Thursday, December 22, 2011

má tá bronntanais fós le ceannach agat: céard faoi la grappa dei nostalgici?...

Mar is eol don saol is biotáille í grappa a dhéantar as na fíonchaora meilte a fhanann sa chantaoir fíona  le linn phróiseas táirgeachta an fhíona. Céatadán de réir toirte idir 37.5 agus 60 atá ann de ghnáth.


comhlacht san Iodáil a dhíolfadh foireann de cheithre bhuidéal grappa leat ar € 12.10. Buidéil bheaga atá i gceist san fhoireann seo atá pacáilte "go deas" i mbosca beag le fuinneog ach ní hé sin an tréith is suntasaí a bhaineann leo, is iad na lipéid ar na buidéil.




Díolann an comhlacht idir ghrappa agus phrosecco, bheoir agus fhíon, agus rogha mhaith de lipéid stairiúla leis an Duce orthu. (Le béim ar an bhfocal "stairiúl", an dtuigeann sibh?)


Agus...ó, sea... sara ndéanaim dearmad de, tá an mac-an-té-úd-eile ar fáil freisin, tá's agaibh an té leis an gcroiméal beag dubh. Má tá tart ort, nó rud eile in easnamh ort, in áit phoiblí sa Ghearmáin, ní bheadh sé inmholta do thart a chosc, nó an faobhar a bhaint ded' chumha, le cinn áirithe de na beoracha ón dream seo - ar an ábhar go bhfuil sé i gcoinne an dlí siombailí ón Tríú Ríocht - ar a áirítear portráid Hitler agus macasamhlacha di - a thaispeáint go poiblí.

Tá pearsna stairiúla eile ar fáil, dar ndóigh: Lenin, Stalin, Tito agus, fiú amháin, Che agus David Ben-Gurion(!) ach, ar chaoi éigin, ní dóigh liom go bhfuil ráchairt ró-mhór ar na daoine seo, ná súil ag an gcomhlacht go mbeadh. An dtuigeann sibh?

Friday, December 16, 2011

barrach an euro agus an lasóg gan choinne - uachtarán na gearmáine faoi bhrú...

Schloss Bellevue, áras Uachtarán na Gearmáine in mBeirlín

Fuair Uachtarán na Gearmáine Christian Wulff leath-mhilliún euro ar iasacht ó fhear gnó sa bhliain 2008 agus é fós ina Phríomh-Aire ar an Stát Sacsain Íochtair. Cheannaigh sé teach cónaithe leis an airgead. Bhí sé nuaphósta ag an am tar éis a cholscartha óna chéad bhean an bhliain roimhe sin.

Bhí ráta úis na hiasachta ní ba ísle ná gnáthráta an mhargaidh ag an am. Ní raibh Wulff ach ag íoc an úis sarar thug sé an t-airgead ar ais.

Shéan sé sa pharlaimint i Sacsain Íochtair agus é fós ina Phríomh-Aire go raibh aon chaidreamh gnó leis an ngnóthadóir ar thug - de réir leagan an Uachtaráin anois - a bhean chéile an iasacht dó. Ba é an Comhaontas Glas a chláraigh an cheist. D'aisíoc Wulff an t-airgead cúpla lá dar gcionn agus thóg sé iasacht ó bhanc chuige sin.

D'eisigh an t-Uachtarán sna laethanta beaga ráiteas ina maítear nach raibh aon rud mícheart déanta aige mar gheall air gurbh ó bhean chéile an fhír ghnó a fuair sé an iasacht.

Deir Der Spiegel inniu, áfach, gur léir gurbh é an t-airgead de chuid an fhir ghnó féin – darb ainm Geerkens – a bhí i gceist agus gurbh é an fear gnó go pearsanta a shocraigh an iasacht agus nár baineadh úsáid as ainm na mná céile ach chun an caidreamh gnó idir Wulff agus Geerkens a choimeád faoi cheilt.

