Thursday, December 31, 2015

Monday, August 31, 2015

Agus cé a ghabhfaidh freagracht air féin?


Polasaí Dídeanaithe an AE


(Stuttgarter Zeitung)


Friday, July 31, 2015

is taisce faoi thalamh an fhírinne...

Más conspóídeach féin tionscadal tógála an stáisiúin nua i Stuttgart (a chosnóidh €12,000,000,000 nuair a bheidh sé críochnaithe, gan amhras) tá roinnt iarsmaí stairiúla spéisiúla tagtha chun solais le linn na n-oibreacha go dtí seo.

Tar éis na gCeilteach bhí na Rómánaigh sa cheantar seo (ní fheadar cá ndeachaigh na Ceiltigh) agus ina dhiaidh siúd tháinig na treibheanna Gearmánacha aduaidh.

Anuraidh thángthas ar ionad déanta bricí de chuid na Rómánach ón gcéad chéad A.D. agus ar an láthair chéanna fuarthas poill chuaillí sa talamh ó thithe a thóg na Gearmánaigh dhá chéad bliain ina dhiaidh sin.

Agus sna laethanta beaga nocht trealamh tochailte uaigheanna atá níos sine ná 4,000 bliain. Tá dea-bhail fós ar na cnámha ós rud é gurbh i dtalamh tais a cuireadh iad mar go raibh abhainn in aice leis an láthair.


Is iad na céad iarsmaí ón ré neoiliteach a fuarthas san ionad seo.

Tuesday, June 30, 2015

gormacha canúnacha as mannheim: mannemer dreck...



Amhránaí is ea Joy Fleming a chan na gormacha sna clubanna oíche i Mannheim sna seachtóidí a thaithíodh na saighdiúrí Meiriceánacha a bhí lonnaithe thart ar an gcathair. Thug sí faoi ndeara gur i mBéarla an-chanúnach a cumadh na gormacha agus chinn sí go n-oirfeadh a canuint láidir féin dá leithéid d'amhrán. Seo agaibh Mannemer Dreck:


MANNEMER DRECK

Ich singe Euch ein Lied vom Dreck
Canaim amhráin faoi shalacher daoibh
Ich singe Euch ein Lied vom Dreck
Canaim amhráin faoi shalacher daoibh
Ihr Leut', hört her
A dhaoine, éistigí liom
Ein Lied vom Dreck ist kein dreckiges Lied
Amhrán faoi shalacher, ní amhrán salach é
Ihr Leut', hört her
A dhaoine, éistigí liom
Den Dreck, den ich meine, ist eine besondere Sort'
An salacher atá i gceist agam, is cineál ar leith é
Den Dreck gibt's bloß in einem besonderen Ort
Ní ann don salacher ach in áit ar leith
Ich singe Euch ein Lied, Ihr Leut', ein Lied vom Dreck
Canaim amhráin daoibh, a dhaoine, amhrán faoi shalacher
Mannemer Dreck
Salacher Mhannheim
Wißt Ihr was das ist?
An bhfuil a fhios agaibh cad é sin?
Mannemer Dreck
Salacher Mhannheim
Der ist so zuckersüß...
Tá sé chomh siúcra-mhilis...


An raibh a fhios agaibh gur fearr Salacher Mhannheim a ithe... als Dreck zu fressen?

Mannemer Dreck: an bhfuil a fhios agaibh cad é sin?

Sunday, May 31, 2015

traidisiún ársa an Domhnaigh: Tatort...

Dé Domhnaigh, ceathrú tar éis a hocht, príomhchlár nuachta (Tagesschau) an phríomhchainéil ARD thart agus tá sé in am don Tatort, an tsraith bhleachtaireachta leis an lucht féachana is mó sa Ghearmáin.

  
Cuirtear tús le gach eipeasóid leis an tsraitheog chéanna, leis an bhfear ag féachaint tríd an scoilt agus leis an gceol dramatúil. 

Ón tús bhí an córas teilifíse sa Ghearmáin bunaithe ar an gcóras feidearálach agus tháinig na sé chainéal (Süddeutscher Rundfunk. Bayrischer Rundfunk, Hessischer Rundfunk srl.), a bhí an san iarthar, le chéile le RIAS Berlin sa bhliain 1950 agus bhunaigh siad an ARD – ciallaíonn an t-acrainm “Arbeitsgemeinschaft der öffentlich-rechtlichen Rundfunkanstalten der Bundesrepublik Deutschland“!

