Monday, October 29, 2012

an mhurldsoíríos [ainmfhocal baininscneach; 5½ú díochlaonadh], nó an fiú an daorchluiche a ghaelú...

An bhfuil a fhios agaibh gur bhuaigh Fathaigh Naomh Prionsias ar Thíogair an Chaolais i Sraith an Domhain inné? Scuab ghlan a bhí i gceist, 4 in aghaidh 0, déanta na fírinne.



Cé go raibh an caiteoir is fearr dá bhfuil amuigh ag na Tíogair, agus gach duine ag súil leis dá bharr go raibh an chéad chluiche den tsraith buaite acu cheana féin, d'éirigh leis na Fathaigh an ruaig a chur ar an bhfear bocht agus gan ach ceithre dreas istigh curtha istigh aige ar an mullóg. Is amhlaidh go raibh cúig rith géillte faoin am sin aige agus, dá fheabhas a cháil, ba leor sin dá chóitseálaí. Droch-thús, leath an turnaimh.

Caithfidh mé a rá go raibh mé féin sásta go leor leis an toradh ar an ábhar go raibh dáimh éigin agam riamh leis na Fathaigh ón uair siúd a fuair Bobby Thomson an rith abhaile sin i '51 (nó, chun na fírinne a rá, ón uair a léigh mé faoi sa sár-úrscéal le Don DeLillo).

Agus i dtaca leis an gcluiche sin n 1951, tá sé ráite ag Larry King, ar leantóir de chuid na Seachantóirí é, nár éirigh leis riamh an díomá a chur de.




Saturday, October 27, 2012

sneachta !




Ó órgacht Dheireadh Fómhair go binnsceird an gheimhridh taobh istigh de chúpla lá...

Cúpla lá ó shin bhí an ghrian ag taitneamh agus an Altweibersommer i mbarr a réime. Ach ar maidin nuair a d'fhéachamar amach as an bhfuinneog bhí brat bán ar an talamh agus an sneachta ag titim go tiubh.

Sneachta i nDeireadh Fómhair? Ní tharlaíonn a leithéid sna bolaí seo ach gach triocha bliain.

Ach mar a deirtí fadó: dá fhaid an geimhreadh, tagann an t-earrach.

Sunday, October 21, 2012

tabhartas gan chumha...


Bhí blaiseadh den ghemhreadh ann ag tús na seachtaine seo thart fiú agus slán curtha leis an samhradh i bhfad roimhe sin. Ach ar an deireadh seachtaine seo d'fhill an ghrian agus an teocht (>20C) in athuair amhail mar a bheadh ré órga Dheireadh Fómhair fós le comóradh.

Agus an crá a thugann cúlú an tsolais i mí Mheán Fómhair imithe i ndíchuimhne, ba thabhartas an ré ghairid órga seo.Tabhartas gan choinne.

Tabhartas gan chumha.