Tuesday, August 21, 2012

Aisling Billy Bunter...

"An bhfuil mé as mo mheabhair?"


Mura polaiteoir thú, a Billy, is dócha go bhfuil...

Monday, August 20, 2012

scannáin sárlaoich (i): "königstr 28, stuttgart"...


(Níl míniú ar bith agam ar an bhfáth go gcuirim spéis i ndaorchluiche le beagnach bliain anuas agus - mar bharr ar an donas - i scánnáin sárlaoich anois le roinnt míosa.)

Pé scéal é, an bhfuil an scannán "Marvel's The Avengers" feicthe agaibh?

Bhuel, má tá sé feicthe agaibh b'fhéidir go gcuimhin libh an áit ar dhein Captain America a chéad éacht. Nó b'fhéídir nach cuimhin libh. Ar aon nós, b'í an áit a bhí i gceist ná uimhir a 28, Sráid an Rí, Garraí na Graí.

(An aithníonn éinne an earráid ar an ngrianghraf seo? = grianghraf 5 as 16)

Chonaic míse an scannán... níl de leithscéal agam ach go raibh mé ag insint do mo hiníonacha faoi iarracht a dhein mé aithris a dhéanamh ar Chaptain America uair amháín fadó in Éirinn nuair a bhí mé i mo gharsún. B'amhlaidh go raibh mé thuas ar bharr balla aird nuair a tháinig flosc tobann chun éachta orm. Rug mé greim ar ghéag chaol lúbach fhada de chrann mór a bhí in aice leis an mballa agus é ar intinn agam luascadh amach ón mballa, ar nós Tarzan. I ndáiríre, b'é Captain America a raibh mé in ainm a bheith ag déanamh aithrise air agus b'é a ainm siúd a scairt mé amach dá bharr agus mé faoi lán seoil san aer. "Captain America!!!" B'aoibhinn an mothú é. Ar dtús.

Is amhlaidh go raibh an talamh ag dul síos go géar le fána thíos fúm. Agus ba ghearr go raibh mé féin ar mo shlí anuas freisin. An ghéag lofa in éineacht liom. Ar chúl mo chinn a thuirling mé...

...agus tamall beag de bhlianta ina dhiaidh sin tharla go ndeachaigh mé go dtí an phictiúrlann chun an scannán a fheiceáil. Hmmm...

dá theocht an aimsir...


Don chuid ba mhó bhí an samhradh abhus sách Éireannach go dtí seo. Chomh hÉireannach sin gur thugas faoi ndeara go minic go raibh cuma mhuirí ar an spéir ó thaobh chruth agus ghluaiseacht na scamall de agus ó thaobh ghile na goirme de freisin. (An t-athrú aeráide ag imirt a thionchair?) De ghnáth, bíonn spéir mhuirí (mar a thugaim uirthi) le feiceáil amháín i dtuaisceart na Gearmáine ó Hannover aneas, sa taobh seo tíre i lár na mór-roinne is ó spéir dhianghorm de ghnáth a bhíonn an ghrian ag scalladh anuas go neamhthrócaireach i rith an tsamhraidh.

Ar aon nós, is cosúil go bhfuil racht ceart teochta i ndán dúinn i mbliana tar éis an tsaoil mar sna laethanta beaga thosaigh an aimsir ag dul go mór i dteocht. Sa nuachtán ar maidin bhí fiú 38 céim Celsius i réamhaisnéis na haimsire don lá inniu.

Conas atá an aimsir agaibhse?

PS: I ndeireadh thiar ní raibh ach 37 céim Celsius san uasteocht.


Sunday, August 19, 2012

cuairt ar Chill Airne na Gearmáine...

Deirtear faoi Sheoirse a Trí (a bhí ina rí ar Shasana tráth den saol) go maíodh sé chomh minic sin le linn a shaoil go raibh sé i láthair i Waterloo gur chreid sé féin é sa deireadh thiar.

Bhuel, tá áit iomráiteach sa Ghearmáin a ndéantar talamh slán de go raibh gach duine sa tír ann. Uair amháin ar a laghad. (An bhfuil duine in Éirinn nach raibh riamh i gCill Airne? Nó atá sásta glacadh leis nach raibh?)

Ar aon nós, thug an teaghlach cuairt ar "Chill Airne" na Gearmáine an tseachtain seo thart mar tháinig sé chun solais le déanaí nach raibh mo bhean chéile ann riamh (murab ionann agus mé féin).


Is deas an áit í, gan dabht. Tá foirgnimh stairiúla ann...





 ...agus gairdín beorach (más féidir é a aithint...).

An bhfuil a fhios agaibh cén áit atá i gceist?

Tuesday, August 14, 2012

tábla comhroghnach na mbonn...


Mura bhfuil na cluichí Oilimpeacha imithe i ndíchuimhne ort cheana féin agus má tá tú míshásta le líon na mbonn a bhuaigh na laochra dúchasacha de réir an tábla oifigiúil, d'fhéadfá súil a chaitheamh ar an tábla comhroghnach seo * ar shuíomh an ZDF, an dara stáisiún teilfíse sa Ghearmáin. Tá na tíortha rangaithe de réir chóimheas an daonra le líon na mbonn.

Honi soit qui mal y pense...


*Ní mór brú ar an íomhá seo a leanas (ar thaobh na láimhe deise den scáileán):