Chraol an ARD an chéad eipeasóid de Tatort sa bhliain 1970 leis an bhfo-theideal Taxi nach Leipzig. Chun na costais a roinnt ar na cainéil éagsúla, socraíodh ón tús go ndéanfadh gach cainéal a eipeasóidí féin.

Ba chinneadh ámharach é seo mar - faoi láthair, mar shampla - bíonn naonúr bleachtairí déag éagsúla - nó naoi bhfoireann bhleachtaireachta, lena bheith beacht – in áiteanna éagsúla ó Kiel go Vín ag dul sa tóir ar an gcoiriúlacht agus baintear úsáid as an Lokalkolorit, na cúlraí éagsúla agus tréithe suntasacha na n-áiteanna éagsúla agus an phobail sna háiteanna sin. Idir an dá linn, tá teilifís na hOstaire (ORF 2) agus na hEilvéise (SRF 1) páirteach sa tsraith freisin, chomh maith leis na cainéil ón oirthear.

Is scannán ann féin gach eipeasóid agus déantar dhá nó trí scannán in aghaidh na bliana ar an meán i ngach de na háiteanna. Mar shampla, craoladh dhá eipeasóid den Tatort as Stuttgart leis na bleachtairí Lannert agus Bootz anuraidh agus trí eipeasóid den Tatort as München le Batic agus Leitmayr.

Cé nach raibh na scripteanna thar moladh beirte ar uairibh sna blianta beaga - de bharr easpa airgid, deirtear - is iondúil go bhféachann na daoine, ar a laghad, ar an Tatort as a gceantar féin. Faoi láthair is é an Tatort as Münster le Thiel agus Boerne an ceann a mheallann an lucht féachana is mó. Sa cheann seo is paiteolaí (Boerne) duine amháin den fhoireann agus baintear greann nach beag as an gcodarsnacht idir an paiteolaí ard-léannta, oilte, cultúrtha, saoithíneach atá an-mhór as féin agus an bleachtaire, Kriminalhauptkommissar Thiel, fear beorach agus sacair, nach dtéann faic na fríde de ghothaí ardnósacha an fhir eile i gcion air.

Pearsa chultais agus an Kommisssar ba cháiliúla ar fad ab ea Hauptkommissar Horst Schimanski ón Kripo Duisburg (Kriminalpolizei = Poilíní Coiriúla) a bhí “gníomhach” ó 1981 go 1991. Götz George an t-aisteoir a bheoigh an príomhcharactar Schimanski ar dhóigh a bheadh insamhlaithe ar na saolta seo.


Thursday, April 30, 2015

An Wintergarten i mBeirlín...

Seo é an Wintergarten mar a bhíodh sé san aimsir réamhchogaidh:



Agus a leithéid de "Lieder" (amhráin) á gcanadh ann...


Má tá "Das Boot" feicthe agat, seans go n-aithníonn tú an ceann seo:




Cé gurbh é an leagan Fraincíse le Rina Ketty a bhí le cloisreáil sa scannán. 

Sa lá inniu tá cuirtín gloine ag an Wintergarten nua, ach níl Rudi Schuricke le cloisteáil feasta... 


Ach má théann tú isteach san fhorhalla i dteach Friedrichstraße 147, tá pictiúr mór suimiúil le feiceáil ann ar an mballa ar thaobh na láimhe clé...

Monday, March 30, 2015

rotha mór na haoise...



Bhí an físeán seo ón Ísiltír i mblagmhír de chuid John cúpla bliain ó shin. Is é atá ar siúl ann ná go bhfiafraítear de dhaoine a gcastar orthu ar an tsráid faoina n-aois. De réir cosúlachta, ta cuid de na daoine sásta lena n-aois, cuid eile acu mí-shásta agus cuid eile fós sách neodrach faoi.

Ós rud é go bhfuil patrún éigin le tabhairt faoi deara i dtaca le seo, dhein mé anailís ghearr air agus tá toradh na hanailíse seo le feiceáil mar ghraf thíos. (Y-ais: raon na luachanna: 5 = lúcháir, -2 = gruaim / X-ais: aois ó 0 go 100.)