Tháinig Wulff i gcomharbacht ar Horst Köhler a d'éirigh as oifig go tobann i 2010, rud a bhí ina chúis ghéarchéime ag an am. Ba Wulff ansin an t-iarrthóir a chuir an Seansailéir Angela Merkel chun tosaigh. Chomh maith le haon rud eile, ba ag ciceáil chomh-iomaitheora suas staighre a bhí an Seansailéir dar le go leor tráchtairí.

Má éiríonn Wulff as oifig de bharr an scannail reatha beidh géarchéim as an nua ann, géarchéim nach mbeidh Merkel in inmhe a shárú go ró-éasca agus í ag teacht go tiubh ar shála na géarchéime faoi thodhchaí an euro atá ar coipeadh i bpáirtí na Liobrálach Daonláthach (FDP), comhpháirtí de chuid Merkel agus an CDU sa chomhrialtas.

Agus is ionann géarchéim an rialtais i mBeirlín agus géarú ar ghéarchéim an euro.

Saturday, December 10, 2011

tá cnagairí na háite ag cuidiú leis na póilíní ina gcuid fiosrúcháin...


Nuair a bhí mé i mo gharsún óg fiosrach ag éisteacht le Cathal de Mhistéal ar an raidió agus é ag léamh na nuachta, thugainn an-suntas do abairt áirithe a leanadh, de ghnáth, gach mír nuachta faoi choir éigin a bhí tar éis tarlú, mar atá: "tá roinnt daoine ag cuidiú leis na gardaí faoi láthair ina gcuid fiosrúcháin."

Cé go raibh drochghníomh tar éis titim amach, ba mar shólás riamh dom na daoine deasa cuidiúla seo a bheith ar iompú boise ar an láthair agus iad de shíor toilteanach agus lánsásta, de réir dealraimh, cuidiú leis na gardaí bochta.

Ach cérbh iad na daoine cuidiúla seo? a d'fhiafrínn díom go minic.

Bhuel, bhí sé tugtha faoi ndeara agam go mbíodh daoine ann sa phobal, fir a bhformhór agus fuadar na tábhachta fúthu, a bhailíodh an t-airgead san eaglais, mar shampla, agus a bhíodh ina léitheoirí agus mar sin de. Tuataí le gradam áirithe a mbíodh liosta a n-ainmneacha á léamh amach gach Domhnach agus é beagnach de ghlanmheabhair ag gach duine sa cheantar. Agus ag mórshiúil Fhéile Chorp Chríost bhídis gníomhach mar mhaoir. Nuair a bhíodh cluichí ar siúl bhídís i láthair freisin agus feidhm éigin acu.

Agus iad sáite i ngach uile rud eile, caithfidh gurbh iad seo na daoine freisin a bhíodh - pé uair a bhíodh gá leis - ag cabhrú leis na póilíní a gcuid fiosrúcháin a thabhairt chun cinn, dar liom. Níor dheacair dom na fir seo a shamhlú agus iad - a luaithe agus a bheadh scéala amuigh faoi choir sa cheantar - ag déanamh go diongbháilte ar stáisiún na ngardaí. Agus i gcónaí ar an mbonn deonach, neamhoifigiúil céanna, gan dabht.

Ar ámharaí an tsaoil, sara raibh deis agam clúmhilleadh a scaipeadh ar fud an bhaile chuir mé toradh mo dhomhainmhachnamh faoi bhráid mo thuismitheoirí.

********

Dála an scéil, tá an blocthiontaire torainn ísil (LNB) thuas as feidhm faoi láthair. Ní fheadar cén fáth...

(Tá sé dírithe ar shaitilít óna bhfuil an BBC etc. le fáil saor in aisce. Níl RTÉ, TG4 etc. ar fáil saor in aisce, áfach, d'ainneoin a mbíodh le ag Uachtarán tráth faoin diaspóra díl.)