Saturday, October 31, 2009

Friday, October 30, 2009

Nath le préacháin...


Cad a dúirt An Cruachach i bPotsdam?


("Eine Krähe hackt der anderen kein Auge aus.")

Wednesday, October 28, 2009

Is daoire an brat ná na smutáin!

Is minic a bhaineann comhghleacaí dom úsáid as an nath Gearmánach a leanas (leis an mbrí thuas): die Brühe ist teurer als die Brocken.



Tá bunús cistine ag an nath céanna agus ba é an t-anraith feola a sholáthair an meafar. Maidir leis na comhábhair tuigeadh go luath go raibh na píosaí feola níos luachmhaire ná an brat glé. Agus úsáidtear an léargas seo go meafarach ó shin i leith.



Mar shampla, dá mbeadh an costas ná an caiteachas nó an dua a bhainfeadh le gnó éigin níos mó ná an tairbhe nó an brabús a thiocfadh as is minic a spreagadh na cúinsí sin an nath i gceist: die Brühe ist teurer als die Brocken!

Ba í an tsolaoid is cáiliúla, nó is míchlúití, in Éirinn le linn na blianta deiridh den fheiniméan seo a bhfuil caiteachas as comhréir leis an tairbhe ag baint leis ná na binsí fiosrúcháin - mar ní dóigh liom gurbh é príomhchuspóir na mbinsí fiosrúcháin milliúnaithe a dhéanamh de na dlíodíórí.

Pé scéal é, ní hanraith feola an t-anraith sa phictiúr ach Fleischklößchensuppe (domplagáinín smeara i mbrat feola).

Tá siobealait beag folaithe sa nath céanna. Déarfadh duine canúna agus go leor de na gnáthdaoine: die Brühe ist teurer wie die Brocken! Is é an leagan caighdeánach an leagan eile: die Brühe ist teurer als die Brocken!

Sunday, October 25, 2009

Idir Lúibíní (Cufa Ar € 324)


Is leagan nuashonraithe é seo de "Cill Chais" (nó "Kill Cash" mar a fhuaimnítear é i Singeapór - de réir tuairisce - nuair a bhíonn aire rialtais ón tír thionscnaimh i láthair. Dála an scéil: d'ainneoin am an ghátair tá barraíocht de shiollaí sa chéad líne.)

Ó, cad a dhéanfaidh sé feasta gan lúibíní (cufa ar € 324) ?
Tá deireadh an rathúnais ar lár
Níl faic ag nascadh a mhuincillí
Is ní chluinfear aon chling (órga) go brách
An áit siúd inar dhein sé an "sladmhargadh"
Sa tseodóireacht úd i Singeapór
Tógadh leacht cuimhneacháin le hurraim dó
Is iad de bharr éagmaise ag sileadh na ndeor


Ach a dhaoine uaisle, ná bímis suarach. Ná cuirimis an locht ar ár gceannairí oirirce.

Agus a thiarcais, ná h-éilimis go gcuirfear pionós ar éinne d'aicme na ceannaireachta - go bhfóire Dia!

A mhalairt ar fad. Bainimis úsáid as ceann de na suáilcí is ansa lenár gceannairí (agus iad tar éis praiseach a dhéanamh de rud éigin, déarfadh amháin an té mícharthanach): Tugaimís aghaidh ar an todhchaí!

Agus is é sa mheanma sin a leanfaidh mé ar aghaidh anseo.

Is mór an díol trua é i ndáiríre an tAire Rialtais bocht amach anseo a dhéanfaidh dearmad ar na lúibíní cufa agus é ag taistil na cruinne i mbun chúraimí an náisiúin. Ar an ábhar sin - in ionad a bheith inár síorchancráin - ba chóir dúinn, ar uair na práinne seo, moltaí cuiditheacha a chur faoi bhráid an rialtais le go bhféadfaidis na deacrachtaí a bhaineann le lúibíní cufa in am an ghátair a shárú.

Seo é ceann uaimse a rith liom agus mé fhéin gan lúibíní in óstán éigin i gcéin: (bíonn crochadáin shreangacha éadaigh i ngach seomra óstáin ar fud an domhain) is féidir dhá phíosa a scoitheadh de chrochadán sreangach éadaigh agus iad a lúbadh go dtí an cruth oiriúnach. Níl ort ach seanghreamaire (i gcanúint an ghnáth-aire: an oul' pliers) a bheith i do sheilbh agat.

Agus seo é moladh eile: le léinte den chineál seo féadaim a rá go cinnte nach mbeadh aon ghá riamh le lúibíní cufa.



Nó fiú, don fhadtéarma:

Saturday, October 17, 2009

Feictear dom go bhfeicim an comhartha seo...




...sa stáisiún cinn scríbe gach maidin de gach lá oibre...



Ní gach lá, ach uaireanta -;)


Níorbh fhéidir liom ach géilleadh don chathú ach deirim slán leis an ogham arís!

Saturday, October 10, 2009

Cora gan Choinne na Staire Nochta

Más mian leat an neamhchinnteacht a sheachaint feadh do shaoil: ná déan dianscrúdú ar stair do chreidimh iltaobhaigh agus ná déan iniúchadh ar do chraobh ghinealaigh ilchraobhach!


Eoghan Rua Ó Néill


Táim ag ceapadh - cé nach ionadh - gurb é is dóichí go raibh cuid mhaith de mo shinsir ag tacú leis an bhfear thuas sa bhliain chinniúnach úd 1641, bliain Ár na gCríostaithe Dúthracha. Ach níl sa mhéid sin ach tuairimíocht ar bhonn traidisiúnta mar níl puinn fianaise i mo sheilbh agam - amhail móramh na ndaoine in Éirinn - a chruthódh gur mar sin a bhí. Mar is eol don saol, deineadh scrios ar Oifig na dTaifead - agus mórchuid de chuimhne dhoiciméadaithe na tíre leis - le linn an chogaidh chathartha.

