Saturday, September 21, 2013

idir dhá cheann na meá ach fanfaidh Merkel ina seansailéir (das heißt, Mutti bleibt)...


Samhlaítear dom go raibh tráth ann nuair a chreid an pobal go bhféadfaí cor dearfach a chur i gcúrsaí an tsaoil ach an dream ceart a vótáil isteach. Ba mar sin a bhí sé, mar shampla, nuair a toghadh Willy Brandt ina sheansailéir sa "Willy Wahl" sa bhliain d'aois an Tiarna 1972. (I ndeireadh an lae, b'éigean do Whiskey Willy éirí as roimh am, ach sin scéal eile. Nó b'fhéidir nach scéal eile é)

Is ar éigean a thagann a leithéid de sceitimíní tnúthánacha ar aon duine sa ré iar-dhóchasach mhallaithe seo seachas ar lucht na líonraí féin-chothaithe siúd a ghreamaíonn chomh docht de gach páirtí polaitíochta agus a chloíonn an caonach liath le canta aráin lofa. Dá dhorchacht scáth na cumhachta is ea is dleathaí an chaimiléaracht faoi.

Pé scéal é, beidh an t-olltoghchán ar siúl anseo sa Ghearmáin amárach agus bíodh gur mó óna hionathair ísle thíos ná ón inchinn uasal thuas a thagann sí, is í tuairim na ndaoine anseo ar an talamh go mbeidh an lá leis an gcomhrialtas atá i gcumhacht faoi láthair.

De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí, áfach, tá toradh an toghcháin fós idir dhá cheann na meá. De réir pobalbhreithe amháin tá an comhrialtas chun tosaigh ar na páirtithe eile, de réir pobalbhreithe eile tá sé chun deiridh orthu agus de réir pobalbhreithe eile fós tá an comhrialtas agus páirtithe an fhreasúra gob ar ghob.

Tá dhá rud cinnte, áfach: beidh an Union (CDU - Aontas na nDaonlathaithe Críostaí) de chuid Angela Merkel ar an bpáirtí is mó sa Bhundestag, agus ní bhainfidh comhrialtas ionchasach na nDaonlathaithe Sóisialta (SPD) de chuid Peer Steinbrück agus na nGlasach an tromlach amach sa phairlimint.

Faoi láthair gheobhadh, ar an meán, an CDU 40%, an SPD 26%, na Glasaigh 10%, Lucht na hEite Clé 10% agus na Liobrálaigh 5%.

De réir chóras toghchánach na Gearmáine tá tairseach iontrála de 5% d'iomlán na vótaí agus ní mór do pháirtí 5% na vótaí ar a laghad a fháíl chun teacht isteach sa phairlimint. Ceann de na ceisteanna is cigiltí i láthair na huaire ná an bhféadfaidh na Liobrálaigh an tairseach seo a shárú nó an bhfanfaidh siad lasmuigh den Bhundestag.

Má tharlaíonn go dtiteann na Liobrálaigh amach as an áireamh, caillfidh an CDU a chéile comhrialtais agus beidh áirimh eile le déanamh maidir le comhdhéanamh comhrialtais.

Beidh seans - nó baol - ann ansin go mbeidh comhrialtas mór (CDU + SPD) ag bagairt orainn. Ag bagairt orainn? Sea, ag bagairt orainn; ní maith an rud é rialtas gan fhreasúra.


FO-NÓTA MÍNITHEACH (nó iarracht air!)
Is córas simplí é córas toghchánach na Gearmáine. Ar an taobh amháin de. Ar an taobh eile de, tá sé casta go leor.

Bíonn dhá vóta ach gach vótálaí: an chéad vóta i gcomhair iarrthóra sa toghlach ina gcónaíonn an vótálaí, agus an dara vóta i gcomhair páirtí. Is é an rud a chuireann mearbhall ar líon millteach mór de na vótálaithe ná gurb é an dara vótaí an vóta is tábhachtaí. Rud atá thar a bheith frith-iomasach.

An chuid shimplí den chuid shimplí: tugtar vóta (die Zweitstimme - “an dara vóta”) do pháirtí agus roinntear na súiocháin sa Bhundestag ar na páirtithe de réir na gcéatadán a fhaigheann siad sa toghchán.

An chuid chasta den chuid shimplí: tá breis agus 60,000,000 vótálaí sa Ghearmáin agus gan ach 622 feisire sa Bhundestag. Úsáidtear, mar sin, modh matamataiciúil ar a dtugtar Modh Sainte-Laguë/Schepers chun an dáileadh a chur i gcrích. Is stát feidearálach an Ghearmáin agus is sna ballstáit a dhéantar an dáileadh. Ach ní thagann páirtithe i gceist nach bhfuil an tairseach de 5% na vótaí sa Ghearmáin ina hiomláine bainte amach acu. An dtuigeann sibh?

An chuid shimplí den chuid chasta: tá 299 toghlach ann agus toghtar feisire amháin ó gach toghlach. Chuige seo tá an “chéad vóta” (Erststimme) ann. An t-iarrthóir a fhaigheann an líon is mó de na vótaí seo sa toghlach faigheann sé suíochán, "suíochán díreach" mar a thugtar air, sa Bhundestag. (Ní fhaigheann sé suíochán, áfach, mura bhfaigheann a pháirtí 5% de líon iomlán na vótaí ar fud na Gearmáine nó mura bhfaigheann beirt eile den pháirtí céanna “suíocháin dhíreacha” den chineál seo.)

An chuid chasta den chuid chasta: tarlaíonn sé go minic gur mó líon na suíochán díreach seo a fhaigheann páirtí ná líon na suíochán a bheadh dlite don pháirtí de réir an chéatadáin de na vótaí atá faighte acu. Sa chás seo is ea a choimeádann an páirtí na suíocháin breise (ar a dtugtar Überhangsmandate) agus faigheann na páirtithe eile suíocháin breise (ar a dtugtar Ausgleichsmandate) chun an chomhréir chéatadánach a chaomhnú.

Mura bhfuil an méid sin tuigthe agaibh, ná bígí buartha faoi mar is beag duine sa Ghearmáin a thuigeann an córas toghchánach abhus.

Is minic, mar shampla, a dhéanann na Liobrálaigh iarracht ar theacht i dtír ar an easpa tuisceana seo. “Níl uainn ach an dara vóta!” a deir na Liobralaigh!