Seo an chiall a bhain mé as:

Ag tús a shaoil (0 - 1) bíonn an duine daonna cantalach mar tuigeann sé láithreach gur ait an mac an saol agus tugann sé gan a thuilleadh moille le fios nach bhfuil sé ar chaoi ar bith sásta gur cuireadh iachall air a bheith páirteach ann.

Ach ansin ligean sé hurá nuair a thugann sé faoi deara gur breá é, tar éis an tsaoil, a bheith ina steillbheatha (2 - 5).

Maolaíonn ar an lúcháir beagán nuair a thosnaíonn sé leis an scolaíocht.

Fásann an muinín atá ag an duine as féin idir na haoiseanna 9 agus 15 agus ina dhiaidh sin éiríonn sé teanntásach go maith leis an saol agus é ina dhéagóir.

Idir 19 agus 28 bíonn an duine i mbarr a réime: óg, láidir, feasach, domhillte. Agus uilechumhachtach.

Ach ag deireadh na bhfichidí tosnaíonn míshocracht éigin ag cur as dó beagán. Tugann sé faoi deara, b'fhéidir, nach bhfuil bláth na hóige chomh lonrach agus a bhíodh sé. Nochtann críochtacht an tsaoil dó ar chaoi éigin, cé gur amháin ina aigne a mhaireann sí, mar choincheap.

Idir 30 agus 46 bíonn an duine ag plé leis go bhfuil sé sách óg fós ach go bhfuil an óige ag trá go mall. Ar an taobh eile de, tá sé imithe go maith i dtaithí ar chúrsaí faoin am seo agus tugann sé misneach dó go bhfuil smacht éigin bainte amach aige ar an saol.

Ach ansin, a luaithe agus a bhíonn an 47 slánaithe ag an duine taibhsítear dó go bhfuil rud éigin a bhfuil cruth na bagartha air á iomlua ag fíor na spéire. An caoga! Agus ní fada ansin go mothaíonn sé an misneach ag sleamhnú uaidh. Agus críochtacht an tsaoil ag breith seilbhe air; ní ar a aigne anois, bíodh a fhios agat, ach ar a chorp. Uh oooh... an long ag dul go tóin poill?

Nach bhfeictear cé chomh truamhéalach a chuireann an fear atá 55 bliain d'aois an cruachás tragóideach ina bhfuil sé in iúl dúinn!

Agus bean na 57, tugann sí a haois le fios mar dhrochscéala ar gá é a nochtadh go réidh.

Gan an bhean atá 61 bliain d'aois a lua, agus an dóigh a ligeann sí an rún íogair linn go bhfuil sí 61.

Ach ansin feictear mar a théann an cuar go tobann in airde arís nuair a bhíonn lár na seascaidí sroichte ag an duine. Cad is cúis leis sin ar chor ar bith? Dearcadh nua i lár na héigeandála? Cé gur fíor go mbeidh an bád ag dul go tóin poill lá éigin... níl sé imithe fós! Muise, nach breátha fós an rás nuair a bhíonn an rás rite!

“Ochtó sé!” a fhógraíonn an bhean go breá sásta léí féin.

Agus an bhean san eireaball ar fad, nach le lúcháir a fhógraíonn sí, “HONDERD!”

Friday, February 27, 2015

cá bhfuil an t-earrach?

Tá mí iomlán imithe thart ó bhí imbolc ann ach tá na crainn chomh lom nocht céanna go bhfuil Tea Party na Gearmáine ag éileamh go gcuirfí baill éadaigh orthu. Agus mí an Mhárta ar lic an dorais b'fhéidir go bhféadfaí an t-earrach a mhealladh chugainn le hamhrán breá tráthúil...





Ó gabhaigí mo leithscéal! Ba é an ceann seo a leanas a bhí ar intinn agam. (An aithníonn aon duine agaibh an teanga?)

Sunday, January 11, 2015

martin walser (na húdair: ausgewählt / den scoth)


Scríobh Réaltán nár mhiste léí dáta agus nóta beag eolais mar gheall ar an údar a bheith taobh le gach scéal. Bhí mé idir dhá chomhairle faoi seo agus an leabhar á chur i gcrích agam. An mbeadh spéis ag an léitheoir san fhaisnéis seo? Ta freagra na ceiste agam anois agus is dóigh liom féin go gcuireann na sonraí seo le tuiscint an scéil mar is fearr is féidir comhthéacs an scéíl a mheas má bhíonn a leithéid ar eolas ag an léitheoir.

