Scríobh Réaltán nár mhiste léí dáta agus nóta beag eolais mar gheall ar an údar a bheith taobh le gach scéal. Bhí mé idir dhá chomhairle faoi seo agus an leabhar á chur i gcrích agam. An mbeadh spéis ag an léitheoir san fhaisnéis seo? Ta freagra na ceiste agam anois agus is dóigh liom féin go gcuireann na sonraí seo le tuiscint an scéil mar is fearr is féidir comhthéacs an scéíl a mheas má bhíonn a leithéid ar eolas ag an léitheoir.
Mar sin, beidh na sonraí i gceist á gcur ar fáil anseo agam de réir a chéíle. Agus ar an ábhar gur léigh mé nath breá tráthúil leis sa nuachtán inniu, tosnóidh mé le Martin Walser.
Auch Kränkungen wollen gelernt sein.
Je freundlicher, desto tiefer trifft's.
(An t-achasán féin,
is gá a bheith oilte air. Dá chairdiúlacht é is amhlaidh is fearr
a théann sé go cnámh.)
* * * * *
Féinphortráíd mar Choirscéal / Selbstporträt als Kriminalroman (1978)
Saolaíodh Martin Walser i Wasserburg ar bhruach Locha Konstanz sa bhliain 1927. Is baile beag Wasserburg atá in aice le Lindau agus is sa Bhaváir atá an stráice gearr seo den bhruach atá dingthe idir Baden-Württemberg agus an Ostair ag ceann thoir an locha. Críoch Ceilteach ba ea an réigiún seo go tús na chéad mhílaoise agus bhí Naomh Columbán agus Naomh Gall gníomhach sa cheantar seo ag tús na seachtú haoise.
D'fhás Martin Walser aníos faoi scáth na Tríú Ríochta agus bhí sé ina shaighdiúir sa Wehrmacht faoi dheireadh an chogaidh. Bhí sé cláraithe mar bhall de Pháirtí Gearmánach Sóisialach Náisiúnta na nOibritheoirí (Nazi) ó thús 1944 ach i ngan fhios dó a claraíodh é, a deir sé.
Dhein sé a Abitur (Ardteist) sa bhliain 1946 agus ina dhiaidh sin bhain sé céim amach ar an ollscoil i dTübingen (litríocht, fealsúnacht, stair).
Fuair sé post i stáisíún raidió nuabhunaithe dheisceart na Gearmáine (Süddeutschen Rundfunk) i 1949 mar thuairisceoir agus scríbhneoir drámaíochta raidió.
Ghlac sé páirt go rialta i gcruinnithe an dreama litríochta Gruppe 47 ó 1953 ar aghaidh.
Foilsíodh úrscéal leis, Ehen in Phillipsburg (Póstaí in Philippsburg), i 1957 agus bhí rath chomh mór sin ar an leabhar gurbh fhéidir leis éirí as a phost agus dul i mbun pinn go lánaimseartha as sin amach.
Sna seascaidí bhíodh sé go minic i mbun agóide mar intleachtóir na heite clé. Bhí sé i measc an luchta éisteachta sa chúirt le linn na gcásanna coiriúla um Auschwitz. Bhí sé i gcoinne an chogaidh i Vítneam agus thacaigh sé le Willi Brandt le linn dósan a bheith ar thóir sheansailéireacht na Gearmáine.
Thart ar sheachtó saothar litríochta, idir úrscéalta, gearrscéalta agus drámaí, atá foilsithe ag Martin Walser go dtí seo. Ina shaothair pléann sé go minic le cinniúint an fhrithlaoich, le teip an duine nach mbíonn in ann na spriocanna saoil a chuirtear roimhe, nó a chuireann sé féin roimhe, a bhaint amach. Mar ba mhinic i gcás scríbhneoirí Gearmánacha na ré iarchogaidh, is ar an taobh istigh, in anam an laoich, is mó a tharlaíonn an dráma.
Deirtear gur tháinig athrú intinne ar Walser sa bhliain 1988. D'fhógair sé le linn aithisc gur chrá dó críochdheighilt na Gearmáine, rud a bhí neamhghnách go leor ag an am i gcás duine a luafaí leis an eite chlé.
I 2004 foilsíodh an t-úrscéal conspóideach leis, Tod eines Kritikers (Bás Léirmheastóra). Ba é an léirmhíniú a baineadh as ná gurbh ionsaí ar an léirmhearstóir Giúdach Marcel Reich-Ranicki é, ionsaí i riocht úrscéil. Cuireadh i leith Walser go raibh leabhar frithGhiúdach scríofa aige cé nár chuir éinne ina leith gur dhuine frithGhiúdach é.
No comments:
Post a Comment