Monday, October 29, 2012

an mhurldsoíríos [ainmfhocal baininscneach; 5½ú díochlaonadh], nó an fiú an daorchluiche a ghaelú...

An bhfuil a fhios agaibh gur bhuaigh Fathaigh Naomh Prionsias ar Thíogair an Chaolais i Sraith an Domhain inné? Scuab ghlan a bhí i gceist, 4 in aghaidh 0, déanta na fírinne.



Cé go raibh an caiteoir is fearr dá bhfuil amuigh ag na Tíogair, agus gach duine ag súil leis dá bharr go raibh an chéad chluiche den tsraith buaite acu cheana féin, d'éirigh leis na Fathaigh an ruaig a chur ar an bhfear bocht agus gan ach ceithre dreas istigh curtha istigh aige ar an mullóg. Is amhlaidh go raibh cúig rith géillte faoin am sin aige agus, dá fheabhas a cháil, ba leor sin dá chóitseálaí. Droch-thús, leath an turnaimh.

Caithfidh mé a rá go raibh mé féin sásta go leor leis an toradh ar an ábhar go raibh dáimh éigin agam riamh leis na Fathaigh ón uair siúd a fuair Bobby Thomson an rith abhaile sin i '51 (nó, chun na fírinne a rá, ón uair a léigh mé faoi sa sár-úrscéal le Don DeLillo).

Agus i dtaca leis an gcluiche sin n 1951, tá sé ráite ag Larry King, ar leantóir de chuid na Seachantóirí é, nár éirigh leis riamh an díomá a chur de.




No comments:

Post a Comment