Thursday, September 17, 2009

Gramadach na Beorach


Chuas i ngleic le déanaí le roinnt moltaí a deineadh ó thaobh an Choiste Téarmaíochta maidir le pointí áirithe gramadaí. I dtús báire dob' é "cur i bhfeidhm an tséimhithe i ndiaidh ainmfhocal baininscneach éiginnte san uimhir uatha" a bhí le bheith idir chamáin agam.

Ábhar a bheadh caolchúiseach go leor, do bhíos ag ceapadh, a luaithe a bheifeá sáite istigh ann.

Agus conas is fearr na moltaí siúd a "inmheánú"?

Is féidir iad a léamh, mar shampla.

Ach b'fhéidir gurbh fhearr dul i ngleic leis an ábhar ar chaoi speisialta... go dlúthphearsanta, mar a déarfá.

Nach mbíonn lucht na h-oideolaíochta de shíor ag maíomh go mba thúisce agus go mba bhuaine a ngreamaíonn ábhar éigin den inchinn ach mothúchán de shórt éigin a bheith ag baint leis an eachtra fhoghlamtha, nó leis an eachtra foghlamtha?

Bhí - más buan mo chuimhne - scríofa sa réamhrá: "Ní mór a rá nach mbaineann an t-ábhar thíos ach le cúpla pionta achrannach a bhí ag cruthú deacrachtaí dúinn...".

Is dócha gurbh é an méid san a sholáthair an leid dom.

Do bheartaigh mé liom ar an toirt saghas turgnaimh a chur i ngníomh agus ghlacas chugam "An Séimhiú Idirdhealaitheach" mar ábhar turgnaimh.

"Tharlódh go bhféadfaí breathnú ar phéire ainmfhocal faoi dhá ghné éagsúil den riail, agus go mbeadh an séimhiú nó an loime ceart de réir na gné den riail a d’fheilfeadh:

ceathrú caorach (cuid de chaora) / ceathrú chaorach (ainm ar phlanda)
culaith mairnéalaigh (ar le mairnéalach í) / culaith mhairnéalaigh (stíl chulaithe)
gloine bheorach (cineál gloine) / gloine beorach (lán le beoir)
..."

Ag an bpointe seo cuireadh tús leis an turgnamh.

Céim a hAon

Gloine bheorach


Séard is mian don séimhiú a chur in iúl dúinn anseo ná gur cineál gloine é an ghloine bheorach, gloine a bhfuil an bheoir i ndlúth is in inneach i gcruth na gloine fhéin - cé go gcaithfí a rá go bhfuil, ar chaoi éigin, folús mishásúil ag baint leis an gcoincheap, agus - chun na fírinne a rá - leis an ngloine fhéin.


Céim a DóGloine beorach


Gloine atá ann sa chás seo agus í lán le beoir. Is amhlaidh nach féidir séimhiú nó "h" éigin ar bith a analú isteach sa ghloine - agus tá an séimhiú ar lár dá bharr (agus ar chúis éigin, is cuma sin). I ndáiríre, is gloine bheorach í atá lán le beoir! Gloine bheorach beorach a bheadh ann mar sin, de réir na saoithínteachta. Sláinte!

Céim a Trí
Aisteach go leor ach ní gloine beorach feasta an ghloine bheorach seo. Tá an bheoir i ndlúth agus in inneach i gcruth na gloine fós, ach, ag an bpointe seo, ní h-amháin sa ghloine.

B' fhéidir a rá go mbeadh gramadach na beorach imithe i bhfeidhm beagáinín ar an té a d'fhoghlaimeodh í ar an gcaoi seo.

Ach is rud casta dofhoghlamtha é an ghramadach. Gach seans nach mbeadh sí ar do chumas chomh luath sin.

Cad a dhéanfadh an dalta díograsach, mar sin, sa chás seo?

Ar dhóigh éigin, déarfainn go nglacfadh sé leis na seanfhocail chríonna ársa seo a leanas:

Ní cleas é go ndéantar trí huaire é.

+

Cleachtadh a dhéanann máistreacht!



7 comments:

  1. Meas tú go mbeadh deis agam deontas éigin a fháil ón mBord Snip chun ranganna gramadaí (dá leithéid) a reachtáil? :)

    ReplyDelete
  2. Caolseans.

    Tá caint saor, agus airgead ar thobac. Ar ól freisin!

    ReplyDelete
  3. An-chliste ar fad. Is maith an múinteoir gramadaí thú.

    ReplyDelete
  4. Ní gá don ghramadach a bheith ina ábhar "tirim"...

    ReplyDelete
  5. Aontaím leat go hiomlán, a Ormondo. Caithfear bealaí pearsanta a fháil le tuiscint a bhaint as an ngramadach chiotach seo againne, agus is minic an cleas céanna in úsáid agam féin le riail éigin a ghreamú de mo mheabhair.

    Is fearr liom na cinn ghreannmhara agus is cuimhin liom an ceann seo ó mhúinteoir éagsúil uair amháin, maidir leis an alt iolra 'na' agus an nglacann sé séimhiú nó nach nglacann:

    Na Never Naspirates Nothing!

    ReplyDelete
  6. Is deas an ceann sin, a Áine.

    Dála an scéil, tá plé gearr grinn ar an réamhfhocal "idir" le feiscint faoin nasc seo:

    http://www.daltai.com/discus/messages/21/46384.html?1253979724

    ReplyDelete