Wednesday, November 21, 2012

drochfhicsean...

"Ní cinnteacht go daille!"


Scéal faoi fhear meánaosta, pósta. A bhean chéile ina fostaí bainc. Táid le céile le fada agus, ar ndóigh, ní réitíonn siad go ró-mhaith lena chéíle feasta. 

Cuireann an fear i leith a mhná go bhfuil airgead mídhleathach á láimhseáil sa bhanc aici. Bailíonn sé fianaise agus scríobhann sé litreacha chuig na húdaráis. Ní tharlaíonn faic. 

Maíonn sise ansin gur imir an fear foréigean uirthi bliain amháin roimhe sin. 

Agus cuirtear an dlí air.

Creideann an breitheamh agus na giúróirí a ndeireann an bhean. De réir thuairimí na saineolaithe síciatracha tá córas paranóideach smaointeoireachta ag an bhfear, tá coimpléasc airgid mhídhleathaigh ag gabháil dá mheabhair, is baol don tsabháilteacht phoiblí é.

In éadan a thola cuirtear faoi ghlas i ngealtlann choiriúil é. Breis agus sé bliana a chaitheann sé ann. I dteannta le dúnmharfóirí, le héigneoirí, le corpánbháigh.

Ansin déantar seiceáil sa bhanc agus tagann sé chun solais go bhfuil an mhórchuid dar mhaígh an fear fíor. Bristear an bhean as a post. 

Lena chois sin tagann sé chun solais go raibh an t-ionchúsitheoir poiblí curtha ar an eolas bliain amháin roimhe sin ag finné úr ar chuimhin leis go raibh ráite ag an mbean leis sular cúisíodh an fear an chéad lá go raibh aithne aici ar dhaoine cumhachtacha a chabhródh léí fáil réidh lena fear céile mar go raibh sé á clipeadh mar gheall ar an ngnó leis an airgead mídhleathach. 

Ach ní dhéantar faic. Agus caithfidh an fear fanúint mar a bhfuil sé.

Dá mba úrscéal é ba é an tuairim a bheadh agam faoi ag an bpointe seo ná go raibh samhlaíocht abaí ag an údar, ceart go leor, ach go mba chóir dó an chéad uair eile féachaint chuige go gcumann sé plota a bhfuil craiceann na fírinne air. Agus, leis sin, bheadh an leabhar seolta agam ar ruthag ard dar ceann scríbe an bosca bruscar.

Ach, creidtear nó ná creidtear, is scéal fíor é, ón mBaváir.

2 comments:

  1. Mar a dúirt an té a dúirt, tá an fhírinne níos aistí na ficsean.

    ReplyDelete
  2. Is minic gur mar sin a bhíonn an scéal, faraor, a Dennis.

    ReplyDelete