Mar sin, beidh na sonraí i gceist á gcur ar fáil anseo agam de réir a chéíle. Agus ar an ábhar gur léigh mé nath breá tráthúil leis sa nuachtán inniu, tosnóidh mé le Martin Walser.


Auch Kränkungen wollen gelernt sein. Je freundlicher, desto tiefer trifft's.


(An t-achasán féin, is gá a bheith oilte air. Dá chairdiúlacht é is amhlaidh is fearr a théann sé go cnámh.)

* * * * *

Féinphortráíd mar Choirscéal / Selbstporträt als Kriminalroman (1978)

Saolaíodh Martin Walser i Wasserburg ar bhruach Locha Konstanz sa bhliain 1927. Is baile beag Wasserburg atá in aice le Lindau agus is sa Bhaváir atá an stráice gearr seo den bhruach atá dingthe idir Baden-Württemberg agus an Ostair ag ceann thoir an locha. Críoch Ceilteach ba ea an réigiún seo go tús na chéad mhílaoise agus bhí Naomh Columbán agus Naomh Gall gníomhach sa cheantar seo ag tús na seachtú haoise. 

D'fhás Martin Walser aníos faoi scáth na Tríú Ríochta agus bhí sé ina shaighdiúir sa Wehrmacht faoi dheireadh an chogaidh. Bhí sé cláraithe mar bhall de Pháirtí Gearmánach Sóisialach Náisiúnta na nOibritheoirí (Nazi) ó thús 1944 ach i ngan fhios dó a claraíodh é, a deir sé. 

Dhein sé a Abitur (Ardteist) sa bhliain 1946 agus ina dhiaidh sin bhain sé céim amach ar an ollscoil i dTübingen (litríocht, fealsúnacht, stair). 

Fuair sé post i stáisíún raidió nuabhunaithe dheisceart na Gearmáine (Süddeutschen Rundfunk) i 1949 mar thuairisceoir agus scríbhneoir drámaíochta raidió. 

Ghlac sé páirt go rialta i gcruinnithe an dreama litríochta Gruppe 47 ó 1953 ar aghaidh. 

Foilsíodh úrscéal leis, Ehen in Phillipsburg (Póstaí in Philippsburg), i 1957 agus bhí rath chomh mór sin ar an leabhar gurbh fhéidir leis éirí as a phost agus dul i mbun pinn go lánaimseartha as sin amach. 

Sna seascaidí bhíodh sé go minic i mbun agóide mar intleachtóir na heite clé. Bhí sé i measc an luchta éisteachta sa chúirt le linn na gcásanna coiriúla um Auschwitz. Bhí sé i gcoinne an chogaidh i Vítneam agus thacaigh sé le Willi Brandt le linn dósan a bheith ar thóir sheansailéireacht na Gearmáine. 

Thart ar sheachtó saothar litríochta, idir úrscéalta, gearrscéalta agus drámaí, atá foilsithe ag Martin Walser go dtí seo. Ina shaothair pléann sé go minic le cinniúint an fhrithlaoich, le teip an duine nach mbíonn in ann na spriocanna saoil a chuirtear roimhe, nó a chuireann sé féin roimhe, a bhaint amach. Mar ba mhinic i gcás scríbhneoirí Gearmánacha na ré iarchogaidh, is ar an taobh istigh, in anam an laoich, is mó a tharlaíonn an dráma. 

Deirtear gur tháinig athrú intinne ar Walser sa bhliain 1988. D'fhógair sé le linn aithisc gur chrá dó críochdheighilt na Gearmáine, rud a bhí neamhghnách go leor ag an am i gcás duine a luafaí leis an eite chlé.

I 2004 foilsíodh an t-úrscéal conspóideach leis, Tod eines Kritikers (Bás Léirmheastóra). Ba é an léirmhíniú a baineadh as ná gurbh ionsaí ar an léirmhearstóir Giúdach Marcel Reich-Ranicki é, ionsaí i riocht úrscéil. Cuireadh i leith Walser go raibh leabhar frithGhiúdach scríofa aige cé nár chuir éinne ina leith gur dhuine frithGhiúdach é.