuil rud ábhartha taobh thiar de na cosúlachtaí siúd nó an é nach bhfuil ann ach comhtharlú a bhféadfadh scéal craicneach a déanamh as?

Is fíor go mothaíonn na creidmhigh míshuaimhneach uaireanta nuair a bhíonn luath-stair an chreidimh faoi chaibidil amháin ó thaobh na stairiúlachta de. Mar shampla, do dhein John Henry Newman i gcónaí a dhícheall a mhic léinn a chosaint ar an amhras agus a chóip de "Aois na hEagna" de chuid Tomás Paine de shíor faoi ghlas agus faoi cheilt aige sa taisceadán. D'ainneoin sin tá gnéithe suimiúla ag baint le stair na reiligiún ar fad ar fiú trácht a dhéanamh orthu.

Bhíos ag breathnú ar chlár teilifíse le déanaí mar gheall ar an réamhstair, na Homo sapiens, na Homo (sapiens) neanderthalensis agus faoi mar a d'imigh na Homo (sapiens) neanderthalensis ar neamhní thart ar 30.000 bliain ó shin.

Cad ba chúis le dul ó amharc na Neandertaler? Níor tugadh freagra ar an gceist sin sa chlár. Ní nach ionadh agus chomh fada siar agus ar tharla cibé rud a tharla nach bhfuil ach teoiricí in ionad eolais ag na pailé-antraipeolaithe maidir le h-údar na tubaiste.

Is é an buille faoi thuairim a thugann roinnt de na pailé-antraipeolaithe ná gurbh amhlaidh gur dhein na Homo sapiens ár ar na Homo (sapiens) neanderthalensis. Sórt uileloiscthe a bhí ann agus na Homo sapiens ag déanamh seilge ar an dream eile go dtí go raibh na Neandertaler scriosta go h-iomlán faoi dheireadh.

Más fíor an méid sin - agus níl an leagan féideartha sin den scéal chomh neamhdhóchúil in aon chor - is cinnte gur chuaigh na h-imeachtaí céanna go mór i bhfeidhm ar na Homo sapiens féin agus gur fhan siad i gcuimhne, i gcomhfhiosacht agus - an meall is mó ar deireadh - i gconsias an phobail úd.


Agus maidir leis an scéal faoi Cháin agus Áibil sa Bhíobla: an bhfuil macalla ón ré eile i bhfad siar le cloisint sa scéal sin?

Saturday, September 5, 2009

Auf Cló: Cúrsaí éagsúlachta... agus Corcaigh chun tosaigh arís boy!

http://www.tagesspiegel.de/magazin/wissen/art304,2891298

Sa Chorrán Méith thart ar 11,000 bliain ó shin d'éirigh na chéad Homo Sapiens as a bheith ag fánaíocht agus de shíor ar thóir na seilge agus thosaigh siad ag dul i mbun na feirmeoireachta, na sibhialtachta (agus, i ndeireadh dála, an téimh dhomhanda).

Gnátheagna na seandálaíochta is é an méid thuas. Ceapadh i measc na seandálaithe go dtí seo freisin gur tháinig an fheirmeoireacht (mar bhonn na sibhialtachta) 8,500 bliain ó shin go dtí an Eoraip mar idé agus - cibé slí inar scaipeadh an idé úd - ba gheall le cinnteacht é nárbh inimirce treibheanna a raibh an eolas acu agus na scileanna ar a gcumas acu ba chúis leis.

Ach ní raibh an ceart ag na fir léinn de réir dealraimh. Tá fianaise ghéiniteach fionnta ag seandálaí in Ollscoil Chorcaí agus antraipeolaithe na hollscoile i Mainz na Gearmáine a bhréagnaíonn teoiric imirce "neamhábharach" an choincheapa. Seanchnámha agus 484 Eorpaigh ón aimsir láithreach a bhí á dtástáil acu.

Mar gheall ar an éagsúlacht sa DNA i measc na n-ábhar tástála is amhlaidh gur daoine iad agus ní coincheapa amháin gan an duine mar chóir iompair acu a bhí ag bogadh leo ar fud na gcríocha agus ag breith na sibhialtachta leo. Mórghluaiseachtaí daoine isteach san Eoraip i rith na n-aoiseanna, nach raibh samhlaithe riamh ag na seandálaithe agus nach raibh dá bharr sin curtha san áireamh acu go dtí seo agus iad ag meas fhorás na staire, ba chúis leis nach meascán cothrom é DNA na hEorpa ach go maireann fós éagsúlacht na sinsear éagsúil anuas go dtí an lá inniu.

"Mit ihrem Ergebnis stehen die Mainzer Forscher auch nicht alleine da. Erst vor wenigen Tagen hatte der Archäologe Ron Pinhasi von der Universität Cork in Irland ein ähnliches Ergebnis präsentiert. In einer Studie, die im Fachblatt „Plos One" erschien, hatte er Schädel von frühen Bauern mit denen von Jägern und Sammlern verglichen – und war ebenfalls zum Ergebnis gekommen, dass die beiden Gruppen nicht miteinander verwandt seien."

"Agus níorbh iad amháin na Mainzer a bhain an toradh sin amach. Ach cúpla lá ó shin d'fhoilsigh an seandálaí Ron Pinhasi ó Ollscoil Chorcaí in Éirinn toradh den chineál céanna. I staidéir a d'fhoilsíodh san iris "Plos One" do dhein sé comparáid idir blaoscanna ar leo luath-fheirmeoirí iad agus blaoscanna de chuid fiagaithe cnuasaitheóirí agus bhain sé an tátal céanna as - nach raibh na dreamanna úd gaolmhar le chéile."