Thursday, April 26, 2012

bagáiste cultúrtha...?


Bhí an léirmheas seo ar leabhar nua leis an úscéalaí Albanach Douglas Galbraith le léamh san IT ar na mallaibh. Bhí Galbraith pósta le bean ón tSeapáin ar chuir sé aithne uirthi nuair a bhí an bheirt acu ag freastal ar an ollscoil i gCambridge. D'fhág sí gan choinne é i 2003 i dteannta leis an mbeirt mhac óga a bhí acu idir an dá linn agus d'fhill sí ar ais ar an tSeapáin. Scartha atá siad anois agus riamh ón am ar fhág a bhean chéile é ba bheag an teangmháil a bhí ag Galbraith lena mhic. Baineann an leabhar nua leis an scéal brónach seo, ar cineál ruda é, áfach, a tharlaíonn minic go leor ar na saolta seo, faraor.

B'é an rud, áfach, a chuir ag smaoineamh mé sa chás seo ná an úsáid a bhaineann Galbraith as an téarma  "cultural baggage". Deir Galbraith san alt go raibh a iarbhean chéile tráth an ama ar chuir sé aithne uirthi i gCambridge ina bean dá leithéid seo: “a cosmopolitan, impressive, intellectual woman who seemed to have freed herself from any cultural baggage”

"Cultural baggage?" An dtuigim i gceart a bhfuil á rá aige? arsa mise liom féin.

(Dála an scéil, fad a bhíos ar mo mharana, chuardaigh mé na gnáthfhoinsí ach ní fuair mé aon ghaelú ar "cultural baggage".)

Is é a tharla i gcás Galbraith mar a thuigimse an scéal - agus gan ach an t-alt thuasluaite a bheith léite agam - ná go raibh nósanna agus modh maireachtála shaol lár srutha an iarthair Bhéarla á gcleachtadh ag an mbean chéile go dtí gur saolaíodh an chéad mhac. Is amhlaidh ansin gur athmhúscail an ball úr den chéad ghlúin eile - ní hamháin den teaghlach ach dá sliocht Seapánach féin! - féiniúlacht a dúchais ag an mbean agus de réir a chéile thosaigh sí ag tiontú ar a cultúr féin agus, i ndeireadh na dála, d'fhill sí ar a tír dhúchais ar fad.

An é go raibh sí i ngéibheann ag a "cultural baggage" arís?




Ní d'aon ghnó i ngach cás, b'fhéidir, ach an é go léiríonn úsáid an téarma "cultural baggage" drochmheas cúngaigeanta éigin ar chultúir eile?