Chuas i ngleic le déanaí le roinnt moltaí a deineadh ó thaobh an Choiste Téarmaíochta maidir le pointí áirithe gramadaí. I dtús báire dob' é "cur i bhfeidhm an tséimhithe i ndiaidh ainmfhocal baininscneach éiginnte san uimhir uatha" a bhí le bheith idir chamáin agam.
Ábhar a bheadh caolchúiseach go leor, do bhíos ag ceapadh, a luaithe a bheifeá sáite istigh ann.
Agus conas is fearr na moltaí siúd a "inmheánú"?
Is féidir iad a léamh, mar shampla.
Ach b'fhéidir gurbh fhearr dul i ngleic leis an ábhar ar chaoi speisialta... go dlúthphearsanta, mar a déarfá.
Nach mbíonn lucht na h-oideolaíochta de shíor ag maíomh go mba thúisce agus go mba bhuaine a ngreamaíonn ábhar éigin den inchinn ach mothúchán de shórt éigin a bheith ag baint leis an eachtra fhoghlamtha, nó leis an eachtra foghlamtha?
Bhí - más buan mo chuimhne - scríofa sa réamhrá: "Ní mór a rá nach mbaineann an t-ábhar thíos ach le cúpla pionta achrannach a bhí ag cruthú deacrachtaí dúinn...".
Is dócha gurbh é an méid san a sholáthair an leid dom.
Gloine bheorach
Céim a Trí
Aisteach go leor ach ní gloine beorach feasta an ghloine bheorach seo. Tá an bheoir i ndlúth agus in inneach i gcruth na gloine fós, ach, ag an bpointe seo, ní h-amháin sa ghloine.
B' fhéidir a rá go mbeadh gramadach na beorach imithe i bhfeidhm beagáinín ar an té a d'fhoghlaimeodh í ar an gcaoi seo.
Ach is rud casta dofhoghlamtha é an ghramadach. Gach seans nach mbeadh sí ar do chumas chomh luath sin.
Cad a dhéanfadh an dalta díograsach, mar sin, sa chás seo?
Ar dhóigh éigin, déarfainn go nglacfadh sé leis na seanfhocail chríonna ársa seo a leanas:
Ní cleas é go ndéantar trí huaire é.
+
Cleachtadh a dhéanann máistreacht!
Prosit!
ReplyDeleteMeas tú go mbeadh deis agam deontas éigin a fháil ón mBord Snip chun ranganna gramadaí (dá leithéid) a reachtáil? :)
ReplyDeleteCaolseans.
ReplyDeleteTá caint saor, agus airgead ar thobac. Ar ól freisin!
An-chliste ar fad. Is maith an múinteoir gramadaí thú.
ReplyDeleteNí gá don ghramadach a bheith ina ábhar "tirim"...
ReplyDeleteAontaím leat go hiomlán, a Ormondo. Caithfear bealaí pearsanta a fháil le tuiscint a bhaint as an ngramadach chiotach seo againne, agus is minic an cleas céanna in úsáid agam féin le riail éigin a ghreamú de mo mheabhair.
ReplyDeleteIs fearr liom na cinn ghreannmhara agus is cuimhin liom an ceann seo ó mhúinteoir éagsúil uair amháin, maidir leis an alt iolra 'na' agus an nglacann sé séimhiú nó nach nglacann:
Na Never Naspirates Nothing!
Is deas an ceann sin, a Áine.
ReplyDeleteDála an scéil, tá plé gearr grinn ar an réamhfhocal "idir" le feiscint faoin nasc seo:
http://www.daltai.com/discus/messages/21/46384.html?1253979724