Sunday, October 21, 2012

tabhartas gan chumha...


Bhí blaiseadh den ghemhreadh ann ag tús na seachtaine seo thart fiú agus slán curtha leis an samhradh i bhfad roimhe sin. Ach ar an deireadh seachtaine seo d'fhill an ghrian agus an teocht (>20C) in athuair amhail mar a bheadh ré órga Dheireadh Fómhair fós le comóradh.

Agus an crá a thugann cúlú an tsolais i mí Mheán Fómhair imithe i ndíchuimhne, ba thabhartas an ré ghairid órga seo.Tabhartas gan choinne.

Tabhartas gan chumha.

1 comment:

  1. @ 'fhill an ghrian

    Tá sí anseo in Inis Eoghain ar maidin, agus is maith ann í, go deimhin..:-)

    ReplyDelete