De rud amháin táim cinnte áfach: Ní raibh gach duine de mo shinsir go hiomlán ar aon taobh leis an té thuas.

Thug gaol de mo chuid cóip de chraobh ghinealaigh a bhí aici dom tráth - tá an-spéis ag an duine céanna i nginealas na clainne. Téann an chraobh ghinealaigh chéanna siar go dtí an ceathrú haois déag. Caithfear a mheabhrú nach raibh Criostóir Colambas ná na seantuismitheoirí dó tagtha ar an saol fiú ag an am sin.

D'éirigh iontráil amháin mo aird a tharraingt go speisialta. "Survived massacre at Shrule in 1641" a bhí scríofa taobh le hainm an Oirmhinnigh John Goldsmith.


D'aimsigh mé an méid seo san idirlíon mar gheall ar an scéal céanna.

Dár cníosc, mar a scríobhfadh an Titleyeach, síolraím go díreach ó dhuine a raibh an t-ádh aige nár maraíodh é ag "mo lucht fhéin", mar a déarfá.

Dár cníosc, bhí an t-ádh agam fhéin!

Dár cníosc, nach ait an iníon an stair?




Thursday, October 8, 2009

Auf Cló: Macalla Thuairisc Uí Riain sa Ghearmáin



Is é "Im Namen des Herrn" (In Ainm an Tiarna) an teideal a bhronn an bheirt ealaiontóirí ar an bpíosa thuas. Cros atá ann a bhfuil bábóga tairneáilte di i gcuimhne ar an drochíde a d'fhulaing páistí sa Ghearmáin le linn na gcaogaidí agus na seascaidí i ndílleachtlanna agus in árais leanaí eile de chuid na n-eaglaisí.

Ag comhdháil inné i gcathair Hannover ghabh an tEaspag Margot Kässman ón Evangelisch-lutherische Landeskirche Hannover (Eaglais Liútarach Bhunaithe Hannover) leithscéal le híospartaigh as an éagóir mhór a deineadh orthu le linn na tréimhse úd.

Faraor géar, ach ba bheag an difríocht, de réir na dtuairiscí, idir na caíoanna a gcaitheadh leis na páistí sna cásanna seo agus an méid atá le léamh i dtuairisc Uí Riain.

Os rud é nach raibh trácht ar an gceist sna meáin abhus roimh ré tháinig an scéala aniar aduaidh orm nuair a chuala mé inné é: macalla thuairisc Uí Riain anseo sa Ghearmáin. Admhaím gur baineadh siar asam.

500,000(!) íospartach atá i gceist, meastar, agus beidh siad ag éileamh cúitimh go luath amach anseo. De réir meastacháin a chonaic mé inniu beidh €26,000,000,000(!) le híoc ag na heaglaisí.

Wednesday, October 7, 2009

Ar ámharaí an tsaoil...



Bhí grianghraf áirithe á lorg agam sa "chartlann" inniu nuair a tháinig mé ar an gceann seo a thóg mé uair éigin le linn an tsamhraidh i 2003. Is áras seanóirí é an foirgneamh bán ar bharr an phictiúir agus is leis an áras an gáirdín. An tréimhse úd bhíodh an radharc seo le feiscint ó mo láthair oibre.

Maidin amháin nuair a tháinig mé isteach bhí an méid thuas le feiscint ón bhfuinneog.

Tá blúirí bána de ábhar éigin a bhfuil smionagar déanta de ag an crann le feiscint i lár an ghrianghraif. Ach cén sórt crutha a bhí ar an ábhar bán úd sarar iompaíodh ina smionagar é? Má fhéachtar ar uachtar an ghrianghraif, tá nod le fáil ann.

Troscán gáirdín as plaisteach a bhí ann, tráth. Agus bhíodh sé de ghnás ag na seanóirí a bheith ina suí anseo amuigh san aer ó mhaidin go luí na gréine.

Chuir an grianghraf thuas dhá phíosa - A Aingeal ghil Dé (Aonghus) agus Eotanáis (Áine) - a léigh mé le déanaí i gcuimhne dom.

Is amhlaidh go raibh tamhan an chrainn lofa tríd is tríd agus níorbh iad na duilleoga a thit go talamh sa chás seo. Samhlaíodh dom ag an am gur mar fhathach tostach traochta ar thit an crann críon chun talaimh.

Ach fathach críonna a bhí ann freisin, dár ndóigh, mar ba i lár na hoíche ar thit sé. Agus níor gortaíodh aon duine.

Nó an é go raibh na hAingil Choimhdeachta ag déanamh ragoibre an oíche sin?

Saturday, October 3, 2009

Und was heisst hier "Sea"?: Ag Tnúth leis an Deirge?


Dar le taighdeoirí eacnamaíochta feileann an soilsiú leictreach san oíche mar shlat tomhais le rathúnas tíortha éagsúla a chur i gcomparáid le chéile. Nuair a tógadh an grianghraf satailíte thuas (roimh 2003) bhí róthéamh gheilleagar na hÉireann le feiscint go soiléir, fiú amháin ón spás.

Bhí an Tíogar Ceilteach fós faoi lán seol. Nach raibh deirge bhreá fholláin air?

Cé gurb é an deirge an dath a bhaineann le rudaí eile freisin ar nós na caoire buile, mar shampla, nó ar nós na náire - ach dath an dúmháil is ea fós an dubh, nach ea? - is dócha gur ag tnúth leis an deirge thuas a bhí na vótálaithe agus iad ag vótáil ar son an chonartha.