Sunday, October 25, 2009

Idir Lúibíní (Cufa Ar € 324)


Is leagan nuashonraithe é seo de "Cill Chais" (nó "Kill Cash" mar a fhuaimnítear é i Singeapór - de réir tuairisce - nuair a bhíonn aire rialtais ón tír thionscnaimh i láthair. Dála an scéil: d'ainneoin am an ghátair tá barraíocht de shiollaí sa chéad líne.)

Ó, cad a dhéanfaidh sé feasta gan lúibíní (cufa ar € 324) ?
Tá deireadh an rathúnais ar lár
Níl faic ag nascadh a mhuincillí
Is ní chluinfear aon chling (órga) go brách
An áit siúd inar dhein sé an "sladmhargadh"
Sa tseodóireacht úd i Singeapór
Tógadh leacht cuimhneacháin le hurraim dó
Is iad de bharr éagmaise ag sileadh na ndeor


Ach a dhaoine uaisle, ná bímis suarach. Ná cuirimis an locht ar ár gceannairí oirirce.

Agus a thiarcais, ná h-éilimis go gcuirfear pionós ar éinne d'aicme na ceannaireachta - go bhfóire Dia!

A mhalairt ar fad. Bainimis úsáid as ceann de na suáilcí is ansa lenár gceannairí (agus iad tar éis praiseach a dhéanamh de rud éigin, déarfadh amháin an té mícharthanach): Tugaimís aghaidh ar an todhchaí!

Agus is é sa mheanma sin a leanfaidh mé ar aghaidh anseo.

Is mór an díol trua é i ndáiríre an tAire Rialtais bocht amach anseo a dhéanfaidh dearmad ar na lúibíní cufa agus é ag taistil na cruinne i mbun chúraimí an náisiúin. Ar an ábhar sin - in ionad a bheith inár síorchancráin - ba chóir dúinn, ar uair na práinne seo, moltaí cuiditheacha a chur faoi bhráid an rialtais le go bhféadfaidis na deacrachtaí a bhaineann le lúibíní cufa in am an ghátair a shárú.

Seo é ceann uaimse a rith liom agus mé fhéin gan lúibíní in óstán éigin i gcéin: (bíonn crochadáin shreangacha éadaigh i ngach seomra óstáin ar fud an domhain) is féidir dhá phíosa a scoitheadh de chrochadán sreangach éadaigh agus iad a lúbadh go dtí an cruth oiriúnach. Níl ort ach seanghreamaire (i gcanúint an ghnáth-aire: an oul' pliers) a bheith i do sheilbh agat.

Agus seo é moladh eile: le léinte den chineál seo féadaim a rá go cinnte nach mbeadh aon ghá riamh le lúibíní cufa.



Nó fiú, don fhadtéarma:

3 comments:

  1. Níor thuig mé an aoir ar dtús -- cé gur thuig mé gur aoir a bhí ann -- toisc nach léim na nuachta polaitiúla as Éirinn go rialta. Dempsey, an bithiúnach!

    ReplyDelete
  2. Ach an oiread leatsa, a Dennis, ní raibh mé ar an eolas faoi gcraic seo, go dtí gur léigh mé an méid seo.

    Chuile lá, táimid ag cloisteáil rud éigin nua faoin mbealach a chaith ár bpolaiteoirí airgead na tíre, gan smaoineamh ina gcloigne go raibh a dhath cearr leis an gcaoi a chuir siad an t-uafás airgid amú.

    Creidim féin, a Ormondo, go mbeidh neart deiseanna agat tuilleadh dánta a scríobh, amach anseo, faoi chaiteachas an bpolaiteoirí! Beidh mé ag tnúth leo...:-)

    ReplyDelete
  3. Cé go bhfuil cáil na díograise ar an bhfear céann... ach péire lúibíní cufa ar an bpraghas sin?!

    An aithníonn sibh an fear bocht thuas idir na lúibíní?

    ReplyDelete