Sunday, September 6, 2009

Múnla na staire: Cáin agus Áibil

"Áibil" ?

Roinnt blianta ó shin agus an fhealsúnacht mar phríomhábhar léitheoireachta agam le feadh tréimhse, do fuair mé mo chéad fhorbhreathnú ar an ábhar sin leis an leabhar iontach seo. Faraor, ach ní dóigh liom go bhfuil an leabhar sin ar fáil in aon teanga eile seachas an Ghearmáinis cé go bhfuil leabhar den chineál céanna scríofa ag Bertrand Russell i mBéarla - nach bhfuil léite agam.

Ar ndóigh, ní bheadh leabhar ar an bhfealsúnacht críochnúil gan phlé ar an reiligiún a bheith ann agus bhí caibidil sa leabhar céanna faoin mBúdachas. Rith sé go luath liom agus mé ag léamh faoi Shiddartha Gautama, bunaitheoir an Bhúdachais, go raibh cosúlachtaí suntasacha ann idir an dearcadh a bhí aige agus an dearcadh a bhí ag Íosa, faoi mar a ríomhtar é sa Bhíobla.

D'éag Siddartha Gautama breis is 400 bliain RCh. De réir na léarscáile a ndeachaigh mé i gcomhairle léí, níl ceantar an Tiomna Nua chomh fada sin ó cheantar Siddartha. Ní bheadh sé dodhéanta ar fad smaointe agus idéanna a scaipeadh ó áit amháin go dtí an áit eile.

San idirlíon d'fhionn mé go raibh an ceangal féideartha céanna tugtha faoi deara agus á phlé i bhfad cheana féin - ní nach ionadh. Agus an tsíorcheist maidir le fianaisí stairiúla: An bhfuil rud ábhartha taobh thiar de na cosúlachtaí siúd nó an é nach bhfuil ann ach comhtharlú a bhféadfadh scéal craicneach a déanamh as?

Is fíor go mothaíonn na creidmhigh míshuaimhneach uaireanta nuair a bhíonn luath-stair an chreidimh faoi chaibidil amháin ó thaobh na stairiúlachta de. Mar shampla, do dhein John Henry Newman i gcónaí a dhícheall a mhic léinn a chosaint ar an amhras agus a chóip de "Aois na hEagna" de chuid Tomás Paine de shíor faoi ghlas agus faoi cheilt aige sa taisceadán. D'ainneoin sin tá gnéithe suimiúla ag baint le stair na reiligiún ar fad ar fiú trácht a dhéanamh orthu.

Bhíos ag breathnú ar chlár teilifíse le déanaí mar gheall ar an réamhstair, na Homo sapiens, na Homo (sapiens) neanderthalensis agus faoi mar a d'imigh na Homo (sapiens) neanderthalensis ar neamhní thart ar 30.000 bliain ó shin.

Cad ba chúis le dul ó amharc na Neandertaler? Níor tugadh freagra ar an gceist sin sa chlár. Ní nach ionadh agus chomh fada siar agus ar tharla cibé rud a tharla nach bhfuil ach teoiricí in ionad eolais ag na pailé-antraipeolaithe maidir le h-údar na tubaiste.

Is é an buille faoi thuairim a thugann roinnt de na pailé-antraipeolaithe ná gurbh amhlaidh gur dhein na Homo sapiens ár ar na Homo (sapiens) neanderthalensis. Sórt uileloiscthe a bhí ann agus na Homo sapiens ag déanamh seilge ar an dream eile go dtí go raibh na Neandertaler scriosta go h-iomlán faoi dheireadh.

Más fíor an méid sin - agus níl an leagan féideartha sin den scéal chomh neamhdhóchúil in aon chor - is cinnte gur chuaigh na h-imeachtaí céanna go mór i bhfeidhm ar na Homo sapiens féin agus gur fhan siad i gcuimhne, i gcomhfhiosacht agus - an meall is mó ar deireadh - i gconsias an phobail úd.


Agus maidir leis an scéal faoi Cháin agus Áibil sa Bhíobla: an bhfuil macalla ón ré eile i bhfad siar le cloisint sa scéal sin?

No comments:

Post a Comment