Saturday, November 17, 2012

*lóchrann na fírinne i gceo na caoithiúlachta...



Nuair a léígh mé i rith na seachtaine seo thart go raibh dócmhainneacht ag bagairt ar an nuachtán cáiliúil úd an Franfurter Rundschau chuir sé an ré réamh-idirlín i gcuimhne dom nuair a bhíothas ag brath ar nuachtáin agus ar líon beag bealaí teilifíse agus orthu siúd amháin, nach mór, le bheith coinnithe ar an eolas faoi imeachtaí ar fud na cruinne.

Nílim ag rá gur foinse íonghlan na fírinne í an t-idirlíon sa lá inniu ach is bonneagar forleathan scaipthe faisnéise é nach féídir an oiread céanna cinsireachta a chur i bhfeidhm air ná an oiread sin tionchair a imirt air. Go nuige seo, ar aon chaoi.

Nuair a bhíos sa Ghearmáin ar dtús ba mhó an cur amach a bhí agam ná ag na nuachtáin faoi chúrsaí sa bhaile, dar liom, agus bhí an t-eolas sin mar shlat tomhais dom lena raibh á scríobh ag na nuachtáin a mheas.

Ar na nuachtáin a dhéanadh tuairisceoireacht chothromaithe ar imeachtaí i dtuaisceart Éireann bhí an Süddeutsche Zeitung as München, an TAZ as Beirlín agus ina dteannta siúd an Franfurter Rundschau. Is nuachtáin iad atá go hiomlán ar an eite chlé (TAZ) nó a bhfuil luí éigin leis an eite chlé acu (an dá cheann eile), más gá é sin a lua.

Ní dhéanadh na nuachtáin eile ach cineál athrá ar an líne oifigiúl i Londain. Mar gheall ar an gcomhghuaillíocht mhíleata srl. níor theastaigh uathu olc a chur ar an mBreatain, mar a mhínigh mo chomhghleacaí dom san oifig. Agus thairis sin, ba bheag an spéis a bhí ag an bpobal sa cheist sin, dar leis.

I gcultúr nuachtán na Gearmáine is iad na nuachtáín áitiúla is mó a léitear ó thaobh na mórbhileog de, mar shampla an Süddeutsche Zeitung, an Frankfurter Allgemeine Zeitung, an Hamburger Abendblatt, an Hannoversche Allgemeine Zeitung, an Berliner Morgenpost, an Stuttgarter Zeitung, an Schwarzwãlder Zeitung srl.

Is fíor gurb ann don nuachtán leis na litreacha móra, an Bild, agus tá an lucht léitheoireachta is mó ar fad aige ach is Boulevardzeitung nó tablóideach an ceann sin.

Mar a deirtí fadó: ba chóir a bheith amhrasach faoinar scríobhtar sna nuachtáin
(* agus faoina ceannlínte áibhéalta freisin.)

No comments:

Post a Comment